An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Trádála agus Gairmeacha a sheoltar i gComhpháirtíocht: Cáin Ioncaim agus Forcháin.) Ar Aghaidh (CUID X Ilghnéitheach.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID IX.

Leasú ar Chuid IX den Acht Airgeadais, 1963 : Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Leasú ar alt 83 den Acht Airgeadais, 1963 .

1963, Uimh. 23 .

56. —Leasaítear leis seo alt 83 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do bhaint a bheith ag duine le duine eile a fhorléiriú de réir fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1965 ,”

Measfar ceanglais a bheith i léasanna áirithe go n-íocfaí préimheanna.

57. —Leasaítear leis seo alt 86 den Acht Airgeadais, 1963 , mar seo a leanas:—

(i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Má bhíonn suim iníoctha, faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas ag an léasaí in ionad an t-iomlán nó cuid den chíos in aghaidh aon tréimhse áirithe, nó mar chomaoin i leith an léas a ghéilleadh, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh ar cóimhéid le méid na suime sin a íoc leas an léasóir i dteannta aon phréimhe eile; ach—

(a) nuair a bheidh an cháin á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo i leith suime is iníoctha in ionad cíosa déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann seachas an tréimhse ar maidir léi is iníoctha an tsuim;

(b) d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo, measfar é a theacht chun bheith dlite nuair a thiocfaidh an tsuim atá i gceist chun bheith iníoctha ag an léasaí.

(2B) I gcás ina mbeidh suim iníoctha ag an léasaí, mar chomaoin i leith aon téarma de théarmaí léasa a athrú nó a tharscaoileadh, ar shlí seachas i modh cíosa, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid le méid na suime sin; ach le linn an cháin a bheith á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo, déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann roimh an am a ghlacfaidh an t-athrú nó an tarscaoileadh éifeacht nó a thiocfaidh tar éis an ama a scoirfidh an t-athrú nó an tarscaoileadh d'éifeacht a bheith aige, agus d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo measfar é a theacht chun bheith dlite nuair a dhéanfar an conradh ag déanamh forála don athrú nó don tarscaoileadh.”;

(ii) trí “, (2A) nó (2B)” a chur isteach roimh “den alt seo” agus roimh “maidir leis” agus an coinníoll seo a leanas a chur leis an bhfo-alt sin (3):

“Ar choinníoll nach ndéanfar i gcás lena mbaineann an méid le híocaíocht a thagann faoi réim an fho-ailt sin (2B) é a áireamh amhlaidh mura do dhuine a bhfuil baint aige leis an léasóir a bheidh sí dlite.”;

(iii) trí “préimhe” a scriosadh as mír (a) d'fho-alt (4) agus “an ailt” a chur in ionad “fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt” agus “na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo” a chur in ionad “an fho-ailt sin (1) nó, de réir mar a bheidh, in ionad an fho-ailt sin (3)” sa mhír sin;

(iv) trí “an ailt” a chur in ionad “fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt” i mír (b) d'fho-alt (4) agus “den phréimh” a scriosadh as an mír sin.

Muirear ar shannadh léasa a deonaíodh ar shaorluach agus muirear ar dhíol talún le ceart atíolacadh.

58. —Déantar leis seo na hailt seo a leanas a chur isteach san Acht Airgeadais, 1963 , i ndiaidh alt 86:

“86A.—(1) I gcás inarb amhlaidh do na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh gearrléas go bhféadfadh an léasóir, ag féachaint do na luachanna a bhí á n-íoc an tráth a deonaíodh é, agus á ghlacadh in airithe gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an mhargántaíocht le haghaidh an léasa a cheangal suim bhreise (dá ngairtear an tsuim tharscaoilte ina dhiaidh seo san alt seo) a íoc i modh préimhe, nó préimhe breise, as ucht an léas a dheonú, ansin, ar aon sannadh a dhéanamh ar an léas ar chomaoin—

(a) i gcás nár sannadh an léas roimhe sin, de bhreis ar an bpréimh, má b'ann, ar ar sannadh é, nó

(b) i gcás inar sannadh an léas roimhe sin de bhreis ar an gcomaoin ar an sannadh go deiridh é,

déanfar méid na breise, a mhéid nach mó é ná an tsuim tharscaoilte lúide méid aon bhreise den sórt sin de bharr sannadh roimhe sin ar an léas a áireamh, ar comhréir leis an méid a mbeadh an tsuim tharscaoilte le háireamh, faoi fho-alt (1) d'alt 86 den Acht seo, mar chíos dá mba phréimh faoi léas í, mar bhrabúis nó gnóchan de chuid an tsannóra ab inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D.

