An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Paitinn a Dheonú, a Aisiriú, a Aisghairm agus a Ghéilleadh, etc.) Ar Aghaidh (CUID V. Imeachtaí mar gheall ar Phaitinní a Shárú.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID IV.

Formhuiniú Saorálach agus Éigeantach, Réamhaíocht, agus Forálacha maidir le Cearta in Aireagáin.

“Ceadúnais de cheart” a fhormhuiniú ar phaitinn.

37. —(1) Aon uair tar éis paitinn a shéalú, féadfaidh an paitinní a iarraidh ar an gCeannasaí go bhformhuineofaí ar an bpaitinn na focail “ceadúnais de cheart”; agus i gcás ina ndéanfar iarratas den sórt sin cuirfidh an Ceannasaí an t-iarratas in iúl d'aon duine a bheidh taifeadta ar an gclár mar dhuine a bhfuil teideal aige chun leasa sa phaitinn, agus más deimhin leis, tar éis caoi a thabhairt d'aon duine den sórt sin ar éisteacht a fháil, nach bhfuil an paitinní coiscthe le conradh ó cheadúnais a dheonú faoin bpaitinn, cuirfidh sé faoi deara go bhformhuineofar an phaitinn dá réir sin.

(2) I gcás ina bhformhuineofar paitinn faoin alt seo—

(a) beidh aon duine, tráth ar bith dá éis sin, i dteideal de cheart chun ceadúnais faoin bpaitinn ar cibé téarmaí a shocróidh an Ceannasaí, cheal comhaontaithe, ar iarratas ón bpaitinní nó ón duine a mbeidh an ceadúnas ag teastáil uaidh;

(b) féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas ó shealbhóir aon cheadúnais a deonaíodh faoin bpaitinn roimh an bhformhuiniú, a ordú go malartófar an ceadúnas ar cheadúnas a bheidh le deonú de bhua an fhormhuinithe ar théarmaí a shocrófar mar a dúradh;

(c) más rud é, in imeachtaí mar gheall ar phaitinn a shárú (ar dhóigh seachas trí earraí a allmhuiriú) go ngeallfaidh an cosantóir ceadúnas a thógáil ar théarmaí a bheidh le socrú ag an gCeannasaí mar a dúradh, ní dheonófar aon urghaire ina choinne, agus ní bheidh an méid (más ann) is inghnóthaithe ina choinne mar dhamáistí níos mó ná dúbailt an mhéid ab iníoctha aige mar cheadúnaí dá ndeonófaí ceadúnas den sórt sin roimh an sárú ba luaithe a rinneadh;

(d) is iad na táillí athnuachana is iníoctha i leith na paitinne tar éis dáta an fhormhuinithe leath na dtáillí athnuachana ab iníoctha dá mba nár formhuiníodh an phaitinn amhlaidh.

(3) Nuair a bheidh téarmaí aon cheadúnais den sórt sin á socrú aige—

(a) féachfaidh an Ceannasaí leis an aireagán a chur á úsáid sa Stát chomh fairsing agus is féidir i gcomhréir le buntáiste réasúnach a bheith le fáil ag an bpaitinní as a chearta paitinne,

(b) féachfaidh an Ceannasaí leis an mbuntáiste is mó is féidir a áirithiú don phaitinní i gcomhréir leis an aireagán a bheith á oibriú ag an gceadúnaí ar bhrabús réasúnach sa Stát,

(c) féachfaidh an Ceannasaí le comhionannas buntáiste a áirithiú i imeasc na gceadúnaithe ar leithligh, agus chuige sin féadfaidh sé, ar chúis chuí a shuíomh, laghdú a dhéanamh ar na ríchíosanna nó ar na híocaíochtaí eile a fhaibhreoidh don phaitinní faoi aon cheadúnas a deonaíodh roimhe sin,

(d) féadfaidh an Ceannasaí na téarmaí a chumadh ar dhóigh go gcoiscfear ar an gceadúnaí aon earraí a allmhairiú isteach sa Stát a mbeadh a n-allmhairiú, dá mba dhaoine seachas an paitinní nó iad siúd a bheidh ag éileamh faoi a dhéanfadh é, ina shárú ar an bpaitinn, agus sa chás sin measfar an paitinní agus na ceadúnaithe uile faoin bpaitinn a bheith tar éis cúnant frithpháirteach a dhéanamh in aghaidh an allmhairithe sin.

(4) Beidh ag an gceadúnaí, faoi aon cheadúnas a dheonófar de bhua paitinn a fhormhuiniú faoin alt seo (mura rud é, i gcás ceadúnais a socraítear a théarmaí trí chomhaontú, go bhforálann an ceadúnas a mhalairt go sainráite), teideal chun a iarraidh ar an bpaitinní imeachtaí a thionscnamh chun aon sárú ar an bpaitinn a chosc; agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an paitinní déanamh amhlaidh laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha air amhlaidh, féadfaidh an ceadúnaí imeachtaí mar gheall ar an sárú a thionscnamh ina ainm féin ionann is dá mba é an paitinní é, agus cosantóir a dhéanamh den phaitinní;

Ar choinníoll nach mbeidh paitinní a ndéanfar cosantóir de amhlaidh faoi dhliteanas i leith aon chostas mura dtaifeadfaidh sé láithreas agus go nglacfaidh sé páirt sna himeachtaí.

(5) Beidh in iarratas chun paitinn a fhormhuiniú faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar) nach bhfuil an paitinní coiscthe le conradh ó cheadúnais a dheonú faoin bpaitinn; agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a lorg ar an iarratasóir.

