|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Taitneamhachtaí.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Talamh a Thógáil, etc.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Cúiteamh. | |
[EN] |
Cúiteamh (diúltú cead a thabhairt nó cead a thabhairt faoi réir coinníollacha). |
55. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear go bhfuil, de bharr cinneadh faoi Chuid IV den Acht seo dá dtáinig gur diúltaíodh cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt nó an cead sin a thabhairt faoi réir coinníollacha (seachas aon choinníoll de chineál dá dtagraítear i mír (e), mír (g) nó mír (h) d'fho-alt (2) d'alt 26 den Acht seo) luach an leasa a bhí ag aon duine sa talamh lenar bhain an cinneadh an tráth a rinneadh an cinneadh laghdaithe, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis mar chúiteamh méid an laghdaithe sin ar an luach agus, i gcás áititheoir na talún, méid an damáiste (más aon damáiste) dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm a dhéantar ar an talamh. |
[EN] | (2) Nuair a bheifear ag cinneadh laghdú luacha chun críocha an ailt seo, tabharfar aird— | |
[EN] | (a) ar aon chead faoin Acht seo chun an talamh a fhorbairt a bhí ann tráth an chinnte, | |
[EN] | (b) ar aon ghealltanas a bheidh tugtha go dtabharfar cead chun an talamh a fhorbairt má dhéantar iarratas faoin Acht seo sa chéill sin, agus | |
[EN] | (c) ar an bhfíoras go bhféadfar forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh ar an talamh, | |
[EN] | agus, i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt déanfar ríomh ar an bhforas, go ndéanfaí, dá dtabharfaí an cead, aon choinníollacha a d'fhéadfaí a fhorchur le réasún maidir le nithe dá dtagraítear i míreanna (e), (g), agus (h) d'fho-alt (2) d'alt 26 agus i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht seo (ach ní haon choinníollacha eile) a fhorchur. | |
[EN] | (3) Nuair a bheifear ag cinneadh laghdú luacha chun críocha an ailt seo i gcás ina ndearnadh cinneadh dá dtaínig gur diúltaíodh cead a thabhairt, toimhdeofar nach ndéanfaí, tar éis an chinnte, agus ar leithligh ó aon ghealltanas den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, cead faoin Acht seo a thabhairt le haghaidh aon fhorbartha. | |
[EN] | (4) I gcás ina bhfuil sé faoi alt 29 den Acht seo, de dhualgas ar údaráis phleanála leas i dtalamh a thógáil ní bheidh cúiteamh i leith an leasa sin iníoctha de bhun an ailt seo. | |
[EN] | (5) San alt seo maidir le tagairt don tráth a rinneadh cinneadh, measfar, i gcás inar cinneadh ón Aire ar achomharc an cinneadh a bheidh i gceist, gur tagairt í don tráth a rinneadh an cinneadh a ndearnadh achomharc ina choinne. | |
[EN] | (6) Déanfar éileamh faoin alt seo laistigh den tréimhse seo a leanas (ach ní ina dhiaidh sin)— | |
[EN] | (a) sé mhí i ndiaidh an t-údarás pleanála nó an tAire (de réir mar a bheidh) do chur in iúl go ndearnadh an cinneadh, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] |
Cúiteamh gan bheith iníoctha i leith ábhar áirithe. |
56. —(1) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 55 den Acht seo iníoctha— |
[EN] | (a) maidir le diúltú cead a thabhairt le haghaidh aon fhorbairt arb éard í nó a fholaíonn athrú ábhartha ar úsáid aon déanmhas nó talún eile, | |
[EN] | (b) i leith diúltú cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurb é a bheadh i bhforbairt den chineál a bheartaítear a dhéanamh forbairt réamhionúch— | |
[EN] | (i) i bhfianaise aon easnaimh láithrigh ar sholáthar soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais agus na tréimhse ar réasúnach súil a bheith le slánú a dhéanamh ar aon easnamh den sórt sin lena linn, nó | |
[EN] | (ii) mar gheall ar leagan amach bóithre don limistéar nó do chuid de a bheith gan a thaispeáint sa phlean forbartha nó gan a cheadú ag an údarás pleanála nó ag an Aire ar achomharc, | |
[EN] | (c) i leith forchur aon choinníll a bhainfidh le haon ábhar acu seo a leanas, ar chead chun talamh a fhorbairt a thabhairt: | |
[EN] | (i) na hábhair atá leagtha amach i míreanna 1, 2, 3, 4 agus 6 de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, | |
