An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Foirceannadh Cuideachtaí Neamhchláraithe.) Ar Aghaidh (CUID XII. Srianta le Scaireanna a Dhíol agus le Scaireanna a Thairiscint chun a nDíolta.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID XI.

Cuideachtaí a Corpraíodh lasmuigh den Stát agus a Bhunóidh Áit Ghnó laistigh den Stát.

Feidhm na Coda seo.

351. —Bainfidh an Chuid seo le gach cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus, tar éis an dáta feidhme, a bhunóidh áit ghnó laistigh den Stát, agus le cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát agus, roimh an dáta feidhme, a bhunaigh áit ghnó laistigh den Stát agus a leanfaidh d'áit ghnó bhunaithe a bheith acu laistigh den Stát ar an dáta feidhme.

Doiciméid a bheidh le seachadadh don chláraitheoir ag cuideachtaí áirithe a corpraíodh lasmuigh den Stát.

1908, c. 69.

352. —(1) Déanfaidh cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát agus, tar éis an dáta feidhme, a bhunóidh áit ghnó laistigh den Stát, na nithe seo a leanas a sheachadadh lena gclárú do chláraitheoir na gcuideachtaí, laistigh de mhí tar éis an áit ghnó a bhunú—

(a) cóip dheimhnithe de chairt, reachtanna nó meabhrán agus airteagail na cuideachta, nó d'aon ionstraim eile lenar comhdhéanadh an chuideachta nó lena mínítear a comhdhéanamh agus, mura i mBéarla nó i nGaeilge atá an ionstraim scríofa, tiontú deimhnithe uirthi;

(b) liosta de stiúrthóirí agus rúnaí na cuideachta ina mbeidh na sonraí a luaitear i bhfo-alt (2);

(c) ainmneacha agus seoladh duine nó daoine éigin ar a bhfuil cónaí sa Stát agus ag a bhfuil údarás seirbheáil a ghlacadh, thar ceann na cuideachta, ar phróis agus ar aon fhógraí is gá a sheirbheáil ar an gcuideachta, maraon le seoladh phríomháit ghnó na cuideachta sa Stát.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh na sonraí seo a leanas sa liosta dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1)—

(a) maidir le gach stiúrthóir—

(i) i gcás pearsa aonair, a ainm baiste agus a shloinne faoi láthair, agus aon seanainm baiste nó seansloinne a bhí air, seoladh á ghnátháite cónaithe, a náisiúntacht (mura náisiúntacht Éireannach í) agus a shlí ghnó (má tá aige), agus sonraí aon stiúrthóireachtaí eile atá aige ar chomhlachtaí corpraithe a corpraíodh sa Stát; agus

(ii) i gcás comhlachta chorpraithe, a ainm corpraithe agus a oifig chláraithe nó a phríomhoifig;

(b) maidir leis an rúnaí nó, má tá comhrúnaithe ann, maidir le gach duine acu—

(i) i gcás pearsa aonair, a ainm baiste agus a shloinne faoi láthair, aon seanainm baiste agus seansloinne a bhí air, agus seoladh a ghnátháite cónaithe; agus

(ii) i gcás comhlachta chorpraithe, a ainm corpraithe agus a oifig chláraithe nó a phríomhoifig.

Beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (12) d'alt 195 chun forléiriú a dhéanamh ar thagairtí san fho-alt seo d'ainmneacha baiste agus sloinnte faoi láthair agus do sheanainmneacha baiste agus seansloinnte, faoi mar atá feidhm acu chun tagairtí den sórt sin a fhorléiriú san alt sin.

(3) Nuair is comhrúnaithe don chuideachta na comhpháirtithe go léir i ngnólacht, féadfar ainm agus príomhoifig an ghnólachta a thabhairt in ionad na sonraí a luaitear i mír (b) d'fho-alt (2).

(4) Más rud é, ar an dáta feidhme, nach mbeidh na doiciméid agus na sonraí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 274 den Companies (Consolidation) Act, 1908, seachadta don chláraitheoir ag cuideachtaí lena mbaineann an Chuid seo, seachas na cuideachtaí sin a luaitear i bhfo-alt (1), déanfaidh siad na doiciméid agus na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a sheachadadh laistigh de 2 mhí tar éis an dáta feidhme.

Tuairisceán a bheidh le seachadadh don chláraithroir má athraítear doiciméid.

353. —Má dhéantar, i gcás aon chuideachta lena mbaineann an Chuid seo, aon athrú—

(a) ar chairt, reachtanna nó meabhrán agus airteagail na cuideachta, nó in aon ionstraim eile lenar comhdhéanadh an chuideachta nó lena mínítear comhdhéanamh na cuideachta; nó

(b) ar stiúrthóirí nó rúnaí na cuideachta nó ar na sonraí i liosta na stiúrthóirí agus na rúnaithe; nó

(c) ar ainmneacha nó seoltaí na ndaoine a bheidh údaraithe chun seirbheáil a ghlacadh thar ceann na cuideachta nó ar sheoladh a príomháite gnó sa Stát;

déanfaidh an chuideachta, laistigh den tréimhse fhorordaithe, tuairisceán ina mbeidh na sonraí forordaithe ar an athrú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú.

Na cuntais ó chuideachta lena mbaineann an Chuid seo a bheidh le seachadadh don chláraitheoir.

