An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Iarratas, Imscrúdú, Freasúra, etc.) Ar Aghaidh (CUID IV. Formhuiniú Saorálach agus Éigeantach, Réamhaíocht, agus Forálacha maidir le Cearta in Aireagáin.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID III

Paitinn a Dheonú, a Aisiriú, a Aisghairm agus a Ghéilleadh, etc.

Paitinn a dheonú agus a shéalú.

23. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le freasúra, agus faoi réir aon chumhachta eile de chuid an Cheannasaí chun an deonú a dhiúltú, má dhéantar an t-iarraidh forordaithe laistigh den tráth a cheadaítear faoin alt seo, deonófar paitinn arna séalú le séala oifigiúil an Cheannasaí don iarratasóir nó do na hiarratasóirí laistigh den tráth sin nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin; agus taifeadfar i gclár na bpaitinní an dáta a séalaíodh an phaitinn.

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo maidir le paitinní breisithe, déanfar iarraidh faoin alt seo ag iarraidh séalú ar phaitinn tráth nach déanaí na críoch ceithre mhí ó dháta foilsithe na sonraíochta iomláine:

Ar choinníoll—

(a) más rud é, ag deireadh na gceithre mhí sin, go mbeidh aon imeacht maidir leis an iarratas ar an bpaitinn ar feitheamh in aon chúirt nó os comhair an Cheannasaí, go bhféadfar an t-iarraidh a dhéanamh laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis an imeacht sin a chinneadh go críochnaitheach:

(b) más rud é go bhfuair an t-iarratasóir nó duine de na hiarratasóirí bás roimh dheireadh an trátha ina bhféadfaí faoi fhorálacha an fho-ailt seo an t-iarratas a dhéanamh murach sin, féadfar an t-iarraidh sin a dhéanamh tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an bháis nó cibé tráth is déanaí ná sin a cheadóidh an Ceannasaí.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí an tréimhse ina bhféadfar, faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, a iarraidh go séalófaí paitinn a fhadú a am go ham go dtí cibé tréimhse is faide ná sin a shonrófar in iarratas chuige á iarraidh sin, má dhéantar an t-iarratas, agus má íoctar an táille fhorordaithe, laistigh den tréimhse fhadaithe sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar an tréimhse chéadluaite a fhadú faoin bhfo-alt seo níos mó ná sé mhí nó cibé tréimhse is giorra ná sin a bheidh forordaithe.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar imeacht a bheith ar feitheamh fad a bheidh an tráth le haghaidh aon achomhairc inti (ar leithligh ó aon fhadú todhchaí ar an tráth sin) gan chaitheamh, agus measfar imeacht a bheith cinnte go críochnaitheach nuair a bheidh an tráth le haghaidh aon achomhairc inti (ar leithligh ó aon fhadú den sórt sin) caite gan an t-achomharc a bheith déanta.

Leasú ar phaitinn a deonaíodh d'iarratasóir éagtha.

24. —Más rud é, tráth ar bith tar éis paitinn a shéalú de bhun iarratais faoin Acht seo, gur deimhin leis an gCeannasaí go raibh an duine dar deonaíodh an phaitinn tar éis bháis, nó (i gcás comhlachta chorpraithe) go raibh scortha aige de bheith ar marthain, sular séalaíodh an phaitinn, féadfaidh sé an phaitinn a leasú trí ainm an duine ar chóir an phaitinn a dheonú dó a chur in ionad ainm an duine sin; agus beidh éifeacht ag an bpaitinn, agus measfar go raibh éifeacht aige riamh, dá réir sin.

Eifeacht agus foirm paitinne.

25. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, oibreoidh gach paitinn a dheonófar faoin Acht seo, agus a shéalófar le séala oifigiúil an Cheannasaí, agus beidh éifeacht aici, agus beidh sé sainráite go n-oibreoidh sí agus go mbeidh éifeacht aici—

(a) chun go dtabharfaidh sí don duine dá ndeonófar an céanna, dá sheiceadóirí, dá riarthóirí agus dá shannaithe (a ngairtear an deontaí díobh i dteannta a chéile san fho-alt seo) an ceart, an chumhacht agus an t-údarás iomlán, aonrach agus eisiatach, uaidh féin nó trína ghníomhairí nó a cheadúnaithe, gach tráth fad a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm, chun an t-aireagán a ndeonófar an phaitinn ina leith a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol sa Stát;

(b) chun an t-aon cheart a thabhairt don deontaí an brabús agus an buntáiste iomlán a theachtadh agus a shealbhú a fhaibhreoidh ó am go ham de bhíthin an aireagáin sin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm;

(c) chun gach uile dhuine sa Stát a chosc, fad a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm, ón aireagán sin nó aon chuid de a úsáid nó a chur i gcleachtadh, nó ó aithris a dhéanamh ar dhóigh ar bith ar an gcéanna, nó óna chur in iúl nó a chur i gcéill ar dhóigh ar bith gurb iad féin ceapadóirí an aireagáin sin nó ceapadóirí an aireagáin sin maille le haon bhreisiú nó laghdú air, gan toiliú, ceadúnas nó comhaontú ón deontaí i scríbhinn faoina láimh agus faoina shéala;

(d) chun a thabhairt go mbeidh gach duine a dhéanfaidh ar dhóigh ar bith sa Stát, fad a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm, aon cheart, cumhacht, nó údarás a shárú a mbeidh sé sainráite sa phaitinn é a bheith á thabhairt leis an bpaitinn don deontaí, nó a dhéanfaidh aon ghníomh, ní nó rud a mbeidh sé sainráite sa phaitinn é a bheith toirmiscthe leis an bpaitinn, freagrach de réir dlí don deontaí sa sárú sin nó i ndéanamh an ghnímh, an ní nó an ruda sin.

(2) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach paitinn agus ní dheonófar í ach d'aon aireagán amháin, ach féadfaidh níos mó ná éileamh amháin a bheith sa tsonraíocht; agus ní bheidh aon duine inniúil i gcaingean ná in imeacht eile ar aon agóid a dhéanamh in aghaidh paitinne ar an bhforas gur deonaíodh í do níos mó ná aon aireagán amháin.

Dáta agus téarma paitinne.

26. —(1) Déanfar gach paitinn a dhátú faoi dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine.

Ar choinníoll nach dtionscnófar aon imeacht mar gheall ar shárú a rinneadh roimh dháta foilsithe na sonraíochta iomláine.

(2) Taifeadfar dáta gach paitinne i gclár na bpaitinní.

(3) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, is é is téarma do gach paitinn sé bliana déag ó dháta na paitinne.

(4) Scoirfidh paitinn d'éifeacht a bheith aici, d'ainneoin aon ní sa phaitinn nó san Acht seo, ar dheireadh a theacht leis an tréimhse a bheidh forordaithe chun aon táille athnuachana a íoc, mura n-íoctar an táille sin laistigh den tréimhse fhorordaithe nó laistigh den tréimhse sin arna fadú faoin alt seo.

(5) Déanfar an tréimhse a bheidh forordaithe le haghaidh íoc aon táille athnuachana a fhadú go dtí cibé tréimhse, nach mbeidh thar sé mhí níos faide ná an tréimhse fhorordaithe, a shonrófar in iarraidh a dhéanfar chun an Cheannasaí má dhéantar an t-iarraidh agus go n-íocfar an táille athnuachana agus an táille bhreise fhorordaithe roimh dheireadh na tréimhse a shonrófar amhlaidh.

Téarma paitinne a fhadú.

27. —(1) Féadfaidh paitinní, tar éis a fhógairt ar an modh a fhoráiltear le rialacha cúirte go bhfuil ar intinn aige é sin a dhéanamh, achainí a thíolacadh don Chúirt nó don Cheannasaí á impí go bhfadófar a phaitinn téarma eile.

(2) Déanfar achainí faoin alt seo a thíolacadh sé mhí ar a laghad roimh an tráth a bheidh ceaptha don phaitinn a dhul in éag:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, cibé acu é, fadú a dhéanamh, de rogha na Cúirte nó an Cheannasaí, ar an tréimhse ina bhféadfar achainí faoin alt seo a thíolacadh.

(3) Féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Chúirt nó don Cheannasaí, cibé acu é, i dtaobh agóid in aghaidh an fhadaithe.

