An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III Paitinn a Dheonú, a Aisiriú, a Aisghairm agus a Ghéilleadh, etc.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID II.

Iarratas, Imscrúdú, Freasúra, etc.

Daoine a bheidh i dteideal paitinn a iarraidh.

6. —(1) Féadfaidh duine ar bith paitinn a iarraidh más duine é atá á éileamh—

(a) gurb é fíorcheapadóir agus céadcheapadóir an aireagáin lena mbaineann an t-iarratas é, nó

(b) go ndearna fíorcheapadóir agus céadcheapadóir an aireagáin lena mbaineann an t-iarratas an ceart chun an t-iarratas a dhéanamh a shannadh dó,

agus féadfaidh sé an t-iarratas a dhéanamh ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile.

(2) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh duine paitinn a iarraidh más duine é a rinne iarratas i dtír choinbhinsiúin ar chosaint don aireagán lena mbaineann an t-iarratas ar an bpaitinn nó duine ar shann an duine sin dó an ceart chun an t-iarratas ar an bpaitinn a dhéanamh.

(3) Déanfar iarratas ar phaitinn faoi fho-alt (2) den alt seo (dá ngairtear iarratas coinbhinsiúin san Acht seo) i rith cibé tréimhse (nach lú ná dhá mhí dhéag) a fhorordófar agus a thosóidh ar dháta an iarratais iomchuí ar chosaint nó, i gcás níos mó ná aon iarratais amháin, ar dháta an chéad iarratais den sórt sin.

(4) Féadfaidh an t-ionadaí pearsanta do dhuine a bhí, díreach roimh éag dó, i dteideal iarratas ar phaitinn a dhéanamh, an t-iarratas sin a dhéanamh.

Iarratas ar phaitinn.

7. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar iarratas ar phaitinn agus comhdófar san Oifig é ar an modh forordaithe.

(2) Más de bhua cheart iarrtha paitinne a shannadh a dhéanfar an t-iarratas (nach iarratas coinbhinsiúin), tabharfar i dteannta an iarratais, nó laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe tar éis chomhdú an iarratais, dearbhú arna shíniú ag an duine a éilíonn gurb é an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir é, nó ag ionadaí pearsanta an duine sin, á rá go n-aontaíonn sé leis an iarratas a dhéanamh.

(3) Inseofar in iarratas (seachas iarratas coinbhinsiúin) go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh an aireagáin, agus ainmneofar ann an duine atá á éileamh gurb é an fíorcheapadóir agus an céadcheapadóir é, agus i gcás nach é an duine a bheidh á éileamh sin an t-iarratasóir, nó nach duine de na hiarratasóirí é, beidh san iarratas dearbhú go gcreideann an t-iarratasóir gurb é an duine sin an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir.

(4) Sonróidh iarratas coinbhinsiúin an dáta a rinneadh, agus an tír choinbhinsiúin ina ndearnadh, an t-iarratas ar chosaint don aireagán lena mbaineann an t-iarratas coinbhinsiúin, nó an chéad iarratas ar chosaint, agus déarfaidh sé nach ndearna an t-iarratasóir, ná aon duine óna ngabhann sé teideal, aon iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin i leith an aireagáin sin roimh an dáta sin.

(5) I gcás ina ndearnadh iarratais ar chosaint i dtír choinbhinsiúin amháin nó níos mó, i leith dhá aireagán nó níos mó atá gaolmhar nó a bhfuil ceann acu ina mhodhnú ar cheann eile, féadfar, faoi réir forálacha alt 9 den Acht seo, iarratas coinbhinsiúin amháin a dhéanamh maidir leis na haireagáin sin tráth ar bith, laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe faoi fho-alt (3) d'alt 6 den Acht seo, dar tosach an dáta a rinneadh an chéad cheann de na hiarratais sin ar chosaint:

Ar choinníoll gurb ionann an táille is iníoctha ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh agus an táille ab iníoctha dá ndéanfaí iarratais ar leithligh maidir le gach ceann faoi leith de na haireagáin sin, agus i gcás aon iarratais den sórt sin beidh feidhm ar leithligh maidir leis na hiarratais ar chosaint i leith gach ceann de na haireagáin sin ag ceanglais an fho-ailt deiridh sin roimhe seo.

(6) Gan dochar d'fhorálacha fho-alt (4) den alt seo, tabharfar cibé eolas a fhorordófar i ngach iarratas ar phaitinn.

Sonraíochtaí iomlána agus sonraíochtaí sealadacha.

8. —(1) Beidh sonraíocht iomlán nó sonraíocht shealadach ag gabháil le gach iarratas ar phaitinn (seachas iarratas coinbhinsiúin); agus beidh sonraíocht iomlán ag gabháil le gach iarratas coinbhinsiúin.

(2) I gcás ina mbeidh sonraíocht shealadach ag gabháil le hiarratas ar phaitinn, comhdófar sonraíocht iomlán laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta comhdaithe an iarratais, agus mura gcomhdófar an tsonraíocht iomlán amhlaidh measfar an t-iarratas a bheith tréigthe:

Ar choinníoll go bhféadfar an tsonraíocht iomlán a chomhdú tráth ar bith tar éis dhá mhí dhéag ach laistigh de chúig mhí dhéag ón dáta a dúradh má iarrtar sin ar an gCeannasaí agus go n-íocfar an táille fhorordaithe ar an dáta nó roimh an dáta, a chomhdófar an tsonraíocht.

(3) I gcás ina ndearnadh dhá iarratas nó níos mó maraon le sonraíochtaí sealadacha a chomhdú maidir le haireagáin atá gaolmhar nó a bhfuil ceann acu ina mhodhnú ar cheann eile, féadfar, faoi réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, sonraíocht iomlán amháin a chomhdú de bhun na n-iarratas sin, nó, má comhdaíodh níos mó ná sonraíocht iomlán amháin, féadfar, le cead ón gCeannasaí, dul ar aghaidh léi maidir leis na hiarratais sin.

(4) Má bhíonn sonraíocht a airbheartaíonn a bheith ina sonraíocht iomlán ag gabháil le hiarratas ar phaitinn (nach iarratas coinbhinsiúin), féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an t-iarratasóir é tráth ar bith sula nglacfar leis an tsonraíocht, a ordú go ndéileálfar léi chun críocha an Achta seo mar shonraíocht shealadach, agus dul ar aghaidh leis an iarratas dá réir sin.

(5) I gcás ina ndearnadh sonraíocht iomlán a chomhdú de bhun iarratais ar phaitinn a raibh sonraíocht shealadach ag gabháil leis, nó sonraíocht a áireofar de bhua ordacháin faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo mar shonraíocht shealadach, féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an t-iarratasóir é tráth ar bith sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, an tsonraíocht shealadach a chealú agus an t-iarratas a iardhátú go dtí dáta comhdaithe na sonraíochta iomlaine.

(6) I gcás ina ndéanfar sonraíocht iomlán a chomhdú de bhun iarratais ar phaitinn, tabharfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tréimhse fhorordaithe, cibé fianaise a fhorordófar—

(a) maidir le toradh aon imscrúdaithe a rinneadh chun a fháil amach an ndearnadh an t-aireagán, sa mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú roimh dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine i sonraíocht a comhdaíodh in aon cheann de na hoifigí paitinne sin lasmuigh den Stát a bheidh forordaithe, nó

(b) maidir le haon cheann de na hoifigí paitinne sin lasmuigh den Stát a bheidh forordaithe a bheith tar éis glacadh le hiarratas ar phaitinn don aireagán réamhráite.

Na nithe a bheidh i sonraíocht.

9. —(1) Tabharfar tuairisc ar an aireagán i ngach sonraíocht, cibé acu sonraíocht iomlán nó sonraíocht shealadach í, agus tosóidh an tsonraíocht le teideal a luafaidh an t-ábhar lena mbaineann an t-aireagán.

(2) Faoi réir aon rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, féadfar, agus déanfar má cheanglaíonn an Ceannasaí amhlaidh, líníochtaí a sholáthar chun críocha aon sonraíochta, cibé acu sonraíocht iomlán nó sonraíocht shealadach í, agus measfar, mura n-ordóidh an Ceannasaí a mhalairt, gur cuid den tsonraíocht aon líníochtaí a sholáthrófar amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo do shonraíocht.

(3) I gcás gach sonraíochta iomláine—

(a) tabharfar tuairisc mhionchruinn inti ar an aireagán agus ar an modh ar a mbeidh sé le gníomhú,

(b) nochtfar an modh is fearr is eol don iarratasóir chun an t-aireagán a ghníomhú agus a bhfuil sé i dteideal cosaint a éileamh ina leith, agus

(c) críochnófar é le héileamh nó le héilimh ag míniú réim an aireagáin a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith.

(4) Ní foláir an t-éileamh nó na héilimh i sonraíocht iomlán a bheith ag baint le haireagán amháin, a bheith soiléir achomair, agus a bheith bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta sa tsonraíocht.

(5) Féadfaidh rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a cheangal go ndéanfar, i cibé cásanna a fhorordófar leis na rialacha, dearbhú maidir le ceapadóireacht an aireagáin a thabhairt, i cibé foirm a fhorordófar amhlaidh, i dteannta na sonraíochta iomláine nó laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar amhlaidh tar éis chomhdú na sonraíochta sin.

(6) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo, féadfar, i sonraíocht iomlán a chomhdófar i ndiaidh sonraíochta sealadaí, nó a chomhdófar i dteannta iarratais choinbhinsiúin, éilimh a dhéanamh maidir le forbairtí nó breisithe ar an aireagán a tuairiscíodh sa tsonraíocht shealadach nó, cibé acu é, ar an aireagán a ndearnadh an t-iarratas ar chosaint ina leith i dtír choinbhinsiúin, is é sin, forbairtí nó breisithe a mbeadh teideal ag an iarratasóir, faoi fhorálacha alt 6 den Acht seo, iarratas ar leithligh a dhéanamh ar phaitinn ina leith.

(7) I gcás ina ndéanfar éileamh i leith substainte nua i sonraíocht iomlán, forléireofar an t-éileamh mar éileamh nach mbaineann leis an tsubstaint sin nuair a fhaightear sa nádúr í.

