An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Imeachtaí mar gheall ar Phaitinní a Shárú.) Ar Aghaidh (CUID VII. Imeachtaí os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID VI.

Clár na bPaitinní.

Clár na bpaitinní.

63. —(1) Leanfar de chlár paitinní a choimeád san Oifig, ina dtaifeadfar sonraí i dtaobh paitinní atá i bhfeidhm, i dtaobh sannadh agus tarchur paitinní agus i dtaobh ceadúnas faoi phaitinní, agus fógra i dtaobh na n-ábhar go léir a cheanglaítear leis an Acht seo, nó faoi, a thaifeadadh sa chlár, agus i dtaobh cibé ábhar eile, a bhaineann le bailíocht nó dílseánacht paitinní, is cuí leis an gCeannasaí.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo agus aon rialacha a dhéanfaidh an tAire beidh clár na bpaitinní ar oscailt gach tráth caothúil lena scrúdú ag an bpobal; agus déanfar cóipeanna deimhnithe, arna séalú le séala an Cheannasaí, d'aon taifead sa chlár a thabhairt d'aon duine a éileoidh iad ar an táille fhorordaithe a íoc.

(3) Beidh clár na bpaitinní ina fhianaise prima facie ar aon ábhair a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó faoi, iad a thaifeadadh ann.

(4) Ní dhéanfar aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais, cibé acu sainráite, intuigthe nó inchiallaithe dó, a thaifeadadh i gclár na bpaitinní, agus ní bheidh an Ceannasaí faoi éifeacht aon fhógra den sórt sin.

Sannadh, etc., a chlárú.

64. —(1) I gcás duine a theacht, trí shannadh nó tarchur, trí oibriú dlí nó ar aon mhodh aistrithe eile, chun bheith i dteideal paitinne nó scaire i bpaitinn, nó a theacht chun bheith i dteideal aon leasa eile i bpaitinn, mar mhorgáistí, mar cheadúnaí nó eile, déanfaidh sé iarratas chun an Cheannasaí ar an modh forordaithe á iarraidh a theideal mar dhílseánach nó comhdhílseánach nó, de réir mar a bheidh, fógra i dtaobh a leasa, a chlárú i gclár na bpaitinní.

(2) Gan dochar d'fhorálacha an fho-ailt roimhe seo, i gcás aon duine a theacht i dteideal paitinne nó scaire i bpaitinn trí shannadh, nó a theacht i dteideal aon leasa eile i bpaitinn de bhua morgáiste, ceadúnais nó ionstraime eile, féadfaidh an sannóir, an morgáisteoir, an ceadúnóir nó páirtí eile san ionstraim sin, cibé acu é, iarratas a dhéanamh ar an modh forordaithe chun teideal an duine sin a chlárú.

(3) Nuair a dhéanfar iarratas faoin alt seo chun teideal aon duine a chlárú, déanfaidh an Ceannasaí, ar an teideal a chruthú chun a shástachta—

(a) i gcás an duine sin a bheith i dteideal paitinne nó scaire i bpaitinn, é a chlárú i gclár na bpaitinní mar dhílseánach nó comhdhílseánach na paitinne, agus sonraí na hionstraime nó an teagmhais óna ngabhann sé teideal a thaifeadadh sa chlár sin; nó

(b) i gcás an duine sin a bheith i dteideal aon leasa eile sa phaitinn, fógra i dtaobh a leasa, maraon le sonraí na hionstraime (más ann) a bhunaigh é, a thaifeadadh sa chlár sin.

(4) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le comhúinéireacht paitinní, agus freisin faoi réir aon chearta a dílsíodh d'aon duine eile agus a mbeidh fógra ina dtaobh taifeadta i gclár na bpaitinní, beidh sé de chumhacht ag an duine nó ag na daoine a cláraíodh mar dheontaí nó dílseánach paitinne an phaitinn a shannadh, ceadúnais a dheonú fúithi, nó déileáil léi ar dhóigh eile, agus admhálacha éifeachtúla a thabhairt ar aon chomaoin mar gheall ar aon sannadh, ceadúnas nó déileáil den sórt sin:

Ar choinníoll go bhféadfar aon chothromais i leith na paitinne a chur i bhfeidhm ar an modh céanna ina ndéanfaí sin i leith aon mhaoine pearsanta eile.

(5) Féadfaidh rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a cheangal go ndéanfar cóipeanna de cibé gníomhais, ceadúnais agus doiciméad eile a bheidh forordaithe a sholáthar don Cheannasaí lena gcomhdú san Oifig.

(6) Ach amháin chun críocha iarratais chun an clár a cheartú faoi na forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, ní dhéanfar doiciméad nach ndearnadh aon taifead ina leith i gclár na bpaitinní faoi fho-alt (3) den alt seo a ghlacadh in aon chúirt mar fhianaise ar theideal aon duine chun paitinne nó chun scaire nó leasa i bpaitinn mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

Cumhacht na Cúirte chun an clár a leasú.

65. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an Chúirt, i gcás iarratais ar an modh forordaithe ó aon duine arb éagóir leis aon taifead áirithe a bheith gan cur sa chlár nó a bheith fágtha as nó aon taifead a bheith curtha sa chlár gan cúis leordhóthanach, nó aon taifead a bheith á fhágáil go mícheart ar an gclár, nó aon earráid nó locht a bheith in aon taifead sa chlár, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun an taifead sin a dhéanamh, a scriosadh nó a athrú.

(2) Féadfaidh an Chúirt, in aon imeacht faoin alt seo, aon cheist a chinneadh is gá nó is fóirsteanach a chinneadh i ndáil le ceartú an chláir.

