An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Dleachtanna Stampa.) Ar Aghaidh (CUID VI. Cáin Láimhdeachais.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID V.

Cáin Bhrabús Corparáide.

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint i bhfeidhm.

1929, Uimh. 32 .

32. —Na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 , tabharfar iad i leith na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1965, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1967.

Faoiseamh onnmhairí.

1956, Uimh. 47 .

1960, Uimh. 19 .

33. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

(2) I bhfomhír (b) den mhiniú ar “tréimhse chuntasaíochta” a cuireadh de mhalairt i bhfo-alt (2) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1960 , cuirfear “an 6ú lá d'Aibreán, 1970” in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1965”.

(3) Más rud é, ar leithligh ó fhorálacha an ailt seo, go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh faoi Chuid III den Acht, de bhua fho-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1975, féadfaidh an chuideachta, in ionad an fhaoisimh sin, faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Acht ionann agus dá mba thréimhse chuntasaíochta de réir brí alt 10 den Acht an tréimhse chuntasaíochta sin nó an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta.

(4) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis faoiseamh a fháil faoi Chuid III den Acht de bhua fho-alt (3) den alt seo agus go mbeidh sí ina dhiaidh sin i dteideal faoisimh faoi fho-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960 , deonófar an faoiseamh sin is déanaí a luaitear ionann agus dá mba rud é go raibh aon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar tugadh faoiseamh ina leith de bhua fho-alt (3) den alt seo ar áireamh sa tréimhse arb ionann í agus tréimhsí cuntasaíochta na cuideachta de réir brí alt 10 den Acht.

Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thosóidh tráth is déanaí ná cúig bliana déag tar éis an lae óna raibh teideal i gcéaduair ag an gcuideachta chun faoiseamh a éileamh faoi Chuid III den Acht ná maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thosóidh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1980.

Deireadh le halt 14 den Acht Airgeadais, 1944 .

1944, Uimh. 18 .

34. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 14 den Acht Airgeadais, 1944 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1964.

Forálacha maidir le Cuid IX den Acht Airgeadais, 1963 .

1963, Uimh. 23 .

35. —(1) Más rud é, faoi aon cheann d'fhorálacha alt 86, 86A nó 86B den Acht Airgeadais, 1963 , go mbeidh aon mhéid le háireamh chun críocha cánach ioncaim mar ioncam de chuid chuideachta, áireofar an méid sin chun críocha cánach brabús corparáide ionann agus dá mbeidh sí faighte ag an gcuideachta, ar an dáta ar faoina threoir a bheidh sé le háireamh mar ioncam chun críocha cánach ioncaim, mar bhrabúis nó gnóchan ó thailte, tionóntáin nó oidhreachtáin is cuid de shócmhainní na cuideachta.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh an 1ú lá d'Eanáir, 1965, nó dáta dá éis.