|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (IASACHTAÍ AGUS DEONTAIS), 1962) | Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Deontais a Thabharfaidh an tAire.) |
ACHT NA dTITHE (IASACHTAÍ AGUS DEONTAIS), 1962
[EN] | ||
[EN] |
AN CHEAD SCEIDEAL. Rialacha le Comhlíonadh ag Tithe Áirithe. | |
1. Ní bheidh achar iomlán na n-urlár go léir i dteach arna thomhas sa tslí fhorordaithe níos lú ná 500 troigh cearnach ná níos mó ná 1,400 troigh cearnach. | ||
2. Beidh trí sheomra ar a laghad i dteach. | ||
3. Ó thaobh láithreáin, dreacha, pleanála, foirgniúcháin, sláinteachais agus uimhir tithe in aghaidh an acra, comhlíonfaidh tithe na coinníollacha forordaithe. | ||
4. Ó thaobh méid, uimhir seomraí agus comhghabhálais riachtanacha beidh tithe i gcomhréir, i gcoitinne, le pleananna forordaithe nó cibé pleananna eile a cheadóidh an tAire. |