(6) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun paitinn bhreisithe a fhormhuiniú, áireofar é mar iarratas chun an phaitinn don phríomh-aireagan a fhormhuiniú freisin, agus aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun paitinn a bhfuil paitinn bhreisithe i bhfeidhm ina leith a fhormhuiniú áireofar é mar iarratas chun an phaitinn bhreisithe a fhormhuiniú freisin; agus i gcás ina ndeonófar paitinn bhreisithe i leith paitinne a bheidh formhuinithe cheana féin faoin alt seo, formhuineofar an phaitinn bhreisithe amhlaidh freisin.

(7) Gach uile fhormhuiniú a dhéanfar faoin alt seo ar phaitinní, taifeadfar é i gclár na bpaitinní agus foilseofar é san Irisleabhar agus ar cibé modh eile a mheasfaidh an Ceannasaí is inmhianaithe chun an formhuiniú a thabhairt faoi iúl mhonaróirí.

(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Formhuiniú a chealú.

38. —(1) Aon uair tar éis paitinn a bheith formhuinithe faoin alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an paitinní a iarraidh ar an gCeannasaí an formhuiniú a chealú; agus má dhéantar iarratas den sórt sin agus go n-íocfar iarmhéid na dtáillí athnuachana go léir ab iníoctha dá mba nár formhuiníodh an phaitinn, féadfaidh an Ceannasaí, más deimhin leis nach bhfuil aon cheadúnas ar marthain faoin bpaitinn nó go dtoilíonn gach ceadúnaí faoin bpaitinn leis an iarratas, an formhuiniú a chealú dá réir sin.

(2) Laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis paitinn a bheith formhuinithe mar a dúradh, féadfaidh duine ar bith a bheidh á éileamh go bhfuil an paitinní, agus go raibh sé tráth an fhormhuinithe, coiscthe le conradh, a bhfuil leas ag an éilitheoir ann ó cheadúnais a dheonú faoin bpaitinn, a iarraidh ar an gCeannasaí an formhuiniú a chealú.

(3) Más deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas arna dhéanamh faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, go bhfuil agus go raibh cosc mar a dúradh ar an bpaitinní, cealóidh sé an formhuiniú; agus air sin dlífidh an paitinní suim a íoc, laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar, is ionann agus iarmhéid na dtáillí athnuachana uile a bheadh iníoctha dá mba nár formhuiníodh an phaitinn, agus mura n-íocfar an tsuim sin laistigh den tréimhse sin scoirfidh an phaitinn d'éifeacht a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(4) I gcás ina gcealófar formhuiniú paitinne faoin alt seo, beidh cearta agus dliteanais an phaitinní ina dhiaidh sin mar a bheidís dá mba rud é nach ndearnadh an formhuiniú.

(5) Déanfaidh an Ceannasaí aon iarratas a chuirfear chuige faoin alt seo a fhógairt ar an modh forordaithe; agus, laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis na fógartha sin—

(a) i gcás iarratais faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh aon duine leasmhar, agus

(b) i gcás iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an paitinní,

fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis an gcealú.

(6) I gcás ina dtabharfar aon fhógra freasúra den sórt sin, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé don iarratasóir agus don fhreasúróir caoi ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

(7) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun formhuiniú paitinne breisithe a chealú, áireofar é mar iarratas chun formhuiniú na paitinne don phríomh-aireagán a chealú freisin, agus aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun formhuiniú paitinne a bhfuil paitinn bhreisithe i bhfeidhm ina leith a chealú, áireofar é mar iarratas chun formhuiniú na paitinne breisithe a chealú freisin.

(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Formhuiniú éigeantach nó ceadúnas éigeantach.

39. —(1) Aon uair tar éis ceithre bliana a bheith caite ó dháta an iarratais ar phaitinn, nó trí bliana ó dháta séalaithe na paitinne, cibé acu sin is déanaí, féadfaidh aon duine leasmhar iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí ar cheadúnas faoin bpaitinn nó chun na focail “ceadúnais de cheart” a fhormhuiniú ar an bpaitinn ar an bhforas go ndearnadh mí-úsáid de na cearta monaplachta faoin bpaitinn.

(2) Is iad seo a leanas na forais, a meastar gur mí-úsáid ar chearta monaplachta iad, ar a bhféadfar iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo, is é sin le rá:

(a) nach bhfuil an t-aireagán paitinnithe, is féidir a oibriú go trádálach sa Stát, á oibriú go trádálach ann nó á oibriú amhlaidh go feadh lán an mhéid is féidir go réasúnach;

(b) nach bhfuil éileamh ar an earra paitinnithe sa Stát á fhreastal ar théarmaí réasúnacha, nó go bhfuil sé á fhreastal go feadh méid substainteach trí allmhairiú;

(c) go bhfuil oibriú trádálach an aireagáin sa Stát á chosc nó á bhac mar gheall ar an earra paitinnithe a bheith á allmhairiú;

(d) mar gheall ar dhiúltú ón bpaitinní ceadúnas nó ceadúnais a dheonú ar théarmaí réasúnacha—

(i) nach bhfuil soláthar á dhéanamh do mhargadh le haghaidh onnmhairiú an earra phaitinnithe arna mhonarú sa Stát; nó

(ii) go bhfuil oibriú nó oibriú éifeachtach aon aireagáin phaitinnithe eile sa Stát a fhónann go substaintiúil don ealaín á chosc nó á bhac; nó

(iii) go bhfuil dochar míchothrom á dhéanamh do bhunú nó d'fhorbairt gníomhaíochtaí tráchtála nó tionscail sa Stát;

