|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Forbairt a Rialú, agus Déanmhais, etc., Áirithe a Choinneáil.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Cúiteamh.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Taitneamhachtaí. | |
[EN] |
Limistéar taitneamhachta speisialta. |
42. —(1) Má fheictear don údarás pleanála gur limistéar taitneamhachta speisialta limistéar áirithe— |
[EN] | (a) mar gheall ar a áilleacht nádúrtha, nó | |
[EN] | (b) mar gheall ar thaitneamhachtaí a radharcanna nó a thaitneamhachtaí eile (lena n-áirítear áirge chun caithimh aimsire, ag féachaint d'oscailteacht an limistéir agus a shuíomh maidir le hionaid daonra nó le hionaid forbartha tionscail nó forbartha tráchtála), | |
[EN] | féadfaidh siad le hordú foráil a dhéanamh maidir le forbairt nach forbairt dhíolmhaithe— | |
[EN] | (i) chun nach ndéanfar aon fhorbairt den sórt sin, nó nach ndéanfar ach forbairt shonraithe den sórt sin, a cheadú faoin Acht seo sa limistéar nó in aon chuid shonraithe den limistéar, nó | |
[EN] | (ii) i gcás arb éard í an fhorbairt sin déanmhais a cheadófar faoin Acht seo, i dtaobh an uimhir uasta déanmhas d'aon chineál sonraithe a fhéadfar a thógáil nó a dhéanamh in aon chuid shonraithe den limistéar. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh ar é a dhaingniú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, faoin gcéad alt ina dhiaidh seo. | |
[EN] | (3) Má bhíonn limistéir fheidhmiúcháin dhá údarás phleanála teorantach le chéile, féadfaidh ceachtar údarás, le toiliú an údaráis eile, ordú a dhéanamh faoin alt seo maidir le limistéar atá, nó a bhfuil cuid de, i limistéar feidhmiúcháin an údaráis eile. | |
[EN] | (4) Féadfar aon ordú faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo. | |
[EN] | (5) Déanfaidh údarás pleanála, ó am go ham agus uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse chúig bliana, aon ordú a bheidh déanta acu faoin alt seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (ach amháin ordú nach ndéanann ach ordú roimhe sin a chúlghairm) a athbhreithniú chun a chinneadh arb inmholta an t-ordú a chúlghairm nó a leasú. | |
[EN] | (6) Is feidhm fhorcoimeádta ordú faoin alt seo a dhéanamh. | |
[EN] |
Ordú faoi alt 42 den Acht seo a dhaingniú. |
43. —(1) A luaithe is féidir tar éis dóibh ordú faoi alt 42 den Acht seo a dhéanamh, foilseoidh údarás pleanála fógra i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa limistéar— |
[EN] | (a) ag insint go ndearnadh an t-ordú agus ag tabhairt tuairisc an limistéir lena mbaineann sé, | |
[EN] | (b) ag ainmniú na háite inar féidir cóip den ordú agus d'aon léarscáil dá mbeidh tagairt ann a fheiceáil i rith uaireanta oifige, | |
[EN] | (c) ag sonrú na tréimhse (nach lú ná mí) ar laistigh di a fhéadfar, agus an mhodha ina bhféadfar, agóidí i gcoinne an orduithe a dhéanamh chun an údaráis phleanála, | |
[EN] | (d) á sonrú gur gá go ndaingneodh an tAire an t-ordú agus, i gcás ina ndéanfar aon agóidí go cuí i gcoinne an ordaithe agus nach dtarraingeofar siar iad, go ndéanfar fiosrú poiblí áitiúil agus go mbreithneofar na hagóidí sula ndaingneofar an t-ordú. | |
[EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis éag don tréimhse sin chun agóidí a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála an t-ordú a rinneadh faoi alt 42 den Acht seo a chur faoi bhráid an Aire lena dhaingniú, agus, nuair a chuirfidh siad ordú den sórt sin faoi bhráid an Aire amhlaidh, cuirfidh siad faoi bhráid an Aire freisin aon agóidí i gcoinne an ordaithe a rinneadh go cuí agus nár tarraingíodh siar. | |
