An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Brabúis nó Gnóchan ó Dhéileáil i d Talamh nó ón a Fhorbair: Cáin ioncaim agus forcháin.) Ar Aghaidh (CUID IX. Leasú ar Chuid IX den Acht Airgeadais, 1963: Cáin Ioncaim agus Forcháin.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID VIII.

Trádála agus Gairmeacha a sheoltar i gComhpháirtíocht: Cáin Ioncaim agus Forcháin.

Forléiriú (Cuid VIII).

1959, Uimh. 18 .

1946, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 47 .

1957, Uimh. 20 .

49. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan de chuid an duine a dhéanfaidh í, aon cháin inbhainte faoi Riail 19 de na Rialacha Ginearálta;

ciallaíonn “muirear cothromaíochta” muirear cothromaíochta faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 ;

ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, i gcás ina mbeidh sé le meas, de bhua aon Achta, gurb iad brabúis nó gnóchan aon tréimhse eile brabúis nó gnóchan na tréimhse sin, an tréimhse eile sin;

ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas seachas liúntas a bheidh le tabhairt, nuair a bheidh brabúis nó gnóchan á ríomh, faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, faoi alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 , faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1957 , nó faoi Chuid V nó faoi alt 74 den Acht Airgeadais, 1957;

ciallaíonn “trádáil chomhpháirtíochta” aon trádáil atá á seoladh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht;

ciallaíonn “comhpháirtí tosaíochta” maidir le comhpháirtíocht an comhpháirtí a chónaíonn sa Stát agus—

(a) a chéadainmnítear sa chomhaontú comhpháirtíochta, nó

(b) mura bhfuil aon chomhaontú ann, a ainmnítear go haonarach nó le tosaíocht ar na comhpháirtithe eile i ngnáth-ainm an ghnólachta a, nó

(c) arb é an comhpháirtí gníomhach tosaíochta é, mura comhpháirtí gníomhach an comhpháirtí a ainmnítear le tosaíocht,

agus déanfar, i gcás nach sa Stát a chónaíonn aon chomhpháirtí, aon tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a fhorléiriú mar thagairt don ghníomhaire, don bhainisteoir, nó don fhactóir de chuid an ghnólachta a chónaíonn sa Stát;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí” maidir le trádáil chomhpháirtíochta tréimhse chomhleanúnach ar tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, di go huile nó do chuid di—

(a) dar tosach tráth nach raibh an trádáil á seoladh díreach roimhe ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach raibh aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine a bhí díreach roimhe sin ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht, agus

(b) ag leanúint an fad (ach ní níos faide ná an fad) nach bhfuil tráth ann nach bhfuil an trádáil á seoladh díreach ina dhiaidh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach bhfuil aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine atá díreach ina dhiaidh ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht,

faoi réir an choinníll go measfar, i gcás aon tréimhse den sórt sin a thosódh, ar leithligh ón gcoinníoll seo, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, “an tréimhse iomchuí” do thosú an tráth nó an tráth deiridh de dhá thráth nó níos mó, a raibh, ar athrú a theacht sa chomhpháirtíocht daoine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin, na daoine a bhí ag gabháil di amhlaidh díreach i ndiaidh an trátha le háireamh, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, mar dhaoine a thionscain nó a thúsaigh an trádáil an tráth sin.

(2) Maidir le cás trádáil chomhpháirtíochta a bheith á seoladh ó am go ham i gcaitheamh tréimhse iomchuí ag dhá chomhpháirtíocht éagsúla daoine nó níos mó déanfar aon tagairt sa Chuid seo don chomhpháirtíocht a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomhpháirtíocht daoine ag a raibh an trádáil á seoladh ó thosach na tréimhse iomchuí agus forléireofar dá réir sin aon tagairt do chomhpháirtí.

(3) Beidh feidhm maidir le gairmeacha ag forálacha na Coda seo le haon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm acu maidir le trádála.

Cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna.

1963, Uimh. 23 .

