An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1965) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1965-66.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1965, agus ag aon fhorálacha den sórt sin a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 5 den Acht Airgeadais, 1946 .

1946, Uimh. 15 .

1959, Uimh. 18 .

2. —Maidir le caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta faoina rachfar an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis sin—

(a) beidh éifeacht ag alt 5 den Acht Airgeadais, 1946

(i) ionann agus dá ndéanfaí na focail “agus do gach bliain de na ceithre bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin” a fhágáil ar lár as fo-alt (3) de agus “le méid an caitheachais” a chur in ionad “leis an gcúigiú cuid de mhéid an chaiteachais” san fho-alt sin,

(ii) ionann agus dá ndéanfaí míreanna (a), (b) agus (e) d'fho-alt (4) a fhágáil ar lár agus an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (c)—

“(c) áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor méid is comhionann leis an lamháltas a tugadh faoin alt seo i leith an chaiteachais sin, nó, más lú luach na sócmhainne díreach roimh an scor ná an lamháltas sin, le méid is comhionann leis an luach sin;”,

(iii) ionann agus dá gcuirfí “méid an lamháltais a deonaíodh go héifeachtúil” in ionad “iomlán na lamháltas a deonadh” i mír (d) d'fho-alt (4);

(b) beidh éifeacht ag alt 33 den Acht Airgeadais, 1959 , ionann agus dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “liúntas taighde eolaíochta”:

“ciallaíonn ‘ liúntas taighde eolaíochta ’, maidir le haon chaiteachas, méid aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1946 , arna laghdú aon mhéid a áireofar mar fháltas trádála de bhun mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin mar a bhaineann sé le caiteachas faoina rachfar an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis sin;”.

Mcasúnachtaí ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B i gcásanna áirithe.

1918, c. 40.

3. —(1) Má bhíonn duine—

(a) i gcaitheamh aon choda de bhliain mheasúnachta, cibé acu ina aonar nó i gcomhpháirt le duine nó le daoine eile sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó

(b) nó i gcaitheamh iomlán aon bhliana measúnachta, i gcomhpháirt mar a dúradh,

i dteideal aon eastáit nó leasa i maoin a mbeadh sé inmheasúnaithe ar leithligh nó i dtaennta an duine nó na ndaoine eile ina leith faoi Sceideal A nó Sceideal B, dá mbeadh seisean, nó eisean agus an duine nó na daoine eile, i dteideal an eastáit nó an leasa sin in aghaidh na bliana go léir, measúnófar é ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B, cibé acu é, i leith a eastáit nó a leasa, nó i leith a choda den eastát nó den leas, sa mhaoin in aghaidh na coda den bhliain nó in aghaidh na bliana go léir ar an gcionúireacht iomchuí den luach bliantúil nó den luach inmheasúnaithe.

(2) Is iad na himthosca ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine ag a bhfuil teideal chun eastáit nó leasa i maoin i gcomhpáirt le duine nó daoine eile go bhfuil an t-eastát nó an leas sin aige mar chomhoidhrseach, mar nasc-thionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó mar thionónta ar thailte nó ar thionóntáin i gcomhpháirtíocht.

(3) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo a bheith faoi dhliteanas cuid a íoc d'íocaíocht bhliantúil atá forcoimeádta as an maoin iomchuí nó ina muirear uirthi déanfar, chun críocha Riail 19 de na Rialacha Ginearálta, an chuid sin a áireamh mar ní is iníoctha mar fhorcoimeád as an eastát nó an leas nó as an gcuid den eastát nó den leas, ar ina leith a mheasúnófar é faoin alt seo, nó mar mhuirear ar an gcéanna.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 162 den Income Tax Act, 1918, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Provided that no distraint shall be made on the lands, tenements and premises in respect of which the tax is charged if such lands, tenements and premises have been sold for valuable consideration and the person on whom the tax is charged is no longer the occupier thereof.”

(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 199 den Income Tax Act, 1918, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Provided that no distress may be levied on the occupier of the property charged or upon the premises in respect of which the assessment is made if such property or premises has or have been sold for valuable consideration and the tax is in respect of a period prior to the sale.”

(6) San alt seo—

ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leith ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchain ar thaobh an duine a bhfuil an íocaíocht á dhéanamh aige, cáin inasbhainte faoi Riail 19 de na Rialacha Ginearálta;

ciallaíonn “maoin” agus “property” tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin.

Éilimh, etc., a dhéanamh, agus achomhairc agus athéisteachtaí.

1922, c. 17.

1929, Uimh. 32 .

1924, Uimh. 27 .

1925, Uimh. 28 .

1926, Uimh. 35 .

1953, Uimh. 21 .

