|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Bhrabús Corparáide) | Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Faoisimh i leith Cánach faoi Alt 8.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
29. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ; | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasaitheach 1963” alt 97 den Acht Airgeadais, 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1963 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, ach “£1,384,304” a chur in ionad “£1,431,786”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1963 ach “£878,204” a chur in ionad “£926,179”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £1,588,036 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965. | |
[EN] | (5) Déanfar an ceathrú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise déag nach mó ná £1,027,246 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc. | |
[EN] | (7) Déanfar iarmhéid an cheathrú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Leasú ar Chuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956. |
30. —(1) Más rud é, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis— |
[EN] | (a) go ndíolfaidh cuideachta bagún leis an gCoimisiún Muc agus Bagúin de réir cheanglais faoi alt 23 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , agus | |
[EN] | (b) go n-onnmhaireofar an bagún as an Stát ag an gCoimisiún nó thar a cheann, | |
[EN] | beidh feidhm ag Cuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, ionann agus dá n-onnmhaireodh an chuideachta an bagún as an Stát, agus aon mhéid a bheidh infhaighte ag an gcuideachta as an mbagún a dhíol leis an gCoimisiún measfar, chun críocha na Coda sin den Acht sin, gur méid é is infhaighte as díol na n-earraí a onnmhaireofar amhlaidh. | |
[EN] | (2) Más rud é, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis— | |
[EN] | (a) de bhua ordú faoi alt 57 den Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 , go ndéanfar cuideachta a mhonaraíonn táirge bainne, de réir bhrí an Achta sin, seachas im— | |
[EN] | (i) a thoirmeasc go hiomlán ón táirge a onnmhairiú, nó | |
[EN] | (ii) a thoirmeasc ón táirge a onnmhairiú chun aon tíre shonraithe nó tíortha sonraithe, | |
[EN] | (b) go ndíolfaidh an chuideachta an táirge leis an mBord Bainne (dá ngairtear an Bord anseo feasta san fho-alt seo), agus | |
[EN] | (c) i gcás lena mbainfidh fo-mhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo, go n-onnmhaireoidh an Bord an táirge, nó i gcás lena mbainfidh fo-mhír (ii) den mhír sin, go n-onnmhaireoidh an Bord an táirge go dtí an tír shonraithe nó aon chuid de na tíortha sonraithe, | |
[EN] | beidh feidhm ag Cuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, ionann agus dá n-onnmhaireodh an chuideachta an táirge as an Stát, agus aon mhéid a bheidh infhaighte ag an gcuideachta as an táirge a dhíol leis an mBord measfar chun críocha na Coda sin den Acht sin, gur méid é is infhaighte as díol na n-earraí a onnmhaireofar amhlaidh. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, measfar nach bhfuil onnmhairiú toirmiscthe mura ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta nach bhfuil sé sásta é a cheadúnú. | |
[EN] |
Comhaontú maidir le méid cánach nach mbeidh faoi dhíospóid ar achomharc i gcoinne measúnachta. |
31. —(1) Más rud é, i gcás inar tugadh fógra achomhairc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide, go ndéanfaidh an t-achomharcóir agus cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim comhaontú mar gheall ar an méid cánach a mhuirearaítear leis an measúnacht agus ar cheart é a íoc d'ainneoin an achomhairc, baileofar agus íocfar an méid sin agus beidh ús air ar gach slí ionann agus dá mba cháin í a muirearaíodh le measúnacht nach raibh achomharc ar bith ar feitheamh ina leith agus ar an achomharc a chinneadh beidh aon iarmheíd cánach a bheidh inmhuirir de réir an chinnte iníoctha nó aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, de réir mar is gá sa chás. |
[EN] | (2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt seo do chomhaontú a dhéanamh le hachomharcóir folaíonn sé tagairt do chomhaontú a dhéanamh le duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc. | |
[EN] |
Alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , a leasú. |
32. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , trí “nó ailt 12 den Acht Airgeadais, 1964 ” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (1). |
[EN] |
Aisghairm. |
33. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. |
[EN] | (b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964. | |
[EN] | (2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 15ú lá d'Aibreán, 1964. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (4) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Chuid IV den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1964, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna. |
34. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. 1891, c. 39. 1920, c. 18. |
35. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Cuid I agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) ailt 30 agus 31 den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta an reachta a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. | |
[EN] | (4) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin. | |
[EN] | (5) Déanfar Cuid V den Acht seo agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin bhrabús corparáide) ailt 30 agus 31 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin. | |
[EN] | (6) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éileoidh an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (7) Measfar Cuid I den Acht seo do theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin. | |
[EN] | (8) Tiocfaidh alt 28 den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú. |