An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Imeachtaí os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte.) Ar Aghaidh (CUID IX. Ilghnéitheach.)

12 1964

ACHT NA bPAITINNÍ, 1964

CUID VIII.

An Oifig agus an Ceannasaí.

Oifig na bPaitinní.

77. —(1) Chun críocha an Achta seo agus chun cibé críocha eile a ceapadh nó a cheapfar di ó am go ham ag an Oireachtas, leanfaidh oifig de bheith ann chun paitinní, dearthaí agus trádmharcanna a chlárú a dtabharfar Oifig na bPaitinní uirthi, agus déanfar tagairtí in aon achtachán don Oifig Chláraitheachta Maoine Tionnscail agus Tráchtála a bunaíodh faoi Acht 1927 a fhorléiriú mar thagairtí don Oifig.

(2) Beidh an Oifig faoi rialú réimdhíreach an Cheannasaí agus gníomhóidh seisean faoi mhaoirseacht agus stiúradh ginearálta an Aire.

Ceannasaí na bPaitinní, na nDearthaí agus na dTrádmharcanna.

78. —(1) Leanfaidh Oifig an Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála ar marthain mar chorparáid aonair le comharbas suthain agus séala oifigiúil (agus tabharfar aird bhreithiúnach ar loirg an tséala sin agus glacfar i bhfianaise iad) agus gairfear Ceannasaí na bPaitinní, na nDearthaí agus na dTrádmharcanna de, agus féadfaidh an Ceannasaí agairt a dhéanamh agus beidh sé inagartha faoin ainm sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán don Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála a ceapadh faoi Acht 1927 a fhorléiriú mar thagairtí don Cheannasaí.

(2) (a) Ceapfaidh an Rialtas, de réir mar is gá, duine oiriúnach chun oifig an Cheannasaí, agus beidh an duine sin i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse, agus ar cibé téarmaí, a cheapfaidh an Rialtas.

(b) Chun críocha an Achta seo measfar an duine a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo mar Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála a bheith arna cheapadh chun oifig an Cheannasaí faoin alt seo ar na téarmaí céanna agus ar an luach saothair céanna ar ar shealbhaigh sé an oifig chéadluaite.

(3) Gach duine a cheapfar chun bheith ina Cheannasaí faoin Acht seo gheobhaidh sé cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(4) Faoi réir sláinte mhaith a bheith aige tráth a cheaptha, agus d'ainneoin é a cheapadh gan deimhniú ó Choimisinéirí na Státseirbhíse, measfar, má cheaptar é go buan, an Ceannasaí a bheith ar fostú i Státseirbhís bhuan an Stáit agus féadfar cibé aoisliúntas nó liúntas eile nó aisce a dheonú dó féin ar é a scor, nó dá ionadaí pearsanta dlíthiúil ar é d'fháil bháis, a d'fhéadfaí a dheonú faoi na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire dá mbeadh sé i státseirbhís bhuan an Stáit.

(5) Aon ní nó rud a ordaítear a dhéanamh ag an gCeannasaí nó leis, féadfaidh aon oifigeach a bheidh údaraithe ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh leis.

(6) Aon uair a bheidh an Ceannasaí éagumasach go sealadach ar a dhualgais a fhreastal, nó a bheidh a oifig folamh, féadfaidh an tAire duine oiriúnach a cheapadh chun dualgais an Cheannasaí a chomhlíonadh le linn an éagumais nó an fholúntais sin, agus beidh ag gach duine a cheapfar amhlaidh, ar feadh a cheapacháin, cumhachtaí uile an Cheannasaí faoin Acht seo agus mar a chinnfear ar dhóigh eile le dlí, agus gheobhaidh sé cibé luach saothair, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais.

Oifigigh an Cheannasaí a cheapadh.

79. —(1) Is é an tAire a cheapfaidh oifigigh an Cheannasaí agus beidh cibé líon oifigeach ann a mheasfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a bheith riachtanach chun críocha an Achta seo agus le haghaidh cibé feidhmeanna eile a chuirfear de chúram ar an gCeannasaí, agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar cibé téarmaí, agus íocfar luach saothair leo de réir cibé rátaí agus ar cibé modh, a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(2) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas tuarastail nó luach saothair an Cheannasaí agus a chuid oifigeach agus cibé caiteachais eile a bhainfidh leis an Acht seo a chur in éifeacht agus a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(3) Daoine a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo mar oifigigh don Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála, measfar chun críocha an Achta seo iad a bheith arna gceapadh ina n-oifigigh don Cheannasaí faoin Acht seo ar na téarmaí céanna agus ar an luach saothair céanna ar ar shealbhaigh siad na hoifigí céadluaite sin.

Táillí.

1879, c.58.