(3) Tabharfar an fógra forordaithe i dtaobh aon iarratais faoin alt seo don Cheannasaí, agus beidh de cheart aige láithriú agus éisteacht a fháil air, agus láithreoidh sé má ordaíonn an Chúirt amhlaidh. Mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, féadfaidh an Ceannasaí, in ionad láithriú agus éisteacht a fháil, ráiteas i scríbhinn faoina láimh a chur faoi bhráid na Cúirte, ag tabhairt sonraí i dtaobh na n-imeachtaí os a chomhair i ndáil leis an ábhar a bheidh i saincheist nó i dtaobh na bhforas a bhí le haon chinneadh a thug sé agus a bhain leis an gcéanna nó i dtaobh chleachtas na hOifige i gcásanna dá shamhail, nó i dtaobh aon ábhar eile a bhfuil baint acu leis na saincheisteanna agus atá ar eolas aige mar Cheannasaí, de réir mar is cuí leis, agus measfar gur cuid den fhianaise san imeacht an ráiteas sin.

(4) I gcás calaoise i gclárú nó i dtarchur paitinne, féadfaidh an Ceannasaí féin iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi fhorálacha an ailt seo.

(5) In aon ordú ón gCúirt chun an clár a cheartú, ordófar fógra i dtaobh an cheartaithe a sheirbheáil ar an gCeannasaí ar an modh forordaithe, agus ar an bhfógra sin a fháil dó ceartóidh an Ceannasaí an clár dá réir.

(6) Féadfar, de rogha an iarratasóra, aon iarratas faoin alt seo (seachas iarratas ón gCeannasaí) a dhéanamh chun an Cheannasaí ar an gcéad ásc, agus sa chás sin beidh ag an gCeannasaí cumhachtaí uile na Cúirte faoin alt seo, ach féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Cheannasaí.

Cumhacht chun earráidí cléireachais, etc., a cheartú.

66. —(1) Féadfaidh an Ceannasaí, de réir forálacha an ailt seo, ceartú a dhéanamh ar aon earráid chléireachais in aon phaitinn, in aon iarratas ar phaitinn, nó in aon doiciméad a comhdaíodh de bhun iarratais den sórt sin, nó, gan dochar d'fho-alt (6) den alt deiridh roimhe seo, ar aon earráid i gclár na bpaitinní.

(2) Féadfar ceartú a dhéanamh de bhun an ailt seo má iarrann aon duine leasmhar é sin i scríbhinn lena ngabhfaidh an táille fhorordaithe, nó gan iarraidh den sórt sin.

(3) I gcás ina mbeartóidh an Ceannasaí aon cheartú den sórt a dúradh a dhéanamh ar dhóigh seachas de bhun iarraidh faoin alt seo, tabharfaidh sé fógra go bhfuil sin beartaithe aige don phaitinní nó d'iarratasóir na paitinne, cibé acu é, agus d'aon duine eile a bhfeicfear dó baint a bheith aige leis, agus tabharfaidh sé caoi dóibh éisteacht a fháil sula ndéanfaidh sé an ceartú.

Deimhniú an Cheannasaí agus cóipeanna séalaithe de dhoiciméid san Oifig a bheith ina bhfianaise.

67. —(1) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi láimh an Cheannasaí maidir le haon taifead, ábhar, nó ní a údaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo, nó le haon rialacha ginearálta faoin Acht seo, beidh sé ina fhianaise prima facie go ndearnadh an taifead, agus ar a bhfuil sa taifead, nó ar an ábhar nó an ní a bheith déanta nó fágtha gan déanamh.

(2) Aon chóipeanna nó sleachta clóite nó scríofa, a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag an gCeannasaí nó ag oifigeach don Cheannasaí agus a bheith séalaithe le séala an Cheannasaí, ar cóipeanna iad de phaitinní, de shonraíochtaí agus de dhoiciméid nó leabhair eile san Oifig, agus de chláir a choimeádtar san Oifig, nó ar sleachta iad as an gcéanna, glacfar i bhfianaise iad i ngach cúirt agus i ngach imeacht dhlíthiúil gan a thuilleadh cruthúnais ná gan na scríbhinní bunaidh a thabhairt ar aird.

Eolas a iarrfar maidir le paitinn nó iarratas ar phaitinn.

68. —Déanfaidh an Ceannasaí, má iarrann aon duine air é ar an modh forordaithe agus go n-íocfaidh sé an táille fhorordaithe, cibé eolas a shonrófar san iarraidh a thabhairt don duine a iarrfaidh é maidir le haon phaitinn nó iarratas ar phaitinn, arb eolas é i dtaobh aon ábhair den sórt a fhorordófar.

Srian le sonraíochtaí, etc., a fhoilsiú.

69. —Ní dhéanfaidh an Ceannasaí aon iarratas ar phaitinn, ná aon sonraíocht a comhdaíodh dá bhun, a fhoilsiú, ná ní bheidh siad ar oscailt lena scrúdú ag an bpobal, ach amháin le toiliú an iarratasóra, aon tráth roimh an dáta a fhógrófar san Irisleabhar de bhun fho-alt (2) d'alt 18 den Acht seo:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an tAire tráth a fhorordú ina ndéanfar aon sonraíocht iomlán a comhdaíodh san Oifig de bhun iarratais ar phaitinn a fhágáil ar oscailt lena scrúdú ag an bpobal.

Cailleadh nó díothú paitinní.

70. —Má chailltear nó má dhíothaítear paitinn, nó má thugtar cuntas chun sástacht an Cheannasaí ina neamhthabhairt ar aird, féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith dúblach di a shéalú.