|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Cáin Bhrabús Corparáide.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Brabúis nó Gnóchan ó Dhéileáil i d Talamh nó ón a Fhorbair: Cáin ioncaim agus forcháin.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1965
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Cáin Láimhdeachais. | |
[EN] |
Leasú ar alt 47 den Acht Airgeadais, 1963 . |
36. —Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1963 : |
[EN] | “(4) I gcás ina ndéanfaidh club nó comhlacht eile daoine earraí nó seirbhísí a sholáthar i leith íocaíocht airgid ó aon chuid dá chomhaltaí, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo,— | |
[EN] | (a) i gcás earraí a sholáthar, áireofar gurb ionann an soláthar agus na hearraí a dhíol i gcúrsa gnó, gurb ionann na t-airgead agus airgead a fuarthas i leith an díola, agus gurb é an club nó an comhlacht eile daoine an díoltóir, agus | |
[EN] | (b) i gcás seirbhísí a sholáthar, áireofar gur soláthar i gcúrsa gnó an soláthar.” | |
[EN] |
Leasú ar alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 . |
37. —(1) Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, an fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 , i ndiaidh fho-alt (1): |
[EN] | “(1A) Más rud é, in aon cheann de na cásanna dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, go bhfuil an ceart chun an t-iomlán nó aon chuid den airgead is iníoctha i leith na gníomhaíochta iomchuí a ghlacadh dílsithe do dhuine nó go dtiocfaidh sé chun bheith dílsithe do dhuine seachas an duine a shonraítear san fho-alt sin mar an duine a bheidh freagrach, beidh an duine dá mbeidh an ceart sin dílsithe nó a dtiocfaidh an ceart sin chun bheith dílsithe dó freagrach agus faoi dhliteanas i leith cáin a íoc ar cibé airgead a gheobhaidh sé maidir leis an ngníomhaíocht.” | |
[EN] | (2) Déantar leis seo “£150” a chur in ionad “£100” i mír (c) agus i mír (f) d'fho-alt (3) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 . | |
[EN] | (3) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 , i ndiaidh mhír (f): | |
[EN] | “(g) I gcás ina ndíolfaidh feirmeoir nó iascaire a tháirge féin nó aon chuid de ar mionreic, ar shlí seachas i ndáil le gnó siopa nó gnó mionreaca dá shamhail a sheoladh, ní bheidh cáin inmhuirir ná ní bheidh sé freagrach i gcáin maidir leis an díol mionreaca sin mura rud é go rachaidh nó go dtí go rachaidh an t-airgead a gheobhaidh sé i leith an chéanna thar £150 i ngach mí de dhá mhí as a chéile agus tiocfaidh sé ansin chun bheith freagrach i gcáin díreach ar an dara mí a bheith caite; ach idir an dá linn ní chuirfear an t-airgead sin san áireamh chun críocha mhír (c) den fho-alt seo.” | |
[EN] | (4) Tiocfaidh na leasuithe a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo i ngníomh— | |
[EN] | (a) má ritear an tAcht seo roimh mí Iúil, 1965, nó sa mhí sin—ar an lú lá de Lúnasa, 1965, agus | |
[EN] | (b) má ritear é i mí Lúnasa, 1965, nó dá éis sin— an lú lá den mhí i ndiaidh na míosa ina rithfear é. | |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 . |
38. —(1) Déantar leis seo “seachas díol mionreaca” a chur in ionad “ar shlí seachas i ndáil le gnó siopa nó gnó mionreaca dá shamhail a sheoladh” sa dara mír den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 . |
[EN] | (2) Tiocfaidh an leasú a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i ngníomh— | |
[EN] | (a) má ritear an tAcht seo roimh mí Iúil, 1965, nó sa mhí sin —ar an lú lá de Lúnasa, 1965, agus | |
[EN] | (b) má ritear é i mí Lúnasa, 1965, nó dá éis sin— an lú lá den mhí i ndiaidh na míosa ina rithfear é. | |
[EN] |
Cinneadh i dtaobh gníomhaíocht a bheith díolmhaithe. |
39. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim (cibé acu ar eolas a chur in iúl dóibh is eolas a tugadh dóibh de réir na rialachán iomchuí le haghaidh dliteanais an duine lena mbaineann i leith cánach a fháil amach nó ar aon bhealach eile) go ndearnadh airgead a asbhaint, agus láimhdeachas inchánach duine fhreagraigh á ríomh i leith aon mhíosa áirithe, ar an bhforas gur gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí fho-alt (2) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 , an ghníomhaíocht ar maidir léi a fuarthas an t-airgead, agus | |
[EN] | (b) inarb é tuarim na gCoimisinéirí Ioncaim nach gníomhaíocht dhíolmhaithe den sórt sin an ghníomhaíocht dhíolmhaithe sin, | |
[EN] | féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, dá rogha féin agus gan dochar d'aon ní eile a fhéadfaí a dhéanamh, fógra a sheirbheáil ar an duine ina sonrófar— | |
[EN] | (i) an asbhaint is dóigh leo nár chóir a dhéanamh agus láimhdeachas inchánach á ríomh i leith na míosa a bhí i gceist, agus | |
[EN] | (ii) an cháin bhreise ab iníoctha dá mba rud é nach ndearnadh an asbhaint sin. | |
[EN] | (2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar dhuine freagrach faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé go mbaineann an asbhaint a shonraítear san fhógra le gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí fho-alt (2) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963 , a cheangal trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó sheirbheáil an fhógra, go ndéanfar an t-éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim lena chinneadh, | |
