An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Báis.) Ar Aghaidh (CUID V. Cáin Bhrabús Corparáide.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID IV.

Dleachtanna Stampa.

Faoiseamh ó dhleacht stampa caipitil agus aistrithe i gcás cuideachtaí a athchóiriú nó a chónascadh.

1891, c. 39.

1895, c. 16.

1963, Uimh. 33 .

31. —(1) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil scéim ann le haghaidh athchóiriú bona fide aon chuideachta nó cuideachtaí nó cónascadh aon chuideachtaí agus, i ndáil leis an scéim, go bhfuil na coinníollacha seo a leanas ann, is é sin le rá—

(a) go bhfuil cuideachta le dliteanas teoranta le clárú, nó ó dháta an Achta seo a rith gur bunaíodh cuideachta le hAcht ón Oireachtas, nó gur méadaíodh scairchaipiteal ainmniúil cuideachta;

(b) go bhfuil an chuideachta (dá ngairtear an chuideachta is aistrí san alt seo) le clárú nó go bhfuil sí bunaithe nó tar éis a caipiteal a mhéadú d'fhonn gnóthas cuideachta láithrí áirithe nó nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta sin a fháil;

(c) gurb é atá sa chomaoin i leith na fála (ach amháin cibé méid di arb é atá ann dliteanais na cuideachta láithrí a aistriú chun na cuideachta is aistrí nó an chuideachta is aistrí do ghlanadh na ndliteanas sin), maidir le nócha faoin gcéad ar a laghad den chéanna—

(i) i gcás inar gnóthas atáthar chun a fáil, eisiúint scaireanna sa chuideachta is aistrí chun na cuideachta láithrí nó chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta láithreach; nó

(ii) i gcás inar scaireanna atáthar chun a fáil, eisiúint scaireanna sa chuideachta is aistrí chun na sealbhóirí scaireanna sa chuideachta láthreach mar mhalairt ar na scaireanna a shealbhaíodar sa chuideachta láithreach,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo—

(A) déanfar scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta is aistrí, nó an méid a méadaíodh caipiteal na cuideachta is aistrí, cibé acu é, a áireamh, d'fhonn an dleacht stampa is inmhuirir i leith an chaipitil sin a ríomh, mar scairchaipiteal ainmniúil arna laghdú—

(I) méid is comhionann le méid scairchaipitil na cuideachta láithrí nó, i gcás cuid de ghnóthas a fháil, méid is comhionann leis an gcionúireacht den scairchaipiteal sin agus a bheidh idir luach na coda sin den ghnóthas agus luach iomlán an ghnóthais; nó

(II) méid a bheidh le creidiúnú mar mhéid a bheidh íoctha ar na scaireanna a bheidh le heisiúint mar chomaoin den sórt sin a dúradh ar na scaireanna, más ann, atá le heisiúint chun creidiúnaithe na cuideachta láithrí i gcomaoin fiacha (cibé acu urraithe nó neamhurraithe) a scaoileadh atá dlite nó ag faibhriú chun bheith dlite dóibh ón gcuideachta láithreach nó ar na fiacha sin a shannadh don chuideachta is aistrí,

cibé méid acu is lú; agus

(B) ní bheidh dleacht stampa faoin gceannteideal “Conveyance or Transfer on Sale” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, inmhuirir ar aon ionstraim arna déanamh le haghaídh, aistriú nó i ndáil le haistriú an ghnóthais nó na scaireanna, ná ar aon ionstraim arna déanamh le haghaidh aon fhiacha, urraithe nó neamhurraithe, leis an gcuideachta láithreach nó i ndáil le haon fhiacha den sórt sin a shannadh don chuideachta is aistrí, ná ní bheidh aon dleacht den sórt sin inmhuirir faoi alt 12 den Finance Act, 1895, ar chóip d'aon Acht den Oireachtas, ná ar aon ionstraim ag dílsiú, nó a bhaineann le dílsiú, an ghnóthais nó scaireanna sa chuideachta is aistrí:

Ar choinníoll—

(a) nach measfar aon ionstraim den sórt sin a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh sí stampáilte leis an dleacht ab inmhuirir uirthi, mura mbeadh an t-alt seo, nó go mbeidh sí stampáilte de réir forálacha alt 12 den Stamp Act, 1891, le stampa áirithe á chur in iúl nach inmhuirir aon dleacht uirthi nó go bhfuil sí stampáilte go cuí; agus

(b) i gcás ionstraime arna déanamh le haghaidh aistriú, nó i ndáil le haistriú, chun cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , nach mbeidh feidhm ag forálacha mhír (B) den fho-alt seo mura rud é—

(i) go ndearnadh an ionstraim a fhorghníomhú laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag ó dháta cláraithe na cuideachta is aistrí nó ó dháta an rúin le haghaidh scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta is aistrí a mhéadú, de réir mar a bheidh; nó

(ii) go ndearnadh an ionstraim d'fhonn tíolacas nó aistriú a dhéanamh de bhun comhaontú a comhdaíodh, nó ar comhdaíodh sonraí ina leith, le cláraitheoir na gcuideachtaí laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag sin; agus

(c) ach amháin maidir le fiacha atá dlite do bhainc nó do chreidiúnaithe trádála, nach mbeidh feidhm maidir le fiacha faoina ndeachthas dáta is giorra ná dhá bhliain roimh an tráth cuí chun éileamh ar dhíolúine faoin alt seo a dhéanamh, ag an bhforáil sin roimhe seo maidir le fiacha na cuideachta láithrí a urscaoileadh agus a shannadh.

