An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Clár na bPaitinní.) Ar Aghaidh (CUID VIII. An Oifig agus an Ceannasaí.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID VII.

Imeachtaí os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte.

Feidhmiú cumhachta lánroghnaí ag an gCeannasaí.

71. —I gcás ina dtugtar aon chumhacht lánroghnach don Cheannasaí leis an Acht seo nó faoi, ní fheidhmeoidh sé an chumhacht sin i gcodarsna leis an iarratasóir ar phaitinn nó ar leasú sonraíochta ná i gcodarsna le dílseánach cláraithe paitinne gan (má iarrann an t-iarratasóir nó an dílseánach cláraithe é sin air laistigh den tréimhse fhorordaithe) caoi a thabhairt don iarratasóir nó don dílseánach cláraithe ar éisteacht a fháil.

Costais agus urrús i leith costas.

72. —(1) Féadfaidh an Ceannasaí, in aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo, cibé costais is réasúnach leis a dhámhachtain, le hordú, d'aon pháirtí, agus a ordú conas a bheidh, agus cé hiad na páirtithe ag a mbeidh, na costais le híoc; agus féadfar riail Chúirte a dhéanamh d'aon ordú den sórt sin.

(2) Más rud é, i gcás aon pháirtí a thabharfaidh fógra i dtaobh aon fhreasúra faoin Acht seo nó a dhéanfaidh iarratas chun an Cheannasaí á iarraidh paitinn a chúlghairm nó ceadúnas faoi phaitinn a dheonú nó díospóid maidir le haireagán a chinneadh faoi alt 53 den Acht seo, nó a thabharfaidh fógra achomharc in aghaidh aon chinneadh ag an gCeannasaí faoin Acht seo, nach bhfuil cónaí ar an bpáirtí sin ná gnó á sheoladh aige sa Stát, féadfaidh an Ceannasaí nó, i gcás achomhairc, an Chúirt, a cheangal air urrús a thabhairt i leith costais na n-imeachtaí nó an achomhairc, agus mura dtugtar an t-urrús sin féadfar a áireamh gur tréigeadh an freasúra, an t-iarratas nó an t-achomharc.

Fianaise os comhair an Cheannasaí.

73. —(1) In aon imeacht faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile os comhair an Cheannasaí, is trí dhearbhú reachtúil a thabharfar an fhianaise mura n-ordaítear a mhalairt; ach in aon chás inar dóigh leis an gCeannasaí gur ceart déanamh amhlaidh, féadfaidh an Ceannasaí fianaise ó bhéal a ghlacadh in ionad nó i dteannta fianaise trí dhearbhú.

(2) I gcás achomhairc, féadfar aon dearbhú reachtúil den sórt sin a úsáid in ionad fianaise trí mhionnscríbhinn, ach má úsáidtear amhlaidh é bainfidh teagmhais agus iarmairtí uile fianaise trí mhionnscríbhinn leis.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí, chun críocha a fheidhmeanna, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a thoghairm chun freastal os a chomhair,

(b) na finnéithe a bheidh ag freastal os a chomhair a cheistiú faoi mhionn (agus tugtar údarás dó leis seo daoine a chur faoi mhionn) nó cead a thabhairt iad a cheistiú faoi mhionn,

(c) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó.

(4) Síneoidh an Ceannasaí an toghairm.

(5) Beidh teideal ag finné os comhair an Cheannasaí chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na Cúirte é.

(6) Más rud é—

(a) go mainneoidh duine ar bith freastal a dhéanamh tar éis é a thoghairm go cuí mar fhinné os comhair an Cheannasaí, nó

(b) go ndiultóidh duine ar bith, ar bheith i láthair dó mar fhinné, mionn a ghlacadh a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a fhreagairt, nó

(c) go ndéanfaidh duine ar bith aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt dlí le cumhacht chimithe i gcás díspeagadh cúirte an Ceannasaí, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an Ceannasaí cion an duine sin a dheimhniú faoina shéala oifigiúil don Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt, tar éis cibé fiosrúchán is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte.

Éisteacht ag an gCúirt le measúnóir.

74. —(1) I gcaingean nó imeacht mar gheall ar phaitinn a shárú nó chun í a chúlghairm, nó in imeacht eile faoin Acht seo, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, agus déanfaidh sí, arna iarraidh sin do na páirtithe uile sna himeachtaí, fios a chur ar mheasúnóir saincháilithe chun cuidiú léi, agus an cás a thriail go hiomlán nó go páirteach lena chabhair, agus sa chás sin triailfear an chaingean gan giúiré mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach, más cuí léi é, in aon imeacht os a comhair, fios a chur ar mheasúnóir chun cuidiú léi mar a dúradh.

(3) Is í an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach, cibé acu é, a chinnfidh cad é an luach saothair, más aon luach saothair é, a bheidh le híoc le measúnóir faoin alt seo, agus íocfar é mar chuid de na caiteachais a bhaineann le comhalladh an Achta seo.

Achomhairc in aghaidh cinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí.

75. —(1) Is chun na Cúirte a dhéanfar aon achomharc in aghaidh an Cheannasaí faoin Acht seo agus is ag breitheamh amháin den Chúirt a éistfear é, agus déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte socrú ó am go ham chun a áirithiú gurb é an breitheamh céanna, chomh fada agus is féidir sin, a éistfidh gach achomharc faoin alt seo.

(2) Éistfear go príobháideach aon achomharc den sórt sin a bhainfidh le sonraíocht paitinne nár cuireadh ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.

(3) In aon achomharc den sórt sin beidh an Ceannasaí i dteideal láithriú nó ionadaí a bheith aige ag feidhmiú ar a shon chun tacú lena chinneadh, agus láithreoidh sé má ordaíonn an Chúirt amhlaidh.

(4) In aon achomharc den sórt sin féadfaidh an Chúirt aon chumhacht a fheidhmiú a d'fhéadfadh an Ceannasaí a fheidhmiú sna himeachtaí óna mbeidh an t-achomharc á dhéanamh.

(5) Féadfaidh foráil a bheith i rialacha le haghaidh stiúradh imeachtaí faoin alt seo chun comhairleoirí eolaíochta a cheapadh le cuidiú leis an gCúirt, agus chun feidhmeanna na gcomhairleoirí sin a rialú. Déanfar luach saothair comhairleora eolaíochta a cheapfar de réir na rialacha sin a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) Ach amháin le cead na Cúirte, ní ghéillfear d'aon achomharc in aghaidh ordú nó cinneadh a thug an Ceannasaí murar tugadh fógra ina thaobh don Chúirt laistigh de mhí ó dháta an ordaithe nó an chinnte a mbeidh an t-achomharc á dhéanamh ina aghaidh, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh a fháil roimh dheireadh na tréimhse míosa sin).

(7) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí in aghaidh cinneadh a thug an Chúirt ar achomharc chuici faoin Acht seo (seachas achomharc faoi alt 11, 12, 13, 14, 19, 20, 21, 22, 28, 30 nó 31 den Acht seo).

Costais an Cheannasaí in imeachtaí Cúirte.

76. —In aon imeachtaí os comhair na Cúirte faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile ní dhámhfar costais don Cheannasaí ná ní ordófar dó costais a íoc.