[EN] | (3) Mura ndéanfar go cuí aon agóid den sórt sin a dúradh nó má tharraingítear siar na hagóidí uile a dhéanfar amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, an t-ordú a rinneadh faoi alt 42 den Acht seo a dhaingniú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, nó diúltú é a dhaingniú; ach in aon chás eile, cuirfidh sé faoi deara, sula ndaingneoidh sé é, fiosrú poiblí áitiúil a dhéanamh agus breith neoidh sé aon agóidí nach mbeidh tarraingthe siar agus tuarascáil an duine a rinne an fiosrú agus féadfaidh sé ansin, le hordú, an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú. | |
[EN] | (4) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
[EN] | (5) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a fhorléiriú mar thagairt d'ordú arna dhaingniú faoin alt seo. | |
[EN] |
Ceanglas á cheangal fál a dhíchur nó a athrú. |
44. —(1) Má fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, aon fhál a dhíchur nó a athrú, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún ar a mbeidh an fál, á cheangal go ndéanfar cibé díchur nó athrú, agus, i gcás díchuir, aon aischur a fheicfear don údarás pleanála a bheith oiriúnach. |
[EN] | (2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an fógra a neamhniú. | |
[EN] | (4) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhníodh) éifeacht— | |
[EN] | (a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh, | |
[EN] | (b) má dhéantar aon achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nár tarraingíodh siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh. | |
[EN] | (5) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a luafar i bhfógra faoin alt seo nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis an díchur nó an t-athrú a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh ar a mbeidh an fál agus an díchur nó an t-athrú sin a dhéanamh agus aon aischur a dhéanamh a sonraíodh san fhógra. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar de réir fógra faoin alt seo íocfaidh an t-údarás pleanála leis an duine a rinne de réir an fhógra na caiteachais faoina rachaidh sé le réasún ag déanamh an díchuir nó an athraithe agus aon aischuir a sonraíodh san fhógra. | |
[EN] | (7) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra a sheirbheálfar faoin alt seo. | |
[EN] |
Orduithe slánchoimeádta crann. |
45. —(1) Má fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, foráil a dhéanamh chun aon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille a shlánchoimeád, féadfaidh siad, chun na críche sin, ordú a dhéanamh maidir le haon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille a shonrófar san ordú; agus, go sonrach, féadfaidh siad foráil a dhéanamh le haon ordú den sórt sin— |
[EN] | (a) chun a thoirmeasc (faoi réir aon díolmhaithe dá ndéanfar foráil san ordú) crainn a leagan, a bharrscothadh, a ghéagscothadh nó a dhíthiú go toiliúil ach amháin le toiliú an údaráis phleanála, agus chun a chumasú don údarás sin a dtoiliú a thabhairt faoi réir coinníollacha; | |
[EN] | (b) chun feidhmiú a dhéanamh, maidir le haon toiliú, agus maidir le hiarratais ar aon toiliú, faoin ordú, ar fhorálacha Chuid IV den Acht seo a bhaineann le cead, agus le hiarratais ar chead, chun talamh a fhorbairt, faoi réir cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (2) Aon duine dá mbeidh damáiste déanta de dheasca gur diúltaíodh aon toiliú a thabhairt ba ghá faoi ordú faoin alt seo nó gur tugadh aon toiliú den sórt sin faoi réir coinníollacha, beidh sé i dteideal, má dhéanann sé éileamh ar an údarás pleanála laistigh den am agus sa mhodh a shonrófar leis an ordú, cúiteamh a ghnóthú ón údarás i leith an damáiste, ach— | |
[EN] | (a) i gcás ina ndearbhóidh an t-ordú, maidir le haon chrann, crainn nó garrán crann nach ar thailte coille atá, go bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis an gcrann, leis na crainn nó leis an ngarrán, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir leis an gcrann, leis nacrainn nó leis an ngarrán, | |