4. —(1) D'ainneoin aon fhoráil eile sna hAchtanna Cánach Ioncaim déanfar—

(a) gach éileamh ar dhíolúine nó ar aon liúntas nó asbhaint faoi na hAchtanna sin,

(b) gach éileamh ar aisíocaíocht cánach faoi na hAchtanna sin, agus

(c) (i) gach éileamh ar fhaoiseamh faoi na hAchtanna sin i gcás ina bhfuil an faoiseamh tomhaiste san fhoráil ar faoi a thugtar é, agus

 (ii) gach ábhar agus ceist a bhaineann le haon fhaoiseamh atá tomaiste amhlaidh,

agus nach bhfuil foráil shonrach déanta ina leith, ar shlí seachas leis an alt seo, maidir le ceart achomhairc ó chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Speisialta,

a lua i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a chur go dtí, agus a chinneadh ag, na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach de na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear cigire cánach) a údaróidh siad chuige sin ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ar aon éileamh, ábhar nó ceist den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó don oifigeach laistigh de lá agus fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl don duine éagóraithe, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) den alt seo ionann agus dá mba achomharc é in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin le haon mhodhnuithe is gá ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(3) I gcás—

(a) ina dtugtar ceart achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta le haon fhoráil (seachas Riail 8 nó 9 de na Rialacha Ginearálta nó le mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act 1922) de na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus

(b) nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin, agus na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí á gcur chun feidhme aici, maidir leis na forálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le hathéisteacht achomharc,

measfar go ndéanann an fhoráil sin na forálacha sin a bhaineann le hathéisteacht achomharc a chur chun feidhme.

18

(4) I gcás—

(a) nach dtabharfar fógra achomhairc laistigh den am a theorannaítear le fo-alt (1) den alt seo, nó

(b) nach dtiocfaidh duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha chun a achomharc a éisteacht.

beidh feidhm le haon mhodhnuithe is gá ag forálacha fho-ailt (5), (7), (8) agus (8A) d'alt 5 den Acht Airgid, 1929 .

(5) Leasaítear leis seo fomhír (d) de mhír 2 (c) de Riail 21 de na Rialacha Ginearálta trí “the rehearing of appeals and to” a chur isteach roimh “cases”.

(6) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 8 den Acht Airgid, 1924 , agus fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgid, 1925 , trí “achomharc a athéisteacht agus le” a chur isteach roimh “cás d'aithris” agus “ach ní háirítear orthu forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918” a scriosadh agus leasaítear leis seo fomhír (3) de mhír 4 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 , trí “achomharc a athéisteacht agus le” a chur isteach roimh “cás d'aithris” agus “ach gan forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918, d'áireamh” a scriosadh.

(7) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1953 , trí “ionann agus dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta, agus beidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí” a chur in ionad “agus beidh a mbreith sin ina breith chríochnaitheach”.

(8) I gcás nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar dháta an Achta seo a rith ar éileamh a rinneadh roimh an dáta sin agus lenar bhain alt 202 den Income Tax Act, 1918, déileálfar leis ionann agus dá mba de réir an ailt seo a rinneadh é.

(9) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 5 den Acht Airgid, 1929 .

1923, Uimh. 21 .

5. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Airgid, 1929

(a) trí “agus féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Speisialta le fo-ailt (7) agus (8) den alt seo a fheidhmiú” a chur ag deireadh fho-alt 5;

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (7) agus (8)—

“(7) (a) Aon fhógra achomhairc nár tugadh laistigh den am a theorannaítear le fo-alt (1) den alt seo measfar gur tugadh amhlaidh é i gcás ina ndearna an cigire cánach nó cibé oifigeach eile mar a dúradh, ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige á iarraidh sin agus ar é a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, fógra achomhairc a thabhairt laistigh den am a theorannaítear agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach ina dhiaidh sin, a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn gur géilleadh dá iarratas.

(b) Más rud é, ar iarratas a fháil faoi mhír (a) den fho-alt seo nach mbeidh an cigire nó an t-oifigeach eile sásta mar a dúradh, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir trí fhógra i scríbhinn gur diúltaíodh dá iarratas.

(c) Laistigh de chúig lá dhéag tar éis dáta fógra faoi mhír (b) den fho-alt seo féadfaidh an t-iarratasóir trí fhógra i scríbhinn a iarraidh ar an gcigire nó ar an oifigeach eile a iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta agus, i gcás aon iarratais a tharchuirfear amhlaidh, beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo ionann agus dá gcuirfí tagairt do na Coimisinéirí Speisialta in ionad gach tagartha atá ansin don chigire nó don oifigeach eile.

(8) I gcás gan duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige a theacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha le haghaidh éisteacht a achomhairc, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) den alt seo más rud é—

(a) go dtiocfaidh duine eile i láthair san am agus san áit sin thar ceann an achomharcóra agus go dtoileoidh na Coimisinéirí Speisialta éisteacht leis an duine sin, nó

(b) go n-iarchuirfidh na Coimisinéirí Speisialta an éisteacht ar iarratas chuige sin a bheith déanta chucu i scríbhinn nó ar shlí eile ag an am sin nó roimhe, nó

(c) ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chucu tar éis an ama sin, go n-ordóidh na Coimisinéirí Speisialta, ar iad a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile teacht i láthair os a gcomhair san am agus san áit sin agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach, go ndéileálfar leis an achomharc mar achomharc nach bhfuil tráth a éisteachta ceaptha go fóill.