(e) mar gheall ar choinníollacha atá curtha ag an bpaitinní le deonú ceadúnas faoin bpaitinn nó le ceannach, fruiliú nó úsáid an earra nó an phróisis phaitinnithe, go bhfuil dochar míchothrom á dhéanamh do mhonarú, d'úsáid nó do dhíol ábhar nach bhfuil á gcosaint ag an bpaitinn, nó do bhunú nó d'fhorbairt gníomhaíochtaí tráchtála nó tionscail sa Stát;

(f) go ndearnadh coinníoll atá, de bhua alt 54 den Acht seo, ar neamhní a chur isteach i gconradh a rinneadh tar éis tosach feidhme an Achta seo maidir le haon earra nó próiseas atá á chosaint ag an bpaitinn a dhíol nó a ligean ar léas nó maidir le ceadúnas chun é a úsáid nó a oibriú:

Ar choinníoll, chun a chinneadh an ndearnadh aon mhí-úsáid de na cearta monaplachta faoi phaitinn, go nglacfar leis go ndeonaítear paitinní d'aireagáin nua ní amháin chun an cheapadóireacht a spreagadh ach chun a áirithiú go ndéanfar, a mhéid is féidir sin, aireagáin nua a oibriú go trádálach sa Stát gan moill mhíchuí.

(3) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfaidh an Ceannasaí, más deimhin leis gur suíodh aon cheann de na forais a dúradh, ordú a dhéanamh de réir an iarratais; agus más ordú chun ceadúnas a dheonú é, féadfaidh sé a cheangal go ndeonófar an ceadúnas ar cibé téarmaí is cuí leis an gCeannasaí:

Ar choinníoll—

(a) i gcás an t-iarratas a dhéanamh ar an bhforas nach bhfuil an t-aireagán paitinnithe á oibriú go trádálach sa Stát nó nach bhfuil sé á oibriú go feadh lán an mhéid is féidir go réasúnach agus gur dóigh leis an gCeannasaí go bhfuil an t-am atá caite ó séalaíodh an phaitinn neamhdhóthanach, ar chúis ar bith, chun go bhféadfaí é a oibriú amhlaidh, go bhféadfaidh sé, le hordú, an t-iarratas a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis a thabharfaidh dóthain ama chun an t-aireagán a oibriú amhlaidh;

(b) nach ndéanfar ordú faoin alt seo chun paitinn a fhormhuiniú ar an bhforas nach bhfuil soláthar á dhéanamh do mhargadh le haghaidh onnmhairiú an earra phaitinnithe, agus go mbeidh in aon cheadúnas a dheonófar faoin alt seo ar an bhforas sin cibé forálacha a fheicfear don Cheannasaí a bheith fóirsteanach chun srian a chur leis na tíortha ina bhféadfaidh an ceadúnaí an earra paitinnithe a dhíol nó a úsáid;

(c) nach ndéanfar aon ordú faoin alt seo i leith paitinne ar an bhforas go bhfuil oibriú nó oibriú éifeachtach aireagáin phaitinnithe eile sa Stát á chosc nó á bhac, mura deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil an paitinní i leith an aireagáin eile sin ábalta agus toilteanach ceadúnas i leith an aireagáin eile sin a dheonú don phaitinní agus dá cheadúnaithe ar théarmaí réasúnacha;

(d) go mbeidh aon cheadúnas a dheonófar neamh-eisiatach agus neamh-inaistrithe;

(e) go bhféadfar téarmaí aon cheadúnais a dheonófar a chumadh ar dhóigh go gcoiscfear ar an gceadúnaí aon earraí a allmhairiú isteach sa Stát a mbeadh a n-allmhairiú, dá mba dhaoine seachas an paitinní nó iad siúd a bheidh ag éileamh faoi a dhéanfadh é, ina shárú ar an bpaitinn, agus sa chás sin measfar an paitinní agus na ceadúnaithe uile faoin bpaitinn a bheith tar éis cúnant frithpháirteach a dhéanamh in aghaidh an allmhairithe sin.

(4) Nuair a bheidh an Ceannasaí á chinneadh an ndéanfaidh sé ordú de bhun aon iarratais den sórt sin, cuirfidh sé san áireamh na nithe seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) nádúr an aireagáin, an t-am atá caite ó séalaíodh an phaitinn agus na bearta atá déanta cheana féin ag an bpaitinní nó ag aon cheadúnaí chun lán-úsáid a bhaint as an aireagán;

(b) ábaltacht aon duine dá ndeonófaí ceadúnas faoin ordú ar an aireagán a oibriú chun tairbhe an phobail; agus

(c) na fiontair ina rachadh an duine sin ag soláthar caipitil agus ag oibriú an aireagáin, má dheonaítear an t-iarratas;

ach ní bheidh de cheangal air nithe a chur san áireamh a tharla tar éis an t-iarratais a dhéanamh.

(5) Féadfaidh duine ar bith iarratas a dhéanamh faoin alt seo d'ainneoin é a bheith cheana féin ina shealbhóir ar cheadúnas faoin bpaitinn; agus ní bheidh urbhac ar aon duine aon ní dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a líomhnú mar gheall ar aon admháil a rinne sé, cibé acu i gceadúnas den sórt sin nó ar dhóigh eile é, nó mar gheall ar cheadúnas den sórt sin a bheith glactha aige.

(6) San alt seo folaíonn “earra paitinnithe” aon earra a dhéantar le próiseas paitinnithe.

Forálacha maidir le ceadúnais.

