|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Aisghairm.) | Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL Rialacha a chuirtear isteach in Alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
AN TRIU SCEIDEAL Na Críocha chun ar féidir Cuspóirí a thaispeáint i bPlean Forbartha. | |
CUID I. Bóithre agus Trácht. | ||
1. Áis agus sábháilteacht níos fearr a áirithiú d'úsáidirí bóthair agus do choisithe. | ||
2. Talamh a chur in áirithe le haghaidh bóithre agus ionaid loctha. | ||
3. Cearta slí poiblí a bhunú. | ||
4. Bóithre nua a dhéanamh agus bóithre láithreacha a athrú. | ||
5. Bóithre láithreacha a dhúnadh nó a chlaonadh. | ||
6. Cearta slí poiblí agus cearta slí príobháideacha a mhúchadh. | ||
7. Na nithe seo a leanas a chinntiú maidir le bóithre nua agus láithreacha:— | ||
(a) a líne, a leithead, a leibhéal agus a ndéanamh, | ||
(b) na bealaí chucu agus uathu, agus | ||
(c) a méid agus a gcarachtar i gcoitinne. | ||
8. Socrú a dhéanamh le haghaidh oibreacha a bhaineann le haon bhóthar a dhéanamh, a fheabhsú nó a thírdhreachú, lena n-áirítear droichid, tolláin agus fobhealaí agus scáthláin, soilsiú saorga agus suíocháin a chur ar fáil agus féar, crainn agus toir a chur ar an mbóthar sin nó in aice leis. | ||
Cuid II. Déanmhais. | ||
1. Gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas a rialáil agus a rialú, i gcoitinne nó i limistéir áirithe— | ||
(a) méid, airde, achar urláir agus carachtar déanmhas; | ||
(b) línte tógála, fairsingeacht, agus an spás timpeall teaghaisí agus déanmhas eile; | ||
(c) méid na n-ionad loctha a mbeidh gá leo i ndéanmhais de chineál nó de mhéid áirithe nó orthu nó fúthu nó seirbhísí nó áiseanna chun feithiclí a locadh, a luchtú, a dhíluchtú nó a bhreoslú; | ||
(d) na rudaí is cead a dhaingniú de dhéanmhais; | ||
(e) na críocha chun a bhféadfar agus an modh ar a bhféadfar déanmhais a úsáid nó a áitiú, lena n-áirítear, i gcás teaghaisí, iad a ligean ina dtionóntáin ar leithligh. | ||
2. Dearadh agus dathanna déanmhas agus na hábhair dá ndéanfar iad a rialáil agus a rialú. | ||
3. Aon talamh áirithe, nó an talamh uile in aon limistéar áirithe, a chur in áirithe nó a dháileadh le haghaidh déanmhas de chineál nó de chineálacha sonraithe, nó tógáil, foirgniú nó déanamh aon chineál nó cineálacha áirithe déanmhas ar thalamh sonraithe a thoirmeasc nó a shrianadh go buan nó go sealadach. | ||
4. Teorainn a chur leis an méid déanmhas, nó an méid déanmhas de chineál sonraithe, a fhéadfar a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ar, in nó faoi aon limistéar. | ||
5. Déanmhais ar neamhréir leis an bplean forbartha a dhíchur nó a athrú. | ||
6. Rialáil agus rialú a dhéanamh ar an méid seo a leanas— | ||
(a) eagar nó leagan amach déanmhas nó déanmhas d'aon chineál sonraithe (lena n-áirítear dóthain réasúnach spáis oscailte a chur in áirithe i gcomhréir le líon, cineál agus carachtar na ndéanmhas a bheidh i dtrácht in aon togra áirithe i dtaobh forbartha); | ||
