|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Forálacha Airgeadais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Forbairt a Rialú, agus Déanmhais, etc., Áirithe a Choinneáil.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Pleananna Forbartha. | |
[EN] |
É a bheith d'oibleagáid plean forbartha a dhéanamh, agus a mbeidh sa phlean. |
19. —(1) Déanfaidh gach údarás pleanála, laistigh den tréimhse trí bliana dar tosach an lá ceaptha (nó cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe) plean ag sonrú cuspóirí forbartha dá limistéar. |
[EN] | (2) Is éard a bheidh i bplean forbartha ráiteas scríofa agus plean ag sonrú na gcuspóirí forbartha sa limistéar a bheidh i gceist, lena n-áirítear aidhmeanna— | |
[EN] | (a) maidir le contae-bhuirgí, buirgí, ceantair uirbeacha agus bailte sceidealta— | |
[EN] | (i) chun limistéir áirithe a úsáid go haonaránach nó go príomha (de réir mar a shonrófar sa phlean forbartha) chun críocha áirithe (cibé acu críocha cónaithe, críocha tráchtála, críocha tionscail, críocha talmhaíochta nó eile iad), | |
[EN] | (ii) chun áis agus sábháilteacht níos fearr a áirithiú d'úsáidirí bóthair agus do choisithe trí ionaid loctha nó feabhsuithe bóthair nó eile a chur ar fáil, | |
[EN] | (iii) chun limistéar mífhóinteach a fhorbairt agus a athnuachan, | |
[EN] | (iv) chun taitneamhachtaí a shlánchoimeád, a fheabhsú agus a mhéadú; | |
[EN] | (b) maidir le limistéir eile— | |
[EN] | (i) chun limistéir mhífhóinteacha a fhorbairt agus a athnuachan, | |
[EN] | (ii) chun taitneamhachtaí a shlánchoimeád, a fheabhsú agus a mhéadú, | |
[EN] | (iii) chun soláthairtí uisce agus seirbhísí séarachta nua a sholáthar agus soláthairtí agus seirbhísí den sórt sin atá ann faoi láthair a mhéadú. | |
[EN] | (3) Gan dochar don fho-alt sin roimhe seo ná d'fho-alt (5) den alt seo, féadfar na cuspóirí i leith aon cheann de na críocha a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thaispeáint i bplean forbartha agus freisin, maidir le limistéir seachas contae-bhuirgí, buirgí, ceantair uirbeacha agus bailte sceidealta, cuspóirí chun limistéir áirithe a úsáid go haonaránach nó go príomha (de réir mar a thaispeánfar sa phlean forbartha) chun críocha áirithe (cibé acu críocha cónaithe, tráchtála, tionscail, talmhaíochta nó eile iad). | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeartóidh údarás pleanála aon chuspóir forbartha a chur i bplean forbartha arb ar údarás áitiúil eile a thitfeadh an fhreagracht é a chur i gcrích, ní chuirfidh an t-údarás pleanála an aidhm sin sa phlean ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil eile. | |
[EN] | (5) Féadfaidh údarás pleanála— | |
[EN] | (a) plean forbartha amháin a dhéanamh, is plean a bhainfidh le hiomlán a limistéir agus leis na fomhíreanna uile i mír (a), agus, i gcás inar iomchuí sin, le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó | |
[EN] | (b) dhá phlean forbartha nó níos mó a dhéanamh, arb é a bheidh i ngach ceann acu plean maidir le hiomlán a limistéir agus le ceann amháin nó níos mó de na fomhíreanna sin nó le cuid dá limistéar agus leis na fomhíreanna sin uile nó le ceann éigin amháin nó níos mó acu. | |
[EN] | (6) (a) Is feidhm fhorcoimeádta iarratas a dhéanamh chun an Aire tréimhse níos faide den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a cheadú. | |
[EN] | (b) I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis a iarraidh ar an Aire tréimhse níos faide den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a cheadú, cuirfidh siad faoi deara fógra i dtaobh an iarratais a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar agus san Iris Oifigiúil. | |
[EN] | (c) I bhfógra faoin mír sin roimhe seo— | |
[EN] | (i) sonrófar an tréimhse níos faide a bheifear a iarraidh, agus | |