Dátaí tosaíochta maidir le sonraíochtai.

10. —(1) (a) Beidh éifeacht ag gach éileamh i sonraíocht iomlán ón dáta dá bhforáiltear leis an alt seo maidir leis an éileamh sin, agus san Acht seo is tagairt don dáta sin tagairt do dháta tosaíochta, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.

(b) Ní bheidh paitinn ó bhail de bhíthin amháin gur foilsíodh nó gur úsáideadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear sin in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, ar dháta tosaíochta an éilimh sin nó dá éis sin, nó trí phaitinn eile a dheonú ar shonraíocht ag éileamh an aireagáin chéanna in éileamh den dáta tosaíochta céanna nó de dháta tosaíochta níos déanaí.

(2) I gcás ina gcomhdófar an tsonraíocht iomlán de bhun iarratais amháin lena ngabhann sonraíocht shealadach nó sonraíocht a áirítear de bhua ordacháin faoi fho-alt (4) d'alt 8 den Acht seo mar shonraíocht shealadach, agus go mbeidh an t-éileamh bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta sa tsonraíocht sin, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin dáta comhdaithe an iarratais.

(3) I gcás ina gcomhdófar an tsonraíocht iomlán, nó ina rachfar ar aghaidh léi, de bhun dhá iarratas nó níos mó lena ngabhann sonraíochtaí den sórt a luaitear san fho-alt deiridh roimhe seo, agus go mbeidh an t-éileamh bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta i gceann de na sonraíochtaí sin, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin dáta comhdaithe an iarratais lena ngabhann an tsonraíocht sin.

(4) I gcás ina gcomhdófar an tsonraíocht iomlán de bhun iarratais choinbhinsiúin, agus go mbeidh an t-éileamh bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta san iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin, nó, má tá an t-iarratas coinbhinsiúin bunaithe ar níos mó ná aon iarratas amháin den sórt sin ar chosaint, i gceann de na hiarratais sin, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin dáta an iarratais iomchuí ar chosaint.

(5) Más rud é, faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, go mbeadh dhá dháta tosaíochta nó níos mó, murach an fhoráil seo, ag aon éileamh i sonraíocht iomlán, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin an dáta is luaithe de na dátaí sin.

(6) In aon chás nach mbaineann fo-ailt (2) go (5) den alt seo leis, is é is dáta tosaíochta d'éileamh dáta comhdaithe na sonraíochta iomláine.

(7) Is é is dáta tosaíochta d'aon ní a nochtadh sa chuid thuairisciúil de shonraíocht ná an dáta a nochtadh an ní sin i gcéaduair de bhun an iarratais ar phaitinn ar cuid de an tsonraíocht nó (i gcás iarratais choinbhinsiúin) a nochtadh é i gcéaduair san iarratas iomchuí ar chosaint i dtír choinbhinsiúin.

Iarratas a scrúdú.

11. —(1) Nuair a bheidh an tsonraíocht iomlán comhdhaithe i leith iarratais ar phaitinn, cuirfidh an Ceannasaí an t-iarratas agus an tsonraíocht nó na sonraíochtaí faoi bhráid oifigigh don Cheannasaí (dá ngairtear scrúdaitheoir san Acht seo) lena scrúdú i dteannta aon eolais a tugadh faoi fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo agus aon fhianaise a tugadh faoi fho-alt (6) d'alt 8 den Acht seo.

(2) Má thuairiscíonn an scrúdaitheoir nach gcomhlíonann an t-iarratas nó aon sonraíocht a comhdaíodh dá bhun ceanglais an Achta seo nó ceanglais aon rialacha a rinne an tAire faoin Acht seo, nó go bhfuil foras dleathach agóide ann in aghaidh paitinn a dheonú de bhun an iarratais, féadfaidh an Ceannasaí—

(a) diúltú dul ar aghaidh leis an iarratas, nó

(b) a cheangal go leasófar an t-iarratas nó aon sonraíocht den sórt a dúradh sula rachaidh sé ar aghaidh leis an iarratas.

(3) Tráth ar bith tar éis iarratas a chomhdhú faoin Acht seo agus sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, féadfaidh an Ceannasaí, ar an iarratasóir á iarraidh sin agus ar an táille fhorordaithe a bheith íoctha, a ordú an t-iarratas a iardhátú go dtí cibé dáta a shonrófar san iarraidh:

Ar choinníoll,

(a) nach ndéanfar aon iarratas a iardhátú faoin bhfo-alt seo go dtí dáta is déanaí ná sé mhí ó dháta a dhéanta iarbhír, nó ón dáta a measfaí é a dhéanamh murach an fo-alt seo, agus

(b) nach ndéanfar iarratas coinbhinsiúin a iardhátú faoin bhfo-alt seo go dtí dáta is déanaí ná an dáta deiridh ar a bhféadfaí, faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo, an t-iarratas a dhéanamh.

(4) I gcás iarratas nó sonraíocht a comhdaíodh faoin Acht seo a leasú sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, féadfaidh an Ceannasaí a ordú an t-iarratas nó an tsonraíocht a iardhátú go dtí dáta a leasaithe nó, má cuireadh ar ais é go dtí an t-iarratasóir, go dtí dáta a athchomhdaithe.

