|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) | Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Custaim agus Mál | |
[EN] |
Beoir. |
13. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1962 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis sin, dleacht máil de réir trí phunt déag, sé scilling agus naoi bpingin ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus cúig ghrád is caoga. |
[EN] | (2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1962 , déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, dleacht chustam de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach, agus ar ullmhóidí eile (cibé acu giosáilte nó neamhghiosáilte dóibh) dá samhail sin a allmhaireofar isteach sa Stát: | |
[EN] | (a) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—trí phunt is caoga, naoi scilling; | |
[EN] | (b) ar gach sé ghalún is tríocha beorach a bhfuil, nó a raibh roimh ghiosáil, saindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig ghrád déag ina foirt—dhá phunt is seasca, dhá scilling déag. | |
[EN] | (3) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1962 , déanfar, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, dleacht chustam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt (seachas beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo) a allmhaireofar isteach sa Stát, de réir trí phunt déag seacht scilling agus trí phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil. | |
[EN] | (4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1), fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraing, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir trí phunt déag seacht scilling ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar míle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh. | |
[EN] | (5) Más rud é, i gcás beoir ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beoir ar ar iníoctha aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo, nach míle caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin go coibhneasach. | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir le ceachtar de na dleachtanna custam dá dtagraíonn an t-alt seo. | |
[EN] |
Biotáille. 1920, c. 18. |
14. —(1) Déanfar an Finance Act, 1920, arna leasú le halt 4 den Acht Airgeadais, 1962 , a leasú, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, tríd an méid atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, a dúradh, in ionad an mhéid a cuireadh isteach sa Chuid sin I leis an alt sin 4, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a dúradh. |
[EN] | (2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna. | |
[EN] |
Biotáille (Tuaisceart Éireann). |
15. —(1) Baineann an t-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur monaraíodh i dTuaisceart Éireann go hiomlán í agus go ndearna an driogaire í a bhuidéalú agus a choinsíniú. |
[EN] | (2) Déanfar an dleacht chustam ar bhiotáille a luaitear san alt deiridh sin roimhe seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lá i ndiaidh an lae a rithfear an tAcht seo ar bhiotáille lena mbaineann an t-alt seo de réir naoi bpunt agus aon scilling déag agus seacht bpingin an galún arna ríomh de réir profa in ionad an ráta is inmhuirir faoin alt deiridh sin roimhe seo. | |
[EN] |
Olaí hiodracarbóin. I.R. Uimh. 104 de 1959. I.R. Uimh. 219 de 1959. |
16. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Ordú (Uimh. 69)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 69) (Ileacha Udrocarbóin) (Dleachtanna Máil), 1959; | |
[EN] | ciallaíonn “Ordú (Uimh. 84)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959. | |
[EN] | (2) Maidir leis an dleacht chustam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le ola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, de réir ráta 3s. 1⅙d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 3 den Ordú (Uimh. 84). | |
[EN] | (3) Maidir leis an dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar ar inmhuirir an dleacht sin a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, nó a bheidh á húsáid ag an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta 3s. 0⅙d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i mír 2 den Ordú (Uimh. 69). | |
[EN] | (4) Déanfar an dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, de réir ráta 2s. 511/12d. an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhua mhír 4 den Ordú (Uimh. 84). | |
[EN] | (5) Amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935— | |
[EN] | (a) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht chustam atá luaite i bhfo-alt (4) den alt seo de réir ráta 2s. 511/12d. an galún, 2s. 511/12d. an galún, agus | |
[EN] | (b) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht chustam atá luaite i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú (Uimh. 84), de réir ráta 2s. 411/12d. an galún, 2s. 411/12d. an galún, | |
[EN] | in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1964, de bhua fho-alt (2) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1960 . | |
