An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Talamh agus Teaghaisí a Dhiúscairt) Ar Aghaidh (Caibidil III Iostáin Áirithe a Cheannach faoi Acht 1936.)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

Caibidil II

Teaghaisí Áirithe a Sholáthrófar faoin Acht seo.

Léiriú (Caibidil II de Chuid VI).

89. —Sa Chaibidil seo—

folaíonn “teaghais” aon chlós, fothithe nó comhghabhálais, gairdín nó talamh eile a ghabhann léi nó a theachtar de ghnáth ina teannta;

ciallaíonn “coinníoll speisialta” coinníoll á cheangal—

(a) go ndéanfar íocaíochtaí i leith an airgid cheannaigh go tráthúil ar na dátaí a bheidh siad dlite,

(b) go ndéanfaidh an ceannaitheoir nó comharba i dteideal an cheannaitheora nó duine de líon tí an cheanna itheora nó a chomharba i dteideal an teaghais a áitiú mar ghnáth-áit chónaithe mura gceadóidh an t-údarás tithíochta a mhalairt,

(c) nach ndéanfar, gan toiliú an údaráis tithíochta, an teaghais ná aon chuid di a mhorgáistiú, a mhuirearú ná a choimhthiú ar shlí seachas trí réadtiomnú nó oibriú dlí.

Cumhacht údaráis tithíochta chun teaghaisí áirithe a sholáthrófar faoin Acht seo a dhíol nó a léasadh.

90. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo, aon teaghais lena mbaineann an t-alt seo a dhíol nó a léasadh, i gcás an teaghais a bheith á háitiú ag tionónta, leis an tionónta nó chuig an tionónta, nó i gcás nach mar sin atá an teaghais á háitiú, le haon duine eile nó chuig aon duine eile.

(2) Baineann an t-alt seo le teaghais arna soláthar faoin Acht seo ag údarás tithíochta agus arb iad is úinéir uirthi seachas iostán de réir brí alt 93 den Acht seo ar féidir iarratas a dhéanamh ina leith faoi alt 16 d'Acht 1936.

(3) Déanfar díol nó léasadh faoin alt seo trí ordú (dá ngairtear ordú aistriúcháin san alt seo) a dhéanfaidh an t-údarás tithíochta.

(4) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ordú aistriúcháin agus beidh sé sainráite, agus oibreoidh sé, chun go ndílseoidh sé, ar an dáta a bheidh sonraithe san ordú, an leas a bheidh sonraithe ann, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear coinníollacha speisialta, a bheidh sonraithe ann.

(5) Nuair a dhéanfar díol faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta, más oiriúnach leo, a chomhaontú go n-íocfar iomlán an airgid cheannaigh nó cuid de ina thráthchodanna nó go ndéanfar íoc coda de a urrú trí mhorgáiste nó muirear ar an teaghais nó i cibé slí eile is leor leo.

(6) Beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas maidir le teaghais lena mbaineann coinníoll speisialta a thuairiscítear i mír (c) d'alt 89 den Acht seo—

(a) féadfaidh an t-údarás tithíochta, sula dtabharfaidh siad toiliú leis an teaghais nó cuid di a dhíol nó a léasadh, a cheangal go n-íocfar suim leo a cheadóidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo;

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta, gan dochar d'aon chumhacht eile chuige sin, diúltadh toiliú den sórt sin a thabhairt más dóigh leo—

(i) nach duine i gcall tithíochta an ceannaitheoir nó an léasaí beartaithe,

(ii) go bhfágfadh an díol nó an léasadh beartaithe, dá gcríochnófaí é, an díoltóir nó an léasóir nó a chleithiúnaithe gan tithíocht dóthanach;

(c) aon mhorgáistiú, muirearú nó coimhthiú a thriailfear nó a airbheartófar a dhéanamh contrártha don choinníoll beidh sé ar neamhní i gcoinne gach uile dhuine; ar choinníoll, áfach, in aon chás ina dtabharfar toiliú an údaráis tithíochta tar éis an morgáistiú, an muirearú nó an coimhthiú a bheith triailte nó airbheartaithe, go n-oibreoidh an toiliú sin, má ordaíonn an t-údarás amhlaidh, chun bailíocht, le héifeacht iar-ré, a thabhairt don mhorgáistiú, don mhuirearú nó don chomhthiú triailte nó airbheartaithe sin.

(7) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 83 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , maidir le haon teaghais a dhíol nó a léasadh faoin alt seo, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad míreanna (b), (c), agus (d) d'fho-alt (1) den alt sin:

“  (b) ag cruinniú den údarás áitiúil a thionólfar tar éis deich lá glan a bheith caite ón lá a cuireadh amach na fógraí sin, beartóidh an t-údarás le rún mar a leanas;

(i) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, nó

(ii) go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, nó

(iii) nach ndéanfar an diúscairt,

(c) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sna fógraí sin, féadfar an diúscairt a dhéanamh de réir na dtéarmaí sin,

(d) má bheartaíonn an t-údarás áitiúil le rún de bhun mhír (b) den fho-alt seo go ndéanfar an diúscairt de réir na dtéarmaí a bheidh sonraithe sa rún, féadfar an diúscairt sin a dhéanamh, le toiliú an Aire, de réir na dtéarmaí sin,”.

Íocaíochtaí i leith airgead ceannaigh a ghnóthú.

91. —I gcás—

(a) ina mbeidh feidhm maidir le teaghais ag coinníoll speisialta a thuairiscítear i mír (a) d'alt 89 den Acht seo, agus

(b) go mbeidh aon íocaíocht i leith an airgid cheannaigh gan déanamh ar an dáta ar a gceanglaítear faoin gcoinníoll í a dhéanamh,

féadfaidh an t-údarás tithíochta an íocaíocht a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Úinéireacht teaghaisí a dhíolfar nó a léasfar faoi alt 90 den Acht a chlárú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

92. —(1) I gcás ina ndéanfar teaghais a dhíol nó a léasadh faoi alt 90 den Acht seo agus nach éigeantach de bhua aon fhorála d'Acht 1891 nó de na hAchtanna Talamh-Cheannaigh úinéireacht na teaghaise a bheith arna chlárú ar dháta an díola nó an léasa, beidh clárú úinéireacht na teaghaise éigeantach ar an dáta sin agus dá éis agus measfar gur talamh cláraithe de réir brí Acht 1891 an teaghais.

(2) Aon uair a dhéanfaidh údarás tithíochta teaghais a dhíol nó a léasadh faoin alt sin 90, iarrfaidh an t-údarás láithreach ar an údarás cláraitheachta go ndéanfar úinéireacht na teaghaise a chlarú faoi Acht 1891.

(3) Beidh éifeacht ag forálacha Chuid IV d'Acht 1891 maidir le haon teaghais a cheannófar faoin gCaibidil seo ionann is dá mba thalamh ruílse cláraithe lena mbaineann an Chuid sin IV an teaghais.