An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Tithe Plódaithe agus Tithe Neamhoiriúnacha) Ar Aghaidh (CUID VI Talamh agus Teaghaisí a Dhiúscairt)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

CUID V

Talamh a Fháil, etc.

Mínithe chun críocha Chuid V den Tríú Sceideal.

1925, Uimh. 22 .

75. —Sa Chuid seo agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) forléireofar tagairtí d'Achtanna na gClásal Talún mar thagairtí do na hAchtanna sin (seachas an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919) arna leasú leis an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1890 agus leis an Acht seo;

(b) ciallaíonn “an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 , leis an Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , agus leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

(c) ciallaíonn “Acht 1890” an Housing of the Working Classes Act, 1890;

(d) ciallaíonn “teach” foirgneamh—

(i) a úsáidtear go huile nó go príomha ar an dáta iomchuí chun daoine cónaí ann, nó

(ii) nach n-úsáidtear go huile ná go príomha ar an dáta iomchuí chun daoine cónaí ann ach, an uair dheiridh a úsáideadh go huile nó go príomha é, gur chun daoine cónaí ann a úsáideadh amhlaidh é,

agus folaíonn sé aon chlós, fothithe, nó comhghabhálais, gairdín nó talamh eile a ghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta;

(e) ciallaíonn “úinéir”, maidir le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá de thuras na huaire i dteideal feo simplí na talún a dhiúscairt cibé acu i seilbh nó i bhfrithdhílse é agus folaíonn sé freisin duine ag a bhfuil teachtadh nó atá i dteideal cíosanna agus brabús na talún faoi léas nó comhaontú ar faide ná trí bliana an chuid atá gan chaitheamh dá théarma;

(f) ciallaíonn “dáta iomchuí”, maidir le teach, dáta an fógra maidir leis an ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanamh a bhaineann leis an teach a fhoilsiú de réir airteagal 4 den Tríú Sceideal sin.

An nós imeachta chun talamh a fháil go héigeantach.

76. —Aon údarás tithíochta a gheobhaidh talamh go héigeantach chun críocha an Achta seo féadfar a údarú dóibh sin a dhéanamh trí ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanfaidh an t-údarás agus a chuirfear faoi bhráid an Aire, agus a dhaingneoidh sé, de réir na bhforálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Talamh nach bhfuil ag teastáil láithreach a fháil go héigeantach.

77. —Féadfar a údarú d'údarás tithíochta talamh nach bhfuil ag teastáil láithreach chun críocha an Achta seo a fháil go héigeantach chun na gcríocha sin agus de réir alt 76 den Acht seo, ar choinníoll gur dóigh leis an Aire gur réasúnach a bheith ag súil go mbeidh an talamh ag teastáil san am le teacht ón údarás chun go mbainfidh siad amach aon cheann áirithe de na cuspóirí a gceanglaíonn fo-alt (3) d'alt 55 den Acht seo aird a bheith acu orthu agus clár foirgníochta á ullmhú acu.

Bailíocht orduithe ceannaigh éigeantaigh agus dáta a dteachta i ngníomh.

78. —(1) A luaithe is féidir tar éis don Aire ordú daingniúcháin a dhéanamh ag daingniú ordú ceannaigh éigeantaigh, cibé acu maidir le hiomlán na talún nó cuid den talamh lena mbainfidh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh, foilseoidh an t-údarás tithíochta i nuachtán a léitear ina limistéar feidhmiúcháin fógra san fhoirm fhorordaithe á rá go bhfuil an t-ordú ceannaigh éigeantaigh daingnithe maidir le hiomlán na talún nó le cuid de, de réir mar a bheidh, agus ag insint áite ina bhféadfar cóip den ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhaingniú amhlaidh agus den léarscáil dá dtagraítear ann a fheiceáil gach tráth réasúnach agus seirbheálfaidh siad fógra mar é ar gach duine ag a bhfuil leas sa talamh a mbeidh an t-ordú ceannaigh éigeantaigh daingnithe maidir leis agus a láithrigh, tar éis dó fógra a thabhairt don Aire go raibh agóid aige i gcoinne an ordaithe cheannaigh éigeantaigh, ag an bhfiosrúchán áitiúil poiblí i dtaca lena agóid.