50. —(1) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfidh cigire cánach, trí fhógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta de cheangal air sin a dhéanamh, déanfaidh sé, laistigh den am a theorannófar leis an bhfógra, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire ina dtuairisceoidh sé—

(a) bunaidh uile ioncaim na comhpháirtíochta don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a thabharfar an fógra;

(b) an méid ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo;

(c) cibé sonraí breise chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta mar a cheanglóidh an fógra nó mar a iarrfaidh an fhoirm fhorordaithe.

(2) Déanfar an méid ioncaim ó aon bhunadh nach foláir a chur in aon tuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach amháin gur trí thagairt don bhliain roimhe sin a dhéanfar an ríomh i ngach cás:

Ar choinníoll—

(a) i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 3 den Acht Airgeadais, 1956 , go ndéanfar an ríomh ar neamhshuim leis an alt sin;

(b) más rud é, i gcás trádála, go mbeidh cuntas déanta suas go dtí dáta sa bhliain roimhe sin nó go mbeidh níos mó ná cuntas amháin déanta suas go dtí dátaí sa bhliain sin, go ndéanfar an ríomh trí thagairt don tréimhse nó do na tréimhsí go léir, má bhíonn níos mó ná tréimhse amháin ann, dá mbeidh cuntais déanta suas mar a dúradh.

(3) Má sheachadann duine tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe d'aon chigire cánach measfar gur ceanglaíodh air le fógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh.

(4) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “an tAcht Airgeadais, 1965 , Alt 50” a chur isteach sa chéad cholún de.

(5) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú de bhua fho-alt (4) den alt seo—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu gur tugadh go cuí fógra a luafar don chosantóir lá a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,

(b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu nach bhfuarthas tuairisceán a luafar ón gcosantóir i rith tréimhse a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin,

(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo agus ag airbheartú é a bheith sínithe ag cigire cánach a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar é a bheith sínithe ag an gcigire sin go dtí go gcruthófar a mhalairt.

(6) San alt seo ciallaíonn rud a bheith forordaithe é a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Measúnachtaí ar leithligh ar chomhpháirtithe.

1929, Uimh. 32 .

1942, Uimh. 14 .

51. —(1) I gcás trádáil chomhpháirtíochta, beidh éifeacht faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, ag na hAchtanna Cánach Ioncaim maidir le haon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht amhail is gurb amhlaidh a bhí in aon tréimhse iomchuí—

(a) gurbh ionann aon bhrabúis nó gnóchan a tháinig chuige ón trádáil agus aon chaillteanas a tharla dó inti agus brabúis nó gnóchan ó thrádáil nó a tharla i dtrádáil (dá ngairtear trádáil leithleach anseo ina dhiaidh seo sa Chuid seo) a bhí á seoladh aige féin go haonarach agus ba thrádáil—

(i) a tionscnaíodh nó a túsaíodh i dtosach na tréimhse iomchuí, nó más tráth éigin sa tréimhse iomchuí seachas ina tosach a thosaigh sé ar bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh an tráth a thosaigh sé amhlaidh, agus

(ii) nuair a scoirfidh sé de bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh, i rith na tréimhse iomchuí nó i ndeireadh na tréimhse iomchuí, a buanscoireadh nuair a scoir sé amhlaidh, agus

(b) gur íoc sé an chuid a dhligh sé a íoc d'aon íocaíocht bhliantúil ón gcomhpháirtíocht,

(2) (a) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb é méid na mbrabús nó an ghnóchain a tháinig chun aon chomhpháirtí áirithe óna thrádáil leithleach, nó an méid caillteanais a tharla dó inti, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí an méid sin de mhéid iomlán brabús nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta nó, de réir mar bheidh, de mhéid iomlán an chaillteanais a tharla i dtrádáil na comhpháirtíochta a thiocfadh mar a chion chuige ar chionroinnt a dhéanamh ar an gcéanna de réir téarmaí chomhaontú na comhpháirtíochta maidir le roinnt brabús agus caillteanas.

(b) i gcás inarb éard í an bhliain nó an tréimhse (dá ngairtear tréimhse an ríomha anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) dá mbeidh na brabúis nó an gnóchan ó thrádáil leithleach chomhpháirtí nó an caillteanas a tharla inti le déanamh suas faoin bhfo-alt seo, bliain nó tréimhse nó cuid de bhliain nó tréimhse dá mbeidh cuntas ar thrádáil na comhpháirtíochta déanta suas, beidh feidhm ag ailt 15 agus 16 den Acht Airgid, 1929 , maidir leis an gcomhpháirtí ionann is dá mbeadh cuntas ar a thrádáil leithleach déanta suas don tréimhse ríomha.

