An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam))

15 1964

AN tACHT AIRGEADAIS, 1964

AN CHÉAD SCEIDEAL

Faoisimh i leith Cánach faoi Alt 8.

Alt 9.

Réamhráiteach.

1. Lamhálfar faoiseamh de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Sceideal seo i ndáil le cáin is inmhuirir de bhua alt 8 den Acht seo, i gcás ina ndéanfar éileamh go cuí de réir fho-alt (4) d'alt 9 den Acht seo.

1918, c. 40.

2. Forléireofar an tagairt d'fhaoiseamh atá in alt 17 den Income Tax Act, 1918, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhaoiseamh faoin Sceideal seo.

Faoiseamh trí laghdú na suimeanna is inmhuirir.

3. Nuair a bheifear ag ríomh an mhuirir i leith cánach maidir le íocaíocht ar ar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo, nach íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige, asbhainfear ón íocaíocht suim is comhionann agus an méid (más aon mhéid é) dar mhó ná trí mhíle punt an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach don oifig nó don fhostaíocht ar ina leith a dhéantar an íocaíocht.

4. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach” maidir le hoifig nó fostaíocht, suim arna háireamh mar a leanas, is é sin le rá—

(a) déanfar amach meánmhéid sochar oifige sealbhóra na hoifige nó na fostaíochta in aghaidh bliana amháin de réir na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís roimh an dáta iomchuí (nó de réir tréimhse uile a sheirbhíse más lú í ná trí bliana);

(b) iolrófar an fichiú cuid den mhéid a dhéanfar amach ag (a) ar an slánuimhir de bhlianta iomlána seirbhíse a bheidh curtha isteach ag an sealbhóir san oifig nó san fhostaíocht; agus

(c) asbhainfear as an toradh ag (b) suim is comhionann le méid, nó de réir mar a bheidh, le luach ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inmhuirir i leith cánach) a fuair an sealbhóir nó is infhaighte aige i leith na hoifige nó na fostaíochta de bhun aon scéime nó ciste de shórt dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht seo:

1958, Uimh. 25 .

Ar choinníoll nach dtabharfar aon aird chun críocha na míre seo ar sheirbhís aon duine mar oifigeach nó fostaí ag comhlacht corpraithe aon tráth nuair a bhí sé ina stiúrthóir dílseánach nó ina fhostaí dílseánach (mar a mhínítear sin le halt 31 den Acht Airgeadais, 1958 ) ag an gcomhlacht sin.

5. I gcás inar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó lena mbaineann mír 3 den Sceideal seo, is íocaíochtaí arna ndéanamh leis an duine céanna nó ina leith i ndáil leis an oifig nó an fhostaíocht chéanna nó i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla a shealbhaítear faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, ansin—

(a) beidh feidhm ag an mír sin 3 ionann agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid is comhionann lena méid comhiomlán na híocaíochtaí sin agus i gcás ina ndéanfar iad i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla amhail is dá mba é a bheadh sa sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach méid ba chomhionann le suim na sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach do na hoifigí nó do na fostaíochtaí sin;

(b) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam ó bhlianta measúnachta éagsúla, is é an faoiseamh a bheidh le deonú faoin mír sin i leith íocaíochta is inmhuirir i leith aon bhliana measúnachta an méid dar mó an faoiseamh arna ríomh de réir na forála sin roimhe seo i leith na híocaíochta sin agus aon íocaíochtaí is inmhuirir i leith blianta measúnachta roimhe sin ná an faoiseamh i leith na n-íocaíochtaí is deireanaí atá luaite;

agus i gcás nach ionann an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach d'oifig nó d'fhostaíocht ar ina leith a dhéanfar dhá cheann nó níos mó de na híocaíochtaí i gcás gach ceann de na híocaíochtaí sin, áireofar é chun críche na míre seo mar ní is comhionann leis an gceann is airde de na sochair sin.

6. Nuair a bheifear ag ríomh an mhuirir i leith cánach i gcás íocaíochta ar ar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo is íocaíocht a dhéanfar i leith oifige nó fostaíochta ina bhfolaíonn seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche agus nach íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige, asbhainfear ón íocaíocht (i dteannta aon asbhainte a lamháiltear faoi na forálacha roimhe seo den Sceideal seo) suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an tsuim ar ar inmhuirir cáin ar leithligh ón mír seo agus atá idir fad na seirbhíse coigríche agus fad na seirbhíse roimh an dáta iomchuí.