(8A) (a) I gcás ina mbeifear tar éis caingean a thionscnamh chun cáin a ghnóthú a muirearaíodh trí mheasúnacht is caingean i modh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923 , ní bheidh feidhm, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, ag fo-alt (7) ná fo-alt (8) den alt seo maidir leis na measúnacht sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.

(b) Más rud é, i gcás a bheidh faoi réim na míre sin roimhe seo go ngéillfear d'iarratas faoi mhír (a) den fho-alt sin (7) nó, ar iarratas faoi mhír (c) den fho-alt sin (8), go n-ordóidh na Coimisinéirí Speisialta mar a fhoráiltear ansin, ní bheidh teideal ag an iarratasóir in aon chás go n-aisíocfaí leis aon suim a d'íoc sé i leith costas aon imeachtaí cúirte den sórt a dúradh ná, de réir mar a bheidh, go n-aisíocfaí leis aon táillí nó caiteachais a mhuirearaigh an cláraitheoir contae nó an sirriam a d'fhorghníomhaigh deimhniú faoin alt sin 7 den Acht Airgid, 1923 .”

Faoiseamh onnmhairí.

1956, Uimh. 47 .

1958, Uimh. 25 .

1960, Uimh. 19 .

6. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

(2) I bhfomhír (i) de mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 56 den Acht Airgeadais, 1958 (mar atá sé curtha in ionad i bhfo-alt (1) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1960 ) cuirfear “1980-81” in ionad “1975-76”.

(3) Más rud é, ar leithligh ó fhorálacha an ailt seo, go bhfuil cuideachta i dteideal faoiseamh a éileamh faoi Chuid III den Acht, de bhua fho-alt (1) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960 , i leith na bliana 1974-75 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin, féadfaidh an chuideachta, in ionad an fhaoisimh sin, faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) d'alt 12 den Acht ionann agus dá mba bhliain éilimh de réir bhrí alt 10 den Acht an bhliain mheasúntachta sin.

(4) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis faoiseamh a fháil faoi Chuid III den Acht de bhua fho-alt (3) den alt seo agus go mbeidh sí ina dhiaidh sin i dteideal faoisimh faoi fho-alt (1) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960 , deonófar an faoiseamh sin is déanaí a luaitear ionann agus dá mba í an bhliain dheiridh mheasúnachta a bhfuil faoiseamh dlite ina leith de bhua fho-alt (3) den alt seo bliain éilimh dheiridh na cuideachta de réir bhrí alt 10 den Acht:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh i leith aon bhliain mheasúnachta tar éis an ceathrú bliain déag measúnachta tar éis na chéad bhliana éilimh ná i leith aon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1979-80.

Leasú ar Riail 7 (1) do na Rialacha Ilghnéitheacha is infheidhmithe maidir le Sceideal D.

7. —(1) Leasaítear leis seo mír (1) de Riail 7 de na Rialacha Ilghnéitheacha is infheidhmithe maidir le Sceideal D—

(i) trí “body of persons not resident in the State” a chur i bhfomhír (a) in ionad “foreign or colonial company, society, adventure, or concern; or”, agus

(ii) trí fhomhír (b) a scriosadh.

(2) Ní bheidh feidhm ag an mír sin (1) maidir le haon íocaíocht lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.

(3) Déanfar tagairt ar bith in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim don Riail sin 7 a fhorléiriú mar thagairt don Riail sin 7 arna leasú leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1923 , trí “aon chomhlacht daoine nach gcónaíonn sa Stát” a chur in ionad “aon chuideachtan, cumainn, fionntair nó gnótha choigríche”.

(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht Airgid, 1924 , trí “aon chomhlacht daoine nach gcónaíonn sa Stát” a chur in ionad “aon chuideachtan, cumainn, fionntair nó gnótha choigríche”.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 11ú lá de Bhealtaine, 1965.

Leasú ar alt 2 (3) den Acht Airgid, 1924 .

8. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 2 den Acht Airgid, 1924 , trí “gach duine a íocfaidh” a chur in ionad “gach duine a gheobhaidh”.

Leasú ar Riail (2) de Chuid II den Chéad Sceideal, an tAcht Airgid, 1929 .

9. —Leasaítear leis seo Riail (2) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 , trí “agus sealúchais” a chur isteach i mír (b) i ndiaidh “urrúis”.

Leasú ar alt 3 (1) (2) den Acht Airgeadais, 1956 .

1956, Uimh. 22 .

10. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1956 , trí “caoga punt” a chur i ngach fo-alt acu in ionad “cúig puint fhichead”.

Leasú ar mhír (a) den choinníoll a ghabhann le halt 17 den Acht Airgeadais, 1963 .

1963, Uimh. 23 .

11. —Beidh éifeacht ag mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1963 , i gcás inar tuairisceán é ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh i rith bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dáta dá éis sin, ionann agus dá mba é a bhí sa tagairt do £15 tagairt do £50.