(c) Más rud é, i gcás trádáil leithleach chomhpháirtí, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965 a thosaíonn an bhonntréimhse d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar brabúis nó gnóchan na bonn-tréimhse sin a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh na forálacha sin i bhfeidhm sa tréimhse sin nó i gcuid éigin di.

(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an cigire cánach, faoi réir alt 53 den Acht seo, méid iomlán brabús nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta, nó méid iomlán an chaillteanais a tharla, sa trádáil sin in aon bhliain nó tréimhse áirithe a chinneadh agus déanfar aon chinneadh den sórt sin mar bheadh sé le déanamh—

(a) dá ndéanfaí an trádáil a thionscnamh nó a thúsú i dtosach na tréimhse iomchuí, agus

(b) i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh na tréimhse sin, agus

(c) dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir sa tréimhse iomchuí agus gurbh é an duine sin a rinne nó gur leis a rinneadh gach rud a rinneadh, le linn í a bheith á seoladh, ag nó leis na daoine a sheol í iarbhír:

Ar choinníoll go measfar chun críocha an fho-ailt seo, i gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, an tréimhse iomchuí a thosú an tráth ar measadh chun críocha cánach ioncaim gurbh é an tráth é a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil agus in aon chás den sórt sin, go measfar gurbh éard aon bhrabúis nó gnóchan a tháinig chun aon duine ón trádáil, nó in aon chaillteanas a tharla dó sa trádáil, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí a bhí sé ag gabháil don trádáil ar a chuntas féin, brabúis nó gnóchan a tháinig chuige ó thrádáil chomhpháirtíochta, nó de réir mar bheidh, caillteanas a tharla dó i dtrádáil chomhpháirtíochta, ina raibh teideal aige, i gcaitheamh na bliana nó na tréimhse a bheidh i gceist, chun méid iomlán na mbrabús a tháinig nó inar dhligh sé méid iomlán an chaillteanais a iompar.

(4) I gcás ina measfar, faoi fho-alt (1) den alt seo, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a tionscnaíodh nó a túsaíodh trádáil leithleach de chuid chomhpháirtí, beidh feidhm ag alt 5 den Acht Airgeadais, 1942 , ionann is dá mbeadh éifeacht riamh ag an alt seo ach amháin maidir leis an mbliain 1964-65, más éileamh i leith na bliana 1965-66 an t-éileamh faoin alt sin 5, go measfar, chun críocha an ailt sin 5, gurb é méid na measúnachta i leith na mbrabús nó an ghnóchain ón trádáil leithleach scair an chomhpháirtí arna ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, den mhéid de na brabúis nó den ghnóchan ón trádáil chomhpháirtíochta ar ar measúnaíodh an chomhpháirtíocht don bhliain 1964-65, ar neamhshuim le haon asbhaint as an gcéanna i leith caillteanais nó le haon liúntas caipitiúil nó muirear cothromaíochta a tugadh don chomhpháirtíocht nó a rinneadh uirthi.

(5) I gcás ina dtarlóidh, maidir le trádáil chomhpháirtíochta go rachaidh an tréimhse iomchuí, a thosaigh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, in éag sa bhliain 1965-66, féadfar aon mheasúnacht bhreise i leith brabús nó gnóchain na trádála a d'fhéadfaí, dá mba nár achtaíodh an Chuid seo agus go raibh sé le meas gur buanscoireadh an trádáil sa bhliain 1965-66, a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgid, 1929 , don bhliain 1964-65 a dhéanamh d'ainneoin an Chuid seo a achtú.

