|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||
Uimhir 5 de 1965. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL), 1965 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO THABHAIRT FORMHEASA AR CHOMHAONTÚ IDIR AN tAIRE AIRGEADAIS, AN tAIRE IOMPAIR AGUS CUMHACHTA AGUS COAST LINES LIMITED CHUN GO gCEANNÓIDH AN tAIRE AIRGEADAIS THAR CEANN AN RIALTAIS SCAIREANNA EISITHE UILE AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO gCUIRFIDH AN tAIRE AIRGEADAIS AGUS AN tAIRE IOMPAIR AGUS CUMHACHTA I gCRÍCH NA FORÁLACHA DEN CHOMHAONTÚ SIN A BHEIDH LE COMHLÍONADH ACU AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE A ÉIREOIDH NÓ A LEANFAIDH AS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Márta, 1965]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an comhaontú” an comhaontú a bhfuil cóip de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” an British & Irish Steam Packet Company Limited; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta. | |
[EN] |
An comhaontú a fhormheas agus a fhorálacha a chur i gcrích. |
2. —Tugtar formheas leis seo ar an gcomhaontú agus féadfaidh an tAire Airgeadais agus an tAire an comhaontú a chur i gcrích sa mhéid go bhfuil a fhorálacha le comhlíonadh acu. |
[EN] |
Airgead a sholáthar as an bPríomh-Chiste le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht. |
3. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais chun gnáthscaireanna eisithe na Cuideachta a cheannach de bhun an chomhaontaithe agus chun íoctha an úis (a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a íoc le Coast Lines Limited i leith an airgid cheannaigh is iníoctha ag an Aire Airgeadais leis an gCuideachta sin faoin gcomhaontú ar na scaireanna réamhráite go feadh cibé méid agus ar cibé ráta a mheasfaidh an tAire sin is iomchuí ón dara lá d'Fheabhra, 1965, go dtí an dáta a íocfar an t-airgead ceannaigh réamhráite le Coast Lines Limited). |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun na suimeanna sin a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile, is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh. | |
[EN] | (3) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis príomhshuim agus ús gach urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] |
Sealbhú scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais na scaireanna a bheidh faighte aige faoin Acht seo sa Chuideachta a shealbhú fad is cuí leis é agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, mar is oiriúnach leis agus nuair is oiriúnach leis é, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó iad a dhiúscairt ar dhóigh eile. |
[EN] | (2) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste an fáltas glan a gheobhaidh an tAire Airgeadais as scaireanna sa Chuideachta a dhíol. | |
[EN] |
Feidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais. |
5. —Féadfaidh an tAire Airgeadais feidhmiú a dhéanamh, i leith na scaireanna a shealbhóidh sé sa Chuideachta ar na cearta agus na cumhachtaí go léir is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae atá ceart nó cumhacht infheidhmithe, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae. |
[EN] |
Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste. |
6. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta. |
[EN] |
Srian le scaireanna sa Chuideachta a eisiúint. |
7. —Ní eiseoidh an Chuideachta scaireanna sa Chuideachta gan toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire. |
[EN] |
Stiúrthóirí na Cuideachta. |
8. —(1) Is é líon stiúrthóirí a bheidh ar an gCuideachta cibé líon, nach mó ná seachtar, a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, agus ceapfar iad ag an Aire (agus aigesean amháin) i scríbhinn le toiliú an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Beidh stiúrthóir ar an gCuideachta i seilbh oifige go ceann cibé téarma a shonróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, i ndoiciméad a cheaptha. | |
[EN] | (3) Féadfar stiúrthóir ar an gCuideachta a athcheapadh ina stiúrthóir. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, stiúrthóir ar an gCuideachta a chur as oifig tráth ar bith. | |
[EN] | (5) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a chinnfidh ó am go ham luach saothair stiúrthóirí na Cuideachta. | |
[EN] | (6) Ní gá do stiúrthóir ar an gCuideachta aon scaireanna a bheith aige sa Chuideachta. | |
[EN] | (7) (a) Gach stiúrthóir ar an gCuideachta a ceapadh de bhun an chomhaontaithe, measfar, i dtosach feidhme na míre seo, é a bheith tar éis scaradh lena oifig mar stiúrthóir agus athcheapfar é don oifig sin faoi réim agus faoi réir forálacha an ailt seo. | |
