An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Ceart Coimeádta a chur i bhFeidhm)

7 1964

AN tACHT UM CHAOMHNÓIREACHT NAÍON, 1964

CUID II

Caomhnoireacht

Dlínse in ábhair a bhaineann le caomhnóireacht.

1961, Uimh. 39 .

1886, c. 27.

5. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt nó, faoi réir alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , an Chúirt Chuarda, an dlínse a thugtar do chúirt faoin gCuid seo a fheidhmiú.

(2) Dá réir sin, déanfar tagairt don Chuid seo a chur ag uimhir thagartha 45 sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin in ionad na tagartha don Guardianship of Infants Act, 1886 (a aisghairtear leis an Acht seo).

(3) An dlínse a thugtar leis an gCuid seo is dlínse í i dteannta aon dlínse eile chun caomhnóirí a cheapadh nó a chur as oifig nó maidir le coimircíocht naíon nó cúram eastát naíon.

Ceart tuismitheoirí chun bheith ina gcaomhnóirí.

6. —(1) Beidh athair agus máthair naín ina gcaomhnóirí i gcomhpháirt ar an naíon.

(2) Ar athair naín d'fháil bháis beidh an mháthair, má mhaireann sí, ina caomhnóir ar an naíon, ina haonar nó i gcomhpháirt le haon chaomhnóir a cheap an t-athair nó an chúirt.

(3) Ar mháthair naín d'fháil bháis, beidh an t-athair, má mhaireann sé, ina chaomhnóir ar an naíon ina aonar nó i gcomhpháirt le haon chaomhnóir a cheap an mháthair nó an chúirt.

(4) I gcás naín neamhdhlisteanaigh is í máthair an naín a bheidh ina caomhnóir ar an naíon.

Cumhacht athar agus máthar chun caomhnóirí tiomnacha a cheapadh.

1837, c. 26.

7. —(1) Féadfaidh athair naín trí ghníomhas nó uacht, duine nó daoine a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon tar éis a bháis.

(2) Féadfaidh máthair naín, trí ghníomhas nó uacht, duine nó daoine a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon tar éis a báis.

(3) Gníomhóidh caomhnóir tiomnach i gcomhpháirt le tuismitheoir marthanach an naín an fad is beo an tuismitheoir marthanach mura gcuirfidh an tuismitheoir marthanach in aghaidh an chaomhnóra gníomhú amhlaidh.

(4) Má chuireann an tuismitheoir marthanach in aghaidh caomhnóra tiomnaigh amhlaidh nó má mheasann caomhnóir tiomnach go bhfuil an tuismitheoir marthanach neamhoiriúnach chun an naíon a bheith faoina choimeád, féadfaidh an caomhnóir tiomnach iarratas ar ordú faoin alt seo a dhéanamh chun na cúirte.

(5) Féadfaidh an chúirt—

(a) diúltú ordú a dhéanamh (agus sa chás sin is é an tuismitheoir marthanach an t-aon chaomhnóir amháin a bheidh ann), nó

(b) ordú a dhéanamh go ngníomhóidh an caomhnóir tiomnach i gcomhpháirt leis an tuismitheoir marthanach, nó

(c) ordú a dhéanamh go ngníomhóidh sé mar chaomhnóir ar an naíon agus go n-eisiafar, a mhéid is cuí leis an gcúirt, an tuismitheoir marthanach.

(6) Sa chás a luaitear i mír (c) d'fho-alt (5) féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh maidir le coimeád an naín agus leis an gceart rochtana ar an naíon a bheidh ag an tuismitheoir marthanach, agus féadfaidh an chúirt a ordú freisin go n-íocfaidh an tuismitheoir marthanach leis an gcaomhnóir nó na caomhnóirí nó le haon duine acu cibé suim sheachtainiúil nó suim thréimhsiúil eile i leith chothabháil an naín a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach ag féachaint d'acmhainn an tuismitheora mharthanaigh.

(7) Beidh duine faoi bhun bliain is fiche d'aois i dteideal caomhnóirí a cheapadh le huacht d'ainneoin alt 7 den Wills Act, 1837.

(8) Féadfar ceapadh caomhnóra le gníomhas a chúlghairm le gníomhas eile ina dhiaidh sin nó le huacht.

Caomhnóirí a cheapadh agus a chur as oifig ag cúirt.

8. —(1) Mura mbeidh aon chaomhnóir ag naíon, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine nó daoine, an t-iarratasóir nó na hiarratasóirí, nó aon duine acu, a cheapadh chun bheith ina chaomhnóir nó ina gcaomhnóirí ar an naíon.

(2) Nuair nach mbeidh aon chaomhnóir ceaptha ag tuismitheoir éagtha nó má éagann caomhnóir a ceapadh amhlaidh nó ná dhiúltaíonn sé gníomhú, féadfaidh an chúirt caomhnóir nó caomhnóirí a cheapadh chun gníomhú i gcomhpháirt leis an tuismitheoir marthanach.

(3) Aon chaomhnóir a cheapfaidh an chúirt chun gníomhú i gcomhpháirt le tuismitheoir marthanach leanfaidh sé air ag gníomhú mar chaomhnóir tar éis an tuismitheoir marthanach d'fháil bháis.