(5) Féadfaidh foráil a bheith i rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo á áirithiú más rud é, tráth ar bith tar éis iarratas nó sonraíocht a bheith comhdaithe faoin Acht seo agus sula mbeidh glactha leis an tsonraíocht iomlán, go gcomhdófar iarratas nó sonraíocht úr maidir le haon chuid d'ábhar an iarratais nó na sonraíochta a chéadluaitear, go bhféadfaidh an Ceannasaí a ordú an t-iarratas nó an tsonraíocht úr a réamhdhátú go dtí dáta nach luaithe ná dáta comhdaithe an iarratais nó na sonraíochta a chéadluaitear.

(6) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoi fho-alt (2) nó fo-alt (4) den alt seo.

Cuardach do réamhaíocht trí fhoilsiú cheana.

12. —(1) Faoi réir forálacha an ailt deiridh roimhe seo den Acht seo, déanfaidh scrúdaitheoir a gcuirfear iarratas ar phaitinn faoina bhráid faoin Acht seo imscrúdú chun a fháil amach an ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú roimh dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra in aon sonraíocht a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn a rinneadh sa Stát.

(2) Ina theannta sin, déanfaidh an scrúdaitheoir cibé imscrúdú a ordóidh an Ceannasaí chun a fháil amach an ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú sa Stát roimh dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra in aon doiciméad eile.

(3) Ina theannta sin, breithneoidh an scrúdaitheoir aon eolas a thabharfar de bhun fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo agus aon fhianaise a thabharfar de bhun fho-alt (6) d'alt 8 den Acht seo.

(4) Má fheictear don Cheannasaí go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo, nó mura deimhin leis ón eolas agus ón bhfianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, nach ndearnadh an t-aireagán a éilítear amhlaidh a fhoilsiú roimh dháta na sonraíochta iomláine in aon sonraíocht a comhdaíodh in oifig a bheidh forordaithe faoi mhír (a) d'fho-alt (6) d'alt (8) den Acht seo, féadfaidh sé diúltú glacadh leis an tsonraíocht iomlán mura rud é—

(a) go suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Cheannasaí nach bhfuil dáta tosaíochta an éilimh ina shonraíocht iomlán níos déanaí ná an dáta a foilsíodh aon doiciméad iomchuí nó aon sonraíocht fhorordaithe, cibé acu é,

(b) go soláthróidh an t-iarratasóir tuilleadh fianaise chun sástacht an Cheannasaí de bhun fho-alt (6) d'alt 8 den Acht seo, nó

(c) go ndéanfaidh an t-iarratasóir a shonraíocht iomlán a leasú chun sástacht an Cheannasaí.

(5) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Tuilleadh cuardaigh do réamhaíocht.

13. —(1) I dteannta an imscrúdaithe a cheanglaítear leis an alt deiridh roimhe seo, déanfaidh an scrúdaitheoir imscrúdú chun a fháil amach an bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, á éileamh in aon sonraíocht eile, nó ar áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil d'aon sonraíocht eile, a foilsíodh ar dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra nó tar éis an dáta sin, is é sin, ar sonraíocht í a comhdaíodh—

(a) de bhun iarratais ar phaitinn a rinneadh sa Stát agus a dátaíodh roimh an dáta sin, nó

(b) de bhun iarratais choinbhinsiúin a bunaíodh ar iarratas ar chosaint a rinneadh i dtír choinbhinsiúin roimh an dáta sin.

(2) Má fheictear don Cheannasaí go bhfuil an t-aireagán a dúradh á éileamh in aon sonraíocht eile den sórt a dúradh, nó ar áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil di, féadfaidh sé, faoi réir forálacha an ailt seo, a ordú go gcuirfear tagairt don tsonraíocht eile sin isteach i bhfoirm fógra don phobal i sonraíocht iomlán an iarratasóra mura rud é, laistigh de cibé tréimhse a fhorodófar—

(a) go suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Cheannasaí nach bhfuil dáta tosaíochta a éilimh níos déanaí ná dáta tosaíochta an éilimh nó an ábhair a nochtadh sa chuid thuairisciúil den tsonraíocht eile sin, nó

(b) go leasófar an tsonraíocht iomlán chun sástacht an Cheannasaí.

(3) Más rud é, de dhroim imscrúdú faoi alt 12 den Acht seo nó ar dhóigh eile, go bhfeicfear don Cheannasaí—

(a) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh i sonraíocht iomlán an iarratasóra, a éileamh in aon sonraíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin, nó a áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil di, agus

(b) gur foilsíodh an tsonraíocht eile ar dháta tosaíochta éileamh an iarratasóra nó tar éis an dáta sin,

ansin, mura suífear chun sástacht an Cheannasaí faoin alt sin nach déanaí dáta tosaíochta éileamh an iarratasóra ná dáta tosaíochta an éilimh iomchuí sa tsonraíocht eile sin, nó san ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil di, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le sonraíocht a foilsíodh ar dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra nó tar éis an dáta sin.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon ordacháin a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Tagairt i gcás baol a bheith ann go sárófaí éileamh ar phaitinn.