(6) I gcás nach ndéanfaidh na scaireanna chun a bhfuil teideal ag na comhpháirtithe sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta dísciú ar bhrabúis na trádála a sheol an chomhpháirtíocht sa tréimhse sin, déanfar measúnacht faoi Chás VI de Sceideal D ar an gcomhpháirtí tosaíochta i leith na coda neamhdhíscithe de na brabúis agus beidh an comhpháirtí tosaíochta i dteideal, má bhíonn agus nuair a bheidh an t-iarmhéid sin le híoc le duine a bheidh ina theideal, aon mhéideanna cánach a measúnaíodh agus a d'íoc sé a bhaint as an iarmhéid sin agus beidh sé lán-saortha agus urscaoilte ó aon mhéideanna den sórt sin.

(7) Ní thabharfaidh an t-alt seo go ndéanfaidh ioncam tuillte d'aon ioncam nach ioncam tuillte ar leithligh ón alt seo.

Liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta.

52. —(1) Beidh éifeacht, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo maidir le trádáil leithleach chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais chaipitiúla a thabhairt agus muirir chothromaíochta a dhéanamh le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan trádála.

(2) I gcás ina mbeidh an duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire in aon chomhpháirtíocht tar éis éileamh a dhéanamh, mar a fhoráiltear le fo-alt (9) den alt seo, d'aon bhliain mheasúnachta, tabharfar d'aon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht, le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan a thrádála leithlí, liúntas caipitiúil i leith aon chaiteachais nó maoine ar cóimhéid lena scair iomchuí d'aon liúntas caipitiúil don bhliain sin (gan aon mhéid a tugadh anonn ó bhliain roimhe sin a áireamh) (dá ngairtear comhliúntas ina dhiaidh seo san alt seo) a d'fhéadfaí, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchain, a thabhairt ina leith le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh na hAchtanna Cánach Ioncaim gur cheart na brabúis sin a mhuirearú trí chómheasúnacht ar na daoine a sheol an trádáil sa bhliain mheasúnachta ionann agus—

(a) dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir agus gurb iad a rinne nó gur leo a rinneadh gach rud a rinneadh ag a réamhtheachtaithe nó leo ag seoladh, nó i ndáil le seoladh, na trádála, agus

(b) gurb i dtosach na tréimhse iomchuí a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, agus i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí, dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh an tréimhse sin.

(3) Muirearófar d'aon bhliain mheasúnachta ar aon chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan a thrádála, muirear cothromaíochta ar cóimhéid lena scair iomchuí d'aon mhuirear cothromaíochta (dá ngairtear cómhuirear anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a bheadh le déanamh don bhliain sin le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh na hAchtanna Cánach Ioncaim gur cheart na brabúis sin a mhuirearú mar a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(4) Má ráiníonn i ndeireadh na tréimhse iomchuí go dtiocfaidh duine nó comhpháirtíocht daoine i gcomharbas trádála comhpháirtíochta agus go mbeidh aon mhaoin a bhí díreach sula dtarlóidh an comharbas ann, á húsáid chun críocha thrádáil na comhpháirtíochta agus, díreach tar éis an comharbas a tharlú ann, a bheidh, gan í a dhíol, á húsáid chun críocha na trádála a bheidh á seoladh ag an gcomharba nó ag na comharbaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 63 den Acht Airgeadais, 1959 , mar atá feidhm aige i gcás ina bhfuil sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha Riail 11 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, go bhfuil an trádáil buanscortha.

(5) I gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí do thrádáil chomhpháirtíochta agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, measfar chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, an tréimhse iomchuí do thosú an tráth a measadh chun críocha cánach ioncaim a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil.

(6) (a) Faoi réir alt 53 den Acht seo, cinnfidh an cigire cánach maidir le haon trádáil chomhpháirtíochta méid iomlán na gcomhliúntas uile d'aon bhliain mheasúnachta agus méid iomlán na gcómhuirear uile don bhliain sin.

(b) Má ráiníonn, tar éis cinneadh a bheith déanta faoi mhír (a) den fho-alt seo, gur feasach an cigire aon fhíorais nó teagmhais le gurb é a thuairim, ag féachaint chucu sin, go bhfuil an cinneadh mícheart, féadfaidh sé ó am go ham agus a mhinicí is dóigh leis is gá cinneadh athscrúdaithe a dhéanamh, agus glacfaidh aon chinneadh athscrúdaithe den sórt sin ionad aon chinneadh níos luaithe ná é, agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá.