[EN] | (b) i gcás ina ndearbhóidh an t-ordú, maidir le haon chrainn ar thailte coille, gur coinníoll is riachtanach a chur, ar mhaithe le taitneamhacht, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go ndéanfar athphlandáil, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú den sórt sin. | |
[EN] | (3) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo, seirbheálfaidh siad fógra go ndearnadh an t-ordú agus cóip den ordú ar gach duine is úinéir nó áititheoir ar aon talamh dá ndéanann an t-ordú difear agus ar aon duine eile arb eol dóibh an uair sin teideal a bheith aige chun aon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille lena mbaineann an t-ordú a leagan. | |
[EN] | (5) Féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar fógra agus cóip d'ordú faoin alt seo, tráth ar bith roimh an lá a shonrófar chuige sin san fhógra (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chun an Aire. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an tAire an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an t-ordú a neamhniú. | |
[EN] | (7) Gan dochar d'aon díolúine eile dá ndéanfar foráil le hordú faoin alt seo, ní bhainfidh aon ordú den sórt sin le crainn atá ag fáil bháis nó atá marbh nó contúirteach a leagan, a bharrscothadh nó a ghéagscothadh nó aon chrainn a leagan, a bharrscothadh nó a ghéagscothadh de réir aon oibleagáide a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi nó a mhéid is gá chun núis a chosc nó a laghdú. | |
[EN] | (8) Má sháraíonn aon duine forálacha ordaithe faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air. | |
[EN] | (9) Taifeadfar sa chlár sonraí ordaithe faoin alt seo. | |
[EN] | (10) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'ordú slánchoimeádta crann a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh). | |
[EN] |
Orduithe caomhnaithe. |
46. —(1) Má fheictear don údarás pleanála, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis fhorordaithe, gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, foráil a dhéanamh chun aon saghas tearc fásra nó ainmhithe in aon limistéar a chosaint nó chun aon saghas fásra nó ainmhithe in aon limistéar a shlánchoimeád ó dhul in éag, féadfaidh siad chun na críche sin ordú a dhéanamh maidir leis an bhfásra nó leis na hainmhithe sin; agus, go háirithe, féadfar foráil a dhéanamh le haon ordú den sórt sin— |
[EN] | (a) chun a thoirmeasc (faoi réir aon díolúintí dá ndéanfar foráil leis an ordú) fásra nó ainmhithe a ghabháil, a mharú, nó a dhíthiú ach amháin le toiliú an údaráis phleanála, agus chun a chumasú don údarás sin a dtoiliú a thabhairt faoi réir coinníollacha; | |
[EN] | (b) chun feidhmiú a dhéanamh, maidir le haon toiliú, agus maidir le hiarratais ar thoiliú, faoin ordú, ar fhorálacha Chuid IV den Acht seo a bhaineann le cead, agus le hiarratais ar chead, chun talamh a fhorbairt, faoi réir cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a shonrófar san ordú. | |
[EN] | (2) Aon duine dá mbeidh damáiste déanta de dheasca gur diúltaíodh aon toiliú a thabhairt ba ghá faoi ordú faoin alt seo nó gur tugadh aon toiliú den sórt sin faoi réir coinníollacha, beidh sé i dteideal, má dhéanann sé éileamh ar údarás pleanála, laistigh den am agus sa mhodh a shonrófar leis an ordú, cúiteamh a ghnóthú ón údarás pleanála i leith an damáiste, ach, i gcás ina ndearbhóidh an t-ordú maidir le haon fhásra nó ainmhithe go bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leo, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir leo. | |
