An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Cáin Láimhdeachais) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i modh Creidmheasa maidir le Cáin Chorparáide na Ríochta Aontaithe )

17 1966

AN tACHT AIRGEADAIS, 1966

CUID VII

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1965, Uimh. 22 .

27. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1965” alt 61 den Acht Airgeadais, 1965 ;

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1965 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967, ach “£1,739,171” a chur in ionad “£1,819,122”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1965 ach “£1,103,334” a chur in ionad “£1,176,735”.

(4) Déanfar suim £1,819,988, chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1967.

(5) Déanfar an séú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,177,295 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Liúntais i leith foirgnimh nó déanmhais áirithe a úsáidtear chun garraíodóireacht mhargaidh.

1956, Uimh. 47 .

1958, Uimh. 25 .

1926, Uimh. 15 .

1959, Uimh. 18 .

28. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , trí “nó” agus an mhír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fo-alt (1):

“(d) le haghaidh torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir brí alt 2 den Acht Airgeadais, 1958 .”

(2) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1962 , trí “a bhfuil liúntas faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , le tabhairt ina leith de bhua alt 17 (1) (d) den Acht sin nó” a chur isteach i ndiaidh “seachas caiteachas caipitiúil”.

(3) Maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é do bhua fho-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag Cuid V den Acht Airgeadais, 1959 , ionann is dá ndéanfaí—

(a) “an deichiú” a chur in ionad “an gcaogadú” in alt 25 (1) agus in alt 27 (4) den Acht sin, agus

(b) “deichiú” a chur in ionad “caogadú” in alt 25 (3) agus in ionad “chaogadú” in alt 26 (1) den Acht sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo—

(a) amhail ón 7ú lá d'Aibreán, 1964, a mhéid a bhaineann siad le liúntais faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , agus

(b) amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1965, a mhéid a bhaineann siad le liúntais nó muirir chothromaíochta faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 .

ach ní thabharfar aon liúntas faoin gCuid sin IV ná faoin gCuid sin V de bhua an ailt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1966-67.

Leasú ar Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

29. —(1) I gcás comhlacht corpraithe a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile i modh earraí nó ábhair leis an duine sin a chur faoi aon phróiseas déantóireachta, beidh, más rogha leis an gcomhlacht corpraithe é, feidhm chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim agus ó cháin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ag na forálacha seo a leanas:

(a) measfar gur cuideachta an comhlacht corpraithe i ngach cás nach measfaí gur comhlacht corpraithe é mura mbeadh sin;

(b) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát agus measfar méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus

(c) i gcás—

(i) na seirbhísí sin a dhéanamh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát maidir le hearraí nó ábhair a allmhairíodh isteach sa Stát, agus

(ii) tar éis na seirbhísí a bheith déanta, go ndéanfar na hearraí nó na hábhair, nó na táirgí nó na baill a bheidh déanta díobh, a onnmhairiú amach as an Stát agus gur leis an duine sin iad i gcaitheamh an ama,

measfar gur onnmhairigh an comhlacht corpraithe earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aige ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte aige as na seirbhísí.

(2) Aon rogha a ghlacfar faoi fho-alt (1) den alt seo glacfar é trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire cánach agus beidh éifeacht aici maidir le gach bliain éilimh agus gach tréimhse chuntasaíochta a mbeidh faoiseamh faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , á iarraidh nó iarrtha ina leith ag an gcomhlacht corpraithe a ghlacfaidh an rogha sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chomhlacht corpraithe a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1) den alt seo, cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag alt 12 (1) agus ag alt 13 (1) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ionann is dá mbeadh an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn na hailt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail ó dháta an Achta Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , a rith, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir an dáta sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim:

Ar Choinníoll, i gcás ina ndearna comhlacht corpraithe, sular ghlac sé rogha faoin alt seo, díbhinn a íoc agus go bhfuil breis ag an méid cánach ioncaim a bhí sé i dteideal a bhaint as an díbhinn ar an méid a bheadh sé i dteideal faoi alt 15 (2) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , a asbhaint dá nglacfaí an rogha sular íocadh an díbhinn, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim ab inlamháilte mura mbeadh sin a laghdú méid na breise.

(5) I gcás inarb é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bhliain mheasúnachta díbhinn a raibh éifeacht maidir léi ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (4) den alt seo, beidh teideal ag an duine sin a éileamh go n-aisíocfar leis an méid sin, más aon mhéidé, cánach ioncaim agus forchánach a laghdóidh a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é dá n-asbhainfí cáin ioncaim as an díbhinn de réir an ráta ar dá réir ab inasbhainte í dá mba rud é go raibh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an gcomhlacht corpraithe an tráth a íocadh an díbhinn.

Leasú ar alt 19 den Acht Airgid, 1937 .

1937, Uimh. 18 .

1892, c. 48.

R. & O.R.,

Uimh. 237 de 1937.

30. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Airgid, 1937 , trí “agus faoi réir an Bank Act, 1892, a eisceadh, bainfidh siad, agus tuigfear iad a bhaint riamh, mar aon leis na modhnuithe sin, le bainistí Bhanc Ceannais na hÉireann ar na stoic, na cistí agus na hurrúis sin faoi réir Bannaí Náisiúnta a eisceadh” a chur isteach ag deireadh an ailt.

(2) Leasaítear leis seo Rialachán 3 de na Rialacháin Stuic Rialtais (Bainistí), 1937, trí “Bannaí Náisiúnta nó” a chur isteach roimh “Bannaí Talmhan” agus “Banc Ceannais na hÉireann,” a chur isteach roimh “Banc na hÉireann.”

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

31. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (ach amháin dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c. 39.

1920, c. 18.

1963, Uimh. 23 .

1965, Uimh. 22 .

32. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim agus forcháin) ailt 28 agus 29 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Déanfar Cuid V agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) ailt 28 agus 29 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(6) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , agus Chuid VI den Acht Airgeadais, 1965 .

(7) Measfar Cuid I den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht acu, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1966.

(8) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.