|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1963
[EN] |
CUID X. Ilghnéitheach. | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
97. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1962” alt 19 den Acht Airgeadais, 1962 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an tríú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1962, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha is fiche dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1964, ach “£1,309,854” a chur in ionad “£1,334,935” . | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1962 ach “£830,974” a chur in ionad “£863,530”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £1,431,786 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1964. | |
[EN] | (5) Déanfar an tríú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den tríú blianacht bhreise déag nach mó ná £926,179 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an tríú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Brabús crannchur a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim agus ó cháin bhrabús corparáide. |
98. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le haon chrannchur lena mbaineann ceadúnas faoi Chuid IV den Acht um Chearrbhachas agus Crannchur, 1956, agus measfar é a theacht i bhfeidhm agus éifeacht a bheith aige amhail ar an lú lá de Mhárta, 1956, agus ón lá sin amach. |
[EN] | (2) (a) Deonófar díolúine ó cháin brabús corparáide agus, faoi réir na chéad mhíre eile, ó cháin ioncaim i leith brabús ó aon chrannchur lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (b) Maidir le cáin ioncaim measfar, chun críocha an ailt seo, gurb iad na brabúis ó chrannchur don bhliain 1963-64 nó do bhliain mheasúnachta roimhe sin, iomlán na mbrabús a mbeadh an duine ag á raibh sé á sheoladh inmhuirir i leith cánach maidir leo sa bhliain sin faoi Sceideal D lúide— | |
[EN] | (i) suim is comhionann le comhshuim na n-íocaíochtaí uile a rinneadh sa bhliain sin agus as a mbeadh; dá mb'inmhuirir mar a dúradh na brabúis, cáin inbhainte faoi Riail 19 de na Rialacha Ginearálta ar an bhforas gurbh íocaíochtaí as na brabúis sin iad, agus | |
[EN] | (ii) i gcás ina raibh an crannchur á sheoladh ag comhlucht daoine, suim is comhionann leis an oiread sin de na brabúis ab inmhuirir mar a dúradh agus a cuireadh, roimh dháta an Achta seo a rith, ag íoc díbhinní. | |
[EN] | (c) Déanfar gach uile ghlanadh ar mheasúnachtaí, leasuithe ar mheasúnachtaí agus aisíocaíochtaí cánach maidir leis an mbliain 1963-64 agus blianta measúnachta roimhe sin is iomchuí ag féachaint do na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (3) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo gur neamhchuí d'aon asbhaint cánach ioncaim a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith agus arbh asbhaint chuí í dá mba nár achtaíodh an t-alt seo. | |
[EN] |
Alt 38 (2) den Acht Airgid, 1924 , do scor i bpáirt. |
99. —Scoirfidh fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgid, 1924 , d'éifeacht a bheith aige sa mhéid go bhforálann sé go mbeidh airgead a bheidh dlite don Phríomh-Chiste nó iníoctha leis an bPríomh-Chiste nó chun sochair dó le n-íoc i dtosaíocht ar fhiacha eile. |
[EN] |
Foirm ordú forghníomhaithe i gcásanna Ioncaim áirithe. |
100. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon imeachtaí a thionscnófar san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda chun aon cháin nó dleacht a ghnóthú a bheidh faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, nó maidir le haon fhíneáil, pionós nó forghéilleadh i ndáil le haon cháin nó dleacht den sórt sin nó faoina ndeachthas faoi aon Acht nó a forchuireadh le haon Acht a bhaineann le custaim nó mál. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin a fhoráiltear le haon achtachán nó faoi aon achtachán nó le haon riail cúirte— | |
[EN] | (a) i gcás ina ndéanfar breithiúnas i gcoinne an chosantóra le haghaidh aon mhéid áirithe a thabhairt san Ard-Chúirt in imeachtaí lena mbaineann an t-alt seo, is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh foirm an ordaithe fhorghníomhaithe a eiseofar maidir leis an méid, agus is suim £1 10s. 0d. an tsuim is inghnóthaithe i leith costas an ordaithe fhorghníomhaithe. | |
[EN] | (b) I gcás ina dtabharfaidh an Chúirt Chuarda breithiúnas den sórt sin is san fhoirm atá leagtha amach i gCuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh foirm an ordaithe fhorghníomhaithe a eiseofar amhlaidh, agus is suim 16s. 6d. an tsuim a bheidh inghnóthaithe i leith costas an ordaithe fhorghníomhaithe. | |
[EN] |
Táillí agus caiteachais faoi dheimhnithe áirithe a thobhach. 1958. Uimh. 25. |
101. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “deimhniú faoi alt 7” deimhniú arna eisiúint faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923 , nó faoin alt sin arna leathnú le halt 55 den Acht Airgeadais, 1958 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ordú forghníomhaithe” ordú forghníomhaithe de réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ; | |
[EN] | (2) Beidh teideal ag cláraitheoir contae nó ag sirriam a bheidh ag forghníomhú deimhniú faoi alt 7— | |
[EN] | (a) más mó ná sé chéad punt an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith faoi mhainneachtain, cibé táillí agus caiteachais, arna ríomh de réir na scálaí a bheidh ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is táillí agus caiteachais a bheadh teideal aige a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón Ard-Chúirt an deimhniú, | |