(2) Aon duine arb éagóir leis ordú ceannaigh éigeantaigh a bheidh an tAire tar éis a dhaingniú (cibé acu maidir le hiomlán na talún, nó le cuid den talamh, lena mbaineann an t-ordú ceannaigh éigeantaigh) agus ar mian leis a bhailíocht a chur i gceist, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná trí sheachtain tar éis an fógra i dtaobh an ordaithe dhaingniúcháin a fhoilsiú, iarratas chuige sin a dhéanamh chun na hArd-Chúirte agus i gcás ina ndéanfar aon iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an chúirt le hordú eatramhach oibriú an ordaithe cheannaigh éigeantaigh arna dhaingniú amhlaidh a fhionraí i gcoitinne, nó a mhéid amháin a dhéanann sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra, go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach ar na himeachtaí;

(b) más deimhin leis an gcúirt, tar éis an t-iarratas a éisteacht, nach bhfuil an t-ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhaingniú amhlaidh ar chumhachtaí an Achta seo nó go bhfuil leasanna an iarratasóra docharaithe go substainteach de bharr aon cheanglais den Acht seo a bheith gan chomhlíonadh, féadfaidh sí an t-ordú arna dhaingniú amhlaidh a neamhniú i gcoitinne nó a mhéid amháin a dhéanann sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra.

(3) Aon ordú ceannaigh éigeantaigh arna dhaingniú le hordú daingniúcháin tiocfaidh sé—

(a) maidir le talamh lena mbaineann an t-ordú daingniúcháin—

(i) mura mbeidh iarratas a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo déanta nó má bhíonn an t-iarratas sin tarraingte siar—i ngníomh ar bheith caite don tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis an fógra a fhoilsiú a cheanglaíonn fo-alt (1) den alt seo, nó ar an iarratas a tharraingt siar, nó

(ii) má dhéantar iarratas den sórt sin agus nach dtarraingeofar siar é, agus go gcinnfidh an chúirt gan an t-ordú arna dhaingniú mar a dúradh a neamhniú, ná gan an t-ordú a neamhniú a mhéid amháin a dhéanann sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra—i ngníomh ar dháta an iarratais a chinneadh,

(b) má dhéantar iarratas a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus nach dtarraingeofar siar é, agus go gcinnfidh an chúirt an t-ordú a neamhniú a mhéid amháin a dhéanamh sé difear d'aon mhaoin de chuid an iarratasóra—i ngníomh, ar dháta an iarratais a chinneadh, a mhéid a dhéanann sé difear d'aon mhaoin seachas maoin sin an iarratasóra.

(4) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, ní cheisteoidh duine ordú ceannaigh éigeantaigh trí thoirmeasc ná certiorari ná in aon imeachtaí dlíthiúla d'aon sórt.

(5) A luaithe is féidir é tar éis ordú ceannaigh éigeantaigh a theacht i ngníomh, seirbheálfaidh an t-údarás tithíochta cóip de ar gach duine ar ar sheirbheáil siad fógra go raibh siad chun an t-ordú a chur faoi bhráid an Aire lena dhaingniú.

Fógra gnóthaíochta.

79. —(1) I gcás ina mbeidh ordú ceannaigh éigeantaigh a rinneadh agus a daingníodh faoin Acht seo tar éis teacht i ngníomh, agus go gcinnfidh an t-údarás tithíochta talamh lena mbaineann an t-ordú a fháil, seirbheálfaidh an t-údarás fógra (dá ngairtear fógra gnóthaíochta sa Chuid seo) ar gach duine is úinéir, léasaí nó áititheoir ar an talamh (seachas tionóntaí ar feadh míosa nó tréimhse is giorra ná mí) á rá go bhfuil siad toilteanach gnóthaíocht a dhéanamh chun na leasanna leithleacha sa talamh a cheannach agus á cheangal ar gach úinéir, léasaí agus áititheoir den sórt sin go n-inseoidh sé laistigh de thréimhse shonraithe (nach giorra ná mí ó dháta an fógra gnóthaíochta a sheirbheáil) an leas go díreach a bhfuil cúiteamh á éileamh aige maidir leis agus sonraí an chúitimh a éilítear agus, má cheanglaíonn an t-údarás amhlaidh, go ndéanfaidh sé méideanna ar leith den chúiteamh a shonrú i cibé slí a shonrófar san fhógra gnóthaíochta agus go dtaispeánfaidh sé conas a ríomhtar gach méid acu sin.

(2) Measfar gur fógra gnóthaíochta chun críocha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, fógra gnóthaíochta a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

Cumhacht chun dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar thalamh agus é a úsáid.

