|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRU SCEIDEAL Rialacha a chuirtear isteach in Alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
AN CUIGIU SCEIDEAL. Ábhair dar féidir Caighdeáin a Fhorordú i Rialacháin Foirgníochta. | |
1. Láithreáin a ullmhú. | ||
2. Neart agus cobhsaíocht. | ||
3. Réamhchúraimí in aghaidh tóiteáin (lena n-áirítear friotaíocht an déanmhais in aghaidh an tóiteáin a bhriseadh amach agus a leathadh, áititheoirí a chosaint agus slite éalaithe má tharlaíonn tóiteán). | ||
4. Friotaíocht in aghaidh taisligh. | ||
5. Friotaíocht in aghaidh teas a tharchur. | ||
6. Friotaíocht in aghaidh fuaim a tharchur. | ||
7. Buaine. | ||
8. Friotaíocht in aghaidh foircthe. | ||
9. Silt. | ||
10. Aerú (lena n-áirítear spás oscailte a chur ar fáil lena aghaidh). | ||
11. Solas lae (lena n-áirítear spás oscailte a chur ar fáil lena aghaidh). | ||
12. Téamh agus soilsiú saorga. | ||
13. Seirbhísí, suiteálacha agus trealamh cúnta (lena n-áirítear seirbhísí, suiteálacha agus trealamh cúnta chun gás nó leictreachas a sholáthar nó a úsáid, agus cibé socruithe a chur ar fáil chun téimh agus cócaireachta a mheasfar a choiscfidh nó a shrianfaidh an oiread agus is féidir, deatach nó gásanna díobhálacha ó a bheith ag sceitheadh amach. | ||
14. Cóiríocht agus trealamh cúnta. | ||
15. Bealach isteach. | ||
16. Contúirt agus bac a chosc. |