[EN] | (b) más mó ná caoga punt ach nach mó ná sé chéad punt an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith faoi mhainneachtain, cibé táillí agus caiteachais, arna ríomh de réir na scálaí sin, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is táillí agus caiteachais a bheadh teideal aige a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Chuarda an deimhniú, agus | |
[EN] | (c) mura mó ná caoga punt an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith faoi mhainneachtain, cibé táillí agus caiteachais, arna ríomh de réir na scálaí sin, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is táillí agus caiteachais a bheadh teideal aige a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Dúiche an deimhniú. | |
[EN] | (3) (a) Beidh éifeacht agus measfar éifeacht a bheith riamh ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, amhail ar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1926, agus ón dáta sin amach agus dá réir sin, aon deimhniú faoi alt 7 a eisíodh sa tréimhse a thosaigh an lá sin agus a chríochnaigh ar dháta an Achta seo a rith ní bheidh sé ar neamhní agus ní raibh sé riamh ar neamhní ná ní dhéanfar ná ní dhearnadh dochar dó i slí ar bith trí aon táillí nó caiteachais a chur leis an tsuim a deimhníodh leis a bheith faoi mhainneachtain, is táillí nó caiteachais a fhéadfaí go dleathach a chur léi amhlaidh dá mbeadh na fo-ailt sin i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse sin, agus aon tobhach a rinneadh i rith na tréimhse sin ar aon táillí nó caiteachais a cuireadh léi amhlaidh agus arbh thobhach dleathach é dá mbeadh na fo-ailt sin i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse sin ní bheidh sé agus ní raibh sé riamh neamhdhleathach. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) den alt seo do shirriam mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhoshirriam agus, maidir le deimhnithe faoi alt 7 a eisíodh roimh an 8ú lá de Nollaig, 1953, forléireofar na tagairtí atá ann do shé chéad punt mar thagairtí do thrí chéad punt agus forléireofar na tagairtí atá ann do chaoga punt mar thagairtí do chúig phunt is fiche. | |
[EN] | (4) Aon deimhniú faoi alt 7 a eisíodh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1926, ní bheidh sé ná ní raibh sé riamh ar neamhní ná ní dhéanfar ná ní dhearnadh dochar dó i slí ar bith trí aon táillí a chur leis an tsuim a deimhníodh leis a bheith faoi mhainneachtain, is táillí a fhéadfaí a chur léi go dleathach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe an deimhniú, agus aon tobhach a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith ar aon táillí den sórt sin a cuireadh léi amhlaidh arbh thobhach dleathach é dá mba ordú forghníomhaithe an deimhniú faoi alt 7 ní bheidh sé ná ní raibh sé riamh neamhdhleathach. | |
[EN] |
Alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , a leasú. |
102. —Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , trí “agus ag forálacha gach rialach cúirte” a chur isteach i ndiaidh “gach achtacháin”. |
[EN] |
Forálacha sealadacha a bhaineann leis an Ród-Chiste a leasú. |
103. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha), 1959 , trí “cheithre” a chur in ionad “chúig”. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Ród-Chiste (Deontais) (Forálacha Sealadacha), 1962 , trí “na gcúig bliana” a chur in ionad “na dtrí bliana” i bhfo-alt (1) agus “naoi” a chur in ionad “seacht” i bhfo-alt (2). | |
[EN] |
Aisghairm. |
104. —(1) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. |
[EN] | (b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1963. | |
[EN] | (2) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1963. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (4) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Chuid IV den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1963, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí. | |
[EN] | (5) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid V den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964. | |
[EN] | (6) (a) Aisghairtear leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid VI den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1965. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna. |
105. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. 1920, c. 18. 1891, c. 39. |
106. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Codanna I agus IX agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin ioncaim) Codanna VII agus VIII agus alt 98 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Déanfar Cuid IV den Acht seo agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin bhrabús corparáide) Codanna VII agus VIII agus alt 98 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin. | |
[EN] | (5) Déanfar Cuid V den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (6) Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt iontu, measfar Codanna I agus IX den Acht seo do theacht i bhfeidhm agus éifeacht a bheith acu amhail ar an 6ú lá d'Aibreán, 1963, agus ón lá sin amach. | |
[EN] | (7) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán nó faoi aon achtachán eile, lena n-áiritear an tAcht seo. |