An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964) Ar Aghaidh (CUID II Caomhnoireacht)

7 1964

AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

1952, Uimh. 25 .

2. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú uchtála arna dhéanamh faoin Acht Uchtála, 1952 , agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire;

folaíonn “athair” fear-uchtaitheoir faoi ordú uchtála ach ní fholaíonn sé athair nádúrtha naín neamhdhlisteanaigh;

ní fholaíonn “naíon neamhdhlisteanach” aon naíon a uchtaíodh faoi ordú uchtála;

ciallaíonn “naíon” duine faoi bhun bliain is fiche d'aois;

folaíonn “cothabháil” oideachas;

folaíonn “máthair” ban-uchtaitheoir faoi ordú uchtála;

ciallaíonn “tuismitheoir” athair nó máthair mar a mhínítear leis an alt seo;

ciallaíonn “caomhnóir tiomnach” caomhnóir a ceapadh trí ghníomhas nó uacht;

folaíonn “leas”, maidir le naíon, leas creidimh, leas morálta, leas intleachta, leas coirp agus leas sóisialach an naín.

Tosaíocht ag leas naín.

3. —I gcás ina mbeadh, in aon imeachtaí os comhair aon chúirte, coimeád, caomhnóireacht nó tógáil naín, nó riaradh aon mhaoine leis an naíon nó a bheidh ar teachtadh don naíon nó úsáid ioncam na maoine sin, i gceist, is é leas an naín an chéad ní agus an ní is tábhachtaí ar a dtabharfaidh an chúirt aird nuair a bheidh an cheist sin á cinneadh aici.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal.