An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cigireacht ag Oibrithe) Ar Aghaidh (CUID VIII Coinníollacha Fostaíochta)

7 1965

AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965

CUID VII

Mianaigh atá Tréigthe nó as Úsáid a Fhálú

Mianaigh atá tréigthe nó as úsáid a fhálú.

106. —Beidh de dhualgas ar úinéir gach mianaigh thréigthe agus gach mianaigh nach ndearnadh, cé nach bhfuil sé tréigthe, é a oibriú le tréimhse dhá mhí dhéag anuas, a áirithiú go gcuirfear ag an tslí isteach ar an dromhcla chuig gach sloc nó easrais ann iamhlann, bacainn, stuipéad nó deis eile a bheidh éifeachtach agus deartha agus déanta ar dhóigh go gcoinneoidh sé an tslí isteach sin ar an dromchla ó bheith contúirteach do dhuine ar bith.