Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Deontais Tógála maidir le Tithe Cónaithe.)

34 1964


Uimhir 34 de 1964.


ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (GAELTACHT), 1929 GO 1959. [8 Nollaig, 1964].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1929, Uimh. 41 .

1949, Uimh. 4 .

1953, Uimh. 6 .

1959, Uimh. 16 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ;

ciallaíonn “Acht 1949” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949 ;

ciallaíonn “Acht 1953” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1959” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959 .

(2) Forléireofar mar aon ní amháin Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1959, agus an tAcht seo.

Méadú ar na teorainneacha le deontais áirithe.

2. —(1) Ní bheidh méid aon deontais faoi fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1929, i gcás inar tosaíodh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an teach cónaithe a thógáil, níos mó ná an tsuim iomchuí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Ní bheidh méid aon deontais faoi fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1929, i gcás inar tosaíodh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an obair ar lena haghaidh a thugtar an deontas, níos mó—

(a) maidir le teach cónaithe ina mbeidh trí sheomra tar éis an feabhsú nó an méadú a bheith críochnaithe—ná céad agus tríocha punt,

(b) maidir le teach cónaithe ina mbeidh ceithre sheomra tar éis an feabhsú nó an méadú a bheith críochnaithe—ná céad agus caoga punt, agus

(c) maidir le teach cónaithe ina mbeidh cúig sheomra nó níos mó tar éis an feabhsú nó an méadú a bheith críochnaithe—ná céad agus seachtó punt.

(3) Ní bheidh méid aon deontais faoi fho-alt (7) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1959) d'alt 3 d'Acht 1929, i gcás inar tosaíodh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an teach cónaithe a thógáil, níos mó ná an tsuim iomchuí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(4) (a) Ní bheidh feidhm ag an teorainn a forchuireadh le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1959 maidir le cás ar bith lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo.

(b) Ní bheidh feidhm ag an teorainn a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1959 maidir le cás ar bith lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo.

(c) Ní bheidh feidhm ag an teorainn a forchuireadh le fo-alt (4) d'alt 3 d'Acht 1959 maidir le cás ar bith lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo.

Deontais maidir le tithe.

3. —(1) I bhfomhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (5) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1959) d'alt 3 d'Acht 1929, cuirfear tagairtí do sheasca punt, cúig phunt tríocha agus céad is caoga punt in ionad na dtagairtí do chúig phunt is caoga, tríocha punt agus céad is daichead punt faoi seach i gcás inar tosaíodh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an obair ar lena haghaidh a thugtar an deontas.

(2) Sa Tábla a ghabhann le fo-alt 6 (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1959) d'alt 3 d'Acht 1929—

(a) maidir leis an gcéad chás dá dtagraítear sa chéad cholún den Tábla, cuirfear tagairt do £130 in ionad na tagartha do £100, cuirfear tagairt do £240 in ionad na tagartha do £180 agus cuirfear tagairt do £350 in ionad na tagartha do £260,

(b) maidir leis an dara cás dá dtagraítear sa cholún sin, cuirfear tagairt do £110 in ionad na tagartha do £80 agus cuirfear tagairt do £220 in ionad gach ceann den dá thagairt do £160, agus

(c) maidir leis an tríú cás dá dtagraítear sa cholún sin, cuirfear tagairt do £110 in ionad gach ceann de na trí thagairt do £80,

i gcás inar tosaíodh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith nó ina dtósófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an méadú a dhéanamh.

Deontais tógála seallaí saoire, deontais tógála brúnna.

4. —(1) (a) I bhfo-alt (1) d'alt 3A (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1959) d'Acht 1929, cuirfear tagairt do £300 in ionad na tagartha do £200 i gcás inar tosaíodh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an sealla saoire a thógáil.

(b) Féadfaidh an tAire, de bhun fho-alt (1) (arna leasú leis an mír roimhe seo) den alt sin 3A, cibé méid deontas tógála seallaí saoire is cuí leis a thabhairt d'aon chomhlacht daoine a cheadóidh sé chun grúpaí de sheallaí saoire a thógáil i gcás inar tosaíodh ar na seallaí saoire a thógáil an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar ar iad a thógáil tar éis an tAcht seo a rith, agus, in aon chás den sórt sin, ní bheidh feidhm ag na srianta atá san fho-alt sin maidir le gnáthchónaí agus le gnáthúsáid na Gaeilge ná ag an srian atá i bhfo-alt (3) den alt sin 3A.

(2) I bhfo-alt (2) den alt sin 3A, cuirfear tagairt do £6,000 in ionad na tagartha do £5,000 i gcás inar tosaíodh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis sin, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an mbrú a thógáil.

An teorainn le hiasachtaí a mhéadú chun cur leis na deontais tógála seallaí saoire.

5. —I bhfo-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1959, cuirfear tagairt do £300 in ionad na tagartha do £200.

Deontas a dhiúltú toisc deontas a bheith faighte cheana.

6. —Féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, diúltú deontas tógála nó deontas feabhsúcháin a thabhairt i gcás ina bhfuair an t-iarratasóir, i rith na seacht mbliana dar críoch dáta an iarratais a dhéanamh, deontas tógála nó deontas feabhsúcháin maidir le teach cónaithe eile.

Aisghairm.

7. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1964, a ghairm d'Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1959, agus den Acht seo le chéile.