(2) Nuair a bheidh na brabúis nó an gnóchan ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin faoin alt seo.

86B.—(1) I gcás ina bhforálann na téarmaí ar faoina réir a dhíolfar eastát nó leas i dtalamh go ndéanfar, nó go bhféadfar a cheangal go ndéanfar, é a atíolacadh ar dháta le teacht don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh an díoltóir inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D ar aon suim a bheidh de bhreis ag an bpraghas ar a ndíolfar an t-eastát nó an leas ar an bpraghas ar a mbeidh sé le hatíolacadh nó, más dáta dhá bhliain nó níos mó tar éis an díola an dáta is luaithe ar a mbeadh sé, de réir na dtéarmaí sin, le hatíolacadh, ar an mbreis sin lúide an caogadú cuid di in aghaidh gach bliana iomláine (seachas an chéad bhliain iomlán) sa tréimhse idir an díol agus an dáta sin.

(2) I gcás nach mbeidh dáta an atíolactha socair faoi théarmaí an díola, ansin—

(a) má athraíonn praghas an atíolactha de réir an dáta, measfar chun críocha an ailt seo gurb é an praghas an praghas is lú is féidir faoi théarmaí an díola;

(b) féadfaidh an díoltóir, roimh dheireadh sé bliana tar éis an dáta a dhéanfar an t-atíolacadh, a éileamh go n-aisíocfar aon suim a bhí de bhreis ag cáin a measúnaíodh air de bhua an ailt seo ar an tsuim a mheasúnofaí amhlaidh dá n-áireofaí chun críocha an ailt seo gurb é an dáta sin an dáta a socraíodh le téarmaí an díola.

(3) I gcás ina bhfuil foráil i dtéarmaí an díola chun léas a dheonú go díreach nó go neamhdhíreach as an eastát nó as an leas don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh feidhm ag an alt seo ionann agus da mba éard é deonú an léasa atíolacadh ar an eastát nó ar an leas ar phraghas cóimhéid le suim méid na préimhe (más ann) i leith an léasa agus an luach is fiú, ar dháta an díola, an ceart chun atíolacadh ar an bhfrithdhílse a fháil díreach tar éis don léas tosú ag rith:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má dheonaítear an léas, agus go dtosóidh sé ag rith, laistigh de mhí tar éis an díola.

(4) Nuair a bheidh na brabúis nó an gnóchán ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh, measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin de bhua an ailt seo, ach i gcás éileamh a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo agus go measfar an méid ab inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt seo, a bheith laghdaithe, measfar baint a bheith ag an bhfo-alt seo leis an méid, arna laghdú, agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach (in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí go léir), i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.”

Leasú ar alt 92 den Acht Airgeadais, 1963 .

59. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 92 den Acht Airgeadais, 1963 :

“92.—(1) Más rud é, maidir le haon áitreabh, i gcás méid (dá ngairtear an méid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo)—

(a) a bheith tagtha chun bheith inmhuirir i leith cánach faoi fho-alt (1), (2), (2A), (2B) nó (3) d'alt 86 nó faoi alt 86A nó 86B den Acht seo, nó

(b) go mbeadh sé tagtha chun bheith inmhuirir amhlaidh mura mbeadh fo-alt (4) den alt sin 86 nó mura mbeadh fo-alt (2) d'alt 93 den Acht seo nó mura mbeadh aon diolúine ó cháin,

agus go bhfuil an t-áitreabh á áitiú go hiomlán nó go páirteach i gcaitheamh aon choda den tréimhse iomchuí ag an duine atá de thuras na huaire i dteideal an léasa, an eastáit nó an leasa arb ina leith a tháinig an méid is inmhuirir chun críche trádála nó gairme atá ar siúl aige, áireofar, d'fhonn brabúis nó gnóchan na trádála nó na gairme a ríomh le haghaidh measúnachta faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D, go n-íocann an duine sin i leith cíos an áitribh in aghaidh aon choda den tréimhse iomchuí atá an t-áitreabh a áitiú aige mar a dúradh (i dteannta aon chíosa a íocann sé iarbhír) méid a bhfuil idir é agus an méid is inmhuirir an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán, agus áireofar go bhfaibhríonn an cíos sin ó lá go lá.