40. —(1) Más deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige faoin alt deiridh roimhe seo den Acht so, go bhfuil dochar míchothrom á dhéanamh do mhonarú, úsáid nó díol earraí nach bhfuil cosanta ag an bpaitinn mar gheall ar choinníollacha a chuir an paitinní le deonú ceadúnas faoin bpaitinn, nó le ceannach, fruiliú nó úsáid an earra nó an phróisis phaitinnithe, féadfaidh sé, faoi réir forálacha an ailt sin, a ordú ceadúnais faoin bpaitinn a dheonú do cibé custaiméirí de chuid an iarratasóra is cuí leis chomh maith le hiad a dheonú don iarratasóir.

(2) Má dhéantar iarratas faoin alt deiridh roimhe seo ó dhuine is sealbhóir ar cheadúnas faoin bpaitinn, féadfaidh an Ceannasaí, má dhéanann sé ordú chun ceadúnas a dheonú don iarratasóir, a ordú go gcealófar an ceadúnas atá ar marthain, nó féadfaidh sé, más cuí leis é, in ionad a ordú go ndeonófar ceadúnas don iarratasóir, a ordú go leasófar an ceadúnas atá ar marthain.

(3) Más rud é ar iarratas faoin alt deiridh roimhe seo go n-ordóidh an Ceannasaí ceadúnas a dheonú, féadfaidh sé a ordú go n-oibreoidh an ceadúnas—

(a) chun aon cheart a bhaint den phaitinní a bheadh aige mar phaitinní chun an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol nó chun ceadúnais faoin bpaitinn a dheonú;

(b) chun na ceadúnais uile atá ar marthain maidir leis an aireagán a chúlghairm.

(4) Bainfidh fo-alt (4) d'alt 37 den Acht seo le ceadúnas a deonaíodh de bhun ordú faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo faoi mar a bhaineann sé le ceadúnas a deonaíodh de bhun an ailt sin 37.

Formhuiniú etc., ar iarratas ó Aire Stáit.

41. —(1) Aon uair tar éis ceithre bliana a bheith caite ó dháta an iarratais ar phaitinn, nó trí bliana ó dháta séalaithe paitinne, cibé acu sin is déanaí, féadfaidh aon Aire Stáit iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí ar aon fhoras nó forais dá sonraítear in alt 39 den Acht seo chun na focail “ceadúnais de cheart” a fhormhuiniú ar an bpaitinn nó chun ceadúnas faoin bpaitinn a dheonú d'aon duine a shonrófar san iarratas; agus féadfaidh an Ceannasaí, más deimhin leis gur suíodh aon fhoras acu sin, ordú a dhéanamh de réir an iarratais.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (6) d'alt 39 den Acht seo agus ag alt 40 den Acht seo, a mhéid is infheidhme iad, maidir le hiarratas agus le hordú faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, faoi mar atá feidhm acu maidir le hiarratas agus le hordú faoin alt sin 39.

Aireagáin a bhaineann le bia nó le cógais leighis.

42. —(1) Gan dochar do na forálacha roimhe seo den Acht seo, má bhíonn paitinn i bhfeidhm—

(a) maidir le substaint is féidir a úsáid mar bhia nó mar chógas leighis nó i dtáirgeadh bia nó cógais leighis; nó

(b) maidir le próiseas chun substaint mar a dúradh a tháirgeadh; nó

(c) maidir le haon aireagán is féidir a úsáid mar chóir liachta nó mháinliachta nó mar chóir shlánaithe eile, nó mar chuid den chéanna,

déanfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ó aon duine leasmhar, a ordú ceadúnas faoin bpaitinn a dheonú don iarratasóir ar cibé téarmaí is cuí leis, mura dóigh leis, ag féachaint dá mhéid is inmhianaithe go dtabharfaí spreagadh do cheapadóirí agus d'fhás agus d'fhorbairt an tionscail agus do cibé nithe eile is iomchuí leis, go bhfuil réasúin mhaithe ann chun an t-iarratas a dhiúltú.

(2) Nuair a bheidh téarmaí ceadúnais faoin alt seo á socrú ag an gCeannasaí, féachfaidh sé lena áirithiú go mbeidh bia, leigheasanna agus córacha liachta agus máinliachta agus córacha slánaithe eile ar fáil ag an bpobal ar na praghsanna is ísle i gcomhréir le tairbhe réasúnach a bheith le fáil ag na paitinnithe as a gcearta paitinne.

(3) Tabharfaidh ceadúnas a dheonófar faoin alt seo teideal don cheadúnaí an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol mar bhia nó mar chógas leighis, nó chun bia nó cógas leighis a tháirgeadh, nó mar chóir liachta nó mháinliachta nó cóir shlánaithe eile, nó mar chuid den chéanna ach ní chun aon chríocha eile.

Paitinn a chúlghairm tar éis ceadúnas a dheonú.

43. —(1) I gcás ordú a bheith déanta chun ceadúnas faoi phaitinn a dheonú de bhun iarratais faoi alt 39 den Acht seo, féadfaidh aon duine leasmhar, uair ar bith tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta an ordaithe sin, a iarraidh ar an gCeannasaí an phaitinn a chúlghairm ar aon fhoras dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 39; agus más rud é, i gcás aon iarratais den sórt sin, gur deimhin leis an gCeannasaí—

(a) gur suíodh aon fhoras acu sin; agus,

(b) nach bhféadfaí na críocha chun ar féidir ordú a dhéanamh de bhun iarratais faoin alt sin 39 a ghnóthú trí aon ordú a dhéanamh den sórt a údaraítear a dhéanamh de bhun iarratais den sórt sin,

féadfaidh sé a ordú an phaitinn a chúlghairm.