[EN] | (ii) déarfar go ndéanfar agóidí a dhéanfar chun an Aire maidir leis an iarratas laistigh de thréimhse shonraithe nach giorra ná mí a bhreithniú sula ngéillfear don iarratas (agus breithneofar na hagóidí sin dá réir sin). | |
[EN] | (7) Is feidhm fhorcoimeádta plean forbartha a dhéanamh nó aon athfhoirmithe a dhéanamh ar aon phlean den sórt sin. | |
[EN] | (8) Féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin maidir le cóipeanna clóite de phleananna forbartha agus sleachta astu a chur ar fáil lena gceannach ag an bpobal. | |
[EN] | (9) (a) Forléireofar aon tagairt atá san Acht seo do phlean forbartha mar thagairt do phlean faoi fho-alt (1) den alt seo (faoi réir aon athfhoirmiú air). | |
[EN] | (b) San Acht seo, ciallaíonn “an plean forbartha” an plean nó na pleananna faoi fho-alt (1) den alt seo de chuid an údaráis phleanála iomchuí (faoi réir aon athfhoirmithe air nó orthu). | |
[EN] |
É a bheith d'oibleagáid plean forbartha agus athfhoirmithe ar an bplean a athscrúdú. |
20. —(1) I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis plean forbartha a dhéanamh, déanfaidh siad, ó am go ham de réir mar is gá agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana i ndiaidh dáta déanta an phlean, an plean a athscrúdú agus aon athfhoirmithe (trí athrú, cur leis nó scriosadh as) is cuí leo a dhéanamh air. |
[EN] | (2) I gcás a mbeidh a n-oibleagáidí faoi alt 19 den Acht seo comhlíonta ag údarás pleanála trí dhá phlean nó níos mó a dhéanamh mar a fhoráiltear le mír (b) d'fho-alt (5) den alt sin, tosóidh na tréimhsí cúig bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ag rith ó dháta déanta an phlean dheiridh de na pleananna sin. | |
[EN] |
Fógraí i dtaobh pleananna, etc., a fhoilsiú. |
21. —(1) I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis dréacht de phlean forbartha beartaithe nó d'athfhoirmithe beartaithe ar phlean forbartha a ullmhú— |
[EN] | (a) cuirfidh siad cóipeanna de na doiciméid fhorordaithe go dtí na húdaráis fhorordaithe, | |
[EN] | (b) cuirfidh siad faoi deara fógra i dtaobh ullmhú an dréachta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar, | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeidh sa dréacht aon fhoráil maidir le haon déanmhas a mbeartaítear é a shlánchoimeád mar gheall ar a spéisiúlacht ó thaobh ealaíne, staire nó ailtireachta, déanfaidh siad fógra (ina mbeidh sonraí na forála) a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais, | |
[EN] | (d) i gcás ina mbeidh sa dréacht aon fhoráil maidir le ceart slí poiblí a shlánchoimeád, déanfaidh siad fógra (ina mbeidh sonraí na forála agus léarscáil ag taispeáint an chirt slí) i dtaobh ullmhú an dréachta a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún. | |
[EN] | (2) Déarfar i bhfógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo— | |
[EN] | (a) go bhféadfar cóip den dréacht a iniúchadh in áit a luafar agus tráthanna a luafar i rith tréimhse a luafar agus nach giorra ná trí mhí (agus coimeádfar an chóip ar fáil chun a hiniúchta dá réir sin), agus | |
[EN] | (b) go ndéanfar agóidí nó uiríolla maidir leis an dréacht a dhéanfar chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse sin a bhreithniú sula ndéanfar an plean sin nó na hathfhoirmithe sin (agus déanfar aon agóidí nó uiríolla den sórt sin a bhreithniú dá réir sin), agus | |
[EN] | (c) go bhféadfaidh aon rátíocóir a dhéanfaidh agóid maidir leis an dréacht iarratas a chur ina agóid go dtabharfar deis dó a chás a shonrú os comhair duine nó daoine arna gceapadh ag an údarás pleanála (agus tabharfar an deis sin don agóideoir sin agus breithneofar a ráiteas i dteannta a agóide), | |