(7) (a) Faoi réir forálacha mhír (b) den fho-alt seo, déanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, scaireanna iomchuí na gcomhpháirtithe de chomhliúntas, nó de chómhuirear a ríomh trína iomlán a chionroinnt ar na comhpháirtithe ar an bhforas céanna a bheadh a chóimhéid de bhrabúis a tháinig sa tréimhse thrádála ó thrádáil na comhpháirtíochta, agus a d'fhaibhrigh ó lá go lá thar an tréimhse sin, le cionroinnt de réir téarmaí na comhpháirtíochta dá mbeadh soláthar déanta cheana féin d'aon tuarastal, ús ar chaipiteal nó suim eile chun a raibh teideal ag aon chomhpháirtí ar neamhshuim le méid na mbrabús a d'éirigh ó thrádáil na comhpháirtíochta.

Sa mhír seo ciallaíonn “tréimhse thrádála”, i gcás an tréimhse iomchuí a thosú nó a chríochnú i rith na bliana measúnachta dá ríomhfar an comhliúntas nó an cómhuirear an chuid den bhliain mheasúnachta sin is cuid den tréimhse iomchuí nó, in aon chás eile, an bhliain mheasúnachta sin.

(b) Má líomhnaíonn na comhpháirtithe go léir (agus a ionadaithe dlíthiúla ag ionadú aon chomhpháirtí éagtha) d'aon bhliain mheasúnachta, trí fhógra scríofa faoina lámha a chuirfear chuig an gcigire cánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, gur tarraingíodh cruatan ar dhuine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe mar gheall ar chionroinnt comhliúntais nó cómhuirir a rinneadh ar an bhforas atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh na Coiminisinéirí Ioncaim, ar bheith deimhnitheach dóibh gur tarraingíodh cruatan, cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir trí chionroinnt nua a dhéanamh ar an gcomhliúntas nó ar an gcomhuirear, agus beidh éifeacht chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim ag aon chionroinnt nua den sórt sin ionann agus dá mba chionroinnt í faoi mhír (a) den fho-alt seo agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá.

(8) Chun na measúnachtaí a dhéanamh ar na comhpháirtithe, measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta áirithe gur comhliúntas don bhliain sin méid comhiomlán na liúntas caipitiúla go léir a tugadh anall agus beidh feidhm dá réir ag fo-alt (7) den alt seo.

San fho-alt seo ciallaíonn liúntas caipitiúil a tugadh anall—

(a) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá le tabhairt don chomhpháirtíocht in aghaidh na bliana 1964-65 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin a d'fhéadfaí, dá mba nár achtaíodh an Chuid seo, a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta don bhliain 1965-66, agus

(b) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá le tabhairt do chomhpháirtí in aghaidh 1965-66 nó bliana dá éis sin agus a d'fhéadfaí, mura mbeadh an t-alt seo, a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil leithleach an chomhpháirtí do bhliain mheasúnachta tar éis na bliana dar ríomhadh an liúntas caipitiúil.

(9) Maidir le trádáil chomhpháirtíochta—

(a) aon éileamh ar chomhliúntas d'aon bhliain mheasúnachta déanfaidh an comhpháirtí tosaíochta é ionann agus dá mba éileamh é ar liúntas caipitiúil a bhí le tabhairt dó agus cuirfear é sa tuairisceán a sheachadfaidh sé faoi alt 50 den Acht seo maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, agus

(b) aon éileamh ar chomhliúntas measfar gurb éileamh é ó gach comhpháirtí ar liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt dó agus is liúntas caipitiúil ar cóimhéid lena scair iomchuí den chomhliúntas sin.

Modhnú ar na forálacha maidir le hachomhairc.

1918, c. 40.

53. —(1) Féadfaidh an cigire cánach fógra a thabhairt don chomhpháirtíocht lena mbaineann i dtaobh aon chinneadh aige faoi fho-alt (3) d'alt 51 nó faoi fho-alt (6) d'alt 52 den Acht seo trí ráiteas scríofa á insint a sheachadadh don duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire sa chomhpháirtíocht agus na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí i leith cánach beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le aon chinneadh agus aon fhógra i dtaobh cinnte ionann agus dá mba mheasúnacht agus fógra i dtaobh measúnachta den sórt sin iad faoi seach.