[EN] | (ii) na hábhair atá leagtha amach i mír 5 den Chuid sin II a mhéid a bhaineann an mhír sin le déanmhais neamhúdaraithe, | |
[EN] | (iii) na hábhair atá leagtha amach i míreanna 1 agus 3 de Chuid III den Sceideal sin, | |
[EN] | (iv) na hábhair atá leagtha amach i mír 2, i mír 6, i mír 7, i bhfomhír (b) de mhír 8 agus i míreanna 9, 10, 11 agus 13 de Chuid IV den Sceideal sin, | |
[EN] | (v) ábhar a bhféadfaí ceanglas a fhorchur ina leith faoi aon Acht eile, nó faoi aon ordú, rialachán, riail nó fodhlí arna dhéanamh faoi aon Acht eile, gan dliteanas i leith cúitimh, | |
[EN] | (d) i leith forchur aon choinníll, ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, is coinníoll faoi mhír (j) d'fho-alt (2) d'alt 26 den Acht seo chun a cheangal déanmhas fógráin a dhíchur nó coinníoll faoin mír sin i gcás ina mbaineann an t-iarratas iomchuí ag iarraidh ceada le déanmhas sealadach, | |
[EN] | (e) i leith diúltú cead forbartha a thabhairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gur chontúirt do shlándáil an phobail an fhorbairt bheartaithe mar gheall ar bhaol tráchta nó úsáidirí bóthair a bhac nó eile, | |
[EN] | (f) i leith diúltú cead a thabhairt chun aon déanmhas fógráin a thógáil nó chun talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint, | |
[EN] | (g) i leith diúltú cead forbartha a thabhairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gur gá aon radharc nó amharc a bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis a shlánchoimeád, | |
[EN] | (h) i leith diúltú cead a thabhairt le haghaidh forbartha i limistéar lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta i bhfianaise gur limistéar taitneamhachta speisialta an limistéar sin mar gheall ar a áilleacht nádúrtha (seachas aon fhorbairt a ndéanann an t-ordú um limistéar taitneamhachta speisialta foráil chun a cheadaithe faoin Acht seo), | |
[EN] | (i) i leith diúltú cead a thabhairt chun forbairt a dhéanamh a bhaineann le haon déanmhas nó le haon bhreis a chur le méadú a dhéanamh air más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú— | |
[EN] | (i) go mbrisfeadh sé líne fhoirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne fhoirgníochta arna chinneadh ag an údarás pleanála nó ag an Aire, | |
[EN] | (ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí, | |
[EN] | (iii) go ndéanfadh sé díobháil mhór do na taitneamhachtaí, nó go laghdódh sé luach maoine sa chomharsanacht, | |
[EN] | (iv) gur dhócha dó a bheith ina chúis le haon bhrú mór tráchta, | |
[EN] | (v) gur bhaol é do shláinte nó do shlándáil daoine a bheadh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis, nó | |
[EN] | (vi) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail, | |
[EN] | (j) i leith diúltú cead forbartha a thabhairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú go sáródh an fhorbairt go hábhartha coinníoll atá ag gabháil le cead forbartha láithreach. | |
[EN] | (2) Ní thoirmiscfidh aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt seo cúiteamh a íoc— | |
[EN] | (a) i gcás ina mbeifear tár éis diúltú cead a thabhairt chun déanmhas nua a thógáil a ghlacfadh go substaintiúil ionad déanmhais (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a scartáladh nó a scriosadh le tine nó eile laistigh den dá bhliain díreach roimh dháta an iarratais ar chead nó ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur nach bhféadfaí dá dheasca an déanmhas nua sin a úsáid chun na críche chun ar úsáideadh go deiridh an déanmhas a scartáladh nó a scriosadh, nó | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur a bhfuil an déanmhas nua dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo nó a thosach, nó tosach déanmhais láithrigh (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a tógadh anuas chun é a atógáil nó a athrú, curtha siar nó curtha chun tosaigh dá bharr. | |
[EN] | (3) Is é an tAire a chinnfidh gach díospóid agus ceist i dtaobh cé acu a nglacfadh nó a nglacann déanmhas nua go substaintiúil de réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo ionad déanmhais a scartáladh nó a scriosadh. | |
[EN] |
Ní hiníoctha cúiteamh má cheadaítear forbairt áirithe eile nó má íocadh cúiteamh cheana féin. |