[EN] | (3) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo, cuirfidh siad faoi deara fógra ina luafar éifeacht an ordaithe agus ina luafar an ceart achomhairc faoin gcéad fho-alt eile ina dhiaidh seo a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar lena mbainfidh an t-ordú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith laistigh de mhí tar éis fógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo a fhoilsiú, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an ordaithe lena mbainfidh an fógra. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an tAire an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an t-ordú a neamhniú. | |
[EN] | (7) Ní dhéanfar cinneadh ar thoiliú a thabhairt faoi ordú faoin alt seo ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis fhorordaithe. | |
[EN] | (8) Má sháraíonn aon duine forálacha ordaithe faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh) beidh sé ciontach i gcion. | |
[EN] | (9) Taifeadfar sa chlár sonraí ordaithe faoin alt seo. | |
[EN] | (10) Is feidhm fhorcoimeádta ordú a dhéanamh faoin alt seo agus aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a athrú. | |
[EN] | (11) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'ordú caomhnaithe a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh). | |
[EN] |
Cearta slí poiblí a bhunú de bhun comhaontaithe. |
47. —(1) Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le duine ar bith ag a mbeidh an chumhacht riachtanach chuige sin, chun ceart slí poiblí thar talamh a bhunú tríd an duine sin á thoirbhirt. |
[EN] | (2) Beidh comhaontú faoin alt seo faoi réir cibé téarmaí maidir le híoc nó eile a shonrófar sa chomhaontú agus, má chomhaontaítear air sin, féadfar a fhoráil ann go mbeidh srianta nó coinníollacha ag baint leis an gceart slí poiblí. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeifear tar éis comhaontú a dhéanamh faoin alt seo beidh de dhualgas ar an údarás pleanála gach beart riachtanach a dhéanamh chun a áirithiú go mbunófar an ceart slí poiblí de réir an chomhaontaithe. | |
[EN] | (4) Taifeadfar sa chlár sonraí comhaontú a dhéanfar faoin alt seo. | |
[EN] |
Cumhachtaí éigeantacha chun cearta slí poiblí a bhunú. |
48. —(1) I gcás ina bhfeicfear don údarás pleanála gá a bheith le ceart slí poiblí thar aon talamh, féadfaidh an t-údarás pleanála, le hordú, ceart slí poiblí thar an talamh sin a bhunú. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo, seirbheálfaidh siad fógra go ndearnadh an t-ordú agus cóip den ordú ar gach duine is úinéir nó áititheoir ar aon talamh thar a mbunóidh an t-ordú ceart slí poiblí agus ar aon duine eile arb é a dtuairim go ndéanfaidh bunú an chirt slí phoiblí difear dó. | |
[EN] | (3) Féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar fógra agus cóip d'ordú faoin alt seo, tráth ar bith roimh an lá a shonrófar chuige sin san fhógra (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chun an Aire. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an tAire an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an t-ordú a neamhniú. | |
[EN] | (5) Glacfaidh ordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh) éifeacht— | |
[EN] | (a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh, | |
[EN] | (b) má dhéantar achomhairc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nár tarraingíodh siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh. | |
[EN] | (6) Taifeadfar sa chlár sonraí cirt slí a bhunófar faoin alt seo. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha maidir le cearta slí poiblí. |
49. —(1) I gcás ina mbunófar ceart slí poiblí de bhun an Achta seo nó ina mbeidh foráil i dtaobh a slánchoimeádta i bplean forbartha, cothabhálfaidh an t-údarás pleanála an tslí. |
[EN] | (2) (a) I gcás ina gceanglaítear leis an alt seo ceart slí a chothabháil ag an údarás pleanála, ní dhéanfaidh aon duine an tslí a dhamáistiú ná a bhac, ná feidhmiú an chirt slí a bhac ná a chosc. | |
[EN] | (b) Aon duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus, má leantar den sárú tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú. | |
[EN] | (c) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo maidir le ceart slí, a mbeidh foráil chun é a shlánchoimeád sa phlean forbartha, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus measfar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go bhfuil an ceart slí ann. | |
[EN] | (3) Más rud é, i gcás ceart slí a gceanglaíonn an t-alt seo ar an údarás pleanála í a chothabháil, go ndéanfaidh aon duine an tslí a dhamáistiú, nó a bhac, féadfaidh an t-údarás pleanála a chothabhálann an ceart slí an damáiste a shlánú nó an bhacainn a dhíchur, agus íocfaidh an duine sin leo an caiteachas faoina rachaidh siad leis an slánú nó leis an díchur agus, mura n-íocfar amhlaidh é, beidh an caiteachas sin inghnóthaithe uaidh mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (4) Féadfaidh údarás pleanála, chun a ndualgais faoi fho-ailt (1) agus (3) den alt seo a chomhlíonadh, dul isteach ar thalamh gach tráth réasúnach. | |
[EN] |
Crainn, toir agus plandaí eile a chur. |
50. —(1) D'fhonn taitneamhachtaí nó áilleacht nádúrtha aon talún a shlánchoimeád nó a mhéadú, féadfaidh an t-údarás pleanála— |
[EN] | (a) crainn, toir nó plandaí eile a chur sa talamh, | |
[EN] | (b) cabhrú le haon duine nó comhlacht a bheartóidh crainn, toir nó plandaí eile a chur sa talamh trí chrainn, toir nó plandaí a sholáthar nó deontas airgid a thabhairt. | |
[EN] | (2) Déanfaidh údarás na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú ar thalamh dá gcuid féin nó, le toiliú na ndaoine uile ag a mbeidh leas san ábhar, ar thalamh eile; agus maidir leis an talamh eile sin folóidh na cumhachtaí sin cumhacht chun socruithe a dhéanamh trína ndéanfar an cur nó an obair, ar cibé téarmaí dá bhforálfar faoi na socruithe, ag duine seachas an t-údarás. | |
[EN] | (3) I gcás ina bhfeidhmeoidh an t-údarás pleanála a gcumhachtaí faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo ar thalamh nach talamh leis an údarás, féadfaidh an t-údarás nó duine ag a mbeidh leas sa talamh, de réir mar a chomhaontófar idir an t-údarás agus na daoine ag a mbeidh leas amhlaidh, bainistí na talún, a mhéid a bhaineann sé le haon ní a dhéanfaidh an t-údarás, a ghlacadh de láimh, agus ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar amhlaidh. | |
[EN] | (4) Is feidhm fhorcoimeádta cabhrú faoin alt seo trí dheontas airgid a thabhairt. | |
[EN] | (5) Taifeadfar sa chlár sonraí comhaontaithe a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] |
Torann agus tonnchrith. |
51. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine ná ní chuirfidh faoi deara go ndéanfar— |
[EN] | (a) in aon áit phoiblí nó maidir le haon áitreabh atá láimh le haon áit phoiblí agus a ligtear an pobal isteach ann, ná | |
[EN] | (b) in aon áitreabh eile— | |
[EN] | (i) trí aon chraolachán, callaire, teilifís, gramafón, aimplitheoir, nó gléas dá samhail, nó aon inneall nó fearas eile a oibriú, nó a chur faoi deara nó a cheadú a leithéid a oibriú, nó | |
[EN] | (ii) trí mheán ar bith eile, | |
[EN] | aon torann nó tonnchrith a bheidh chomh mór, chomh leanúnach nó chomh minic nó chomh fada sin nó chomh hard sin nó tráthanna gur cúis réasúnach crá é do dhaoine in aon áitreabh sa chomharsanacht nó do dhaoine a úsáideann aon áit phoiblí go dleathach. | |
[EN] | (2) Ní bhainfidh mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo le haon chruinniú poiblí. | |
[EN] | (3) Ní bhunófar imeachtaí i gcoinne aon duine i leith aon chion faoin alt seo maidir le háitreabh dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo mura leanfar den chrá níos faide ná seacht lá tar éis dáta fógra ag líomhnú crá, arna shíniú ag triúr ar a laghad a chónaíonn nó a dhéanann gnó laistigh den limistéar ina gcloistear an torann nó ina mothaítear an tonnchrith a sheirbheáil ar an duine sin. | |