(2) Chun críocha éilimh ar dhíolúine faoi mhír (B) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar cuideachta a d'eisigh aon scairchaipiteal neamheisithe i ndáil le scéim athchóirithe nó cónasctha a áireamh mar chuideachta a mhéadaigh a scairchaipiteal ainmniúil.

(3) Ní mheasfar cuideachta a bheith ina cuideachta láithreach áirithe de réir brí an ailt seo mura bhforálann meabhrán comh lachais nó Acht bunaithe na cuideachta is aistrí gur ceann de na cuspóirí dar foirmíodh an chuideachta gnóthas na cuideachta láithrí nó scaireanna inti a fháil, nó mura léir ón rún, ón Acht, nó ón údarás eile le haghaidh caipiteal na cuideachta is aistrí a mhéadú gur chuige a údaraíodh an méadú gnóthas na cuideachta láithrí, nó scaireanna inti a fháil.

(4) I gcás ina mbeifear chun gnóthais i dhá chuideachta nó níos mó nó scaireanna iontu a fháil, ríomhfar ar leithligh maidir le gach cuideachta acu sin méid an laghdaithe a bheidh le lamháil faoin alt seo maidir leis an dleacht stampa is inmhuirir i leith scairchaipiteal ainmniúil nó an mhéadaithe ar chaipiteal cuideachta.

(5) (a) I gcás ina ndéanfar éileamh ar dhíolúine faoin alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go seachadfar dóibh dearbhú reachtúil i cibé foirm a ordóidh siad, arna dhéanamh ag aturnae de chuid na gCúirteanna Breithiúnais agus cibé fianaise eile, más ann, a iarrfaidh siad.

(b) Is cumhachtaí i dteannta agus ní cumhachtaí in ionad na gcumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim le halt 12 den Stamp Act, 1891, na cumhachtaí a thugtar dóibh le mír (a) den fho-alt seo.

(6) Más rud é—

(a) i gcás inar géilleadh aon éileamh ar dhíolúine ó dhleacht faoin alt seo, go bhfaighfear amach dá éis sin go raibh aon dearbhú nó fianaise eile a tugadh ag tacú leis an éileamh gan bheith fíor in aon phonc ábhartha, nó nach ndearnadh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh san athchóiriú nó sa chónascadh mar a rinneadh é iarbhír; nó

(b) i gcás inar eisíodh scaireanna sa chuideachta is aistrí chun na cuideachta láithrí i gcomaoin na fála, go scoirfidh an chuideachta láithreach laistigh de thréimhse dhá bhliain ó dháta cláraithe nó bunaithe na cuideachta is aistrí nó ó dháta an údaraithe i leith méadú caipitil na cuideachta sin, cibé acu é, ar shlí seachas de dhroim athchóirithe, cónasctha nó leachtaithe, de bheith ina húinéir tairbhiúil ar na scaireanna a eisíodh amhlaidh chuici; nó

(c) i gcás ina mbeidh aon díolúine den sórt sin lamháilte maidir le fáil scaireanna i gcuideachta eile ag an gcuideachta is aistrí, go scoirfidh an chuideachta is aistrí, laistigh de thréimhse dhá bhliain ó dháta cláraithe nó bunaithe na cuideachta sin nó ó dháta an údaraithe i leith méadú caipitil na cuideachta sin, cibé acu é, ar shlí seachas de dhroim athchóirithe, cónasctha nó leachtaithe, de bheith ina húinéir tairbhiúil ar na scaireanna a fuarthas amhlaidh;

measfar nach ndearnadh an díolúine a lamháil, agus beidh méid is comhionann leis an dleacht a loghadh ina fiach láithreach a bheidh dlite ón gcuideachta is aistrí don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh an méid sin (mar aon le hús air de réir ráta cúig faoin gcéad sa bhliain i gcás dleacht a loghadh faoi mhír (A) d'fho-alt (1) den alt seo ó dháta cláraithe nó bunaithe na cuideachta is aistrí nó ó dháta méadaithe a caipitil, cibé acu é, agus i gcás dleacht a loghadh faoi mhír (B) den fho-alt sin nó dáta a thiocfadh sé chun beith inmhuirir dá mba nár ritheadh an tAcht seo) inghnóthaithe ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Más rud é i gcás aon scéim athchóirithe nó chónasctha gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go raibh, an tráth cuí chun éileamh ar dhíolúine ó dhleacht faoi fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh, na coinníollacha riachtanacha uile ann le haghaidh na díolúine sin seachas an coinníoll go ndéanfadh an chuideachta is aistrí nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta láithrí a fháil, féadfaidh na Coimisinéirí, má chruthaítear chun a sástachta go ndearnadh nócha faoin gcéad ar a laghad de chaipiteal eisithe na cuideachta láithrí a fháil faoin scéim laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta is túisce den dá dháta seo a leanas, is é sin le rá—

(a) lá deiridh na tréimhse míosa tar éis an chéad leithroinnt scaireanna a rinneadh chun críocha na fála; nó

(b) an dáta a eisíodh cuireadh chun scairshealbhóirí na cuideachta láithrí chun scaireanna a ghlacadh sa chuideachta is aistrí;

agus ar na hionstraimí ar ar stampáladh an dleacht a íocadh a thabhairt ar aird, cibé méid dleachta a aisíoc a loghfaí dá mba rud é gur comhlíonadh an coinníoll sin i gcéaduair.

(8) San alt seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn tagairtí do ghnóthas cuideachta láithrí tagairtí do chuid de ghnóthas cuideachta láithrí;

folaíonn “scaireanna” stoc.