57. —(1) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 55 den Acht seo iníoctha i leith cinneadh trína ndiúltaítear cead chun talamh a fhorbairt, má bhíonn, d'ainneoin an diúltú sin, cead forbartha lena mbaineann an t-alt seo ar fáil maidir leis an talamh sin nó má bhíonn cúiteamh íoctha cheana féin faoi alt 55 den Acht seo faoi threoir cinneadh roimhe sin faoi Chuid IV den Acht seo dá dtáinig gur diúltaíodh cead a thabhairt. |
[EN] | (2) I gcás nach mbeidh cead forbartha lena mbaineann san alt seo ar fáil ach i leith coda den talamh, ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin a mhéid gur sa chuid sin atá an leas ar substaineadh. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar éileamh ar chúiteamh faoin gcuid seo den Acht seo maidir le haon leas i dtalamh, measfar chun críocha an ailt seo go bhfuil cead forbartha lena mbaineann an t-alt seo ar fáil maidir leis an talamh sin nó le cuid de má bhíonn i bhfeidhm maidir leis an talamh sin nó leis an gcuid sin cead a tugadh, nó gealltanas go dtabharfaí cead, faoin Acht seo i leith forbartha éigin den sórt sin, agus gan é sin faoi réir coinníollacha ar bith seachas coinníollacha maidir le ábhair dá dtagraítear i míreanna (e), (g) agus (h) d'fho-alt (2) d'alt 26 agus i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht seo. | |
[EN] | (4) Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionscalach, más é atá ar fad nó go formhór san fhorbairt tithe, árasáin, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin peitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsa, nó forignimh tionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh díobh sin. | |
[EN] |
Srian le hailt 56 agus 57. |
58. —(1) Más rud é, i gcás a cinneadh ar achomharc faoi Chuid IV den Acht seo, gur diúltaíodh cead chun aon talamh a thabhairt ach amháin i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo nó gur tugadh cead den sórt sin faoi réir aon choinníll a bhaineann le haon cheann de na hábhair atá leagtha amach i míreanna 3 agus 4 de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ní thoirmiscfidh aon ní atá i bhfo-alt (1) d'alt 56 nó in alt 57 den Acht seo cúiteamh a íoc, más rud é, tar éis iarratas sa chéill sin a bheith déanta laistigh de dhá mhí tar éis an tAire do chur an chinnte in iúl (ach ní ina dhiaidh sin), go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cothrom ná réasúnach, sna cúinsí áirithe sin, go dtoirmiscfí le forálacha fho-alt (1) d'alt 56 nó alt 57 den Acht seo cúiteamh a íoc. |
[EN] | (2) Níl feidhm ag fo-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun aon déanmhas fógráin a thógáil nó chun aon talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint, | |
[EN] | (b) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun forbairt a dhéanamh a bhaineann le haon déanmhas nó le haon bhreis a chur le déanmhas nó aon mhéadú a dhéanamh ar dhéanmhas más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú— | |
[EN] | (i) go mbrisfeadh sé líne fhoirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne fhoirgníochta arna chinneadh ag an údarás pleanála nó ag an Aire, | |
[EN] | (ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí, | |
[EN] | (iii) gur bhaol é do shláinte nó do shlándáil daoine a bheadh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis, nó | |
[EN] | (iv) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail. | |
[EN] |
Cúiteamh (cead a chúlghairm nó a mhodhnú). |
59. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis cead chun talamh a fhorbairt a chúlghairm nó a mhodhnú le fógra faoi alt 30 den Acht seo— |
[EN] | (a) más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear go bhfuil aon duine ag a bhfuil leas sa talamh tar éis dul faoi chaiteachas ag déanamh oibreacha atá curtha ó chrích ag an gcúlghairm nó an modhnú, íocfaidh an t-údarás sin leis an duine sin cúiteamh i leith an chaiteachais sin. | |
[EN] | (b) beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) go (4) d'alt 55 agus ailt 56 agus 57 den Acht seo maidir leis an bhfógra i gcás inar chúlghair sé an cead nó ina modhnaíonn sé é trí choinníollacha a fhorchur— | |