(2) San alt seo ciallaíonn ‘ an tréimhse iomchuí ’—

(a) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86 den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;

(b) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86A den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de réir an léasa ar dháta an tsannta;

(c) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86B den Acht seo, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deontaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socair, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.

(3) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi fho-alt (2) d'alt 86 den Acht seo de dhroim oibleagáide a cheangail dul faoi chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid dul faoin gcaiteachas sin agus dá ríomhfaí dá réir sin an méid is inmhuirir.

(4) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86B den Acht seo agus an t-atíolacadh nó an deonú atá i gceist a dhéanamh ar phraghas seachas an praghas a glacadh le linn an méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.”

Leasú ar alt 93 den Acht Airgeadais, 1963 .

60. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 93 den Acht Airgeadais, 1963 :—

“93.—(1) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 92 den Acht seo faoi threoir léasa, eastáit nó leasa, ansin, faoi réir forálacha na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, measfar, chun críocha fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo, an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an léasa, an eastáit nó an leasa sin a bheith ag íoc cíosa, a d'fhaibhrígh ó lá go lá, i leith an áitribh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír), i rith aon choda den tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid a dúradh a bhfuil teideal aige maidir leis chun an léasa, an eastáit nó an leasa agus a bhfuil idir é go huile agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán.

(2) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a dúradh, agus faoi threoir léasa a deonaíodh as, nó diúscartha a rinneadh ar, an léas, an eastát nó an leas ar faoina threoir a tháinig nó a thiocfadh an méid sin (dá ngairtear an chéad mhéid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo) chun bheith inmhuirir, go dtiocfadh duine chun bheith, ar leithligh ón bhfo-alt seo, inmhuirir faoi alt 86, 86A nó 86B den Acht seo i leith aon mhéid (dá ngairtear an méid is déanaí is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo), is é an méid ar a mbeidh sé inmhuirir amhlaidh, i gcás nach ndéanfcr aon éileamh nó nach féidir éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt sin 86, an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid is déanaí is inmhuirir ar an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir nó i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ar faoina threoir ab inmhuirir an duine mar a dúradh ach amháin le cuid den áitreabh sin, an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid is déanaí is inmhuirir ar an méid sin den chodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir is inchurtha, de chionroinnt chóir, i leith na coda sin den áitreabh.

(3) I gcás ina n-oibríonn fo-alt (2) den alt seo chun an méid a laghdú a mbeadh, ar leithligh ón bhfo-alt sin, duine inmhuirir ina leith faoi threoir léasa nó diúscartha beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid is déanaí is inmhuirir má bhíonn agus amháin má bhíonn breis ag an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir ar an méid is déanaí is inmhuirir agus beidh feidhm aige ansin ionann is dá ndéanfaí an chéad mhéid is inmhuirir a laghdú i gcomhréir le méid na breise sin i gcomparáid leis an gcodán iomchuí sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ach amháin le cuid den áitreabh a luaitear san fho-alt sin (2), an fo-alt sin (1) agus an fo-alt seo a chur chun feidhme ar leithligh maidir leis an gcuid sin agus leis an gcuid eile den áitreabh ach sin ionann is dá gcuirfí in ionad tagartha don chéad mhéid is inmhuirir tagairt don mhéid sin arna choigeartú go comhréireach.

(4) San alt seo ciallaíonn ‘an tréimhse iomchuí’ maidir le haon mhéid—

(a) i gcás an méid a theacht faoi alt 86 den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;

(b) i gcás an méid a theacht faoi alt 86A den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de ré an léasa ar dháta an tsannta;

(c) i gcás an méid a theacht faoi alt 86B den Acht seo, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deonaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socair, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.

(5) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo is é an codán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir an tsuim a bhfuil idir í agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse iomchuí maidir leis an méid is déanaí is inmhuirir agus fad na tréimhse iomchuí maidir leis an gcéad mhéid is inmhuirir.

(6) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi fho-alt (2) d'alt 86 den Acht seo de dhroim oibleagáide a cheangail dul faoi chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh, aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid dul faoin gcaiteachas sin agus dá ríomhfaí dá réir sin an chéad mhéid is inmhuirir.

(7) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi alt 86B den Acht seo agus an t-atíolacadh nó an deonú atá i gceist a dhéanamh ar phraghas seachas an praghas a glacadh le linn na méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí maidir leis an méid sin a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnachta go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.”