(2) Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach dochloíte nó, i gcás cinneadh faoi fho-alt (6) d'alt 52 den Acht seo, críochnaitheach dochloíte faoi réir mhír (b) den fho-alt sin ní chuirfear a chirte faoi cheist le linn éisteacht nó athéisteacht a bheith á thabhairt d'achomharc ag aon chomhpháirtí i gcoinne measúnachta i leith brabús nó gnóchain a thrádála leithlí nó i gcoinne cinneadh ag an gcigire cánach ar éileamh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918.

(3) Má ráiníonn ar aon achomharc den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo go mbeidh aon cheist ann i dtaobh cionroinnt a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) d'alt 51 nó faoi fho-alt (7) d'alt 52 den Acht seo agus gur dealraitheach gur ceist ábhartha an cheist maidir leis an dliteanas i leith cánach ioncaim atá (do cibé bliain mheasúnachta é) ar bheirt daoine nó níos mó tabharfar fógra do na daoine sin go léir faoi thráth agus ionad na héisteachta agus beidh teideal acu láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla scríofa a chur chucu.

Forálacha maidir le muirir faoi alt 50 den Acht Airgeadais, 1959 .

54. —(1) I gcás ina mbeadh muirear faoi alt 50 den Acht Airgeadais, 1959 (dá ngairtear cómhuirear ina dhiaidh seo san alt seo) le déanamh d'aon bhliain mheasúnachta áirithe le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil comhpháirtíochta dá bhforáladh na hAchtanna Cánach Ioncaim gur cheart na brabúis nó an gnóchan sin a mhuirearú mar a shon raítear i bhfo-alt (2) d'alt 52 den Acht seo, gearrfar ar aon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan a thrádála leithlí muirear faoin alt sin 50 ar cóimhéid lena scair iomchuí den chómhuirear.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ríomhfar scair iomchuí chomhpháirtí de chómhuirear mar atá a scair iomchuí de chómhuirear de réir brí alt 52 den Acht seo le ríomh de bhua fho-alt (7) den alt sin.

(3) Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Airgeadais, 1959 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina mbeidh, faoi fhorálacha Chaibidil V den Chuid seo den Acht seo arna modhnú le Cuid VIII den Acht Airgeadais, 1965 , muirir faoi alt 50 den Acht seo le gearradh ar bheirt daoine nó níos mó mar na daoine a sheolann trádáil de thuras na huaire, agus go rachaidh an tréimhse iomchuí, de réir brí na Coda sin VIII, in éag beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse iomchuí a dhul in éag mar atá éifeacht acu i gcás ina dtosaítear ar chomhlacht corpraithe a fhoirceannadh.

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar na suimeanna breise a bheidh, faoin bhfo-alt sin, le muirearú don bhliain in n-éagfaidh an tréimhse iomchuí a chomhiomlánú agus a chionroinnt ar chomhaltaí na chomhpháirtíochta díreach roimh éag don tréimhse iomchuí de réir a leasanna faoi seach i mbrabúis na comhpháirtíochta an tráth sin agus go ndéanfar gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, a ionadaithe pearsanta) a mhuirearú i leith a chionúireachta, agus

(b) go mbeidh ag gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, ag a ionadaithe pearsanta) an ceart céanna chun a cheangal go ndéanfar laghdú ar an gcáin ioncaim iomlán (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha aige nó as a eastát de dhroim an mhéadaithe ab infheidhmithe ag na hionadaithe pearsanta faoin bhfo-alt sin (1) i gcás báis, agus go mbeidh éifeacht dá réir sin ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin ach ionann agus dá mba éard iad na tagairtí don mhéid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) ab iníoctha ag an éagach nó as a eastát sa chúinse a luaitear ansin tagairt don mhéid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh sa chúinse sin le híoc nó le hiompar ag an gcomhpháirtí a bheidh i gceist nó amach as a eastát.”

Leasuithe ilghnéitheacha.

1960, Uimh. 19 .