[EN] | (i) i gcás inar chúlghair sé an cead, mar atá feidhm acu maidir le diúltú cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, agus | |
[EN] | (ii) i gcás ina modhnaíonn sé an cead trí choinníollacha a fhorchur, mar atá feidhm acu maidir le cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha, | |
[EN] | faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin, go ndéanfar, i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt sin 55, tagairt don tráth a ghlacfaidh an fógra éifeacht a chur in ionad aon tagartha do thráth aon chinnte agus, i bhfo-alt (4) de, go bhforléireofar an tagairt d'alt 29 den Acht seo mar thagairt don alt sin arna chur chun feidhme le halt 30 den Acht seo. | |
[EN] | (2) Aon éileamh faoin alt seo nó faoi alt 55 den Acht seo arna chur chun feidhme leis an alt seo déanfar é i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis an trátha a ghlacfaidh an fógra éifeacht, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil, agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, aon chaiteachas faoina rachfar le réasún ag ullmhú pleananna chun críocha aon oibreacha nó le hábhair eile dá shamhail sin ag ullmhú chucu sin measfar é bheith ar áireamh sa chaiteachas faoina rachfar ag déanamh na n-oibreacha sin ach, lasmuigh dá bhfuil ráite anseo roimhe seo, ní íocfar cúiteamh ar bith de bhua an ailt seo i leith aon oibreacha a rinneadh sular tugadh an cead a bheidh cúlghairthe nó modhnaithe, ná i leith aon chaillteanais nó damáiste eile de bharr aon ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh sular tugadh an cead sin. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le halt 36. |
60. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste de dheasca aon déanmhas a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 36 den Acht seo, do dhuine ar bith trí laghdú a theacht ar luach aon leasa sa déanmha a bhfuil sé ina theideal nó sealúchas an déanmhais aige a dhíshocrú, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfadh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh. |
[EN] | (2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis an déanmhas a dhíchur nó a athrú, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] | (3) I gcás dualgas a bheith, faoi alt 29 den Acht seo arna chur chun feidhme le fo-alt (9) d'alt 36 den Acht seo, ar an údarás pleanála leas i dtalamh a thógáil, ní bheidh cúiteamh maidir leis an leas sin iníoctha de bhun an ailt seo. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag Riail (12) de na Rialacha atá leagtha amach in alt 2 d'Acht 1919 maidir le haon chás ina ndéanfar éileamh faoin alt seo. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le halt 37. |
61. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh, nó de dheasca gur comhlíonadh aon choinníollacha maidir le leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de talamh, de dhroim fógra faoi alt 37 den Acht seo, d'aon duine trí laghdú ar luach aon leasa sa talamh a bhfuil teideal aige chuige nó trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás ar úsáid chun fógrán a thaispeáint úsáid talún— | |
[EN] | (a) mura raibh an fógrán ann díreach roimh an lá ceaptha agus go scoirfear den úsáid, nó go gcomhlíonfar coinníollacha a bhaineann le leanúint den úsáid, i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá ceaptha, nó | |
[EN] | (b) mura raibh an fógrán ina áit le cúig bliana ar a laghad tráth an scortha nó an chomhlíonta sin. | |
[EN] | (3) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis an scortha nó an chomhlíonta, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] | (4) I gcás dualgas a bheith faoi alt 29 den Acht seo, arna chur chun feidhme le fo-alt (8) d'alt 37 den Acht seo, ar an údarás pleanála leas i dtalamh a thógáil, ní bheidh cúiteamh maidir leis an leas sin iníoctha de bhun an ailt seo. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag Riail (12) de na Rialacha atá leagtha amach in alt 2 d'Acht 1919 maidir le haon chás ina ndéanfar éileamh faoin alt seo. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le halt 44. |
62. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca fál a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 44 den Acht seo, d'aon duine trí laghdú ar luach aon leasa a bhfuil teideal aige chuige sa talamh ar a bhfuil an fál nó sealúchas na talún sin aige a dhíshocrú beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh. |
[EN] | (2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis an fál a dhíchur nó a athrú, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le hait 48. |
63. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear go bhfuil laghdú tagtha ar luach leasa aon duine i dtalamh, is talamh ar bunaíodh ceart slí poiblí thairis le hordú faoi alt 48 den Acht seo a rinne an t-údarás sin, nó gur bhain damáiste d'aon duine ag a bhfuil leas sa talamh sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, de dhroim an ceart slí poiblí a bhunú, íocfaidh an t-údarás sin leis an duine sin cúiteamh comhionann leis an méid a chuaigh an luach sin i laghad nó le méid an damáiste. |
[EN] | (2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis an trátha a thosóidh ordú bunaithe an chirt slí phoiblí ag glacadh éifeachta, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le halt 83. |
64. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca aon ní a rinneadh faoi alt 83 den Acht seo d'aon duine beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh. |
[EN] | (2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis an damáiste do bhaint don duine sin, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse níos faide, ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé cóir agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le halt 85. |
65. —(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca gníomh a rinne an t-údarás sin de bhun alt 85 den Acht seo trí aon chábla, sreang nó píplíne a shuíomh, a athnuachan nó a dhíchur, trí aon bhrac nó daingneán a dhaingniú, nó aon fhógrán a ghreamú, d'aon duine trí laghdú ar luach aon leasa sa talamh nó sa déanmhas iomchuí a bhfuil teideal aige chuige, nó trí shealúchas na talún nó an déanmhais sin aige a dhíshocrú, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste leis mar chúiteamh. |
[EN] | (2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)— | |
[EN] | (a) sé mhí tar éis gníomh an údaráis phleanála, nó | |
[EN] | (b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú. | |
[EN] |
Cúiteamh maidir le treoir faoi Acht 1934. |
66. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “treoir eatramhach” treoir, chun aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh, a tugadh faoi Acht 1934, go díreach nó trí intuiscint, trína dhiúltú cead ginearálta nó cead speisialta a thabhairt, trí chead ginearálta nó cead speisialta a thabhairt faoi réir coinníollacha, nó trí thoirmeasc speisialta a dhéanamh faoi réir coinníollacha nó gan a bheith faoi réir coinníollacha, nach treoir a ndearnadh ordú maidir leis faoi alt 14 den Acht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach (Leasú), 1939; | |
[EN] | tá le “cead ginearálta”, “cead speisialta”, “toirmeasc speisialta”, “scéim phleanála” agus “obair” na bríonna céanna faoi seach a bhí leis na habairtí sin in Acht 1934. | |
[EN] | (2) (a) I gcás inar tugadh treoir eatramhach maidir le haon mhaoin— | |
[EN] | (i) aon duine a raibh, an lá roimh an lá ceaptha, aon eastát nó leas aige i maoin den sórt sin nó ceart aige thairsti nó ina leith, beidh teideal aige, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá ceaptha, go n-íocfaidh an túdarás sin cúiteamh leis mura gcinnfidh siad nach mbeadh cúiteamh iníoctha leis de bhua Acht 1934 ar an mbonn tuisceana gur tháinig an scéim phleanála iomchuí i ngníomh an lá roimh an lá ceaptha agus foráil ann ar comhéifeacht leis an treoir eatramhach agus ar an mbonn tuisceana go raibh iarratas ar chúiteamh déanta go cuí faoi alt 61 d'Acht 1934, | |
[EN] | (ii) is é méid an chúitimh an méid céanna ab iomchuí, ar na boinn tuisceana sin, a íoc de réir Acht 1934. | |
[EN] | (b) I gcás ina ndéanfar cinneadh faoin mír sin roimhe seo, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis an cinneadh a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire, agus diúltóidh an tAire don achomharc nó cealóidh sé an cinneadh sin. | |