(4) Ar aon achainní faoin alt seo a éisteacht, déanfar páirtithe san imeacht den phaitinní agus d'aon duine a bheidh tar éis fógra agóide a thabhairt, agus, más don Chúirt a thíolacfar an achainí, beidh an Ceannasaí i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil, agus má ordaíonn an Chúirt amhlaidh láithreoidh sé.

(5) Nuair a bheidh cinneadh á thabhairt ag an gCúirt nó ag an gCeannasaí, tabharfaidh sí, nó sé, aird ar nádúr agus ar thuillteanais an aireagáin ó thaobh an phobail, ar na brabúis a rinne an paitinní, sa cháil sin dó, agus ar imthosca uile an cháis.

(6) Má fheictear don Chúirt nó don Cheannasaí nach bhfuair an paitinní luach saothair leordhóthanach as a phaitinn, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, cibé acu é, le hordú, téarma na paitinne a fhadú téarma breise nach mó ná cúig bliana nó, i gcásanna eisceachtúla, deich mbliana, nó féadfaidh a ordú go ndeonófar paitinn nua go ceann cibé téarma a shonrófar san ordú agus ina mbeidh aon srian, coinníollacha, agus forálacha is cuí leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí, cibé acu é.

(7) Féadfaidh an Ceannasaí, ag aon chéim de na himeachtaí a bheidh os a chomhair faoin alt seo, an achainí a tharchur chun na Cúirte agus air sin measfar an achainí a bheith tíolactha don Chúirt ag paitinní an aireagáin dá dtagraíonn sí faoi fho-alt (1) den alt seo.

(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Paitinní breisithe.

28. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar iarratas ar phaitinn i leith aon fheabhsaithe nó modhnaithe ar aireagán (dá ngairtear an príomh-aireagán san Acht seo) agus ina theannta sin go n-iarrfaidh an t-iarratasóir paitinn don aireagán sin nó go mbeidh sé tar éis í a iarraidh, nó gurb é an paitinní ina leith é, féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an t-iarratasóir é, an phaitinn don fheabhsú nó don mhodhnú a dheonú mar phaitinn bhreisithe.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, má bhíonn aireagán, ar feabhsú nó modhnú ar aireagán eile é, ina ábhar do phaitinn neamhspleách agus gurb é an paitinní i leith na paitinne an paitinní i leith na paitinne don phríomh-aireagán freisin, féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an paitinní é, an phaitinn don fheabhsú nó don mhodhnú a chúlghairm le hordú agus paitinn bhreisithe ina leith a dheonú don phaitinní agus an dáta céanna uirthi a bhí ar an bpaitinn a cúlghairfear amhlaidh.

(3) Ní dheonófar paitinn mar phaitinn bhreisithe murarbh ionann dáta comhdaithe na sonraíochta iomláine agus dáta comhdaithe na sonraíochta iomláine i leith an phríomh-aireagáin nó murar dhéanaí é ná an dáta sin.

(4) Ní shéalófar paitinn bhreisithe sula séalófar an phaitinn don phríomh-aireagán; agus más rud é go dtiocfaidh an tréimhse ina bhféadfaí, murach an fhoráil seo, a iarraidh go séalófaí paitinn bhreisithe faoi alt 23 den Acht seo chun críche roimh an tréimhse ina bhféadfaí a iarraidh amhlaidh go séalófaí an phaitinn i leith an phríomh-aireagáin, féadfar a iarraidh go séalófaí an phaitinn bhreisithe tráth ar bith laistigh den tréimhse sin is déanaí a luaitear.

(5) Deonófar paitinn bhreisithe le haghaidh téarma is ionann agus téarma na paitinne don phríomh-aireagán, nó cibé méid de a bheidh gan chaitheamh, agus fanfaidh sí i bhfeidhm ar feadh an téarma sin nó go dtí dáta roimhe sin ar a scoirfidh an phaitinn don phríomh-aireagán, agus ní fhanfaidh níos faide ná sin:

Ar choinníoll—

(a) má dhéantar téarma na paitinne don phríomh-aireagán a fhadú faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo, go bhféadfar téarma na paitinne breisithe a fhadú freisin dá réir sin; agus

(b) má chúlghairtear faoin Acht seo an phaitinn don phríomhaireagán, go bhféadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, cibé acu é, a ordú go dtiocfaidh an phaitinn bhreisithe chun bheith ina paitinn neamhspleách go ceann a mbeidh fágtha de théarma na paitinne don phríomhaireagán, agus air sin go bhfanfaidh an phaitinn i bhfeidhm mar phaitinn neamhspleách dá réir sin.

