An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

15 1964

AN tACHT AIRGEADAIS, 1964

CUID V

Cáin Bhrabús Corparáide

Faoiseamh i leith caillteanas áirithe.

1920, c. 18.

25. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharla, in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1962, nó dáta dá éis, gur bhain caillteanas sa ghnó don chuideachta ag a raibh gnó á sheoladh (is caillteanas a bheidh le ríomh sa dóigh chéanna ina ndéantar brabúis a ghnóthaítear i dtréimhse chuntasaíochta a ríomh chun críche cánach brabús corparáide), féadfaidh an chuideachta a éileamh, maidir leis an gcaillteanas, sa mhéid nach gcuirfear sa chuntas é ar shlí eile d'fhonn laghdú nó faoiseamh a thabhairt i leith aon mhuirear cánach brabús corparáide, go dtabharfar an caillteanas sin ar aghaidh agus, a mhéid is féidir, é a asbhaint ó na brabúis nó a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús a thiocfaidh as an ngnó sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile agus, más mó agus a mhéid is mó an caillteanas ná na brabúis a ghnóthófar amhlaidh sa tréimhse sin, é a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús a ghnóthófar amhlaidh sa chéad tréimhse chuntasaíochta eile, agus mar sin de.

(2) Más rud é, i gcás tréimhse chuntasaíochta inar tharla caillteanas, gur tharla cuid den chaillteanas roimh thosach an 1ú Eanáir, 1962, agus cuid de ina dhiaidh sin, déanfar an caillteanas a chionroinnt idir an tréimhse suas go dtí an dáta sin agus an tréimhse ag tosú ar an dáta sin i gcomhréir le fad na dtréimhsí sin faoi seach agus, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, tabharfar neamhaird in oiread den chaillteanas agus a chionroinnfear don tréimhse suas go dtí an dáta sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “gnó” aon trádáil nó gnó nó aon ghnóthas dá samhail ar brabúis lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, na brabúis uaidh.

(4) Na críocha is intuigthe as an tagairt i bhfo-alt (3) d'alt 53 den Finance Act, 1920, do chríocha Chuid V den Acht sin, ní fholóidh siad críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo, d'ainneoin fho-alt (5) d'alt 35 den Acht seo.

Leasú ar alt 52 den Finance Act, 1920.

26. —(1) Déanfar, go n-éifeacht amhail ar an 1ú lá d'Eanáir, 1964, agus dá éis, fo-alt (3) d'alt 52 den Finance Act, 1920, a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leis, amhail agus dá bhfágtaí amach as an míniú ar an bhfocal “company” atá san fho-alt sin, na focail “nor a private company the liability of whose members is unlimited”.

(2) D'fhonn éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, má bhíonn cuid de thréimhse chuntasaíochta roimh thosach an 1ú lá d'Eanáir, 1964, agus cuid de ina dhiaidh sin, déanfar brabúis iomlána na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt idir an tréimhse suas go dtí an dáta sin agus an tréimhse ag tosú ar an dáta sin i gcomhréir le fad na dtréimhsí sin faoi seach, agus ní mhuirearófar cáin bhrabús corparáide ach ar oiread de na brabúis agus a bheidh cionroinnte don tréimhse dar tosach an dáta sin, agus measfar an tréimhse sin a bheith ina tréimhse chuntasaíochta.

Asbhaintí i leith luach saothair stiúrthóirí.

1941, Uimh. 14 .

27. —Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1963, forléireofar coinníoll (c) a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (4) d'alt 36 den Acht Airgeadais, 1941 , agus beidh éifeacht leo ionann agus dá gcuirfí na focail “dhá mhíle cúig chéad punt” in ionad na bhfocal “míle cúig chéad punt”.

Cáin bhrabús corparáide a mheasúnú agus a bhailiú.

1946, Uimh. 15 .

1958, Uimh. 25 .

1962, Uimh. 15 .

28. —(1) D'ainneoin fho-alt (1) d'alt 56 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1946 , déanfaidh cigirí cánach measúnachtaí i leith cánach brabús corparáide, agus baileoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin.

(2) Dá reír sin—

(a) tar éis measúnachtaí i leith cánach brabús corparáide a bheith déanta, cuirfidh na cigirí cánach sonraí na suimeanna a bheidh le bailiú go dtí an tArd-Bhailitheoir agus baileoidh agus toibheoidh sé na suimeanna sin,

(b) forléireofar tagairtí do na Coimisinéirí Ioncaim i bhfo-alt (3) d'alt 54, i bhfo-alt (1) d'alt 55, agus i bhfo-alt (6) d'alt 56 den Finance Act, 1920, mar thagairtí do chigire cánach,

(c) cuirfear isteach “nó cánach brabús corparáide” i mír (a) d'fho-alt (5) d'alt 54 den Acht Airgeadais, 1958 , i ndiaidh “i leith cánach ioncaim nó forchánach.”

(d) forléireofar an tagairt don Ard-Chuntasóir Ioncaim i bhfo-alt (6) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , mar thagairt don Ard-Bhailitheoir.

(3) Scoirfidh na focail “by the Commissioners” i bhfo-alt (2) d'alt 55 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (7) d'alt 54 den Acht Airgeadais, 1958 , d'éifeacht a bheith acu.