[EN] | (c) Nuair a bheidh achomharc á chinneadh aige faoin bhfo-alt seo, beidh aird, go sonrach, ag an Aire ar fho-alt (2) d'alt 30 d'Acht 1934 agus, chun na críche sin, féadfaidh sé aon chinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin a dhéanamh de réir an fho-ailt sin. | |
[EN] | (3) (a) I gcás— | |
[EN] | (i) ina mbeidh aon duine tar éis staonadh ó aon obair áirithe a dhéanamh mar gheall ar threoir eatramhach de dhroim gur diúltaíodh cead speisialta a thabhairt nó go ndearnadh toirmeasc speisialta, agus | |
[EN] | (ii) gur bhain caillteanas dó trí staonadh amhlaidh, | |
[EN] | beidh teideal ag an duine sin, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá ceaptha, go n-íocfaidh an t-údarás sin leis mar chúiteamh méid an chaillteanais sin mura gcinnfidh an t-údarás pleanála go ndéanfadh déanamh an hoibre áirithe sin dochar do dhéanamh éifeachtúil eacnamúil na scéime pleanála iomchuí ar an mbonn tuisceana gur tháinig an scéim sin i ngníomh. | |
[EN] | (b) I gcás— | |
[EN] | (i) inar chomhlíon aon duine, agus aon obair áirithe á déanamh aige, coinníoll a bhí ag gabháil le cead speisialta nó a bhí i dtoirmeasc speisialta, agus | |
[EN] | (ii) gur bhain caillteanas dó (seachas caillteanas de bharr laghdú ar luach aon mhaoine) toisc gur chomhlíon sé an coinníoll sin, | |
[EN] | beidh teideal ag an duine sin, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá ceaptha, go n-íocfaidh an t-údarás sin leis mar chúiteamh méid an chaillteanais sin, mura gcinnfidh an t-údarás pleanála go ndéanfadh déanamh na hoibre áirithe sin, gan an coinníoll sin a chomhlíonadh, dochar do dhéanamh éifeachtúil eacnamúil na scéime pleanála iomchuí ar an mbonn tuisceana gur tháinig an scéim sin i ngníomh. | |
[EN] | (c) I gcás ina ndéanfar cinneadh faoi cheachtar de na míreanna sin roimhe seo, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis an cinneadh a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire agus diúltóidh an tAire don achomharc nó cealóidh sé an cinneadh sin. | |
[EN] | (4) Ní áireofar an leasú ar Acht 1919 a dhéantar leis an Acht seo i gcás aon chúiteamh a chinneadh faoin alt seo. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le cúiteamh. |
67. —Féadfar foráil a dhéanamh i rialacháin maidir leis na nithe seo a leanas: |
[EN] | (a) an fhoirm ina ndéanfar éilimh ar chúiteamh, | |
[EN] | (b) éilitheoir do sholáthar fianaise i dtaca lena éileamh agus eolais maidir lena leas sa talamh lena mbaineann an t-éileamh, | |
[EN] | (c) éilitheoir do dhéanamh ráitis ag insint ainmneacha agus seolta na ndaoine uile sin (a mhéid a bheidh sin ar eolas aige) a bhfuil leas acu sa talamh lena mbaineann an t-éileamh, agus, mura dtarraingeofar siar an t-éileamh, an t-údarás pleanála nó an t-éilitheoir do thabhairt fógra i dtaobh gach duine (más aon duine) eile ar dóigh leo nó leis leas a bheith aige sa talamh, | |
[EN] | (d) an t-eolas agus na doiciméid a bheidh le cur ag gabháil le hiarratas ar ordú faoi alt 58 den Acht seo, | |
[EN] | (e) an t-eolas agus na doiciméid a bheidh ar údarás pleanála a thabhairt maidir le hiarratas ar ordú faoi alt 58 den Acht seo. | |
[EN] |
Éileamh go n-íocfaí cúiteamh a chinneadh. |
68. —I gcás nach gcomhaontófar ina thaobh, déanfar éileamh faoin Acht seo ar chúiteamh a íoc a chinneadh trí eadrán faoi Acht 1919 ar an modh céanna i ngach slí agus dá mba maidir le talamh a thógáil go héigeantach a d'éirigh an t-éileamh, ach faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhadh nil a dhéanamh. |
[EN] |
Leasú ar alt 2 d'Acht 1919. |
69. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1919, i gcásanna ina mbeidh aon chúiteamh a mheasúnófar iníoctha ag údarás pleanála nó ag údarás áitiúil eile trí na Rialacha atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh Riail 6. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fomhír (b) de mhír 1 de Chuid 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 , trí “agus tríd an Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , agus an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ,” a chur isteach i ndeireadh na fomhíre. | |