(4) Féadfaidh an chúirt aon chaomhnóir a ceapadh le huacht nó gníomhas nó le hordú cúirte, a chur as oifig.

(5) Féadfaidh an chúirt caomhnóir eile a cheapadh in ionad caomhnóir a cuireadh as oifig amhlaidh nó in ionad caomhnóir a ceapadh le haon ordú den sórt sin agus atá tar éis bháis.

Forálacha i gcás ina gceapfar dhá chaomhnóir nó níos mó.

9. —(1) I gcás ina gceapfar dhá dhuine nó níos mó chun bheith ina gcaomhnóirí gníomhóidh siad i gcomhpháirt agus i gcás duine acu d'fháil bháis, leanfaidh an marthanóir air, nó na marthanóirí orthu, ag gníomhú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an dá thuismitheoir caomhnóirí a cheapadh gníomhóidh na caomhnóirí a cheapfar amhlaidh i gcomhpháirt tar éis an tuismitheoir marthanach d'fháil bháis.

Cumhachtaí agus dualgais caomhnóirí.

10. —(1) Beidh gach caomhnóir faoin Acht seo ina chaomhnóir ar phearsa agus ar eastát an naín mura bhforálfar a mhalairt i dtéarmaí a cheapacháin, i gcás caomhnóir a ceapadh le gníomhas nó uacht nó le hordú na cúirte.

(2) Faoi réir téarmaí aon ghníomhais, uachta nó ordaithe den sórt sin, beidh caomhnóir faoin Acht seo i dteideal—

(a) mar chaomhnóir ar an bpearsa amhail in aghaidh gach duine nach bhfuil, i gcomhpháirt leis, ina chaomhnóir ar an bpearsa, coimeád an naín a bheith aige, agus beidh sé i dteideal imeachtaí a thionscnamh chun coimeád an naín a fháil ar ais in aghaidh aon duine a thabharfaidh an naíon chun bealaigh nó a choinneoidh an naíon, go héagórach, agus chun damáistí a ghnóthú ar mhaithe leis an naíon mar gheall ar aon díobháil do phearsa an naín nó aon fhoghail air;

(b) mar chaomhnóir ar an eastát, maoin uile an naín, réadach agus pearsanta, a bheith ina sheilbh agus faoina urláimh, agus déanfaidh sé an mhaoin go léir den sórt sin a bhainistí agus na cíosanna agus na brabúis a ghlacadh thar ceann an naín agus ar mhaithe leis go dtí go slánóidh an naíon bliain is fiche d'aois nó i gcaitheamh aon tréimhse is giorra ná sin dá mbeidh sé ceaptha mar chaomhnóir agus féadfaidh sé aon imeachtaí a thionscnamh maidir leis an gcéanna is féidir le haon duine is caomhnóir ar eastát naín a thionscnamh de réir dlí.

(3) Ní dhéanann forálacha an ailt seo dochar d'fhorálacha aon achtacháin eile ná d'aon chumhachtaí a thugtar nó dualgais a fhorchuirtear, le dlí, ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí naíon nó ar iontaobhaithe maoin naíon.

Iarratais chun na cúirte.

11. —(1) Féadfaidh aon duine is caomhnóir ar naíon iarratas a dhéanamh chun na cúirte ag iarraidh treorach uirthi maidir le haon cheist a bhainfidh le leas an naín agus féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi.

(2) Féadfaidh an chúirt le hordú faoin alt seo—

(a) cibé treoracha is cuí léi a thabhairt maidir le coimeád an naín agus leis an gceart rochtana ar an naíon a bheidh ag an athair nó an mháthair;

(b) a ordú don athair nó don mháthair cibé suim sheachtainiúil nó suim thréimhsiúil eile a íoc i leith chothabháil an naín a mheasfaidh an chúirt a bheith réasúnach, ag féachaint d'acmhainn an athar nó na máthar.

(3) Féadfar ordú faoin alt seo a dhéanamh ar iarratas ó cheachtar tuismitheoir d'ainneoin na tuismitheoirí a bheith in aontíos an uair sin ach ní fhéadfar ordú a dhéanfar faoi fho-alt (2) a chur i bhfeidhm agus ní fhaibhreoidh aon dliteanas dá thairbhe fad a bheidh siad in aontíos, agus scoirfidh an t-ordú d'éifeacht a bheith aige má leanann siad orthu in aontíos ar feadh trí mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(4) I gcás naín neamhdhlisteanaigh beidh ag athair nádúrtha an naín an ceart chun iarratas a dhéanamh faoin alt seo maidir le coimeád an naín maraon leis an gceart rochtana ar an naíon atá ag a athair nó a mháthair air agus chun na críche seo déanfar tagairtí san alt seo d'athair nó do thuismitheoir naín a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn eisean; ach ní dhéanfar, ar iarratas den sórt sin, aon ordú faoi mhír (b) d'fho-alt (2).

Orduithe cúirte a athrú agus a urscaoileadh.

12. —Féadfaidh an chúirt aon ordú a athrú nó a urscaoileadh a rinne an chúirt roimhe sin faoin gCuid seo.