|
||||
|
| Ar Aghaidh (Sceideal A Deontais) |
| [EN] | ||
Uimhir 19 de 1962. | ||
| [EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A DÓ, AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A TRÍ, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1962 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [1 Lúnasa, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
Deontais as an bPríomh-Chiste | ||
| [EN] |
£1,399,330 a isiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1961-62. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim milliún, trí chéad nócha is naoi míle, trí chéad agus tríocha punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a dó. |
| [EN] |
£103,150,660 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1962-63. |
2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim céad is trí mhilliún, céad is caoga míle, sé chéad agus seasca punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a trí. |
| [EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £104,549,990 a thógáil ar iasacht. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad agus ceithre mhilliún, cúig chéad daichead is naoi míle, naoi gcéad agus nócha punt a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a thógáil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis. |
| [EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
| [EN] | (3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
Deontais a Leithreasú | ||
| [EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £165,885,890, a leithreasú. |
4. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad seasca is cúig mhilliún, ocht gcéad ochtó is cúig mhíle, ocht gcéad agus nócha punt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo. |
| [EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cúig mhilliún déag, ceithre chéad seasca agus cúig mhíle, fiche agus seacht bpunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
| [EN] |
Dearbhuithe maidir le híocaíochtaí áirithe a fháil. |
5. —(1) Faoi réir cibé díolúintí a fhorálfar le rialacha nó faoi rialacha arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais, ní bhfaighidh duine aon íocaíocht as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le haghaidh seirbhísí neamh-éifeachtúla mura rud é, maidir leis an íocaíocht sin, go mbeidh an duine a gheobhaidh an íocaíocht nó cibé duine eile a fhorálfar mar a dúradh tar éis an dearbhú a bheidh forordaithe leis na rialacha sin a dhéanamh os comhair duine den tuairisc a bheidh forordaithe leis na rialacha nó (i gcás ina gceanglófar sin ag údarás a bheidh forordaithe amhlaidh) os comhair duine a mbeidh an t-údarás sin tar éis é a chinneadh de réir na rialacha, agus go dtacófar leis an dearbhú le haon dearbhú is gá leis na rialacha nó fúthu a dhéanamh ag duine den tuairisc sin, nó ag duine a mbeifear tar éis é a chinneadh, mar a dúradh. |
| [EN] | (2) Gach duine a dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo is eol dó a bheith bréagach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná tríocha punt a chur air. | |
| [EN] | (3) Aisghairtear leis seo alt 20 den Acht Airgid, 1937 . | |
| [EN] | (4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1962 , a ghairm den Acht seo. |
An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo |