An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Forálacha Airgeadais) Ar Aghaidh (Caibidil III Iasachtaí agus Deontais Tithíochta, etc.)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

Caibidil II

Cúnamh le haghaidh Taighde,

Traenála agus Comhlachtaí Áirithe

Cúnamh ón Aire le haghaidh taighde agus traenála áirithe.

1961, Uimh. 20 .

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nó iasacht a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire—

(a) do chomhlacht a dhéanann, maidir le tithíocht, taighde a sheoladh nó traenáil a sholáthar, nó

(b) do dhuine atá, ar an Aire á iarraidh sin nó lena chomhthoiliú, ag gabháil do thaighde maidir le tithíocht.

(2) I gcás ina mbeartóidh an tAire deontas nó iasacht a thabhairt faoin alt seo maidir le hábhar ar dóigh don Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán taighde a dhéanamh ina leith faoin Acht Taighde Tionscail agus Caighdéan, 1961 , is tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála agus is ansin amháin a thabharfaidh an tAire an deontas nó an iasacht.

Cúnamh ó údarás tithíochta do chomhlachtaí áirithe.

12. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, le toiliú an Aire agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leo, cúnamh a thabhairt d'údarás tithíochta eile nó do chomhlacht lena mbaineann an t-alt seo i leith an t-údarás tithíochta eile nó an comhlacht do sholáthar cóiríocht tithíochta nó i leith ábhar éigin eile, i slí amháin nó níos mó acu seo a leanas :

(a) trí iasacht,

(b) trí ranníoc tréimhsiúil a dhéanamh le cistí an údaráis eile nó an chomhlachta,

(c) trí shuimeanna a bheidh dlite ón údarás eile nó ón gcomhlacht i leith airgead a fuarthas ar iasacht a ráthú.

(2) Baineann an t-alt seo leis na comhlachtaí seo a leanas :

(a) comhlacht ar dá chuspóirí ceann amháin ar a laghad acu seo a leanas :

(i) teaghaisí a sholáthar do dhaoine scothaosta,

(ii) teaghaisí a sholáthar a chabhróidh le ceann amháin nó níos mó de na príomh-chuspóirí a bhaint amach a gceanglaítear le fo-alt (3) d'alt 60 den Acht seo ar údarás tithíochta aird a bheith acu orthu,

(iii) airgead a airleacan chun teaghaisí a sholáthar (lena n-áirítear athfhoirgniú nó ceannach),

(iv) taighde maidir le tithíocht a sheoladh nó traenáil a sholáthar,

(b) aon chomhlacht eile a cheadóidh an tAire chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta, go haonarach nó i gcomhar le haon duine nó daoine eile, ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta cinneadh a dhéanamh ar ranníoc tréimhsiúil a dhéanamh nó iasacht nó ráthaíocht a thabhairt.