14. —(1) Más rud é, de dhroim na n-imscrúduithe a cheanglaítear a dhéanamh leis na forálacha roimhe seo den Acht seo nó de dhroim imeachtaí faoi alt 19 nó faoi alt 35 den Acht seo, go bhfeicfear don Cheannasaí nach féidir aireagán a ndearnadh iarratas ar phaitinn ina leith a ghníomhú gan baol substainteach go sárófar éileamh aon phaitinne eile, féadfaidh sé a ordú go gcuirfear tagairt don phaitinn eile sin isteach i sonraíocht iomlán an iarratasóra i bhfoirm fógra don phobal mura rud é, laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe—

(a) go suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Cheannasaí go bhfuil forais réasúnacha ann le bailíocht éileamh sin na paitinne eile a chonspóid, nó

(b) go leasófar an tsonraíocht iomlán chun sástacht an Cheannasaí.

(2) Más rud é, tar éis tagairt do phaitinn eile a bheith curtha isteach i sonraíocht iomlán de bhun ordacháin faoin bhfo-alt roimhe seo—

(a) go gcúlghairfear an phaitinn eile sin nó go scoirfidh sí ar dhóigh eile de bheith i bhfeidhm,

(b) go leasófar sonraíocht na paitinne eile sin tríd an t-éileamh iomchuí a scriosadh, nó

(c) go bhfionnfar, in imeachtaí os comhair na Cúirte nó an Cheannasaí, go bhfuil éileamh iomchuí na paitinne eile sin neamhbhailí nó nach bhfuil sé á shárú trí aon oibriú ar aireagán an iarratasóra,

féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas ón iarratasóir, an tagairt don phaitinn eile sin a scriosadh.

(3) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh nó ordacháin a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Iarratas a dhiúltú i gcásanna áirithe.

15. —(1) Má fheictear don Cheannasaí i gcás aon iarratais ar phaitinn—

(a) go bhfuil á éileamh ann mar aireagán aon ní is follasach a bheith contrártha do dhlíthe nádúrtha atá seanbhunaithe,

(b) go mbeadh úsáid an aireagáin a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith contrártha don ord poiblí nó don mhoráltacht phoiblí, nó

(c) go bhfuil á éileamh ann mar aireagán substaint is féidir a úsáid mar bhia nó mar chógas leighis agus arb éard é meascán de chomhábhair aitheanta agus gan ann ach comhiomlán airíona aitheanta na gcomhábhar, nó go bhfuil á éileamh ann mar aireagán próiseas a tháirgeann substaint den sórt sin gan ach meascadh a dhéanamh,

féadfaidh sé an t-iarratas a dhiúltú.

(2) Má fheictear don Cheannasaí go bhféadfaí aon aireagán a ndéanfar iarratas ar phaitinn ina leith a úsáid ar aon mhodh contrártha don dlí, féadfaidh sé cibé séanadh maidir le húsáid an aireagáin amhlaidh, nó cibé tagairt eile dá neamhdhleathacht, is dóigh leis is cuí, a chur isteach sa tsonraíocht iomlán.

(3) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Forálacha forlíontacha maidir le cuardaigh, etc.

16. —(1) Féadfar cumhachtaí an Cheannasaí faoi alt 13 nó faoi alt 14 den Acht seo a fheidhmiú sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán nó ina dhiaidh sin, nó sula ndeonófar paitinn don iarratasóir nó ina dhiaidh sin, agus dá réir sin forléireofar tagairtí sna hailt sin don iarratasóir mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don phaitinní.

(2) I gcás ina leasófar sonraíocht iomlán faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo sula mbeidh glactha leis, déanfar an tsonraíocht leasaithe a scrúdú agus a imscrúdú ar an modh céanna leis an tsonraíocht bhunaidh.

(3) Ní mheasfar an scrúdú agus na himscrúduithe a cheanglaítear a dhéanamh leis na forálacha roimhe seo den Acht seo a bheith ina mbarántú ar bailíocht aon phaitinne, agus ní bheidh an tAire ná an Ceannasaí ná aon oifigeach don Aire nó don Cheannasaí faoi dhliteanas as siocair ná i dtaobh aon scrúdaithe nó imscrúdaithe den sórt sin ná aon tuarascála ná imeachtaí eile dá dhroim sin.

An tréimhse chun iarratas a chur in ordú le haghaidh a ghlactha.

17. —(1) Beidh iarratas ar phaitinn ar neamhní mura rud é, laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar agus a thosóidh ar dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadófar faoi na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo nó faoi rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo, gur chomhlíon an t-iarratasóir na ceanglais uile a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi, cibé acu i ndáil leis an tsonraíocht iomlán nó ar dhóigh eile i ndáil leis an iarratas é, agus má cuireadh an t-iarratas nó aon sonraíocht nó, i gcás iarratais choinbhinsiúin, aon doiciméad a comhdaíodh mar chuid den iarratas, ar ais chun an iarratasóra ón gCeannasaí i gcúrsa na n-imeachtaí, ní mheasfar na ceanglais sin a bheith comhlíonta ag an iarratasóir mura mbeidh ná go dtí go mbeidh an t-iarratas athchomhdaithe aige.

