|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 13 de 1963. | ||
| [EN] |
AN tACHT CHUN ALLMHAIRÍ A RIALÚ (LEASÚ), 1963. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CHUN IOMPORTÁLANNA DO RIALÚ, 1934 AGUS 1937. [26 Meitheamh, 1963.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht chun Iomportálanna do Rialú, 1934 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “ordú cuóta” ordú arna dhéanamh faoi alt 3 den Phríomh-Acht. | |
| [EN] | (2) Forléireofar na tagairtí atá in alt 2 den Phríomh-Acht don Acht sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo. | |
| [EN] |
Cumhacht chun earraí ó thíortha áirithe a dhíolmhú ó orduithe cuóta. |
2. —Féadfaidh an Rialtas in ordú cuóta, agus leis, earraí a dhíolmhú ón toirmeasc a dhéantar leis an ordú má shuitear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim (de réir mar a shonrófar san Ordú)— |
| [EN] | (a) gur i dtír nó i dtíortha sonraithe a monaraíodh nó a táirgeadh iad, | |
| [EN] | (b) gur ó thír nó ó thíortha sonraithe a coinsíníodh chun an allmhaireora iad, nó | |
| [EN] | (c) gur i dtír nó i dtíortha sonraithe a monaraíodh nó a táirgeadh iad agus gur ón tír nó ó na tíortha sin a coinsíníodh chun an allmhaireora iad. | |
| [EN] |
Cumhacht chun earraí ó thíortha áirithe a dhíolmhú ó orduithe cuóta atá déanta cheana féin. |
3. —Féadfaidh an Rialtas, le hordú faoi alt 11 den Phríomh-Acht, earraí a dhíolmhú ón toirmeasc a rinneadh le hordú cuóta nó le horduithe cuóta sonraithe a rinneadh roimh an Acht seo a rith má shuitear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim (de réir mar a shonrófar san Ordú)— |
| [EN] | (a) gur i dtír nó i dtíortha sonraithe a monaraíodh nó a táirgeadh iad, | |
| [EN] | (b) gur ó thír nó ó thíortha sonraithe a coinsíníodh chun an allmhaireora iad, nó | |
| [EN] | (c) gur i dtír nó i dtíortha sonraithe a monaraíodh nó a táirgeadh iad agus gur ón tír nó ó na tíortha sin a coinsíoníodh chun an allmhaireora iad. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht chun Allmhairí a Rialú (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna chun Allmhairí a Rialú, 1934 go 1963, a ghairm de na hAchtanna chun Iomportálanna do Rialú, 1934 agus 1937, agus den Acht seo le chéile. |