(2) Féadfar ordú ag cúlghairm paitinne faoin alt seo a dhéanamh ar dhóigh go mbeidh éifeacht leis gan choinníoll, nó i gcás nach gcomhlíonfar, laistigh de cibé tréimhse réasúnach a shonrófar san ordú, cibé coinníollacha a fhorchuirfidh an t-ordú d'fhonn na críocha a dúradh a ghnóthú, agus féadfaidh an Ceannasaí, ar chúis réasúnach a shuíomh in aon chás, aon tréimhse a shonrófar amhlaidh a fhadú le hordú ina dhiaidh sin.

An nós imeachta i gcás iarratas faoi alt 39 go 43.

44. —(1) Sonrófar i ngach iarratas faoi ailt 39 go 43 den Acht seo cad é an cineál ordaithe atá á iarraidh ag an iarratasóir agus beidh ráiteas ann (a bheidh le fíorú ar cibé modh a bheidh forordaithe) ina luafar cad é an cineál leasa (más ann), atá ag an iarratasóir agus cad iad na fíorais is foras don iarratas.

(2) Más deimhin leis an gCeannasaí, ar aon iarratas den sórt sin a bhreithniú, gur tugadh cás prima facie le hordú a dhéanamh, ordóidh sé don iarratasóir cóipeanna den iarratas a sheirbheáil ar an bpaitinní agus ar aon daoine eile ar léir ó chlár na bpaitinní go bhfuil leas acu sa phaitinn ar ina leith a dhéantar an t-iarratas, agus fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar.

(3) Féadfaidh an paitinní nó aon duine eile ar mian leis dul i bhfreasúra leis an iarratas fógra freasúra a thabhairt don Cheannasaí laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Ceannasaí de thoradh iarratais (arna dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse forordaithe nó ina dhiaidh sin).

(4) In aon fhógra freasúra den sórt sin beidh ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a bheidh forordaithe) ina leagfar amach forais an fhreasúra leis an iarratas.

(5) Má thugtar go cuí aon fhógra freasúra den sórt sin, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir, agus, faoi réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo maidir le headráin, tabharfaidh sé caoi don iarratasóir agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.

Achomharc agus imeachtaí a chur faoi bhraid eadránaí.

1954, Uimh. 26 .

45. —(1) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon ordú a dhéanfaidh an Ceannasaí de bhun iarratais faoi ailt 39 go 43 den Acht seo.

(2) I gcás aon achomhairc faoin alt seo, beidh an tArd-Aighne, nó cibé abhcóide eile a cheapfaidh sé, i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil.

(3) I gcás ina mbeifear i bhfreasúra le haon iarratas den sórt sin de réir an ailt deiridh roimhe seo, agus—

(a) go dtoileoidh na páirtithe; nó

(b) gur gá sna himeachtaí scrúdú fada a dhéanamh ar dhoiciméid nó aon imscrúdú eolaíoch nó áitiúil nach féidir, i dtuairim an Cheannasaí, a dhéanamh go caothúil os a chomhair féin,

féadfaidh an Ceannasaí, tráth ar bith, a ordú go ndéanfar na himeachtaí uile, nó aon cheist nó saincheist fíorais a éireoidh iontu, a chur faoi bhráid eadránaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe nó, cheal comhaontaithe, a cheapfaidh an Ceannasaí.

(4) I gcás ina gcuirfear na himeachtaí uile faoi bhráid eadránaí mar a dúradh, ní bheidh feidhm ag alt 35 den Acht Eadrána, 1954 (a bhaineann le sonrú cásanna ag eadránaithe chun breith na hArd-Chúirte a fháil orthu) maidir leis an eadráin; ach, mura rud é go gcomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt sula ndéanfar dámhachtain an eadránaí, féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh na dámhachtana.

(5) I gcás ina gcuirfear ceist nó saincheist fíorais faoi bhráid eadránaí mar a dúradh, tuairisceoidh an t-eadránaí a chinntí don Cheannasaí.

Forálacha forlíontacha maidir le ceadúnais.

46. —(1) Gan dochar d'aon mhodh eile chun é a chur i bhfeidhm, beidh éifeacht ag aon ordú faoin Acht seo chun ceadúnas a dheonú ionann is dá mba ghníomhas é, arna fhorghníomhú ag an bpaitinní agus ag gach páirtí eile is gá, a dheonaíonn ceadúnais de réir an ordaithe.

(2) Féadfar ordú a dhéanamh ar iarratas faoi ailt 39 go 41 den Acht seo chun na focail “ceadúnais de cheart” a fhormhuniú ar phaitinn d'ainneoin aon chonartha a chuirfeadh cosc le formhuiniú na paitinne ar iarratas ón bpaitinní faoi alt 37 den Acht seo; agus beidh ag aon ordú den sórt sin an éifeacht chéanna chun gach críche a bheadh ag formhuiniú arna dhéanamh de bhun iarratais faoin alt sin 37.

(3) Ní dhéanfar aon ordú de bhun aon iarratais faoi ailt 39 go 43 den Acht seo a bheadh ag neamhréiteach le haon chonradh, coinbhinsiún, comhshocraíocht nó gealltanas a bhaineann leis an Stát agus le haon tír choinbhinsiúin.

Foilsiú roimh ré.