[EN] | (b) ar bheith caite don tréimhse sin, mura gceanglaítear aon éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh, nó, má cheanglaítear éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh, ar na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim do dhéanamh cinneadh in aghaidh an éilimh, beidh an cháin bhreise a shonraítear san fhógra inghnóthaithe sa tslí chéanna agus leis na himeachtaí céanna agus bheadh dá mba rud é gur chuir an duine sonraí ar aghaidh, de réir na rialachán iomchuí, á thaispeáint go raibh an cháin sin dlite de. | |
[EN] | (3) Féadfaidh fógra a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo baint le dhá mhí nó níos mó agus le dhá asbhaint nó níos mó in aon mhí áirithe. | |
[EN] |
Nós imeachta i gcás ina gceanglófar éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim. |
40. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le héilimh a cheanglófar a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 54 den Acht Airgeadais, 1963 , nó faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo: |
[EN] | (a) déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim ó am go ham tráthanna agus áiteanna a cheapadh le haghaidh éilimh a éisteacht agus tabharfaidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra i dtaobh na dtráthanna agus na n-áiteanna sin do na Coimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | (b) tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn do gach duine (seachas duine ar déileáladh lena éileamh mar éileamh arna chinneadh de réir fho-alt (2) den alt seo) a mbeidh fógra éilimh tugtha aige i dtaobh an trátha agus na háite a bheidh ceaptha le haghaidh a éileamh a éisteacht; | |
[EN] | (c) féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin éileamh a éisteacht agus a chinneadh; | |
[EN] | (d) má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn duine a mbeidh fógra éilimh tugtha aige teacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Speisialta an tráth agus san áit a ceapadh chun éilimh a éisteacht, déileálfar leis an éileamh ionann agus dá mba rud é gur thug na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cinneadh ina choinne an tráth a bhí ceaptha amhlaidh; | |
[EN] | (e) má shuítear trí iarratas i scríbhinn chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim gur coisceadh duine ar bith mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile ó fhógra éilimh a thabhairt i dtráth cuí nó ó bheith i láthair ag éisteacht an éilimh an lá a bhí socair chuige sin, féadfaidh siad an tréimhse le haghaidh fógra éilimh a fhadú nó éisteacht a éilimh a iarchur go ceann cibé tréimhse réasúnaí is dóigh leo is gá nó féadfaidh siad a cheadú go bhféadfaidh aon ghníomhaire a bheidh údaraithe thar a cheann an t-éileamh a dhéanamh; | |
[EN] | (f) féadfaidh cigire cánach nó cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin bheith i láthair ag gach éisteacht ar éileamh agus beidh sé i dteideal— | |
[EN] | (i) bheidh i láthair an t-am go léir a bheith an éisteacht ar siúl agus nuair a chinnfear an t-éileamh, | |
[EN] | (ii) aon fhianaise dhleathach i gcoinne an éilimh a thabhairt ar aird, agus | |
[EN] | (iii) cúiseanna a lua in aghaidh an éilimh; | |
[EN] | (g) tabharfaidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cead d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an éilitheora nó thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim, viva voce nó i scríbhinn, agus éistfidh siad aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí; | |
[EN] | (h) más dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim a éistfidh an t-éileamh, nó más dóigh le tromlach de na Coimisinéirí sin, de dhroim an t-éilitheoir a scrúdú faoi mhionn nó faoi dhearbhasc, nó de thoradh aon fhianaise dleathaí, gur éileamh cóir an t-éileamh, cinnfidh siad i bhfabhar an éilimh ach in aon chás eile cinnfidh siad in aghaidh an éilimh; | |
[EN] | (i) i gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim tar éis aird a thabhairt ar éileamh agus, tar éis dóibh argóint ar an éileamh a éisteacht, go mbeidh siad tar éis a gcinneadh a iarchur d'fhonn an argóint a bhreithniú nó d'fhonn caoi a thabhairt don éilitheoir tuilleadh fianaise nó argóna a chur faoina mbráid i scríbhinn, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, mura dóigh leo gur gá éisteacht eile, a chur faoi deara go gcuirfear a gcinneadh leis an bpost go dtí an t-éilitheoir agus go dtí na Coimisinéirí Ioncaim; | |
[EN] | (j) i gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis éileamh a chinneadh, beidh a gcinneadh ina chinneadh críochnaitheach dochloíte, ach amháin go mbeidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí, sa tslí chéanna agus bheadh feidhm acu i gcás achomhairc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim. | |
[EN] | (2) Má rinne duine éileamh faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo agus tráth ar bith roimh an tráth a bheidh ceaptha le haghaidh éisteacht a éilimh ag na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim, go gcuirfidh seisean nó duine ag gníomhú thar a cheann maidir leis an éileamh in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, i scríbhinn, nach dteastaíonn uaidh dul ar aghaidh lena éileamh, déileálfar leis an éileamh ionann agus dá mba rud é go ndearna na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cinneadh ina choinne ar an dáta a chuir sé é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim. |