[EN] | (b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1965. | |
[EN] | (8) Is é is córam do chruinniú de stiúrthóirí na Cuideachta— | |
[EN] | (a) i gcás seachtar stiúrthóir a bheith uirthi, triúr, | |
[EN] | (b) I gcás líon is lú ná seachtar stiúrthóir a bheith uirthi, beirt. | |
[EN] |
An Cathaoirleach ar bhord stiúrthóirí na Cuideachta. |
9. —(1) Beidh cathaoirleach ar bhord stiúrthóirí na Cuideachta agus is ag an Aire (agus aigesean amháin) a cheapfar é ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Beidh an cathaoirleach réamhráite i seilbh oifige go ceann cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le sochair aoisliúntais) a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an cathaoirleach réamhráite a chur as oifig tráth ar bith. | |
[EN] |
Stiúrthóir bainistíochta na Cuideachta. |
10. —(1) Féadfar stiúrthóir bainistíochta ar an gCuideachta, más cuí leis an Aire é, a cheapadh ó am go ham as na stiúrthóirí ag an Aire (agus aigesean amháin), le toiliú an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) Beidh stiúrthóir bainistíochta ar an gCuideachta i seilbh oifige go ceann cibé téarma agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le sochair aoisliúntais) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, stiúrthóir bainistíochta ar an gCuideachta a chur as oifig tráth ar bith. | |
[EN] |
Oibleagáid chun cláir chomhardaithe, etc., a thabhairt don Aire. |
11. —(1) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta— |
[EN] | (a) clár comhardaithe amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é arna iniúchadh go cuí ag iniúchóir na Cuideachta; | |
[EN] | (b) cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta chéanna, agus é arna iniúchadh ar an gcuma chéanna; | |
[EN] | (c) tuarascáil na stiúrthóirí do na scairshealbhóirí in aghaidh na bliana cuntasaíochta sin. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an tAire an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil a thabharfar dó de bhun fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabhairt dó amhlaidh. | |
[EN] | (3) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a theastóidh uaidh maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil, nó maidir le beartas agus oibríochtaí na Cuideachta. | |
[EN] |
Iniúchóir a cheapadh. |
12. —Beidh ceapadh iniúchóra ag an gCuideachta don Chuideachta faoi réir fhormheas an Aire. |
[EN] |
Stiúrthóirí, oifigigh agus seirbhísigh de chuid na Cuideachta agus comhaltas cheachtar Tí den Oireachtas. |
13. —(1) Má ainmnítear stiúrthóir ar an gCuideachta mar iarrthóir i dtoghchán do cheachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta. |
[EN] | (2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Cuideachta a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas— | |
[EN] | (a) beidh sé, ar feadh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más rud é go dtarlódh sin roimhe sin, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin ag an gCuideachta nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin. | |
[EN] | (b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige chun go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon tuarastal nó pá, cibé acu é, i leith na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta a theacht i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 to 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir bhrí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh ag an gCuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta nó ina leith. | |
[EN] | (4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta. | |
[EN] |
Meabhrán agus airteagail chomhlachais na cuideachta a athrú. |
14. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun meabhrán agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis an Acht seo. |
[EN] |
Srian le meabhrán agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú. 1963, Uimh. 33 . |
15. —D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó i meabhrán nó airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh athrú ar an meabhrán nó na hairteagail sin bailí ná éifeachtúil mura le formheas roimh ré ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, a dhéanfar é. |
[EN] |
Caiteachas an Aire. |
16. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
17. —Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965, a ghairm den Acht seo. |