(2) Déanfar an tréimhse a cheadaítear le fo-alt (1) den alt seo a fhadú go dtí cibé tréimhse (a chríochnóidh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a rachadh an tréimhse a cheadaítear faoin bhfo-alt sin nó an tréimhse sin arna fhadú faoi fho-alt (3) den alt seo nó faoi rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo, in éag murach sin) a shonrófar i bhfógra ón iarratasóir don Cheannasaí, má thugtar an fógra agus go n-íocfar an táille fhorordaithe roimh dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.

(3) Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse a cheadófar faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, go mbeidh achomharc ar feitheamh faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo maidir leis an iarratas (nó, i gcás iarratais ar phaitinn bhreisithe, i leith an iarratais sin nó i leith an iarratais ar an bpaitinn don phríomhaireagán) nó nach mbeidh an tráth ina bhféadfaí achomharc den sórt sin a dhéanamh (ar leithligh ó aon fhadú todhchaí trátha faoi na forálacha sin) dulta in éag, ansin—

(a) má bhíonn achomharc den sórt sin ar feitheamh, nó má dhéantar é laistigh den tráth a dúradh nó roimh dhul in éag d'aon fhadú ar an tráth sin a deonaíodh (i gcás a fadaithe don chéad uair) de thoradh iarratais a rinneadh laistigh den tráth sin nó (i gcás a fadaithe ina dhiaidh sin) de thoradh iarratais a rinneadh roimh dhul in éag don fhadú deiridh roimhe sin, déanfar an tréimhse a dúradh a fhadú go dtí cibé dáta a chinnfidh an Chúirt,

(b) mura mbíonn aon achomharc den sórt sin ar feitheamh, nó mura ndéantar amhlaidh é, mairfidh an tréimhse sin go dtí deireadh an trátha a dúradh, nó má deonaíodh aon fhadú ar an tráth sin mar a dúradh, go dtí go mbeidh an fadú nó an fadú deiridh a deonaíodh amhlaidh dulta in éag.

Sonraíocht iomlán a ghlacadh agus a fhoilsiú.

18. —(1) Faoi réir forálacha an fho-ailt deiridh roimhe seo, féadfaidh an Ceannasaí glacadh leis an tsonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn tráth ar bith tar éis don iarratasóir na ceanglais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin a chomhlíonadh, agus, mura mbeidh glactha léi amhlaidh laistigh den tréimhse a cheadaítear faoin alt sin chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, glacfar léi a luaithe is féidir ina dhiaidh sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an t-iarratasóir fógra a thabhairt don Cheannasaí á iarraidh air glacadh an iarratais a chur siar go dtí cibé dáta, nach déanaí ná cúig mhí dhéag ó dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine, a shonrófar san fhógra; agus má thugtar an fógra sin agus, i gcás ina n-iarrfar san fhógra é a chur siar go dtí dáta is déanaí ná dhá mhí dhéag ón dáta a dúradh, go n-íocfar an táille fhorordaithe, féadfaidh an Ceannasaí glacadh an iarratais a chur siar dá réir sin.

(2) Ar shonraíocht iomlán a bheith glactha aige, tabharfaidh an Ceannasaí fógra don iarratasóir, agus fógróidh sé san Irisleabhar go bhfuil glactha leis an tsonraíocht agus an dáta a bheidh an t-iarratas agus an tsonraíocht nó na sonraíochtaí a comhdaíodh dá bhun ar oscailt le haghaidh iniúchadh ag an bpobal.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo do dháta foilsithe sonraíochta iomláine a fhorléiriú mar thagairt don dáta a fógraíodh mar a dúradh.

(4) Tar éis dáta foilsithe sonraíochta iomláine agus go dtí go séalófar paitinn ina leith, beidh ag an iarratasóir na pribhléidí agus na cearta céanna a bheadh aige dá mba rud é gur séalaíodh paitinn don aireagán ar dháta foilsithe na sonraíochta iomláine:

Ar choinníoll nach mbeidh iarratasóir i dteideal aon imeachtaí mar gheall ar shárú a thionscnamh go dtí go mbeidh an phaitinn séalaithe.

Cur in aghaidh paitinn a dheonú.

19. —(1) Tráth ar bith laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe sonraíochta iomláine faoin Acht seo, féadfaidh aon duine leasmhar fógra a thabhairt don Cheannasaí go bhfuil sé i bhfreasúra le deonú na paitinne ar aon fhoras acu seo a leanas—

(a) go bhfuair an t-iarratasóir ar an bpaitinn, nó an duine a dtuairiscítear san iarratas gurb é an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir é, an t-aireagán nó aon chuid de uaidh féin nó ó duine arb eisean a ionadaí pearsanta,

(b) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú sa Stát, roimh dháta tosaíochta an éilimh—

(i) in aon sonraíocht a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn a rinneadh sa Stát,