47. —(1) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, ní mheasfar réamhaíocht a bheith déanta i leith aireagáin a éilítear i sonraíocht iomlán de bhíthin amháin gur foilsíodh an t-aireagán roimh dháta tosaíochta an éilimh iomchuí sa tsonraíocht, má chruthaíonn an paitinní nó iarratasóir na paitinne—

(a) gur uaidh féin nó (i gcás nach é féin an fiórcheapadóir agus an chéadcheapadóir) ó aon duine óna ngabhann sé teideal a fuarthas an t-ábhar a foilsíodh, agus gur foilsíodh é gan a thoiliú nó gan toiliú aon duine den sórt sin; agus

(b) go ndearnadh an t-iarratas ar phaitinn nó (i gcás iarratais choinbhinsiúin) an t-iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin tráth nach mó ná sé mhí i ndiaidh dáta an fhoilsithe sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má bhí an t-aireagán á oibriú go trádálach sa Stát roimh dháta tosaíochta an éilimh, ar dhóigh seachas chun triail réasúnach a dhéanamh air, ag an bpaitinní nó ag iarratasóir na paitinne nó ag aon duine óna ngabhann sé teideal, nó ag aon duine eile le toiliú an phaitinní nó iarratasóir na paitinne nó le toiliú aon duine óna ngabhann sé teideal.

(2) I gcás ina gcomhdófar sonraíocht iomlán de bhun iarratais ar phaitinn ó dhuine arb é an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir é nó ó dhuine a ghabhann teideal uaidh, ní mheasfar go ndearnadh réamhaíocht ar aireagán a éilítear sa tsonraíocht sin de bhíthin amháin aon iarratas eile ar phaitinn i leith an aireagáin chéanna a bheith déanta, contrártha do chearta an duine sin, ná de bhíthin amháin go ndearnadh, tar éis dáta comhdaithe an iarratais eile sin, an t-aireagán a úsáid nó a fhoilsiú, gan toiliú an duine sin, ag an iarratasóir i leith an iarratais eile sin, nó ag aon duine eile de dhroim aon eolas i dtaobh an aireagáin sin a bheith nochta ag an iarratasóir sin, má rinneadh an t-iarratas céadluaite tráth nach mó ná sé mhí tar éis aon úsáide nó foilsithe den sórt sin.

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí glacadh le sonraíocht iomlán nó paitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear paitinn ná ní chuirfear ó bhail í de bhíthin amháin gur bhain aon imthosca leis an gcás nach ionann, de bhua an ailt seo, agus réamhaíocht i leith an aireagáin a éilítear sa tsonraíocht.

Páirtiú, taispeáint nó oibriú roimh ré.

48. —(1) Ní mheasfar réamhaíocht a bheith déanta i leith aireagáin de bhíthin amháin go ndearnadh an t-aireagán a éilítear i sonraíocht iomlán a pháirtiú le hAire Stáit no le haon duine a bhí údaraithe ag Aire Stáit chun an t-aireagán nó a fhiúntas a imscrúdú.

(2) Ní mheasfar réamhaíocht a bheith déanta i leith aireagáin mar gheall ar an aireagán a thaispeáint ag taispeántas idir náisiúnta, a ndeimhneoidh an tAire gur taispeántas idirnáisiúnta é ná mar gheall ar aon tuairisc ar an aireagán a fhoilsiú i rith na tréimhse a bheidh an taispeántas ar siúl, ná mar gheall ar an aireagán a úsáid chun críche an taispeántais san áit ina mbeidh an taispeántas ar siúl, ná mar gheall ar an aireagán a úsáid i rith na tréimhse a bheidh an taispeántas ar siúl ag aon duine in áit eile, gan ionpháirteacht nó toiliú an cheapadóra:

Ar choinníoll—

(a) go dtabharfaidh an taispeántóir, sula dtaispeánfaidh sé an t-aireagán, nó a cheadóidh sé an foilsiú sin, an fógra forordaithe don Cheannasaí go bhfuil ar intinn aige é sin a dhéanamh; agus

(b) go ndéanfar an t-iarratas ar phaitinn roimh dháta oscailte an taispeántais nó laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin.

(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí glacadh le sonraíocht iomlán nó paitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear paitinn ná ní chuirfear ó bhail í, de bhíthin amháin gur bhain aon imthosca leis an gcás nach ionann, de bhua an ailt seo, agus réamhaíocht i leith an aireagáin a éilítear sa tsonraíocht.

Abhar a úsáid agus a fhoilsiú tar éis sonraíochta sealadaí nó iarratais choigríche.

49. —(1) I gcás ina gcomhdófar sonraíocht iomlán nó ina rachfar ar aghaidh léi de bhun iarratais lenar ghabh sonraíocht shealadach nó sonraíocht a áirítear, de bhua ordacháin faoi fho-alt (4) d'alt 8 den Acht seo, mar shonraíocht shealadach, ansin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí an phaitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear an phaitinn ná ní chuirfear ó bhail í de bhíthin amháin go ndearnadh aon ábhar a tuairiscíodh sa tsonraíocht shealadach nó sa tsonraíocht a áirítear mar a dúradh ina sonraíocht shealadach a úsáid nó a fhoilsiú tráth ar bith i ndiaidh dáta comhdaithe na sonraíochta sin.

(2) I gcás ina gcomhdófar sonraíocht iomlán de bhun iarratais choinbhinsiúin, ansin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí an phaitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear an phaitinn ná ní chuirfear ó bhail í de bhíthin amháin go ndearnadh aon ábhar a nochtadh in aon iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin agus ar a mbeidh an t-iarratas coinbhinsiúin bunaithe, a úsáid nó a fhoilsiú tráth ar bith i ndiaidh dáta an iarratais sin ar chosaint.

An dáta tosaíochta i gcás aireagán a fháil.