[EN] |
Toirmeasc ar chúiteamh dúbailte. |
70. —I gcás ina mbeadh teideal ag duine, mura mbeadh an t-alt seo, chun cúitimh faoin Acht seo maidir le haon ábhar nó ní agus chun cúitimh freisin faoi aon achtachán eile maidir leis an ábhar nó an ní céanna, ní bheidh teideal aige chun cúitimh maidir leis an ábhar nó an ní sin faoin Acht seo agus faoin achtachán eile freisin, agus ní bheidh teideal aige chun níos mó cúitimh faoin Acht seo maidir leis an ábhar nó an ní sin ná méid an chúitimh a mbeadh sé ina theideal faoin achtachán eile maidir leis an ábhar nó an ní sin. |
[EN] |
Cúiteamh a ghnóthú ó údarás pleanála. 1845, c. 19. 1890, c. 70. |
71. —(1) An cúiteamh uile is iníoctha faoin gCuid seo den Acht seo ag an údarás pleanála beidh sé, nuair a bheidh a mhéid arna chinneadh le comhaontú nó trí eadráin de réir an Achta seo, inghnóthaithe ón údarás pleanála sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, agus na costais agus na caiteachais go léir a bhainfidh do pháirtithe in eadráin chun méid aon chúitimh den sórt sin a chinneadh beidh siad, a mhéid is iníoctha na costais agus na caiteachais sin ag an údarás pleanála, inghnóthaithe mar an gcéanna ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoi, nó le haon Acht eile nó faoi maidir le hairgead a dhéantar leis an alt seo, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí ionann agus dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin arna leasú nó arna oiriúnú amhlaidh an t-airgead sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach sa Chúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le duine ar bith maidir le haon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, chun ioncam ón airgead sin a íoc nó caipiteal an airgid sin a íoc. | |
[EN] |
Cúiteamh a chlárú. |
72. —(1) Más rud é, ar éileamh ar chúiteamh faoi alt 55 den Acht seo, faoin alt sin arna chur chun feidhme le halt 59 den Acht seo nó faoi fho-alt (2) d'alt 66 den alt seo, go mbeidh suim is mó ná fiche punt iníoctha, ullmhóidh agus coimeádfaidh an t-údarás pleanála ráiteas á lua sin, ina sonrófar gur diúltaíodh cead a thabhairt nó gur tugadh cead faoi réir coinníollacha, gur cúlghaireadh nó gur modhnaíodh cead nó treoir eatramhach (de réir mar a bheidh), an talamh lena mbaineann an t-éileamh ar chúiteamh, agus méid an chúitimh. |
[EN] | (2) (a) Taifeadfaidh údarás pleanála sa chlár sonraí na ráiteas a ullmhóidh siad faoin alt seo. | |
[EN] | (b) Déanfar gach taifead den sórt sin laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a ullmhófar an ráiteas. | |
[EN] |
Údarás pleanála do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin. |
73. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo ar thalamh a mbeidh ráiteas ina thaobh (dá ngairtear ráiteas cúitimh san alt seo) cláraithe faoin alt deiridh roimhe seo ar feadh níos lú ná ceithre bliana déag, go dtí go mbeidh cibé méid (más aon mhéid é) is inghnóthaithe faoin alt seo maidir leis an gcúiteamh a shonrófar sa ráiteas íoctha nó urraithe chun sástachta an údaráis phleanála. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt (seachas forbairt eiscthe) is forbairt— | |
[EN] | (a) lena mbaineann alt 57 den Acht seo, nó | |
[EN] | (b) arb é tuairim an Aire, ag féachaint do luach dóchúil na forbartha, gur rud réasúnach go mbainfeadh an t-alt seo léi: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) nach mbainfidh an t-alt seo le haon fhorbairt de bhua mhír (b) den fho-alt seo, má bhíonn an tAire ariarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin, tar éis a dheimhniú nach é a thuairim, ag féachaint do luach dóchúil na forbartha, gur rud réasúnach go mbainfeadh an t-alt seo léi, agus | |
[EN] | (ii) i gcás an cúiteamh a bheidh sonraithe sa ráiteas a bheith iníoctha de dhroim coinníollacha a fhorchur ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, ní bhainfidh an t-alt seo leis an bhforbairt ar lena haghaidh a tugadh an cead sin. | |
[EN] | (3) Faoi réir an dá fho-alt díreach ina dhiaidh seo, is é an méid is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh— | |
