|
||||
|
| Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Gearrtheidil reachtanna éireannacha réamh-aontachta) |
| [EN] | ||
Uimhir 5 de 1962. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM GHEARRTHEIDIL, 1962. | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO THABHAIRT GEARRTHEIDEAL DO REACHTANNA ÉIREANNACHA ÁIRITHE RÉAMH-AONTACHTA AGUS REACHTANNA SASANACHA ÁIRITHE A CUIREADH I bhFEIDHM MAIDIR LE hÉIRINN, IONAS GUR FUSAIDE IAD A LUA. [28 Márta, 1962]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Lua na nAchtanna sceidealta. |
1. —(1) Féadfar gach Acht dá luaitear sa chéad cholún den Chéad, den Dara nó den Tríú Sceideal a lua faoin ngearrtheideal a thugtar dó sa tríú colún den Sceideal sin. |
| [EN] | (2) Is le haghaidh eolais amháin an t-ábhar atá sa dara colún de gach Sceideal agus ní cuid den Acht seo é. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um Ghearrtheidil, 1962 , a ghairm den Acht seo. |