[EN] | (6) Déanfar an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar ar inmhuirir an dleacht sin, a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, nó a bheidh á húsáid ag an monaróir sin an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir ráta 2s. 411/12d. an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhua mhír 3 den Ordú (Uimh. 69). | |
[EN] | (7) Amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935 i leith ola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a ndearnadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 2s. 411/12d. an galún, 2s. 411/12d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1964, de bhua fho-alt (3) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1960 . | |
[EN] | (8) Amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (8) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1957 , i leith ola hiodracarbóin ar ar inlamháilte an lacáiste sin agus ar a ndearnadh— | |
[EN] | (a) an dleacht mháil atá luaite i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir ráta 2s. 411/12d. an galún, nó | |
[EN] | (b) an dleacht chustam atá luaite i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc de réir ráta 2s. 411/12d. an galún nó 2s. 511/12d. an galún, | |
[EN] | naoi bpingin an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1964. | |
[EN] |
Tobac. R. & O.R., Uimh. 279 de 1940. |
17. —(1) Déanfar an dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1960, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois, de bhua fho-alt (6) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1962 . |
[EN] | (2) Déanfar an dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 15ú lá d'Aibreán, 1964, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhua fho-alt (7) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1962 . | |
[EN] | (3) Is de réir punt, dhá scilling agus cúig phingin an punt a íocfar an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíolfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis. | |
[EN] | (4) (a) Má shuíonn aon mhonaróir ceadúnaithe tobac chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearna sé, an 15ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, aon tobac lena mbaineann an fo-alt seo agus a mhonaraigh sé as tobac neamh-mhonaraithe ar ar íocadh dleacht, a dhíol agus a chur amach chun a úsáidte sa Stát, beidh teideal ag an monaróir sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha iomchuí a dhéanfar nó a fheidhmeofar faoin alt seo, chun lacáiste de réir cheithre scilling agus sé phingin an punt a fháil ar an tobac sin lena mbaineann an fo-alt seo. | |
[EN] | (b) Beidh éifeacht ag na Rialacháin um Lacáiste ar Thobac Crua-Fháiscthe, 1940, maidir leis an lacáiste faoin bhfo-alt seo, agus chun na críche sin— | |
[EN] | (i) forléireofar na tagairtí do thobac cruafháiscthe atá i Rialacháin 1, 3, 6, 7, 8 agus 9 de na Rialacháin sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do thobac lena mbaineann an fo-alt seo, agus | |
[EN] | (ii) forléireofar na tagairtí do lacáiste atá i Rialacháin, 1, 2, 3, 5, 7 agus 8 de na Rialacháin sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do lacáiste faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (c) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe de chineálacha a bhíonn ceaptha de ghnáth le caitheamh i bpíopaí, nach tobac is tobac cruafháiscthe mar a mhínítear sin in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 . | |
[EN] | (5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo, agus, go sonrach, chun a shocrú go ndéanfaí aisíocaí agus coigeartuithe lacáistí faoin alt seo i gcásanna ina mbeifí ag éileamh agus ag lamháil aistarraingt ar an tobac iomchuí nó ina mbeifí ag cur an tobac sin ar ais go dtí áitreabh an mhonaróra a mhonaraigh é nó go dtí áitreabh monaróra eile, agus má dhéantar aon rialacháin den sórt sin scoirfidh na Rialacháin um Lacáiste ar Thobac Crua-Fháiscthe, 1940, d'éifeacht a bheith acu maidir leis an lacáiste faoin alt seo. | |
[EN] | (6) Má dhéanann duine ar bith, chun lacáiste faoin alt seo nó faoi alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , a fháil dó féin nó d'aon duine eile (cibé acu i dtuairisceán a bhaineann leis an lacáiste nó ar shlí eile seachas in aon tuairisceán dá shamhail) ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear pionós custam £100 a chur air, nó trí oiread luach an tobac (lena n-áirítear an dleacht air) ar mar gheall air a rinne sé an ráiteas nó an t-uiríoll, cibé suim acu is mó, agus dlífear an tobac a fhorghéilleadh. | |
[EN] |
Dleacht cheadúnas arm tine. |
18. —(1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas arm tine” ceadúnas arm tine arna dheonú faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 agus 1964. |
[EN] | (2) I gcás ina dtiocfaidh ceadúnas arm tine i bhfeidhm, cibé acu trína dheonú nó trína athnuachan, an lú lá de Lúnasa, 1964, nó dá éis, muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht mháil de réir an ráta a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Íocfar leis an Aire Dlí agus Cirt nó leis an nGarda Síochána agus baileoidh an tAire Dlí agus Cirt nó an Garda Síochána an dleacht mháil ar cheadúnas arm tine a thiocfaidh i bhfeidhm an lú lá de Lúnasa, 1964, nó dá éis. | |
[EN] | (4) Ní bheidh éifeacht ag ailt 40 agus 43 den Acht Airgid, 1925 , maidir le ceadúnas arm tine a thiocfaidh i bhfeidhm an lú lá de Lúnasa, 1964, nó dá éis. | |
[EN] |
Leasú ar alt 8 (4) den Acht Airgeadais, 1942 , agus ar alt 20 (5) den Acht Airgeadais, 1960 . |
19. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1942 — |
[EN] | (i) trí “i gcoinnibh únaer mótar-fheithicle” a scriosadh, | |
[EN] | (ii) trí “i mótar-fheithicil” a chur in ionad “sa mhótarfheithicil sin”, agus | |
[EN] | (iii) trí “gurb é (i) úinéir na mótar-fheithicle sin nó, má bhí teideal ag duine seachas an t-úinéir an mótar-fheithicil sin a shealbhú san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine ag a raibh an teideal sin, agus (ii) má bhí duine seachas an t-úinéir nó an duine ag a raibh teideal mar a dúradh i bhfeighil na mótar-fheithicle sin san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine a bhí ina feighil amhlaidh” a chur in ionad “gurb é únaer sin na mótar-fheithicle sin”. | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 20 den Acht Airgeadais, 1960 — | |
[EN] | (i) trí “agus (c) gurb é an cosantóir úinéir na feithicle” a scriosadh as, agus | |
[EN] | (ii) trí “gurb é (i) úinéir na mótar-fheithicle sin nó má bhí teideal ag duine seachas an t-úinéir an mótar-fheithicil sin a shealbhú san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine ag a raibh an teideal sin agus (ii) má bhí duine seachas an t-úinéir nó an duine ag a raibh teideal mar a dúradh i bhfeighil na mótar-fheithicle sin san am ina líomhnaítear a rinneadh an cion, an duine a bhí ina feighil amhlaidh” a chur in ionad “gurb é an t-úinéir sin”. | |
[EN] |
Forálacha maidir le samplaí d'ola hiodracarbóin. |
20. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le samplaí d'ola hiodracarbóin a ghlacfar faoi alt 21 den Acht Airgid, 1935 , nó faoi aon rialacháin a dhéanfar faoin alt sin. |
[EN] | (2) Ní bheidh toradh aon ainilíse ar shampla den sórt sin inghlactha ar son an ionchúisimh in aon imeachtaí faoi alt 21 den Acht Airgid, 1935 , murab ainilísí údaraithe a rinne an ainilís. | |
[EN] | (3) In aon imeachtaí den sórt a luaitear san fho-alt roimhe seo— | |
[EN] | (a) féadfar ceadúnas a airbheartóidh a bheith sínithe ag ainilísí údaraithe a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas, | |
[EN] | (b) má thairgtear ceadúnas den sórt sin— | |
[EN] | (i) measfar nó go gcruthófar a mhalairt go bhfuil sé sínithe ag ainilísí údaraithe, | |
[EN] | (ii) beidh sé ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar na fíorais a bheidh luaite ann, | |
[EN] | (iii) faoi réir na chéad mhíre eile ina dhiaidh seo, ní gá don duine a shínigh é teacht i láthair ná fianaise viva voce a thabhairt, | |
[EN] | (iv) má dhíospóideann an cosantóir aon ráiteas ann déanfaidh an Breitheamh, ar iarratas ón ionchúiseamh, caoi réasúnach a thabhairt, tríd an éisteacht a chur ar atráth nó ar shlí eile, le haghaidh an duine a rinne an ainilís do theacht i láthair agus do thabhairt fianaise viva voce. | |
[EN] | (4) San alt seo, ciallaíonn “ainilísí údaraithe” an Ceimiceoir Stáit nó duine ag gníomhú faoina threoir. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 . |
21. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-alt (7): |
[EN] | “(7A) Ní dhéanfar dleacht faoin alt seo a mhuirearú ná a thobhach i leith aon fheithicle de dhroim í a bheith á húsáid ag comhairle contae, ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó ag comhairle ceantair uirbigh (lena n-áirítear aon chomhlacht den sórt sin á húsáid nó á glacadh ar fruiliú) chun ábhar a leathadh ar bhóithre poiblí a d'fhonn déileáil le sioc, oighear nó sneachta, nó d'fhonn sneachta a ghlanadh de bhóithre poiblí le céachta sneachta nó gaireas eile, cibé acu is cuid den fheithicil é nó nach ea nó de dhroim í a bheith á húsáid le dul chun na háite, nó le dul ón áit, ina n-úsáidtear í le haghaidh na gcríocha sin roimhe seo.” | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | |
[EN] | “(1A) Más rud é, mura mbeadh an fo-alt seo, go dtiocfadh dleacht chun bheith, agus go mbeadh sí, inmhuirir ar fheithicil de réir ráta níos airde de dhroim í a bheith á húsáid ag comhairle contae, ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó ag comhairle ceantair uirbigh (lena n-áirítear aon chomhlacht den sórt sin á húsaid nó á glacadh ar fruiliú) chun ábhar a leathadh ar bhóithre poiblí d'fhonn déileáil le sioc, oighear nó sneachta, nó d'fhonn sneachta a ghlanadh de bhóithre poiblí le céachta sneachta nó gaireas eile, cibé acu is cuid den fheithicil é nó nach ea, nó de dhroim í a bheith á húsáid le dul chun na háite, nó le dul ón áit ina n-úsáidtear í le haghaidh na gcríocha sin roimhe seo, ní thiocfaidh dleacht chun bheith, ná ní bheidh sí, inmhuirir de réir an ráta níos airde sin. | |
[EN] | (IB) I gcás ina n-úsáidfear tarracóir lena mbaineann fomhír (b) nó fo-mhír (c) de mhír (4) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar bhóithre poiblí chun é a thabhairt agus céachta sneachta nó gaireas dá shamhail i gceangal leis, go dtí áit ina mbeifear chun é a úsáid nó as áit inar úsáideadh é chun sneachta a ghlanadh de bhóithre, ní thiocfaidh ráta dleachta níos airde chun bheith, ná ní bheidh sé, inmhuirir i leith an tarracóra sin de dhroim é a úsáid mar sin.” |