80. —(1) Muirearóidh an Ceannasaí, agus íocfar, i leith nithe a bhaineann le paitinní a dheonú faoin Acht seo, nó i leith nithe eile a gcinnfear le dlí iad a theacht faoi réim dhualgas an Cheannasaí, cibé táillí a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar na táillí uile a mhuirearóidh an Ceannasaí faoin alt seo a bhailiú, agus tabharfar cuntas iontu, ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin alt seo.

An tIrisleabhar Oifigiúil.

81. —(1) Eiseoidh an Ceannasaí go tréimhsiúil irisleabhar (dá ngairtear an tIrisleabhar san Acht seo) ina bhfoilseoidh sé na nithe uile a n-ordaítear dó leis an Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí, iad a fhoilsiú, agus freisin cibé nithe agus eolas is dóigh leis a bheith úsáideach nó tábhachtach maidir le haireagáin phaitinnithe agus le nithe eile a mbeidh sé freagrach iontu faoin Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí.

(2) Féadfaidh an Ceannasaí tuarascálacha a eisiúint go tréimhsiúil san Irisleabhar nó mar fhorlíonadh air nó mar fhoilseachán ar leithligh—

(a) ar chásanna maidir le paitinní, dearthaí, trádmharcanna nó cóipcheart a cinneadh sa Stát, agus

(b) ar cibé cásanna maidir le paitinní, dearthaí, trádmharcanna nó cóipcheart a cinneadh lasmuigh den Stát agus ag dóigh leis an gCeannasaí iad a bheith úsáideach nó tábhachtach.

(3) Féadfaidh an Ceannasaí treoirleabhair, coimrí ar shonraíochtaí, catalóga agus oibreacha eile maidir le haireagáin, paitinní, dearthaí agus trádmharcanna a ullmhú agus a fhoilsiú.

(4) Déanfaidh an Ceannasaí socrú chun cóipeanna a dhíol de na doiciméid uile a n-ordaítear nó a n-údaraítear dó leis an alt seo, nó ar dhóigh eile le dlí, iad a eisiúint nó a fhoilsiú, agus freisin de na sonraíochtaí iomlána uile (maraon le haon líníochtaí a ghabhann leo) i leith paitinní a bheidh i bhfeidhm faoin Acht seo.

Tuarascálacha a bheith faoi phribhléid.

82. —Ach amháin mar a fhorordóidh an tAire, ní fhoilseofar tuarascálacha ó scrúdaitheoirí agus ó oifigigh eile faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a mbeidh an Ceannasaí freagrach ina riaradh ná ní bheidh siad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal agus ní dhlífear iad a thabhairt ar aird ná a scrúdú in aon imeacht dhlíthiúil mura ndeimhneoidh an chúirt nó an t-oifigeach ag a mbeidh cumhacht chun follasú a ordú san imeacht dhlíthiúil sin go bhfuil sé inmhianaithe ar mhaithe leis an gceartas go dtabharfaí ar aird nó go scrúdófaí iad amhlaidh agus gur chóir é sin a cheadú.

Féadfaidh an Ceannasaí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne.

83. —In aon chás a mbeidh amhras nó deacracht ann maidir le riaradh aon fhorálacha den Acht seo nó d'aon Acht eile a mbeidh sé freagrach ina riaradh, féadfaidh an Ceannasaí ordacháin i dtaobh an cháis a iarraidh ar an Ard-Aighne.

Tuarascáil bhliantúil.

84. —Cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, roimh an 1ú lá de Mhéan Fómhair gach bliain, go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil maidir leis an gcomhalladh a rinne sé, nó a rinneadh faoi, ar an Acht seo, nó ar aon Acht eile a mbeidh sé freagrach ina riaradh, i rith na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta roimhe sin, agus cuirfidh sé sa tuarascáil sin le haghaidh na bliana lena mbaineann sí na rialacha ginearálta uile a rinneadh sa bhliain sin faoi na hAchtanna sin nó chun críocha na nAchtanna sin, maraon le cuntas ar na táillí, na tuarastail agus na liúntais agus an t-airgead eile go léir a fuarthas agus a íocadh faoi na hAchtanna sin.

Uaire gnó agus laethanta eisiata.

85. —(1) I rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo féadfar a shonrú cad é an t-am a mheasfar an Oifig a bheith dúnta aon lá ar an bpobal chun críocha gnó faoin Acht seo a dhéanamh nó cibé gnó eile is feidhm de chuid an Cheannasaí nó na hOifige de réir dlí nó chun aon chineál gnó den sórt sin a dhéanamh, agus féadfar laethanta a shonrú a bheidh ina laethanta eisiata chun aon chríocha den sórt sin.

(2) Aon ghnó a dhéanfar faoin Acht seo aon lá tar éis an ama a shonrófar mar a dúradh nó lá is lá eisiata, maidir le gnó den chineál sin, measfar é a bheith arna dhéanamh an chéad lá ina dhiaidh sin nach lá eisiata; agus má théann an tréimhse chun aon ní a dhéanamh faoin Acht seo in éag ar lá eisiata, fadófar an tréimhse sin go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach lá eisiata.