(ii) in aon doiciméad eile,

(c) go bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, á éileamh i sonraíocht eile, nó ar áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil de shonraíocht eile, a foilsíodh ar dháta tosaíochta éileamh an iarratasóra nó ina dhiaidh sin agus a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn sa Stát, agus go bhfuil dáta tosaíochta an éilimh iomchuí, nó an ábhair a nochtadh sa chuid thuairisciúil den tsonraíocht eile, níos luaithe ná dáta tosaíochta éileamh an iarratasóra,

(d) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a úsáid sa Stát roimh dháta tosaíochta an éilimh sin,

(e) go bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, follasghnéitheach agus gur léir nach bhfuil aon bheart ceapthach ag baint leis ag féachaint d'aon ábhar a foilsíodh ar an modh a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo, d'aon ábhar a éilítear nó a nochtar ar an modh a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo, nó do rud a úsáideadh sa Stát roimh dháta tosaíochta éileamh an iarratasóra,

(f) nach aireagán de réir bhrí an Achta seo ábhar aon éilimh sa tsonraíocht iomlán,

(g) nach dtugann an tsonraíocht iomlán tuairisc leordhóthanach chothrom ar an aireagán nó ar an modh ar a bhfuil sé le gníomhú,

(h) i gcás iarratais choinbhinsiúin, nach ndearnadh an t-iarratas laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe faoi fho-alt (3) d'alt 6 den Acht seo ó dháta an chéad iarratais ar chosaint don aireagán a rinne an t-iarratasóir nó duine óna ngabhann sé teideal i dtír choinbhinsiúin,

ach ní fhéadfaidh ar aon fhoras eile.

(2) I gcás ina dtabharfar aon fhógra den sórt sin, tabharfaidh an Ceannasaí fógra i dtaobh an fhreasúra don iarratasóir, agus tabharfaidh sé caoi don iarratasóir agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

(3) Chun críocha mhír (d) nó mhír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, ní chuirfear aon úsáid shicréideach san áireamh.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Paitinn a dhiúltú gan freasúra léi.

20. —(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis an tsonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn a bheith glactha agus roimh phaitinn a bheith deonta ina leith, go dtiocfaidh sé faoi iúl an Cheannasaí, ar dhóigh seachas de dhroim imeachtaí i bhfreasúra leis an deonú faoin alt deiridh roimhe sin, go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú sa Stát roimh dháta tosaíochta an éilimh—

(a) in aon sonraíocht a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn sa Stát, nó

(b) in aon doiciméad eile,

féadfaidh an Ceannasaí diúltú an phaitinn a dheonú mura ndéanfar, laistigh de cibé tráth a bheidh forordaithe, an tsonraíocht iomlán a leasú chun a shástachta.

(2) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

An ceapadóir a lua sa cháil sin i bpaitinn.

21. —(1) Más deimhin leis an gCeannasaí, i gcás iarraidh nó éileamh a dhéanamh de réir forálacha an ailt seo—

(a) gurb é an duine a rinne an t-iarraidh nó an t-éileamh nó ar ina leith a rinneadh é, is ceapadóir aireagáin a ndearnadh iarratas ar phaitinn ina leith, nó is ceapadóir ar chuid shubstainteach den aireagán sin, agus

(b) gur go díreach de chionn gurb é an ceapadóir é atá an t-iarratas ar an bpaitinn á dhéanamh,

cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, faoi réir forálacha an ailt seo, go luafar gurb é an ceapadóir é in aon phaitinn a dheonófar de bhun an iarratais, sa tsonraíocht iomlán, agus i gclár na bpaitinní:

Ar choinníoll nach dtabharfaidh sé aon chearta, ná nach mbainfidh sé ó aon chearta, faoin bpaitinn, aon duine a bheith luaite mar cheapadóir faoin alt seo.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é cumadóir iarbhír aireagáin nó coda d'aireagán an ceapadóir, d'ainneoin aon duine eile a bheith á áireamh chun aon chríche de chríocha eile an Achta seo mar fhíorcheapadóir agus céadcheapadóir, agus ní mheasfar gur ceapadóir aireagáin nó coda d'aireagán é duine ar bith de bhíthin amháin gurbh é a d'allmhairigh isteach sa Stát é.

(3) Féadfaidh an t-iarratasóir ar an bpaitinn, nó (i gcás nach é an duine a líomhnaítear gurb é an ceapadóir é an t-iarratasóir nó nach duine de na hiarratasóirí é) féadfaidh an t-iarratasóir agus an duine sin, a iarraidh ar an modh forordaithe go ndéanfar aon duine áirithe a lua mar a dúradh.

(4) Má theastaíonn ó aon duine (seachas duine a ndearnadh iarraidh ina leith faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo maidir leis an iarratas a bheidh i gceist) go luafaí é mar a dúradh, féadfaidh sé iarratas chuige sin a dhéanamh ar an modh forordaithe.

(5) Ní foláir iarraidh nó éileamh faoi na forálacha roimhe seo den alt seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dáta foilsithe na sonraíochta iomláine, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise (nach faide ná mí) a cheadóidh an Ceannasaí, ar iarratas á iarraidh sin a dhéanamh chuige roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin, agus ar an táille fhorordaithe a íoc.