(6) Ní bheidh aon táillí athnuachana iníoctha i leith paitinne breisithe; ach má thagann aon phaitinn den sórt sin chun bheith ina paitinn neamhspleách de bhua ordú faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, beidh na táillí céanna iníoctha ina dhiaidh sin, ar na dataí céanna, ionann is dá mba mar phaitinn neamhspleách a deonaíodh an phaitinn i gcéaduair.

(7) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Paitinní a chuaigh ó éifeacht a aisiriú.

29. —(1) I gcás ina mbeidh scortha d'éifeacht a bheith ag paitinn mar gheall ar fhaillí in aon táille athnuachana a íoc laistigh den tréimhse fhorordaithe, nó laistigh den tréimhse sin arna fadú faoi alt 26 den Acht seo, agus gur deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige laistigh de thrí bliana ón dáta a scoir an phaitinn d'éifeacht a bheith aici, gurbh fhaillí neamhbheartaithe í agus nár bhain aon mhoill mhíchuí leis an iarratas a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh, déanfaidh sé, le hordú, an phaitinn, agus aon phaitinn bhreisithe a shonrófar san iarratas agus a mbeidh scortha d'éifeacht a bheith aici ar scor don phaitinn sin, a aisiriú.

(2) Féadfaidh an duine arbh é an paitinní é, nó féadfaidh a ionadaí pearsanta, iarratas faoin alt seo a dhéanamh; agus i gcás an phaitinn a bheith ar teachtadh ag beirt nó níos mó i gcomh pháirt, féadfaidh duine amháin nó níos mó acu, gan dul i bpáirt leis na daoine eile, an t-iarratas a dhéanamh, le cead ón gCeannasaí.

(3) Beidh in iarratas faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar) a leagfar amach ann go hiomlán na himthosca a bhain leis an bhfaillí sa táille athnuachana a íoc; agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a iarraidh ar an iarratasóir.

(4) Más rud é, tar éis dó an t-iarratasóir a éisteacht (má iarrann an t-iarratasóir é sin nó más cuí leis an gCeannasaí é), gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil cás prima facie déanta amach le haghaidh ordú faoin alt seo, fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar; agus laistigh den tréimhse fhorordaithe féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis ar cheachtar foras nó ar an dá fhoras acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) nárbh fhaillí neamhbheartaithe an fhaillí sa táille athnuachana a íoc; nó

(b) gur bhain moill mhíchuí le déanamh an iarratais.

(5) Má thugtar fógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé caoi do féin agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

(6) Mura dtabharfar aon fhógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh nó más rud é, i gcás freasúra, gur i bhfabhar an iarratasóra a thabharfaidh an Ceannasaí an cinneadh, ansin, ar aon táille athnuachana neamhíoctha maraon le cibé táille bhreise a fhorordófar a bheith íoctha, déanfaidh an Ceannasaí an t-ordú de réir an iarratais.

(7) Maidir le hordú faoin alt seo chun paitinn a aisiriú—

(a) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCeannasaí, lena n-áirítear go háirithe coinníoll á cheangal go gclárófar i gclár na bpaitinní aon ní nár comhlíonadh ina leith na forálacha den Acht seo a bhaineann le taifid sa chlár sin; agus

(b) beidh sé faoi réir cibé foráil a bheidh forordaithe mar chosaint ar dhaoine a mbeadh tosaithe acu ar leas a bhaint as an aireagán paitinnithe idir an dáta a scoir an phaitinn d'éifeacht a bheith aici agus dáta an iarratais faoin alt seo;

agus más rud é nach gcomhlíonfaidh an paitinní aon choinníoll d'ordú faoin alt seo, féadfaidh an Ceannasaí, tar éis caoi a thabhairt don phaitinní ar éisteacht a fháil, an t-ordú a chúlghairm agus cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt de dhroim an chulghairthe.