[EN] | (a) más ionann an talamh ar a mbeifear chun an fhorbairt a dhéanamh (dá ngairtear an limistéar forbartha san fho-alt seo) agus iomlán na talún a bheith i dtrácht sa ráiteas cúitimh, nó má fholaíonn sé (maraon le talamh eile) iomlán na talún sin, an méid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin; | |
[EN] | (b) más cuid den talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh an limistéar forbartha, nó má fholaíonn an limistéar forbartha cuid den talamh sin maraon le talamh eile nach bhfuil i dtrácht sa ráiteas sin, an oiread den mhéid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin agus is inchurtha i leith talún a bheidh i dtrácht sa ráiteas sin agus a bheidh laistigh den limistéar forbartha. | |
[EN] | (4) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) déanfaidh an t-údarás pleanála (más dóigh leo gur praiticiúil sin a dhéanamh) méid an chúitimh a chionroinnt idir na codanna éagsúla den talamh de réir mar is dóigh leo difríocht éagsúil a bheith déanta do na codanna sin trína dhiúltú cead a thabhairt nó cead a thabhairt faoi réir coinníollacha; | |
[EN] | (b) mura ndéanfar aon chionroinnt, áireofar méid an chúitimh a bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an talamh lena mbainfidh an ráiteas; | |
[EN] | (c) má dhéantar cionroinnt, áireofar an cúiteamh a bheith dáilte de réir na cionroinnte sin amhail idir na codanna éagsúla den talamh ar faoina réim a dhéanfar an chionroinnt, agus áireofar an oiread den chúiteamh agus a chuirfear i leith chuid den talamh bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an gcuid sin den talamh; | |
[EN] | (d) má chuireann duine ar bith i ndíospóid cionroinnt faoin bhfo-alt seo, cuirfear an díospóid faoi bhráid eadránaí maoine agus cinnfidh sé í. | |
[EN] | (5) Más rud é, i gcás aon talamh a mbeidh ráiteas cúitimh cláraithe ina leith, gur deimhin leis an Aire, ag féachaint do luach dóchúil aon fhorbartha cuí ar an talamh, nach dócha go ndéanfar aon fhorbairt den sórt sin mura bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, i gcás aon fhorbartha áirithe, an t-iomlán nó cuid d'aon suim ab inghnóthaithe faoin alt seo mura mbeadh sin a mhaitheamh; agus i gcás nach mbeidh maite ach cuid d'aon suim den sórt sin, cuirfidh sé faoi deara an ráiteas cúitimh a leasú trí shonrú na suime a bheidh maite faoin bhfo-alt seo a chur in ionad sonrú méid an chúitimh a mhéid is inchurtha sin i leith na talún sin. | |
[EN] | (6) Má tharlaíonn, maidir le forbairt aon talún, go mbeidh suim inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh, ansin, ach amháin i gcás ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, íoc na suime sin maite faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, ní bheidh suim ar bith inghnóthaithe, a mhéid is inchurtha i leith na talún sin í, maidir le haon fhorbairt a dhéanfar air ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (7) Aon suim a bheidh inghnóthaithe faoin alt seo i leith aon chúitimh beidh sí iníoctha leis an údarás pleanála, agus | |
[EN] | (a) beidh sí iníoctha amhlaidh in aon íocaíocht chaipitil amháin nó ina sraith de thráthchodanna caipitil agus úis le chéile, nó mar shraith d'íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla eile, a mbeidh cibé méid iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna, a ordóidh an t-údarás pleanála, tar éis dóibh breithniú ar a dhéanamh ar aon uiríolla ón duine a bheidh chun an fhorbairt a dbéanamh, agus | |
[EN] | (b) ach amháin i gcás inar in aon íocaíocht chaipitil amháin is iníoctha an tsuim sin, urróidh an duine sin í ar cibé modh (trí mhorgáiste, trí chúnant nó ar shlí eile) a ordóidh an t-údarás pleanála. | |
[EN] | (8) Má thionscnaíonn aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil air, ag sonrú na suime ar dóigh leo gurb í an tsuim í is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh i gceist, agus á cheangal air an tsuim sin a íoc leo laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná trí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, a shonrófar san fhógra, agus, mura n-íocfar an tsuim sin leis an údarás pleanála laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. |