50. —I gcás ina ndéanfar iarratas ar phaitinn d'aireagán a éilíodh i sonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun aon iarratais eile den sórt sin, ansin, más rud é—

(a) gur dhiúltaigh an Ceannasaí paitinn a dheonú de bhun an iarratais eile sin ar an bhforas a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht seo; nó

(b) go ndearna an chúirt nó an Ceannasaí cúlghairm ar phaitinn a deonaíodh de bhun an iarratais eile sin ar an bhforas a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 nó i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo; nó

(c) go ndearnadh an tsonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun an iarratais eile sin a leasú, in imeachtaí faoi alt 19, alt 34 nó alt 35 den Acht seo, tríd an éileamh maidir leis an aireagán sin a eisiamh de dhroim an Ceannasaí nó an Chúirt a chinneadh go bhfuair an t-iarratasóir nó an paitinní an t-aireagán ó aon duine eile,

féadfaidh an Ceannasaí a ordú go measfar, chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le dáta tosaíochta na n-éileamh i sonraíochtaí iomlána, go ndearnadh an t-iarratas céadluaite agus aon sonraíocht a comhdaíodh dá bhun a chomhdú ar an dáta a comhdaíodh nó a measadh a comhdaíodh an doiciméad comhréire sna himeachtaí i gcás an iarratais eile sin.

Comhúinéireacht paitinní.

51. —(1) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go ndeonófar paitinn do bheirt nó níos mó, beidh teideal ag gach duine acu sin, mura mbeidh comhaontú dá mhalairt i bhfeidhm, chun scair chomhionann neamhroinnte sa phaitinn.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, má chláraítear beirt nó níos mó mar dheontaí nó dílseánach paitinne, ansin, mura mbeidh comhaontú dá mhalairt i bhfeidhm, beidh teideal ag gach duine acu sin, leis féin nó trína ghníomhairí, chun an t-aireagán paitinnithe a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol chun tairbhe dó féin gan cuntas a thabhairt ann don duine nó do na daoine eile.

(3) Faoi réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, agus aon chomhaontaithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dheonófar ceadúnas faoi phaitinn, agus ní shannfar scair i bpaitinn, ach amháin le toiliú na ndaoine go léir, seachas an ceadúnóir nó an sannóir, a bheidh cláraithe mar dheontaí nó dílseánach na paitinne.

(4) Nuair a dhéanfaidh duine amháin de bheirt nó níos mó, a bheidh cláraithe mar dheontaí nó dílseánach paitinne, earra a dhíol, beidh teideal ag an gceannaitheoir, agus ag aon duine a bheidh ag éileamh tríd, chun déileáil leis an earra ionann is dá mba phaitinní aonair a dhíol an earra.

(5) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm ag na rialacha dlí a bhaineann le húinéireacht agus cineachadh maoine pearsanta i gcoitinne maidir le paitinní faoi mar atá feidhm acu maidir le hábhair eile i gcaingean; agus ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo difear do chearta nó oibleagáidí frithpháirteacha iontaobhaithe, nó ionadaithe pearsanta, duine mhairbh, nó dá gcearta nó dá n-oibleagáidí sa cháil sin dóibh.

Cumhacht an Cheannasaí chun ordacháin a thabhairt do chomhúinéirí.

52. —(1) I gcás ina mbeidh beirt nó níos mó cláraithe mar dheontaí nó dílseánach paitinne, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ar an modh forordaithe ó aon duine acu sin, cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt de réir an iarratais maidir leis an bpaitinn, nó aon leas inti, a dhíol nó a ligean ar léas, maidir le ceadúnais faoin bpaitinn a dheonú, nó maidir le haon cheart ina leith faoin alt deiridh sin roimhe seo a fheidhmiú.

(2) Má fhaillíonn aon duine a bheidh cláraithe mar dheontaí nó dílseánach na paitinne aon ionstraim a fhorghníomhú nó aon ní eile a dhéanamh is gá chun aon ordachán a tugadh faoin alt seo a chomhlíonadh laistigh de cheithre lá dhéag tar éis d'aon duine de na daoine eile atá cláraithe amhlaidh a iarraidh air i scríbhinn é sin a dhéanamh, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ar an modh forordaithe ó aon duine eile den sórt sin, ordacháin a thabhairt á chumhachtú d'aon duine an ionstraim sin a fhorghníomhú nó an ní sin a dhéanamh in ainm agus thar ceann an duine a rinne an fhaillí.

(3) Sula dtabharfaidh sé ordacháin de bhun iarratais faoin alt seo, tabharfaidh an Ceannasaí caoi chun éisteacht a fháil—

(a) i gcás iarratais faoi fho-alt (1) den alt seo, don duine nó do na daoine eile a cláraíodh mar dheontaí nó dílseánach na paitinne;

(b) i gcás iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo, don duine a rinne an fhaillí.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh nó ordacháin a thabharfaidh Ceannasaí faoin alt seo.

(5) Ní thabharfar aon ordachán faoin alt seo ar dhóigh a dhéanfadh difear do chearta nó oibleagáidí frithpháirteacha iontaobhaithe, nó ionadaithe pearsanta, duine mhairbh, nó dá gcearta nó dá n-oibleagáidí sa cháil sin dóibh.

Díospóidí maidir le haireagáin a rinne fostaithe.

53. —(1) Má éiríonn díospóid idir fostóir agus duine atá, nó a bhí, san am iomchuí, ina fhostaí aige, maidir le cearta na bpáirtithe i leith aireagáin a rinne an fostaí ina aonar nó i gcomhar le fostaithe eile, nó i leith aon phaitinne a deonaíodh nó a bheidh le deonú ina leith, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas san fhoirm fhorordaithe a dhéanamh chuige ó cheachtar de na páirtithe, agus tar éis caoi a thabhairt do gach páirtí acu ar éisteacht a fháil, an t-ábhar faoi dhíospóid a chinneadh, agus féadfaidh sé cibé orduithe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt dá chinneadh.