(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Iarratais ar phaitinní a chuaigh ó éifeacht a aistriú.

30. —(1) I gcás nár séalaíodh paitinn de bhíthin amháin nach ndearnadh an t-iarraidh forordaithe laistigh den tráth a cheadaítear chuige sin le halt 23 den Acht seo, nó faoi, ansin, más deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ó iarratasóir paitinne laistigh de shé mhí tar éis deireadh an trátha sin, gur go neamhbheartaithe a tharla an fhaillí san iarraidh sin a dhéanamh, féadfaidh sé a ordú an phaitinn a shéalú d'ainneoin nach ndearnadh an t-iarraidh forordaithe mar a dúradh.

(2) Beidh in iarratas faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar) a leagfar amach ann go hiomlán na himthosca a bhain leis an bhfaillí san iarraidh forordaithe a dhéanamh; agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a iarraidh ar an iarratasóir.

(3) Más rud é, tar éis dó an t-iarratasóir a éisteacht (má iarrann an t-iarratasóir é sin nó más cuí leis an gCeannasaí é), gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil cás prima facie déanta amach le haghaidh ordú faoin alt seo, fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar; agus laistigh den tréimhse fhorordaithe féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis ar an bhforas nach go neamhbheartaithe a rinneadh faillí san iarraidh forordaithe a dhéanamh.

(4) Má thugtar fógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé caoi dó féin agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

(5) Mura dtabharfar aon fhógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh nó más rud é, i gcás freasúra, gur i bhfabhar an iarratasóra a thabharfaidh an Ceannasaí an cinneadh, ansin, ar íoc na táille a bheidh forordaithe maidir le hiarraidh an tséalaithe maraon le cibé táille bhreise a bheidh forordaithe, déanfaidh an Ceannasaí an t-ordú de réir an iarratais.

(6) Beidh ordú faoin alt seo chun paitinn a shéalú faoi réir cibé foráil a bheidh forordaithe mar chosaint ar dhaoine a mbeadh tosaithe acu ar leas a bhaint as an aireagán idir an dáta a chríoch naigh an tráth a cheadaítear le halt 23 den Acht seo, nó faoi, chun an t-iarraidh forordaithe a dhéanamh agus dáta an iarratais faoin alt seo.

(7) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Leasú ar shonraíocht le cead an Cheannasaí.

31. —(1) Faoi réir forálacha alt 33 den Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas faoin alt seo ó phaitinní, nó ó iarratasóir ar phaitinn tráth ar bith tar éis bheith glactha leis an tsonraíocht iomlán, a cheadú go leasófar an tsonraíocht iomlán faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an gCeannasaí:

Ar choinníoll nach gceadóidh an Ceannasaí sonraíocht a leasú faoin alt seo ar iarratas a dhéanfar le linn aon chaingean os comhair na Cúirte mar gheall ar shárú na paitinne, nó aon imeacht os comhair na Cúirte maidir le cúlghairm na paitinne, a bheith ar feitheamh.

(2) I ngach iarratas ar chead chun sonraíocht a leasú faoin alt seo luafar cad é an cineál leasaithe atá beartaithe agus tabharfar sonraí iomlána ar na cúiseanna a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

(3) Fógrófar ar an modh forordaithe aon iarratas ar chead chun sonraíocht a leasú faoin alt seo, agus cad é an cineál leasaithe atá bheartaithe:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an Ceannasaí más cuí leis é, i gcás an t-iarratas a dhéanamh roimh fhoilsiú na sonraíochta iomláine, fograíocht faoin bhfo-alt seo a ligean thar ceal nó a ordú go gcuirfear an fhógraíocht siar go dtí go bhfoilseofar an tsonraíocht iomlán.

(4) Laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis iarratas a fhógairt faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis; agus má thugtar fógra den sórt sin laistigh den tréimhse a dúradh, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don duine a rinne an t-iarratas faoin alt seo agus tabharfaidh sé caoi don duine sin agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

(5) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon leasú ar shonraíocht a dhéanfar in imeachtaí i bhfreasúra le deonú paitinne nó de bhun aon fhorála den Acht seo a údaraíonn don Cheannasaí a ordú go gcuirfear isteach tagairt do shonraíocht nó paitinn eile, nó diúltú paitinn a dheonú, nó paitinn a chúlghairm, mura leasófar an tsonraíocht chun a shástachta.

