An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X Mífhiúntacht chun Teacht i gComharbas agus Dí-oidhriú) Ar Aghaidh (CUID XII. Forálacha maidir leis an Oifig Phrobháide agus le Clárlanna Probháide Ceantair.)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID XI.

Teorannú Cainge.

Gan ionadaí pearsanta, sa cháil sin dó, a bheith ina iontaobhaí faoi Reacht na dTréimhshí, 1957.

1957, Uimh. 6 .

[1959 (Uimh. 8) a. 26]

123. —(1) Ní bheidh ionadaí pearsanta i gcáil ionadaí pearsanta dó, de bhíthin alt 10 agus dá bhíthin sin amháin, ina iontaobhaí chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957 .

(2) Gabhann fo-alt (1) ionad mhír (d) d'fho-alt (2) d'alt 2 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , a aisghairtear leis an Acht seo.

Gan báille a fholú faoi “iontaobhaí” i Reacht na dTréimhsí, 1957 .

1957, Uimh. 6 .

[Nua. Gabhann thar Rice v. Begley [1920] 1 I.R. 243]

124. —D'ainneoin aon rialach dlí, ní fholóidh “iontaobhaí” i Reacht na dTréimhsí, 1957 , duine a dtig a chomhbhaint mhuiníneach de bhíthin amháin é a bheith i seilbh maoine a áirítear in eastát duine éagtha i gcáil bháille do dhuine eile.

Daoine atá i dteideal scaireanna i dtalamh.

[Nua. Cf. Ward v. Ward (1871) L.R. 6 Ch. 789, Coyle v. Mc Fadden [1901] 1 I.R. 298, Smith v. Savage [1906] 1 I.R. 469]

1957, Uimh. 6 .

125. —(1) I gcás gach duine de bheirt nó níos mó a bheith i dteideal aon scaire i dtalamh a áirítear in eastát duine éagtha, cibé acu is scaireanna comhionanna nó neamhionanna na scaireanna sin, agus go rachaidh aon duine nó gach duine díobh i seilbh na talún, ansin, d'ainneoin aon rialach dlí contrártha dó sin, measfar, chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957 , na daoine a rachaidh i seilbh (amhail eatarthu féin agus idir iad féin agus na daoine (más ann) nach rachaidh i seilbh) a dhul i seilbh agus d'fháil teidil ó sheilbh mar nascthionóntaí (agus ní mar thionóntaí i gcoiteannas dóibh) maidir lena scaireanna féin faoi seach agus freisin maidir le scaireanna faoi seach na ndaoine (más ann) nach rachaidh i seilbh.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) cibé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh aon duine den sórt sin i seilbh mar ionadaí pearsanta an éagaigh nó, ar dhul i seilbh dó, a deonaíodh nó nár deonaíodh ionadaíocht eastát an éagaigh dó ina dhiaidh sin.

Caingne i leith eastát daoine éagtha.

1957, Uimh. 6 .

[Nua]

126. —Déantar leis seo Reacht na dTréimhsí, 1957 , a leasú tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 45:

“45. (1) Faoi réir alt 71, ní dhéanfar aon chaingean i leith aon éilimh ar eastát duine éagtha nó ar aon scair nó leas san eastát sin, cibé acu faoi uacht, faoi dhíthiomnacht nó faoi alt 111 den Acht Comharbais, 1965 , é, a thionscnamh tar éis sé bliana ón dáta a d'fhaibhrigh an ceart chun an scair nó an leas a fháil.

(2) Ní dhéanfar aon chaingean chun go ngnóthófar riaráistí úis i leith aon leagáide, nó damáistí i leith na riaráistí sin, a thionscnamh tar éis trí bliana ón dáta a tháinig an t-ús chun bheith dlite.”

An tréimhse teorann i gcás míchumais.

1957, Uimh. 6 .

[Nua]

127. —Beidh éifeacht maidir le caingean i leith éilimh ar eastát duine éagtha nó ar aon scair san eastát sin, cibé acu faoi uacht, faoi dhíthiomnacht nó mar cheart dlíthiúil é, ag alt 49 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , a fhadaíonn na tréimhsí teorann a shocraítear leis an Acht sin, má bhí an duine chun ar fhaibhrigh sé faoi mhíchumas, ionann is dá gcuirfí tréimhse trí bliana in ionad na tréimhse sé bliana a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin.