4 1965


Uimhir 4 de 1965.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIANTA DAR CRÍOCH AN t-AONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CÚIG AGUS MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A SÉ AGUS A ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS URRÚIS ÁIRITHE NEAMHÚSMHARA A BHUNÚ AGUS A EISIÚINT. [18 Márta, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

£23,188,684 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1965.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Trí Mhilliún is Fiche, Céad Ochtó is Ocht Míle, Sé Chéad Ochtó is Ceithre Phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a cúig.

£75,292,400 a eisiúint as an bPríomh-Ciste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31 Márta, 1966.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Seachtó is Cúig Mhilliún, Dhá Chéad Nócha is Dhá Mhíle, Ceithre Chéad Punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta míle naoi gcéad seasca a sé.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £98,481,084 a fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Nócha is Ocht Milliún, Ceithre Chéad Ochtó is Aon Mhíle, Ochtó is Ceithre Phunt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is cuí leis.

(2) Is ar an bPríomh-chiste nó a thoradh fáis a mhuirearófar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin alt seo, cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Urrúis neamhúsmhara.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun críche aon iasachta a údaraítear dó a fháil le haon Acht nó faoi, urrúis neamhúsmhara a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh fuascailte nó eile is cuí leis, lena n-áirítear coinníollacha lena ndéanfar foráil chun cionúireacht shonraithe de na hurrúis a fhuascailt trí tharraingtí tréimhsiúla.

(2) Díolmhófar ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrabús corparáide an bhreis a bheidh ag an méid a gheofar nuair a fhuasclófar aonad urrús faoin alt seo ar an méid a íocadh as an aonad ar é a eisiúint, ach amháin i gcás ina mbeidh an bhreis le cur sa chuntas agus brabúis trádála á ríomh chun críocha cánachais.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh chun urrúis faoin alt seo, agus tarraingtí lena bhfuascailt, a rialú.

(4) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a mhuirearófar na méideanna is gá chun urrúis a fhuascailt faoin alt seo agus na caiteachais faoina rachfar i ndáil lena n-eisiúint.

(5) Aon airgead a chruinneofar trí urrúis faoin alt seo cuirfear chun creidmheasa an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

(6) Aon chostais faoina rachfar i ndáil le bainistí urrús faoin alt seo ríomhfar iad i cibé slí a chinnfidh an tAire Airgeadais agus íocfar iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1965 , a ghairm den Acht seo.