Leasú ar shonraíocht le cead na Cúirte.

32. —(1) In aon chaingean mar gheall ar shárú paitinne nó in aon imeacht os comhair na Cúirte chun paitinn a chúlghairm, féadfaidh an Chúirt, faoi réir forálacha an chéad ailt eile ina dhiaidh seo, a cheadú, le hordú, don phaitinní a shonraíocht iomlán a leasú ar cibé modh, agus faoi réir cibé téarmaí maidir le costais, fógráin nó eile, is cuí leis an gCúirt; agus más rud é, in aon imeachtaí den sórt sin maidir le cúlghairm, go gcinnfidh an Chúirt go bhfuil an phaitinn neamhbhailí, féadfaidh an Chúirt a cheadú go leasófar an tsonraíocht faoin alt seo in ionad an phaitinn a chúlghairm.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas chun na Cúirte ar ordú faoin alt seo, tabharfaidh an t-iarratasóir fógra don Cheannasaí i dtaobh an iarratais, agus beidh an Ceannasaí i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil, agus má ordaíonn an Chúirt amhlaidh láithreoidh sé.

Forálacha forlíontacha maidir le leasú sonraíochta.

33. —(1) Nuair a bheidh glactha le sonraíocht iomlán, ní dhéanfar aon leasú uirthi ach amháin ar mhodh séanta, ceartaithe nó mínithe, agus ní cheadófar aon leasú uirthi a bhéarfadh go mbeadh sa tsonraíocht arna leasú éileamh nó tuairisc ar ábhar nár nochtadh a shubstaint sa tsonraíocht roimh an leasú, nó nach mbeadh aon éileamh sa tsonraíocht arna leasú ag teacht go hiomlán faoi réim éilimh a bhí sa tsonraíocht roimh an leasú.

(2) Más rud é, tar éis dáta foilsithe sonraíochta iomláine, go ndéanfaidh an Ceannasaí nó an Chúirt, faoin Acht seo, ceadú nó formheas ar aon leasú ar an tsonraíocht, ní thabharfar faoi cheist, ach amháin ar fhoras calaoise, ceart an phaitinní nó an iarratasóra chun an leasú a dhéanamh; agus measfar i ngach cúirt agus chun gach críche gur cuid den tsonraíocht an leasú:

Ar choinníoll go bhféadfar, i bhforléiriú na sonraíochta arna leasú, tagairt a dhéanamh don tsonraíocht mar a foilsíodh i gcéaduair í.

(3) Más rud é, tar éis dáta foilsithe sonraíochta iomláine, go ndéanfar aon leasú ar an tsonraíocht a cheadú nó a fhormheas mar a dúradh, fógrófar san Irisleabhar go ndearnadh an tsonraíocht a leasú.

Cúlghairm paitinne ag an gCúirt.

34. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an Chúirt paitinn a chúlghairm, ar achainí ón Ard-Aighne nó ó aon duine a bheidh údaraithe aige, nó ó aon duine leasmhar, ar aon fhoras acu seo a leanas, is é sin le rá—

(a) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a éileamh i sonraíocht eile, nó a áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil de shonraíocht eile, a foilsíodh ar dháta tosaíochta an éilimh nó ina dhiaidh sin agus a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn sa Stát, agus go bhfuil dáta tosaíochta an éilimh iomchuí nó an ábhair a nochtadh sa chuid thuairisciúil den tsonraíocht eile níos luaithe ná dáta tosaíochta an éilimh;

(b) gur deonaíodh an phaitinn ar iarratas ó dhuine nach raibh i dteideal faoi fhorálacha an Achta seo í a iarraidh;

(c) go bhfuarthas an phaitinn contrártha do chearta an achainígh nó aon duine a bhfuil sé ag éileamh faoi nó tríd;

(d) nach aireagán de réir bhrí an Achta seo ábhar aon éilimh sa tsonraíocht iomlán;

(e) nach bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilitear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, ina aireagán nua ag féachaint dá raibh foilsithe roimh dháta tosaíochta an éilimh;

(f) go bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, follasghnéitheach agus nach bhfuil aon bheart ceapthach ag baint leis ag féachaint d'aon ábhar a éilíodh nó a nochtadh ar an modh a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo, nó d'aon ábhar a foilsíodh ar an modh a shonraítear i mír (e) den fho-alt seo;

(g) nach bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, ina aireagán úsáideach;

(h) nach dtugann an tsonraíocht iomlán tuairisc leordhóthanach chothrom ar an aireagán ná ar an modh ar a bhfuil sé le gníomhú, nó nach nochtann sé ar modh ab fhearr ab eol d'iarratasóir na paitinne chun an t-aireagan a ghníomhú agus a raibh sé i dteideal cosaint a éileamh ina leith;

(i) nach bhfuil réim aon éilimh sa tsonraíocht iomlán mínithe go leordhóthanach agus go soiléir nó nach bhfuil aon éileamh sa tsonraíocht iomlán bunaithe go cothrom ar an ábhar a nochtadh sa tsonraíocht;

(j) gur le hinmheabhrú nó uiríoll a bhí bréagach a fuarthas an phaitinn;

(k) go bhfuil úsáid nó feidhmiú, príomha nó beartaithe, an aireagáin contrártha don ord poiblí ná don mhóráltacht phoiblí.

(2) Gan dochar d'fhóralacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt paitinn a chúlghairm ar achainí ó aon Aire Stáit más deimhin leis an gCúirt gur loic an paitinní, gan chúis réasúnach, déanamh de réir iarraidh an Aire an t-aireagán paitinnithe a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol le haghaidh seirbhís an Stáit ar théarmaí réasúnacha.

(3) Gach foras ar a bhféadfar paitinn a chúlghairm beidh sé ar fáil mar fhoras cosanta in aon imeacht mar gheall ar shárú na paitinne.

Cúlghairm paitinne ag an gCeannasaí.

35. —(1) Aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis paitinn a shéalú, féadfaidh aon duine leasmhar nach raibh i bhfreasúra le deonú na paitinne ordú a iarraidh ar an gCeannasaí chun an phaitinn a chúlghairm ar aon fhoras nó forais ar a bhféadfaí bheith i bhfreasúra le deonú na paitinne:

Ar choinníoll, nuair a bheidh caingean mar gheall ar shárú paitinne, nó imeachtaí chun í a chúlghairm, ar feitheamh i gCúirt ar bith, nach ndéanfar iarratas chun an Cheannasaí faoin alt seo ach amháin le cead na cúirte.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don phaitinní agus tabharfaidh sé don iarratasóir agus don phaitinní caoi ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCeannasaí gur suíodh aon fhoras acu sin a dúradh, féadfaidh sé, le hordú, a ordú go gcúlghairfear an phaitinn go neamhchoinníollach nó mura rud é go ndéanfar, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú, an tsonraíocht iomlán a leasú chun a shástachta:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an Ceannasaí ordú chun paitinn a chúlghairm go neamhchoinníollach faoin alt seo mura mbeidh na himthosca de shórt a bhéarfadh go mbeadh sé ceart aige an phaitinn a dhiúltú in imeachtaí faoi alt 19 den Acht seo.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Paitinn a ghéilleadh.

36. —(1) Féadfaidh paitinní a thairiscint tráth ar bith, trí fhógra a thabhairt don Cheannasaí, a phaitinn a ghéilleadh.

(2) I gcás tairiscint den sórt sin a dhéanamh fógróidh an Ceannasaí an tairiscint ar an modh forordaithe; agus féadfaidh aon duine leasmhar, laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis na fógraíochta sin, fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis an ngéilleadh.

(3) Má dhéantar aon fhógra freasúra den sórt sin a thabhairt go cuí, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don phaitinní.

(4) Más deimhin leis an gCeannasaí, tar éis éisteacht a thabhairt don phaitinní agus d'aon fhreasúróir, má theastaíonn uathu éisteacht a fháil, go bhféadfar go cuí an phaitinn a ghéilleadh, féadfaidh sé glacadh leis an tairiscint agus, le hordú, an phaitinn a chúlghairm.

(5) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.