An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Pleananna Forbartha.)

28 1963

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963

CUID II.

Forálacha Airgeadais.

Caiteachas riaracháin an Aire.

12. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Muirearú caiteachas údaráis phleanála is comhairle contae.

13. —Déanfar an caiteachas a bheidh faoin Acht seo ar údarás pleanála ar comhairle contae iad a mhuirearú ar an gcontae (lasmuigh de gach ceantar buirge agus ceantar uirbeach ann).

Cúnamh ó údarás pleanála i gcásanna áirithe.

14. —(1) Féadfaidh údarás pleanála cúnamh a thabhairt d'aon cheann de na comhlachtaí agus de na daoine a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo trí chúnamh in airgead nó cúnamh in earraí a thabhairt don chomhlacht nó don duine agus trí sheirbhísí nó saoráidí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a chur ar fáil.

(2) Is iad na comhlachtaí agus na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) comhlachas forbartha áitiúil,

(b) cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, ar ceann dá chuspóirí taitneamhachtaí agus saoráidí a chur ar fáil in ionaid chuartaíochta agus trácht cuartaíochta sna hionaid sin nó chucu a fhorbairt,

(c) comhlacht nó duine ag a bhfuil baint, maidir le limistéar an údaráis phleanála, le saoráidí a shlánchoimeád nó a fhorbairt (lena n-áirítear fásra agus ainmhithe, foirgnimh, uachaisí, láithreáin, airíona agus nithe is ábhair spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta, seandálaíochta, geolaíochta nó staire a shlánchoimeád) nó le hoibreacha feabhsúcháin áitiúla (lena n-áirítear ionaid loctha) a dhéanamh nó taitneamhachtaí a chothabháil,

(d) i gcás inar comhairle contae an t-údarás pleanála, coimisinéirí baile sa chontae ina bhfuil coimisinéirí.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta cúnamh a thabhairt faoin alt seo.

Ranníoc le haghaidh tréineála agus taighde.

15. —(1) Féadfaidh údarás pleanála, laistigh de cibé teorainneacha agus ar cibé coinníollacha a shocróidh an tAire ó am go ham, ranníoc a dhéanamh le cistí aon chomhlachta a dhéanann socrú le haghaidh tréineála agus taighde maidir le bailte móra agus réigiúin a phleanáil.

(2) Is feidhm fhorcoimeádta ranníoc a dhéanamh faoin alt seo.

Comhchaiteachais a chionroinnt.

16. —(1) Féadfaidh dhá údarás phleanála nó níos mó comhaontú, chun an costas a roinnt a bhainfidh le comhlíonadh a bhfeidhmeanna uile nó aon choda dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo, a dhéanamh agus déanamh dá réir agus, nuair a bheidh comhaontú déanta faoin bhfo-alt seo, féadfaidh na húdaráis phleanála lena mbainfidh é a fhoirceannadh tráth ar bith má chomhaontaíonn siad air sin a dhéanamh.

(2) I gcás inar deimhin leis an Aire go mbeartaíonn údarás pleanála feidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh ina limistéir go hiomlán nó go páirteach ar mhaithe le limistéar údaráis phleanála eile (is údarás pleanála a bhfuil a limistéar teorantach le limistéar an údarás phleanála chéadluaite) nó ar iarraidh uathu, íocfaidh an t-údarás pleanála eile costas na feidhme a chomhlíonadh a mhéid ar a gcomhaontófar idir na húdaráis nó, cheal comhaontú, mar a chinnfidh an tAire.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta comhaontú a dhéanamh faoin alt seo.

Cumhacht chun fritháirimh.

17. —I gcás ina mbeidh suim dlite faoin Acht seo d'aon duine ó údarás pleanála agus, san am céanna, go mbeidh suim eile faoin Acht seo dlite ón duine sin don údarás sin, féadfar an chéad suim a fhritháireamh i gcoinne an dara suim go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí.

Suim a íoc leis an achomharcóir nó é d'íoc suime.

18. —(1) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Aire faoin Acht seo nó faoi aon ordú faoin Acht seo i gcoinne cinneadh ó údarás pleanála—

(a) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis agus ar neamhspleidh le toradh an achomhairc, a ordú don údarás pleanála—

(i) cibé suim a íoc leis an achomharcóir a shonróidh an tAire, dá rogha féin, mar chúiteamh don achomharcóir sa chaiteacas a bhain dó maidir leis an achomharc.

(ii) cibé suim a íoc leis an Aire a shonróidh an tAire, dá rogha féin, mar chúiteamh dó sa chaiteachas a bhain dó maidir leis an achomharc a éisteacht;

(b) má theipeann ar an achomharc agus sa chás sin amháin féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú don achomharcóir—

(i) cibé suim a íoc leis an údarás pleanála, a shonróidh an tAire dá rogha féin, mar chúiteamh don údarás pleanála sa chaiteachas a bhain dóibh maidir leis an achomharc,

(ii) cibé suim a íoc leis an Aire, a shonróidh an tAire dá rogha féin, mar chúiteamh dó sa chaiteachas a bhain dó maidir leis an achomharc a éisteacht.

(2) Aon suim a ordófar faoin alt seo a íoc féadfar, mura n-íocfar é, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.