26 1965


Uimhir 26 de 1965.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLACHA BUANA MAIDIR LE hEISIÚINTÍ ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE AGUS MAIDIR LE hIASACHTAÍ A FHÁIL. [21 Nollaig, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAcht Leithreasa”, maidir le bliain airgeadais, an tAcht lena leithreasaítear na suimeanna a dheonaítear i leith na bliana do sheirbhísí soláthair;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Eisiúintí as an bPríomh-Chiste roimh sholáthar a dheonú.

2. —Amhail ó thosach na bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, agus gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin, beidh ag an Aire, maidir le haon seirbhís soláthair dá ndearnadh suim a leithreasú i leith na bliana airgeadais díreach roimhe sn in Acht Leithreasa na bliana sin, ar choinníoll go n-iarrfaidh sé i rith na bliana ar Dháil Éireann soláthar a dheonú don tseirbhís sin i leith na bliana, údarás chun suimeanna a eisiúint as an bPríomh-Chiste sa bhliain, agus a úsáid chun slánaithe an tsoláthair sin, nach mó san iomlán ná ceithre chúigiú den tsuim a leithreasaíodh amhlaidh ach sin, maidir le haon eisiúint agus úsáid áirithe, faoi réir é á mheas gur gá sin.

Coigeartú ar an iomlán a údaraítear le halt 2.

3. —I gcás ina ndeonóidh Dáil Éireann, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, nó in aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, soláthar do sheirbhís soláthair don bhliain, ar seirbhís í a ndearnadh suim a leithreasú ina leith in Acht Leithreasa na bliana airgeadais díreach roimhe sin, déanfar an t-iomlán a údaraítear le halt 2 den Acht seo a eisiúint don tseirbhís sin don bhliain—

(a) más mó an soláthar a dheonófar ná ceithre chúigiú den tsuim a leithreasaíodh don tseirbhís i leith na bliana airgeadais díreach roimhe sin—a mhéadú de mhéid na breise a bheidh ag an soláthar a dheonófar ar cheithre chúigiú den tsuim sin, agus

(b) más lú an soláthar a dheonófar ná ceithre chúigiú den tsuim a leithreasaíodh don tseirbhís i leith na bliana airgeadais díreach roimhe sin—a laghdú den mhéid a bheidh an soláthar a dheonófar faoi bhun ceithre chúigiú den tsuim sin.

Eisiúintí as an bPríomh-Chiste tar éis soláthar a dheonú.

4. —I gcás ina ndeonóidh Dáil Éireann soláthar sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, nó in aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin—

(a) do sheirbhís soláthair don bhliain, ar seirbhís í nár leithreasaíodh suim di in Acht Leithreasa na bliana airgeadais díreach roimhe sin, nó

(b) do sheirbhís soláthair de chuid na bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin,

féadfaidh an tAire suimeanna nach mó san iomlán ná méid an deontais a eisiúint as an bPríomh-Chiste sa bhliain dár ndeonófar an soláthar, agus iad a úsáid chun slánaithe an tsoláthair.

Ráiteas ar eisiúintí údaraithe.

5. —Déanfaidh an tAire, gach mí Márta, ráiteas a leagan faoi bhráid Dháil Éireann ag sonrú na suimeanna a bheidh, amhail ó thosach na bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin, údaraithe dó le hailt 2 agus 4 den Acht seo a eisiúint as an bPríomh-Chiste.

Forálacha maidir le deontais áirithe soláthair sa bhliain airgeadais dar críoch 31 Márta, 1966.

6. —I gcás—

(a) ina ndearna Dáil Éireann tar éis an 30ú lá d'Iúil, 1965, agus roimh an Acht seo a rith, soláthar a dheonú do sheirbhís soláthair, nó

(b) ina ndéanfaidh Dáil Éireann, tar éis an tAcht seo a rith agus roimh an 31ú lá de Mhárta, 1966, soláthar a dheonú do sheirbhís soláthair don bhliain airgeadais dar críoch an lá sin nó don bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin,

féadfaidh an tAire suimeanna nach mó san iomlán ná méid an deontais a eisiúint as an bPríomh-Chiste sa bhliain airgeadais dar deonaíodh an soláthar, agus iad a úsáid chun slánaithe an tsoláthair.

Cumhacht chun airgead a fháil ar iasacht.

7. —(1) Féadfaidh an tAire suimeanna a bheidh ag teastáil le haghaidh eisiúintí faoin Acht seo a fháil ar iasacht agus chuige sin féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is cuí leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a mhuirearófar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil lena n-eisiúint.

(3) Aon airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo cuirfear chun creidmheasa do chuntas an Státchiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil ar aon dóigh ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gan airgead a fuarthas ar iasacht agus a aisíocadh a chur san áireamh.

8. —Nuair a bheifear á chinneadh cé mhéid a bheidh údaraithe a fháil ar iasacht faoi chumhacht chun airgead a fháil ar iasacht a thugtar don Aire le haon Acht nó faoi aon Acht (lena n-áirítear an tAcht seo agus aon Acht a rithfear tar éis an tAcht seo a rith), ní chuirfear san áireamh airgead a fuarthas ar iasacht faoin gcumhacht sin agus a aisíocadh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta a fuarthas ar iasacht é.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , a ghairm den Acht seo.