Faoiseamh trí laghdú cánach.

7. I gcás aon íocaíochta a bhfuil cáin inmhuirir faoi alt 8 den Acht seo ina leith, lamhálfar an faoiseamh seo a leanas trí asbhaint ón gcáin is inmhuirir de bhun an ailt sin, is é sin le rá, déanfar amach—

(a) an méid cánach ab inmhuirir ar leithligh ón mír seo i leith ioncam sealbhóra nó iarshealbhóra na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a n-áirítear an íocaíocht ina leith mar ioncam;

(b) an méid cánach ab inmhuirir amhlaidh dá mba nach ndearnadh an íocaíocht;

(c) an difríocht idir na méideanna cánach faoi seach ab inmhuirir amhlaidh ar an tuiscint—

(i) nach ndearnadh ach an codán iomchuí den íocaíocht (tar éis aon fhaoiseamh a bhain leis faoi na forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo a asbhaint) a íoc; agus

(ii) nach ndearnadh aon chuid den íocaíocht

agus gan aird a thabhairt, i gceachtar cás, ar aon sochair oifige eile ón oifig nó ón bhfostaíocht;

agus is é an méid a bheidh le hasbhaint an difríocht idir an méid a rinneadh amach ag (a) agus suim an mhéid a rinneadh amach ag (b) agus an t-iolrú iomchuí den difríocht a rinneadh amach ag (c).

8. I gcás ina bhfolaítear in ioncam sealbhóra nó iarshealbhóra na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a n-áirítear an íocaíocht mar ioncam ina leith ioncam a bhfuil teideal aige cáin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile, nó cáin a asbhaint, a choimeád nó a shásamh as aon íocaíocht a dhlíonn sé a dhéanamh le haon duine eile, déanfar na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (a) go (c) de mhír (7) den Sceideal seo a ríomh ionann is nach mbeadh an cháin sin inmhuirir i leith an ioncaim sin.

9. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an codán iomchuí” agus “an t-iolrú iomchuí”, faoi seach, maidir le haon íocaíocht—

(a) i gcás nach íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige an íocaíocht, an séú cuid agus a sé;

(b) i gcás gur íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige an íocaíocht, a haon arna roinnt ar an uimhir iomchuí de bhlianta seirbhíse gan chaitheamh, agus an uimhir sin de bhlianta;

agus chun críocha na míre seo ciallaíonn “an uimhir iomchuí de bhlianta seirbhíse gan chaitheamh” an uimhir de bhlianta iomlána a cuireadh san áireamh agus méid na híocaíochta á ríomh is blianta a mbeadh teideal ag sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta (ar shlí seachas de bhua socruithe a dhéanfaí ar ionchas a éirí as oifig nó a dhíochur as oifig nó aon athrú iomchuí i bhfeidhmeanna nó i sochair oifige na hoifige nó na fostaíochta) chun an oifig nó an fhostaíocht nó a sochair oifige iomlána a choinneáil, agus i gcás inar lú an tréimhse a áireofar mar a dúradh ná bliain iomlán amháin nó inar mó é ná uimhir chruinn de bhlianta áireofar é chun críocha na míre seo mar bhliain iomlán amháin nó mar an uimhir iomlán de bhlianta is airde ina dhiaidh sin, de réir mar a bheidh.

10. Má bhíonn cáin inmhuirir faoi alt 8 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó leis an duine céanna nó ina leith maidir leis an oifig no leis an bhfostaíocht chéanna agus gur inmhuirir amhlaidh í don bhliain mheasúnachta chéanna, áireofar na híocaíochtaí sin chun críocha mhír 7 den Sceideal seo mar aon íocaíocht amháin de mhéid is comhionann le méid comhiomlán na n-íocaíochtaí sin:

Ar choinníoll, nuair nach ionann an codán iomchuí agus an t-iolrú iomchuí i leith gach ceann de na híocaíochtaí, go ndéanfar an faoiseamh faoin mír sin 7 a ríomh ar leithligh maidir le gach íocaíocht nó íocaíochtaí ag a mbeidh codán iomchuí agus iolrú iomchuí éagsúil, agus in aon ríomh den sórt sin—

(a) fágfar as an áireamh chun críocha uile na míre sin 7 aon íocaíocht ar ísle an t-iolrú iomchuí ina leith; agus

(b) nuair a bheidh an difríocht ag (c) den mhír sin á dhéanamh amach glacfar leis nach ndearnadh ach an codán iomchuí d'aon íocaíocht ar airde an t-iolrú iomchuí ina leith;

agus is é an faoiseamh a lamhálfar suim na bhfaoiseamh a bheidh ríofa amhlaidh i leith na n-íocaíochtaí faoi seach.