[EN] | agus i gcás fógra a sheirbheálfar de bhun mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, déarfar san fhógra freisin go bhfuil foráil sa dréacht a bhaineann leis an gceart slí poiblí a shlánchoimeád agus go bhfuil ceart achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann maidir leis an bhforáil sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh duine ar bith, roimh dheireadh an lá agus fiche díreach i ndiaidh na tréimhse a déarfar de bhun mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne aon fhoráil de shórt dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo a bheith sa phlean nó sna hathfhoirmithe a bheidh beartaithe, agus, más deimhin leis an gCúirt nach bhfuil aon cheart slí poiblí ann, dearbhóidh sí sin agus, dá réir sin, ní chuirfear isteach an fhoráil sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála plean forbartha nó athfhoirmithe ar aon phlean den sórt sin cuirfidh siad faoi deara fógra i dtaobh sin a dhéanamh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar. | |
[EN] | (5) Déarfar i bhfógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo go bhfuil cóip den phlean nó de na hathfhoirmithe ar fáil chun a hiniúchta in áit a luafar agus tráthanna a luafar (agus coimeádfar an chóip ar fáil chun a hiniúchta dá réir sin). | |
[EN] | (6) (a) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é den phlean forbartha nó de chuid de agus a mbeidh deimhnithe ag oifigeach d'údarás pleanála gur chóip cheart é, beidh sé ina fhianaise prima facie ar an bplean nó ar an gcuid, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é iarbhír. | |
[EN] | (b) Féadfar fianaise i dtaobh plean forbartha nó i dtaobh aon choda de a thabhairt trí chóip de a bheidh deimhnithe de bhun an fho-ailt seo a thabhairt ar aird agus ní gá an plean féin a thabhairt ar aird. | |
[EN] | (c) I gcás ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála ag iarraidh cóipe faoin alt seo, eiseofar an chóip chun an iarratasóra ar é d'íoc cibé táille leis an údarás pleanála a shocróidh siad agus nach mó ná an costas réasúnach a bhainfidh leis an gcóip a dhéanamh. | |
[EN] |
Dualgas ginearálta údaráis phleanála. |
22. —(1) Beidh sé de dhualgas ar údarás pleanála cibé bearta a dhéanamh is gá chun na cuspóirí a bheidh i bhforálacha an phlean fhorbartha a bhaint amach. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfar pleananna forbartha dhá údarás phleanála nó níos mó a chomhoirdniú maidir le nithe agus i modh a shonróidh sé agus air sin— | |
[EN] | (a) déanfaidh na húdaráis de réir an cheanglais, agus | |
[EN] | (b) cinnfidh an tAire aon díospóid a éireoidh eatarthu de dhroim aon nithe a cuireadh nó a bheidh le cur i bplean forbartha. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás pleanála an plean forbartha a athfhoirmiú maidir le hábhair agus i modh a shonróidh sé agus air sin beidh sé de dhualgas ar an údarás déanamh de réir an cheanglais. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo faoi réir an choinníll, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás pleanála, de thoradh aon agóid nó uiríoll a bhreithniú de bhun mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 21 den Acht seo, a chinneadh, le toiliú an Aire, go n-athrófar ar aon slí na hathfhoirmithe a bheidh beartaithe, féadfaidh siad na hathfhoirmithe a dhéanamh faoi réir an athraithe sin. | |
[EN] |
Foirmeacha samplacha de phleananna forbartha a ullmhú agus a fhoilsiú. |
23. —Féadfaidh an tAire, de réir mar is oiriúnach leis agus nuair is oiriúnach leis, treoracha ginearálta maidir le pleananna forbartha, maraon le foirmeacha samplacha de phleananna forbartha agus d'fhorálacha agus de chlásail a chuirfear isteach de ghnáth i bpleananna den sórt sin, a ullmhú agus a fhoilsiú le haghaidh úsáide údarás pleanála agus daoine leasmhara eile agus mar threoir dóibh. |