An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1962) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus mál.)

15 1962

AN tACHT AIRGEADAIS, 1962

CUID I.

Cáin ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1962-63.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná dhá mhíle cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh é de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1961.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1962, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1962, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Urrúis Chorparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta.

1929, Uimh. 32 .

1918, c. 40.

2. —(1) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 2 den Acht Airgid, 1929 , le hurrúis arna n-eisiúint ag Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, seachas na bintiúir, an stoc bintiúra agus na deimhnithe muirir dá dtagraítear sna fo-ailt sin, mar a bhaineann siad leis na bintiúir sin, leis an stoc bintiúir sin agus leis na deimhnithe muirir sin.

(2) Leasaítear leis seo Clásal (h) de Riail 1 de Chás III de Sceideal D a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, trí “or other securities” a chur isteach i ndiaidh “debentures, debenture stock or certificates of charge”.