[EN] | (4) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le torann nó tonnchrith arb é is cúis leis— | |
[EN] | (a) aerárthach, nó | |
[EN] | (b) aon ghnóthairí reachtúla agus iad ag feidhmiú cumhachtaí a thugtar dóibh le haon reacht nó ordú nó ionstraim eile a rinneadh faoi reacht. | |
[EN] | (6) In imeachtaí a thionscnófar de bhun an ailt seo i leith torann nó tonnchrith a rinneadh i gcúrsa trádála nó gnó nó ag comhlíonadh aon fheidhmeanna reachtúla, is cosaint mhaith don chosantóir a chruthú gur úsáideadh na meáin phraiticiúla ab fhearr chun an torann nó an tonnchrith a chosc agus a chur ar neamhbhrí. | |
[EN] |
Bruscar. |
52. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine, in aon áit phoiblí— |
[EN] | (a) aon bhruscar bia, craiceann oráiste ná craiceann banana ná ábhar orgánach eile (cibé acu iarmhar nó ainmhí marbh é), ná | |
[EN] | (b) aon chonamar, seanmhiotal, gloine, poirceallán, earra cré, stán, cártán, páipéar, giobail nó dramh eile, | |
[EN] | a chaitheamh amach, a chur nó a fhágáil in aon áit phoiblí ná ar áit phoiblí ar shlí a dhéanfadh, nó is dócha a dhéanfadh, bruscar. | |
[EN] | (2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thoirmisceann— | |
[EN] | (a) aon duine do chur aon cheann de na hábhair a luaitear san fho-alt sin in aon ghabhadán chun bruscar a chur ann, | |
[EN] | (b) aon ghabhadán ina mbeidh cosamar tí nó cosamar eile chun a bhailithe ag údarás áitiúil a chur in aon áit phoiblí, nó | |
[EN] | (c) aon ní a dhéanfar faoi réim agus de réir ceada chun talamh a fhorbairt a tugadh faoi Chuid IV den Acht seo. | |
[EN] | (3) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air. | |
[EN] |
Fógráin a thaispeáint ar dhéanmhais áirithe, etc. |
53. —(1) I gcás aon déanmhas nó aon talamh eile, doras, geata, fuinneog, crann nó cuaille atá in aon áit phoiblí nó ina thosach, ní dhéanfaidh aon duine nach é úinéir, áititheoir nó an duine atá i bhfeighil an chéanna é— |
[EN] | (a) aon fhógrán a thaispeáint air ná a chur faoi deara aon fhógrán a thaispeáint air, ná | |
[EN] | (b) aon aghlot a dhéanamh air ná a chur faoi deara aon aghlot a dhéanamh air trí scríbhneoireacht nó marcanna eile, | |
[EN] | mura mbeidh údarás aige chun sin a dhéanamh ón úinéir, ón áititheoir nó ón duine sin i bhfeighil, nó le haon achtachán. | |
[EN] | (2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air. | |
[EN] | (3) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nárbh é an cosantóir úinéir, áititheoir ná an duine i bhfeighil an déanmhais nó na talún eile, an dorais, an gheata, na fuinneoige, an chrainn nó an chuaille, agus nach raibh sé údaraithe mar atá i dtrácht i bhfo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] |
Déanmhais fógráin agus fógráin a dheisiú agus a dhéanamh slachtmhar. |
54. —(1) Má fheictear don údarás pleanála, ag féachaint do shlándáil an phobail nó don taitneamhacht, gur ceart déanmhas fógráin nó fógrán ina limistéar a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an duine ag a mbeidh urláimh an déanmhais fógráin nó an fhógráin á cheangal ar an duine sin an déanmhas fógráin nó an fógrán a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar laistigh de thréimhse shonraithe. |
[EN] | (2) Más rud é, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt seo, nach ndeiseofar an déanmhas fógráin nó an fógrán nó nach ndéanfar slachtmhar é, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh ar a bhfuil an déanmhas nó an fógrán ar taispeáint agus an déanmhas nó an fógrán a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ag a mbeidh urláimh ar an déanmhas nó ar an bhfógra. |