354. —(1) Gach cuideachta lena mbaineann an Chuid seo, déanfaidh sí amach, gach bliain féilire, clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair agus, más cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, grúpchuntais, a bheidh i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí agus cibé doiciméid, ba ghá di faoi fhorálacha an Achta seo, dá mba chuideachta de réir bhrí an Achta seo í, a dhéanamh amach agus a leagan faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta, agus seachadfaidh sí cóipeanna de na doiciméid sin do chláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Aon doiciméad den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) nach mbeidh scríofa i mBéarla nó i nGaeilge, cuirfear tiontú deimhnithe i gceangal leis.

(3) Féadfaidh an tAire díolúine ón oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) a dheonú d'aon chuideachta nó d'aon chineál cuideachtaí, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haon chuideachta a mbeidh forálacha ina comhdhéanamh a thabharfadh teideal di í a áireamh mar chuideachta phríobháideach dá mba sa Stát a cláraíodh í.

Oibleagáid chun ainm cuideachta lena mbaineann an Chuid seo a lua, agus a rá an cuideachta theoranta í agus cad é an tír inar corpraíodh í.

355. —Gach cuideachta lena mbaineann an Chuid seo—

(a) luafaidh sí, i ngach réamheolaire a thabharfaidh cuireadh chun suibscríobh le haghaidh a scaireanna nó a bintiúr sa Stát, ainm na tíre inar corpraíodh an chuideachta; agus

(b) taispeánfaidh sí go feiceálach ar gach áit ina bhfuil gnó á sheoladh aici sa Stát ainm na cuideachta agus an tír inar corpraíodh an chuideachta; agus

(c) cuirfidh sí faoi deara go luafar ainm na cuideachta, agus an tír inar corpraíodh an chuideachta, i litreacha inléite ar gach billetheideal, agus litirpháipéar, agus i ngach fógra, agus foilseachán oifigiúil eile de chuid na cuideachta; agus

(d) má tá teorainn le dliteanas comhaltaí na cuideachta, cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar fógra ina thaobh sin a thabhairt i litreacha inléite i ngach réamheolaire den sórt a dúradh agus i ngach billetheideal, litirpháipéar, fógra agus foilseachán oifigiúil eile de chuid na cuideachta sa Stát, agus a ghreamú ar gach áit ina bhfuil a gnó á sheoladh aici.

Seirbheáil doiciméad ar chuideachta lena mbaineann an Chuid seo.

356. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh seirbheáil leormhaith déanta ar aon phróis nó fógra is gá a sheirbheáil ar chuideachta lena mbaineann an Chuid seo, má dhírítear an céanna chun aon duine ar seachadadh a ainm do chláraitheoir na gcuideachtaí faoi na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo agus go ndéanfar é a fhágáil ag an seoladh a seachadadh amhlaidh nó é a chur chuige leis an bpost.

(2) Féadfar doiciméad a sheirbheáil ar aon chuideachta den sórt sin trína fhágáil ag aon áit ghnó atá bunaithe ag an gcuideachta sa Stát nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin—

(a) i gcás ina mainneoidh an chuideachta ainm agus seoladh duine ar a bhfuil cónaí sa Stát, agus ag a bhfuil údarás seirbheáil a ghlacadh thar ceann na cuideachta ar phróis nó ar fhógraí, a thabhairt don chláraitheóir; nó

(b) más rud é, tráth ar bith, go mbeidh na daoine go léir ar seachadadh a n-ainmneacha agus a seoltaí amhlaidh tar éis bháis nó tar éis scor de chónaí sa Stát, nó go ndiúltóidh siad seirbheáil a ghlacadh thar ceann na cuideachta, nó nach féidir ar chúis ar bith iad a sheirbheáil.

(3) Scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir le cuideachta ar dhá bhliain a bheith caite tar éis di an fógra dá dtagraítear in alt 357 a thabhairt.

Fógra a thabhairt nuair a scoirfidh cuideachta lena mbaineann an Chuid seo de ghnó a sheoladh sa Stát.

357. —Má scoireann aon chuideachta lena mbaineann an Chuid seo d'áit ghnó a bheith aici sa Stát, tabharfaidh sí fógra láithreach bonn ina thaobh sin do chláraitheoir na gcuideachtaí, agus amhail ón dáta a thabharfar fógra amhlaidh beidh deireadh le hoibleagáid na cuideachta aon doiciméad a sheachadadh don chláraitheoir.

Pionóis mura gcomhlíontar an Chuid seo.

358. —Má mhainníonn aon chuideachta lena mbaineann an Chuid seo aon cheann de na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach nó gníomhaire don chuideachta a d'údaraigh nó a cheadaigh an mhainneachtain go feasach agus go toiliúil.

Forléiriú alt 275 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

1908, c. 69.

359. —Ina fheidhm maidir leis an Stát, measfar feidhm a bheith riamh ag alt 275 den Companies (Consolidation) Act, 1908, ionann is dá ndéanfaí—

(a) na focail “in Northern Ireland or in Great Britain or in a British possession” a chur in ionad na bhfocal “in a British possession”; agus

(b) na focail “the State” a chur in ionad na bhfocal “the United Kingdom.”

Léiriú na Coda seo.

360. —Chun críocha na Coda seo—

ciallaíonn “deimhnithe” deimhnithe ar an modh forordaithe a bheith ina cóip dhílis nó ina thiontú cruinn;

folaíonn “stiúrthóir”, maidir le cuideachta, aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe agus a threoracha;

folaíonn “áit ghnó” oifig aistrithe scaireanna no oifig chláraithe scaireanna;

tá le “réamheolaire” an bhrí chéanna atá leis nuair a úsáidtear é maidir le cuideachta a corpraíodh faoin Acht seo;

folaíonn “rúnaí” duine ar bith i bpost rúnaí cibé ainm a thabharfar air.