(6) Ní ghéillfear d'aon iarraidh ná éileamh faoi na forálacha roimhe seo den alt seo má fheictear don Cheannasaí go bhfuil an t-iarraidh nó an t-éileamh bunaithe ar fhíorais a bhéarfadh, dá gcruthófaí i gcás freasúra faoi fhorálacha mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht seo ag an duine ar ina leith nó ar aige atá an t-iarraidh nó an t-éileamh á dhéanamh, go mbeadh teideal aige chun faoisimh faoin alt sin.

(7) Faoi réir forálacha an fho-ailt deiridh roimhe seo, i gcás ina ndéanfar eileamh faoi fho-alt (4) den alt seo, tabharfaidh an Ceannasaí fógra i dtaobh an éilimh do gach iarratasóir ar an bpaitinn (nach é an t-éilitheoir é) agus do gach duine eile ar dóigh leis an gCeannasaí go bhfuil leas aige ann, agus sula gcinnfidh sé aon iarraidh nó éileamh faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (4) den alt seo, tabharfaidh an Ceannasaí, má cheanglaítear sin air, éisteacht don duine ar ina leith a bheidh, nó ag a mbeidh, an t-iarraidh nó an t-éileamh á dhéanamh agus, i gcás éilimh faoin bhfo-alt sin (4) d'aon duine ar tugadh fógra i dtaobh an éilimh dó mar a dúradh.

(8) I gcás ina ndearnadh aon duine áirithe a lua mar cheapadóir de bhun an ailt seo, féadfaidh aon duine eile a líomhnóidh nár chóir é a bheith luaite amhlaidh deimhniú sa chéill sin a iarraidh tráth ar bith ar an gCeannasaí, agus féadfaidh an Ceannasaí, tar éis éisteacht a thabhairt, má cheanglaítear sin air, d'aon duine ar dóigh leis go bhfuil leas aige ann, deimhniú den sórt sin a eisiúint agus, má dhéanann sé é sin, ceartóidh sé an tsonraíocht agus an clár dá réir sin.

(9) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Iarratasóirí a mhalartú, etc.

22. —(1) Más deimhin leis an gCeannasaí, i gcás éilimh a rinneadh ar an modh forordaithe tráth ar bith sular deonaíodh paitinn, go mbeadh an t-éilitheoir, de bhua aon sannta nó comhaontaithe a rinne an t-iarratasóir nó duine de na hiarratasóirí ar an bpaitinn, nó trí oibriú dlí, i dteideal na paitinne dá ndeonófaí í an tráth sin, nó i dteideal leas an iarratasóra sa phaitinn, nó i dteideal scaire neamhroinnte den phaitinn nó den leas sin, féadfaidh an Ceannasaí, faoi réir forálacha an ailt seo, a ordú go rachaidh an t-iarratas ar aghaidh in ainm an éilitheora nó in ainmneacha an éilitheora agus an iarratasóra nó an chomhiarratasóra nó na gcomhiarratasóirí eile, de réir mar is gá sa chás.

(2) Ní thabharfar aon ordachán mar a dúradh de bhua aon sannta nó comhaontaithe a rinne comhiarratasóir amháin de bheirt chomhiarratasóir nó níos mó ar phaitinn, ach amháin le toiliú an chomhiarratasóra nó na gcomhiarratasóirí eile.

(3) Ní thabharfar aon ordachán mar a dúradh de bhua aon sannta nó comhaontaithe chun sochar aireagáin a shannadh mura rud é—

(a) go mbeidh an t-aireagán curtha ar aitheantas ann trí thagairt d'uimhir an iarratais ar an bpaitinn,

(b) go dtabharfar ar aird don Cheannasaí admháil ón duine a rinne an sannadh nó an comhaontú go mbaineann an sannadh nó an comhaontú leis an aireagán ar ina leith a rinneadh an t-iarratas sin, nó

(c) go ndearnadh cearta an éilitheora i leith an aireagáin a bhunú go críochnaitheach le breith ó aon chúirt nó le cinneadh ag an gCeannasaí faoi na forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo.

(4) I gcás comhiarratasóir amháin de bheirt chomhiarratasóir nó níos mó ar phaitinn d'fháil bháis aon uair roimh dheonú na paitinne, féadfaidh an Ceannasaí, arna iarraidh sin air don mharthanóir nó do na marthanóirí, agus le toiliú ó ionadaí pearsanta an duine éagtha, a ordú go rachaidh an t-iarratas ar aghaidh in ainm an mharthanóra nó na marthanóirí amháin.

(5) Má éiríonn aon díospóid idir comhiarratasóirí ar phaitinn i dtaobh é a bheith ceart, nó i dtaobh na slí inar cheart, dul ar aghaidh leis an iarratas, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ar an modh forordaithe ó aon cheann de na páirtithe, agus tar éis caoi éisteachta a thabhairt do gach páirtí lena mbaineann, cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt chun go bhféadfaidh an t-iarratas dul ar aghaidh in ainm páirtí nó páirtithe airithe acu, agus ina ainm nó ina n-ainm sin amháin, nó chun an modh ina rachfar ar aghaidh leis a rialú nó chun an dá chríoch sin, de réir mar is gá sa chás.

(6) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.