80. —(1) I gcás ina n-údaróidh ordú ceannaigh éigeantaigh a rinneadh agus a daingníodh faoin Acht seo d'údarás tithíochta talamh a fháil go héigeantach chun críocha an Achta seo, féadfaidh an t-údarás aon tráth tar éis fógraí gnóthaíochta maidir leis an talamh a sheirbheáil, ar fhógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn a thabhairt do gach duine is úinéir, léasaí nó áititheoir ar an talamh, dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar an talamh nó ar cibé cuid de a shonrófar san fhógra, agus an céanna a úsáid, gan toiliú roimh ré ó aon úinéir, léasaí ná áititheoir den sórt sin nó gan comhlíonadh a dhéanamh ar na forálacha d'Achtanna na gClásal Talún a bhaineann le dul isteach ar thailte agus dlífidh an t-údarás an cúiteamh céanna a íoc ionann is dá mbeadh na forálacha sin d'Achtanna na gClásal Talún comhlíonta agus ús a íoc ar an gcúiteamh sin amhail ón dáta ar a rachfar isteach ar an gcéanna.

(2) I gcás—

(a) ina gcomhaontóidh údarás tithíochta talamh a cheannach agus gur críocha de chuid an Achta seo na críocha dá mbeidh an talamh á fháil, nó

(b) go mbeartóidh údarás tithíochta talamh a leithreasú chun aon chríche de chuid an Achta seo,

faoi réir leas an duine a bheidh i seilbh na talún sin, agus nach mó an leas sin ná leas tionónta ar feadh bliana nó ó bhliain go bliain, ansin, aon tráth tar éis an comhaontú a dhéanamh nó toiliú leis an leithreasú a bheith tugtha ag an Aire iomchuí de réir brí alt 85 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás, tar éis fógra lá is fiche i scríbhinn a thabhairt don duine a bheidh i seilbh amhlaidh agus gan toiliú roimh ré, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar an gcuid de a shonrófar san fhógra agus an céanna a úsáid ach faoi réir iad d'íoc an chúitimh chéanna, mar aon le hús ar an gcúiteamh sin, leis an duine a bheidh i seilbh amhlaidh amhail ón dáta a rachaidh siad isteach amhlaidh a d'íocfadh an t-údarás dá mbeadh siad údaraithe chun an talamh a fháil go héigeantach agus go raibh ceangal de bhun na húdaraíochta ar an duine imeacht as seilbh roimh dheireadh a théarma nó a leasa sa talamh, ach gan é a bheith riachtanach déanamh de réir na bhforálacha d'Achtanna na gClásal Talún a bhaineann le dul isteach ar thailte.

Ordú dílseacháin.

81. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar thalamh de réir na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 80 den Acht seo agus má tharlaíonn tar éis sé mhí a bheith caite ón dáta a rachaidh siad isteach amhlaidh—

(a) nach mbeidh na leasanna leithleacha sa talamh arna dtíolacadh don údarás ná arna n-aistriú chucu,

(b) gur dóigh leis an údarás go bhfuil sé dian-riachtanach, i ndáil leis na críocha dá bhfuil siad údaráithe an talamh a fháil go héigeantach, gur cheart fáil na talún a chríochnú, agus

(c) go mbeidh an t-údarás tar éis tairiscint chuí i scríbhinn a thabhairt do gach duine ag a mbeidh leas sa talamh agus a bheidh tar éis sonraí dóthanacha a thabhairt i dtaobh a leasa chun a chumasú don údarás tairiscint chuí a dhéanamh i leith an leasa sin.

féadfaidh an t-údarás le hordú (dó ngairtear ordú dílseacháin san Acht seo) an talamh a fháil.

(2) Má thagann sé ar a n-eolas d'údarás tithíochta, sula ndéanfaidh siad ordú dílseacháin, go bhfuil an talamh atá siad chun a fháil leis an ordú faoi réir (go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir eile i leith dleachta eastáit nó dleachta comharbais is iníoctha leis an Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an t-údarás in iúl láithreach do Choimisiún, Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil siad chun an t-ordú a dhéanamh.

(3) Nuair a dhéanfaidh údarás tithíochta ordú dílseacháin déanfaidh siad mar a leanas laistigh de sheacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh—

(a) foilseoidh siad i nuachtán amháin nó níos mó a léitear ina limistéar feidhmiúcháin fógra á rá go bhfuil an t-ordú déanta, ag tuairisciú na talún dá dtagraítear san ordú agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus

(b) déanfaidh siad fógra á rá go bhfuil ordú den sórt sin déanta agus ag insint éifeacht an ordaithe a sheirbhéail ar gach duine ar dealraitheach dóibh leas a bheith aige sa talamh lena mbaineann an t-ordú.

Foirm agus éifeacht ordaithe dílseacháin agus teideal a fuarthas faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, a chlárú.

82. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú dílseacháin agus beidh ag gabháil leis an léarscáil den talamh lena mbainfish sé agus beidh sé sainráite, agus oibreoidh sé, chun an talamh a dhílsiú don údarás tithíochta i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál (seachas aon cheart slí poiblí) ar dháta sonraithe (dá ngairtear an dáta díl seacháin san Acht seo) nach luaithe ná lá is fiche tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, i gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis talamh a fháil le hordú dílseacháin is talamh atá go haonarach, nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás chun bheith agus beidh siad faoi dhliteanas, amhail ón dáta ar a ndílseofar an talamh dóibh leis an ordú dílseacháin, go n-íocfaidh siad le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, an tsuim bhliantúil nó an chuid sin di a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh ionann is dá ndéanfaidh úinéir na talún an talamh a aistriú chun an údaráis ar an dáta sin.

(3) I gcás ina ndéanfaidh údarás tithíochta ordú dílseacháin maidir le haon talamh, cuirfidh siad an t-ordú go dtí an t-údarás cláraitheachra agus air sin cuirfidh an t-údarás cláraitheachta faoi deara an t-údarás tithíochta a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

Slite, éasúintí, etc., a mhúchadh.

83. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le ceadú an Aire, aon cheart slí poiblí thar aon talamh a gheobhaidh siad chun críocha an Achta seo a mhúchadh le hordú ach foilseofar sa tslí fhorordaithe aon ordú a dhéanfaidh údarás faoin bhfo-alt seo, agus má dhéantar aon agóid ina choinne chun an Aire roimh dheireadh sé sheachtain ó dháta a fhoilsithe, ní cheadóidh an tAire an t-ordú go dtí go mbeidh sé tar éis a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh an ábhair.

(2) Nuair a bheidh fáil aon talún ag údarás tithíochta chun críocha an Achta seo críochnaithe acu ar shlí seachas le hordú dílseacháin, ansin gach uile cheart slí príobháideach agus gach uile cheart chun píopaí, séaracha, draenanna, iarnsreanga nó cáblaí a leagan síos, a thógáil, a leanúint ar aghaidh nó a chothabháil ar an talamh sin, faoi nó thairis (mar aon leis an maoin sna píopaí, sna séaracha, sna draenanna, sna hiarnsreanga, nó sna cáblaí sin) agus na cearta nó na héasúintí eile go léir sa talamh sin nó a bhaineann leis dílseoidh siad, ach amháin a mhéid ar a gcomhaontófar thairis sin idir an t-údarás agus an duine a bheidh i dteideal an chirt a bheidh i gceist, don údarás gan aon tíolacadh ná aistriú, agus beidh aon duine dá mbainfidh caillteanas de dhroim aon cheart nó maoin den sórt sin a dhílsiú de bhua an fho-ailt seo i dteideal cúitimh ón údarás a chinnfear faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Cúiteamh i leith talamh a gheofar go héigeantach a mheasúnú.

84. —(1) I gcás ina bhfaighidh údarás tithíochta talamh go héigeantach chun críocha an Achta seo, is é an cúiteamh a bheidh iníoctha i leith na talún sin;

(a) i gcás talamh arb éard é teach a luaitear in airteagal 3 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo— luach na talún tráth an fógra gnóthaíochta iomchuí a sheirbheáil arna mheasúnú de réir Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(b) i gcás aon talún eile—luach na talún tráth an fógra gnóthaíochta iomchuí a sheirbheáil arna mheasúnú de réir Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo agus mhír (l) d'airteagal 2 den Tríú Sceideal, déanfar an cúiteamh is iníoctha i leith talún den sórt sin a mheasúnú de réir forálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Talamh a leithreasú chun críocha an Achta seo.

85. —(1) I gcás—

(a) talamh a bheith dílsithe d'údarás tithíochta ar shlí seachas chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, agus

(b) gur deimhin leis an údarás gur cheart an talamh a chur ar fáil chun na gcríocha sin,

féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire iomchuí, an talamh a leithreasú chun na gcríocha sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn “an tAire iomchuí”—

(a) más d'Aire aonair seachas an tAire atá na feidhmeanna Aire a bhaineann leis an talamh atá 8 gceist dílsithe, an tAire sin,

(b) má tá na feidhmeanna sin dílsithe do bheirt Aire nó níos mó (nach duine acu an tAire), an tAire sin acu is mó a bhfuil gabháil aige leis an talamh sin,

(c) i ngach cás eile, an tAire.

(3) Má bhíonn, maidir le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, aon amhras ann i dtaobh cé acu de bheirt Aire nó níos mó is mó a bhfuil gabháil aige leis an ábhar, cinnfidh an tAire an t-amhras.

Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 .

86. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas ina ionad alt 10 d'Acht 1960—

“10. (1) I gcás—

(a) ina mbeidh údarás áitiúil chun aon talamh, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidmiúcháin dó, a fháil go héigeantach chun críocha ar féidir a n-údarú le dlí talamh a fháil go héigeantach chucu,

(b) gur críocha seachas críocha Acht na dTithe, 1966 , na críocha sin nó gur críocha iad nach críocha de chuid an Achta sin ach cuid acu, agus

(c) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an fháil a dhéanamh faoin Acht sin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an fháil a dhéanamh amhlaidh.

(2) I gcás—

(a) inar dóigh le húdarás áitiúil go mbeadh aon talamh áirithe, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin dó, oiriúnach, dá bhfaighdís é, chun hallaí, foirgnimh agus oifigí a sholáthar don údarás áitiúil, agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an fháil a dhéanamh faoi Acht na dTithe, 1966 ,

féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an fháil a dhéanamh amhlaidh.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfar a údarú dóibh an talamh a fháil go héigeantach trí ordú ceannaigh éigeantaigh mar a fhoráiltear chuige sin le halt 76 d'Acht na dTithe, 1966 , agus leis an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus chun críocha na míre seo déanfar aon tagairt d'údarás tithíochta san alt sin 76 nó sa Tríú Sceideal sin a fhorléiriú mar tahgairt d'údarás áitiúil,

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin in alt 76 d'Acht na dTithe, 1966 , agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a fhorléiriú mar thagairt don Aire iomchuí.

(4) (a) Beidh feidhm ag forálacha ailt 78, 79, fho-alt (1) d'alt 80, ailt 81, 82 agus 84 d'Acht na dTithe, 1966 , agus an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin maidir le hordú a dhéanfar de bhua an ailt seo agus déanfar aon tagairt sna hailt sin agus san fho-alt sin agus sa Cheathrú Sceideal sin arna gcur chun feidhme amhlaidh maidir le húdarás tithíochta nó leis an Aire a fhorléiriú mar thagairt don údarás áitiúil nó don Aire iomchuí faoi seach.

(b) Déantar leis seo forálacha ailt 3, 4, 5 agus 49 d'Acht na dTithe, 1966 , a leathnú ionas go mbeidh éifeacht acu chun críocha an ailt seo agus déanfar aon tagairt sna hailt sin arna leathnú amhlaidh d'údarás tithíochta nó, ach amháin san alt sin 5, don Aire a fhorléiriú mar thagairt don údarás áitiúil nó don Aire iomchuí faoi seach.

(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) d'alt 83 d'Acht na dTithe, 1966 , maidir le talamh a gheofar trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo.

(d) I gcás—

(i) ina ndéanfar ordú de bhua an ailt seo, agus

(ii) go mbeidh ceart slí poiblí thar an talamh, nó thar aon chuid den talamh, lena mbainfidh an t-ordú,

féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás áitiúil, trí ordú a dhéanfaidh siad tar éis dóibh an talamh sin nó an chuid sin de a fháil, an ceart slí sin a mhúchadh.

(e) I gcás—

(i) ina n-údaróidh ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ceart slí poiblí a mhúchadh, agus

(ii) nach mbeadh, ar leithligh ón mír seo, d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh de bhun an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe, 1966 ,

beidh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara an fiosrúchán a dhéanamh ach amháin nuair is cuí leis gan an t-ordú a dhaingniú.

(5) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta acu faoi fho-alt (1) den alt seo, talamh a fháil go héigeantach trí aon ordú amháin a dhéanfar de bhua an ailt seo, is cuma cad é an méid críocha chun a mbeidh an talamh ag teastáil.

(6) San alt seo, folaíonn ‘talamh’ aon leas nó ceart thar talamh arna dheonú ag an, nó atá ar teachtadh ón, údarás áitiúil a gheobhaidh an talamh.”

(2) Nuair a bheidh ordú ceannaigh éigeantaigh a dhéanfar de bhua an ailt sin 10 á fhorléiriú, déanfar an tagairt d'aon achtachán a bheidh curtha san ordú sin agus a dhéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, a fhorléiriú, de bhua fho-airteagal (5) d'airteagal 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mar thagairt d'údarás tithíochta a fhorléiriú mar thagairt d'údarás áitiúil.

Leasú ar alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898.

1898, c. 37.

87. —In alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898, déanfar an tagairt, maidir le húdarás áitiúil, do thalamh nó d'aon éasúintí nó cearta thar talamh nó i dtalamh a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon leas nó ceart thar talamh arna dheonú ag an, nó atá ar teachtadh ón, údarás.