11. Má bhíonn cáin inmhuirir faoi alt 8 den Acht seo i leith dhá íocaíocht nó níos mó leis an duine céanna nó ina leith i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla agus go mbeidh sí inmhuirir amhlaidh don bhliain mhéasúnachta chéanna, beidh feidhm ag míreanna 7 go 10 den Sceideal seo ionann agus dá ndéanfaí na híocaíochtaí sin i leith na hoifige nó na fostaíocht acéanna agus dá mba shochair oifige i leith na hoifige nó na fontaíochta céanna aon sochair oifige ó aon cheann de na hoifigí só de na fostaíochtaí sin.

Forlíontach

12. Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Sceideal seo d'íocaíocht ar inmhuirir cáin ina leith faoi alt 8 den Acht seo is tagairt í d'oiread den íocaíocht sin agus is inmhuirir i leith cánach tar éis an faoiseamh is infheidhmithe ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 9 den Acht seo a asbhaint.

13. Sa Sceideal seo ciallaíonn “íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige” íocaíocht a dhéanfar—

(a) de bhun ordú ó chúirt in imeachtaí mar gheall ar dhífhostú éagórach nó ar shlí eile mar gheall ar chonradh fostaíochta a shárú, nó mar shocrú ar na himeachtaí sin nó mar shocrú ar éileamh a bhféadfaí imeachtaí den sórt sin a bhunú ina leith; nó

(b) mar chúiteamh i dtaobh aon cheart a mhúchadh a mbeadh sárú air inchaingne in imeachtaí den sórt sin;

agus déanfar aon cheist i dtaobh cé acu is íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige nó nach ea aon íocaíocht áirithe, agus cá mhéad is íocaíocht den sórt sin í, a chinneadh de réir na gcúinsí uile agus ní trí thagairt do na téarmaí ar a ndeirtear í bheith déanta a chinnfear (nó a chinnfear go huile) an cheist sin.

14. Aon tagairt atá sa Sceideal seo do shochair oifige nó fostaíochta is tagairt í do na sochair oifige sin lasmuigh d'aon íocaíocht ar ar inmhuirir cáin faoi alt 8 den Acht seo; agus nuair a bheifear ag ríomh méid na sochar oifige sin chun aon chríche de chuid an Sceidil seo—

1959, Uimh. 18 .

(a) cuirfear san áireamh aon mhuirear cothromaíochta a bheidh dlite ar shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1959 ;

1921, c. 32.

(b) asbhainfear aon liúntais faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II den Sceideal D nó faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1959 , agus aon liúntas faoi Riail 9 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E, nó faoi alt 32 den Acht Airgeadais, 1921, nó faoi alt 38 den Acht Airgeadais, 1958 , a mbeidh teideal aige chucu;

agus, chun méid na sochar oifige in aghaidh aon bhliana seirbhíse a dhéanamh amach áireofar aon mhuirir nó liúntais mar a dúradh do bhliain mheasúnachta mar a bheadh siad ag faibhriú ó lá go lá agus cionroinnfear ar an dóigh sin iad de réir ama.

15. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an dáta iomchuí” maidir le híocaíocht nach íocaíocht ag iomalartú íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a dhéanfar é agus, maidir le híocaíocht ag iomalartú íocaíochtaí bliantúla nó íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a dhéanfaí na híocaíochtaí sin.

16. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “seirbhís choigríche” maidir le hoifig nó fostaíocht, seirbhís de chineál a fhágann—

(a) nach raibh cáin inmhuirir i leith sochar na hoifige nó na fostaíochta, nó

(b) toisc gurbh oifig nó fostaíocht faoi Sceideal E an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin faoin Sceideal sin inmhuirir i leith iomlán na sochar oifige a bhain leis an gcéanna, nó

1929, Uimh. 32 .

(c) toisc go meastar gur seilbh in áit lasmuigh den Stát de réir bhrí Chás III de Sceideal D an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin i leith an ioncaim ón gcéanna le ríomh de réir Riail (1) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 .

17. Aon tagairt atá sa Sceideal seo don mhéid cánach is inmhuirir nó ab inmhuirir ar dhuine is tagairt í don mhéid cánach is inmhuirir nó ab inmhuirir ar dhuine trí mheasúnacht nó trí asbhaint.