55. —(1) Cuirfear an Riail seo a leanas in ionad Riail II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D:

“11. (1) If at any time after the 5th day of April, 1965, a trade, profession or vocation which immediately before that time was carried on by an individual person (hereafter in this paragraph referred to as the predecessor) becomes carried on by another individual person or by a partnership of persons (including a partnership in which the predecessor is a partner), the tax payable for all years of assessment by the predecessor shall be computed as if the trade, profession or vocation had been permanently discontinued at that time.

(2) If at any time after the 5th day of April, 1965, an individual person (hereafter in this paragraph referred to as the successor) succeeds to a trade, profession or vocation which immediately before that time was carried on by another individual person or by a partnership of persons (including a partnership in which the successor was a partner), the tax payable for all years of assessment by the successor shall be computed as if he had set up or commenced the trade, profession or vocation at that time.

(3) In the case of the death of a person who, if he had not died, would, under the provision of this rule, have become chargeable to income tax for any year, the tax which would have been so chargeable shall be assessed and charged upon his executors or administrators, and shall be a debt due from and payable out of his estate.”

(2) Leasaítear leis seo mír 2 de Riail 19 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D trí “any of the provisions of the Income Tax Acts” a chur in ionad “Rule q11 of these Rules (as amended by section 13 of the Finance Act, 1929 (No. 32 of 1929))”.

(3) Leasaítear leis seo Riail 5 de na Rialacha Ginearálta tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur léi:

“Provided that in the case of a partnership, the precedent partner, or if there is no precedent partner, the factor, agent, receiver, branch, or manager shall be deemed to be the agent of a non-resident partner.”

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1959 , trí “de bhua forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim” a chur in ionad “aon fhorálacha i Riail II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D”.

(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1959 , trí “faoi réir forálacha alt 52 den Acht Airgeadais, 1965 ” a chur isteach i ndiaidh “a thabhairt”.

(6) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1959 , trí “na mbrabús nó an ghnóchain a tháinig chun aon chomhpháirtí ó thrádáil” a chur in ionad “brabús nó gnóchain thrádála”.

(7) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1959 , trí “faoi fho-alt (3) d'alt 51 den Acht Airgeadais, 1965 ” a chur isteach i ndiaidh “ríomh”.

(8) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 57 den Acht Airgeadais, 1959 , trí “aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim” a chur in ionad “Rialach 11 de na Rialacha a bhain eann le Cásanna I agus II de Sceideal D”.

(9) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 63 den Acht Airgeadais, 1959 , trí “faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 , faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó” a chur isteach roimh “faoi” agus “, faoi réir alt 52 den Acht Airgeadais, 1965 ,” a chur isteach roimh “aon liúntas”.

(10) Leasaítear leis seo fo-alt (7) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1960 , trí “roimh 1965-66” a chur isteach i mír (a) roimh “ar measúnaíodh” agus “don bhliain mheasúnachta 1964-65” a chur isteach i mír (b) roimh “ina chaillteanas scoir”.

(11) Leasaítear leis seo fo-alt 8 d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1960 , trí “nó i gcás é a bheith measta faoi threoir fhomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 51 den Acht Airgeadais, 1965 , trádáil leithleach de chuid chomhpháirtí a bheith buanscortha,” a chur isteach i ndiaidh “Sceideal D”.

(12) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar éileamh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, do 1964-65 ag duine is comhpháirtí i gcomhpháirtíocht maidir le caillteanas a tharla sa trádáil chomhpháirtíochta, ansin más í an bhliain 1964-65 an bhonn-bhliain le haghaidh measúnachta air don bhliain 1965-66 i leith na mbrabús a tháinig chuige ón trádáil chomhpháirtíochta chéanna, go bhféadfaidh sé a cheangal go ndéanfar a scair den chaillteanas do 1964-65 a chinneadh ionann is dá mbeadh méid ar cóimhéid lena scair iomchuí de chomhliúntas faoi fho-alt (7) d'alt 52 den Acht Airgeadais 1965, le hasbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar a scair de bhrabúis nó gnóchan nó de chaillteanas na trádála don bhliain éilimh 1964-65, agus go bhféadfar éileamh a dhéanamh amhlaidh d'ainneoin nár tharla, ar leithligh ón liúntas sin, aon chaillteanas sa trádáil don chomhpháirtí a dhéanfaidh an t-éileamh.”