(b) an modh ar a ndéanfar aon talamh a leagan amach chun críocha forbartha, lena n-áirítear ceanglais maidir le leagan amach bóithre, tírdhreachú, plandáil; | ||
(c) soláthairtí uisce, séaracha, silteáin agus soilsiú poiblí a chur ar fáil; | ||
(d) bóithre seirbhíse a chur ar fáil agus dearadh bealaí go dtí bóithre; | ||
(e) saoráidí a chur ar fáil chun feithiclí a locadh, a dhíluchtú, a luchtú agus a bhreoslú ar aon talamh. | ||
Cuid III. Pobal-Phleanáil. | ||
1. Leagan amach limistéar a rialú, lena n-áirítear tiús, spásáil, grúpáil agus treo-shuíomh déanmhas i ndáil le bóithre, spásanna oscailte agus déanmhais eile. | ||
2. Soláthar agus suíomh scoileanna, eaglaisí, hallaí cruinnithe agus áiseanna pobail eile a chinneadh. | ||
3. Soláthar agus suíomh seirbhísí sláintíochta agus saoráidí caitheamh aimsire a chinneadh. | ||
Cuid IV. Taitneamhachtaí. | ||
1. Tailte a chur in áirithe— | ||
(a) mar spásanna oscailte, poiblí nó príobháideach (seachas mar spásanna oscailte a chuirfear in áirithe faoi Chuid II den Sceideal seo nó faoin gcéad mhír eile ina dhiaidh seo), | ||
(b) mar láithreáin le haghaidh carabhán nó campála. | ||
2. Talamh a chur in áirithe mar pháirc phoiblí, mar ghairdín poiblí nó mar spás chaitheamh aimsire poiblí, ar talamh é a úsáidtear mar sin de ghnáth. | ||
3. Talamh a chur in áirithe le haghaidh reiligí. | ||
4. Talamh a chur in áirithe le haghaidh tearmann do ghéim agus d'éin. | ||
5. Foirgnimh is ábhar spéise ó thaobh ealaíona, seandálaíochta nó staire a shlánchoimeád. | ||
6. Uaimheanna, láithreáin, gnéithe agus rudaí eile is ábhar spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta nó staire a shlánchoimeád. | ||
7. Amhairc agus radharcanna agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta a shlánchoimeád. | ||
8. (a) Coillte a shlánchoimeád agus a chosaint. | ||
(b) Crainn, toir, plandaí agus bláthanna a shlánchoimeád agus a chosaint. | ||
9. Toirmeasc, srianadh nó rialú a dhéanamh, i gcoitinne nó in áiteanna áirithe nó laistigh d'fhad sonraithe ó lárlíne gach bóthair nó aon bhóthair shonraithe, ar thógáil gach saghas nó aon saghsanna áirithe déanmhais fógráin nó ar thaispeáint gach saghas nó aon saghsanna áirithe fógráin. | ||
10. Díobháil do thaitneamhachtaí a chosc, a leigheas nó a dhíchur ar díobháil í de bharr aon déanmhas a bheith ligthe i léig nó cuma na faillí a bheith air nó de bharr cuma mhíthaitneamhach nó cuma na faillí a bheith ar aon talamh atá ag gabháil le déanmhas nó tadhlach le haon bhóthar poiblí nó atá i limistéar tithe cónaithe. | ||
11. Cur nó diúscairt iarmhair agus cosamair, diúscairt séarachais agus truailliú aibhneacha, lochanna, linnte, lintéar agus trá mhara a thoirmeasc, a rialáil nó a rialú. | ||
12. Saoráidí, mar atá carrlocanna, suíocháin, saoráidí cluichíochta, cúirteanna leadóige, scáthláin, leithris agus cluichemhánna a chur ar fáil ar láithreáin tréigthe nó ar thalamh eile. | ||
13. Aon cheart slí poiblí láithreach a shlánchoimeád a thugann bealach chun farraige, chun sléibhe, go bruach locha nó abhann, nó chun áite eile a ngabhann áilleacht nádúrtha leis nó atá áirgiúil chun caithimh aimsire. |