Ar choinníoll, má fheictear don Cheannasaí, i gcás aon iarratais faoin alt seo, go mbaineann leis an ábhar faoi dhíospóid ceisteanna ar mó ba chuí iad a chinneadh ag an gCúirt, go bhféadfaidh sé diúltú déileáil leis.

(2) In imeachtaí os comhair na Cúirte idir fostóir agus duine atá, nó a bhí, san am iomchuí, ina fhostaí aige, nó i gcás iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, mura rud é gur deimhin léi, nó leis, go bhfuil teideal ag ceachtar de na páirtithe, agus go bhfuil an pairtí eile eisiata ó theideal, chun sochar aireagáin a rinne an fostaí, a fhoráil, le hordú, go gcionroinnfear eatarthu sochar an aireagáin, agus aon phaitinne a deonaíodh nó a dheonófar ina leith, ar cibé modh is cóir leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí.

(3) An cinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo, beidh leis, amhail idir na páirtithe agus daoine a bheidh ag éileamh fúthu, an éifeacht chéanna a bheadh le cinneadh ag an gCúirt.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.

Neamhniú coinníollacha áirithe a ghabhann le hearraí paitinnithe a dhíol, etc.

54. —(1) Ní dleathach, in aon chonradh maidir le haon earra nó próiseas a bheidh cosanta ag paitinn a dhíol nó a ligean ar léas, ná maidir le ceadúnas chun é a úsáid nó a oibriú, coinníoll a chur isteach a bhéarfaidh, go díreach nó go neamhdhíreach—

(a) go ndéanfar an ceannaitheoir, an léasaí nó an ceadúnaí a chosc nó a shrianadh ó úsáid a dhéanamh d'aon earra nó d'aon chineál earraí, paitinnithe nó gan bheith paitinnithe, nó d'aon phróiseas paitinnithe, a sholáthraítear nó atá ar úinéireacht ag duine ar bith seachas an díoltóir, an léasóir, nó an ceadúnóir nó a ainmnithigh, nó—

(b) go gceanglófar ar an gceannaitheoir, ar an léasaí, nó ar an gceadúnaí aon earra nó aon chineál earraí nach bhfuil cosanta ag an bpaitinn a fháil ón díoltóir, ón léasóir, ón gceadúnóir nó óna ainmnithigh;

agus beidh aon choinníoll den sórt sin ar neamhní:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—

(i) go gcruthóidh an díoltóir, an léasóir, nó an ceadúnóir go raibh sé de rogha ag an gceannaitheoir, ag an léasaí, nó ag an gceadúnaí an tráth a rinneadh an conradh, an earra a cheannach nó léas nó ceadúnas a fháil ar théarmaí réasúnacha, gan coinníollacha den sórt a dúradh; agus

(ii) go dtugann an conradh teideal don cheannaitheoir, don léasaí nó don cheadúnaí é féin a fhuascailt óna dhliteanas chun aon choinníoll den sórt sin a chomhlíonadh má thugann sé don pháirtí eile fógra trí mhí i scríbhinn agus go n-íocfaidh sé mar chúiteamh san fhuascailt sin, i gcás earra a cheannach, cibé suim, nó i gcás léasa nó ceadúnais, cibé cíos nó ríchíos ar feadh a mbeidh fágtha de théarma an chonartha, a shocróidh eadránaí a bheidh ceaptha ag an Aire.

(2) In aon chaingean, iarratas, nó imeachtaí faoin Acht seo, ní bheidh urbhac ar aon duine fuascailt a iarraidh nó a fháil de bhíthin aon admhála a rinne sé maidir le réasúnacht na dtéarmaí a tairgeadh dó faoi mhír (i) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt roimhe seo.

(3) Féadfaidh ceachtar páirtí, ar fhógra trí mhí i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile, aon chonradh maidir le haon earra paitinnithe nó aon phróiseas paitinnithe a ligean ar léas, nó maidir le ceadúnas chun é a úsáid nó a oibriú, a fhoirceannadh tráth ar bith tar éis an phaitinn nó na paitinní go léir lenar cosnaíodh an earra nó an próiseas an tráth a rinneadh an conradh, a scor de bheith i bhfeidhm, agus d'ainneoin aon ní contrártha dó sin sa chonradh sin nó in aon chonradh eile.

(4) Má chuireann an paitinní isteach i gconradh aon choinníoll atá ar neamhní de bhua an ailt seo, beidh sin ar fáil mar chosaint ar chaingean mar gheall ar shárú na paitinne lena mbaineann an conradh a thionscnófar le linn an conradh sin a bheith i bhfeidhm.

(5) Ní bheidh aon ní san alt seo ina ní—

(a) a dhéanfaidh difear d'aon choinníoll i gconradh trína dtoirmisctear ar dhuine aon earraí a dhíol seachas earraí duine áirithe; nó

(b) a fhorléireofar mar ní a dhéanann bailí aon chonradh a bheadh neamhbhailí murach an t-alt seo; nó

(c) a dhéanfaidh difear d'aon cheart chun conradh nó coinníoll i gconradh a fhoirceannadh má tá sin infheidhmithe ar leithligh ón alt seo; nó

(d) a dhéanfaidh difear d'aon choinníoll i gconradh le haghaidh léasa ar earra paitinnithe, nó ceadúnais chun a úsáidte, trína bhforcoimeádann an léasóir nó an ceadúnóir dó féin, nó dá ainmnithigh, an ceart chun cibé codanna nua den earra paitinnithe a sholáthar a bheidh riachtanach chun é a dheisiú nó a choimeád i ndeisriocht.