|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cúnamh le haghaidh Taighde, Traenála agus Comhlachtaí Áirithe) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Ranníocaí ón Aire i leith Muirear Iasachta Bliantúil Áirithe) |
ACHT NA dTITHE, 1966
[EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil III Iasachtaí agus Deontais Tithíochta, etc. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Míniú chun críocha Chaibidil III de Chuid II. |
13. —Sa Chaibidil seo, folaíonn an briathar “soláthar”, maidir le teach nár áitíodh ariamh, an teach a cheannach agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Rialacháin chun críocha alt i gCaibidil III de Chuid II. |
14. —Gan dochar do ghinearáltacht chumhacht an Aire rialacháin a dhéanamh chun críocha aon ailt atá sa Chaibidil seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin go gcomhlíonfaidh tithe, árasáin nó teaghasáin coinníollacha maidir le láithreán, dreach, pleanáil, foirgniú, nó uimhir in aghaidh an acra nó pleananna forordaithe nó cibé pleananna eile a cheadóidh an tAire. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar. |
15. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh teach nó tithe nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith, más rud é agus amháin más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuil trí sheomra ar a laghad sa teach nó i ngach teach agus nach lú ná cúig chéad troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás teach a bhfuil saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig chéad déag troigh chearnach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás inar cumann fóntais phoiblí a sholáthraigh an teach nó gach teach, gurb é céad áititheoir an tí nó gach tí duine is comhalta den chumann a áitíonn é mar ghnáth-áit chónaithe dó féin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh deontas faoin alt seo i leith tí níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos : | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire chun tithe a sholáthar d'fheirmeoirí agus do dhaoine eile. |
16. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a sholáthróidh i dtuathlimistéar teach nach mbeidh deontas faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) tugtha ina leith más rud é agus amháin rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an teach a thógáil an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963, nó dá éis, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhfuil trí sheomra ar a laghad sa teach agus nach lú ná cúig chéad troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe agus nach mó an t-achar sin— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás teach a bhfuil saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe curtha isteach ann, ná cúig chéad déag troigh chearnach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile, ná ceithre chéad déag troigh chearnach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) go bhfuil an teach tógtha ar láithreán seachas láithreán ar thug an tAire ranníoc ina leith faoi alt 44 nó 45 den Acht seo, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) go bhfuil an teach á áitiú ag an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó, i gcás inar cumann fóntais phoiblí a sholáthraigh an teach, gurb é céad áititheoir an tí duine is comhalta den chumann a áitíonn é mar ghnáth-áit chónaithe dó féin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní thabharfar deontais faoin alt seo ach amháin más rud é gurb é tuairim an Aire go gcomhlíonann an duine a sholáthraigh an teach nó, i gcás an teach a sholáthar ag cumann fóntais phoiblí, céad áititheoir an tí ceanglais mhír (a) nó mhír (b) den fho-alt seo, is é sin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuil tithíocht ag teastáil ón duine sin nó ón áititheoir sin agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur i dtuathlimistéar atá gnáthchónaí ar an duine sin nó ar an áititheoir sin agus go gcónaíonn sé amhlaidh i dteach plódaithe, nó i dteach atá neamhoiriúnach chun daoine cónaí ann nó go bhfuil tithíocht ag teastáil uaidh ar chúiseanna liachta, atruacha nó cúiseanna eile dá sórt, agus gurb amhlaidh do dhála an duine nó an áititheora nach bhféadfadh sé teach, chun é féin á áitiú, a sholáthar gan cúnamh deontais faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos : | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Sa Tábla a ghabhann le fo-alt (3) den alt seo, déanfar na tagairtí do £40 agus £60 a fhorléiriú, maidir le teach ar roimh an lú Iúil, 1965, a tosaíodh ar é a thógáil, mar thagairtí do £35 agus £50 faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire chun an dara teach a sholáthar ar ghabháltais áirithe a aistriú. |
17. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine ar i dtuathlimistéar atá gnáthchónaí air agus arb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha, agus a shóláthróidh teach, más rud é agus amháin más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an teach a thógáil an lú Iúil, 1965, nó dá éis, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur lú ná cúig chéad troigh chearnach achar iomlán urlár uile an tí arna thomhas sa tslí fhorordaithe, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) gur deimhin leis an Aire— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur teach dóthanach é do riachtanais an duine a sholáthraigh é agus go bhfuil sé á áitiú aige mar ghnáth-áit chónaithe dó féin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go bhfuil an duine tar éis a ghabháltas nó cuid shubstainteach de a aistriú chun duine dá theaghlach nó chun Coimisiún na Talún, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) gur fhág nó go bhfágfaidh an duine teach eile agus go bhfuil nó go mbeidh an teach sin á áitiú ag duine de theaghlach an duine mar ghnáth-áit chónaithe dó féin nó go bhfuil Coimisiún na Talún tar éis an teach eile a cheannach nó tar éis a chomhaontú é a cheannach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás nach féidir le réasún saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe a sholáthar, ná céad punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás ina bhfuil saoráidí séarachais agus soláthar uisce píopaithe soláthraithe, ná céad seachtó is cúig phunt. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire chun árasáin nó teaghasáin a thógáil. |
18. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-alt (2) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine i leith árasáin nó teaghasáin leithleacha, lánscartha a thógáil i bhfoirgneamh trí stór nó níos mó, más rud é agus amháin más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gur tosaíodh nó go dtosófar ar an bhfoirgneamh a thógáil an lú lá de Nollaig, 1964, nó dá éis, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach lú ná dhá chéad agus caoga troigh chearnach achar iomlán urlár uile an árasáin nó an teaghasáin, cibé acu é, arna thomhas sa tslí fhorordaithe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó maidir le gach árasán nó teaghasán ná an méid iomchuí a shonraítear sa Tábla seo thíos : | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith árasán nó teaghasán ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire le haghaidh tithíochta do dhaoine scothaosta agus do dhaoine eile. |
19. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do chomhlacht a sholáthróidh (trí thógáil, ceannach, athfhoirgniú nó comhshó), le ceadú an Aire, teach amháin nó nó níos mó mar chóiríocht do dhaoine scothaosta, nó mar chóiríocht, chun bheith ina ghnáth-áit chónaithe acu, sa teach nó ina mhaighne nó sna tithe nó ina maighne, do dhaoine a sholáthraíonn seirbhísí leasa nó airígh do dhaoine scothaosta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh méid deontais faoin alt seo níos mó i leith gach teaghaise ar leithligh a sholáthrófar sa teach— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás inar mar chóiríocht do dhaoine scothaosta a sholáthrófar an teaghais, ná trí chéad punt, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás inar mar chóiríocht do dhaoine seachas daoine scothaosta a sholáthrófar an teaghais, ná caoga punt i leith gach seomra sa teaghais nó dhá chéad agus caoga punt, cibé suim acu is lú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire i leith tithe fréamhshamplacha a sholáthar. |
20. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, d'aon duine nó comhlacht i leith teach a thógáil de réir pleananna agus sonraíochtaí arna gceadú ag an Aire más deimhin leis an Aire— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nár tógadh teach roimhe sin de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite ná de réir pleananna nó sonraíochtaí is comhionann, go substainteach, leis na pleananna agus na sonraíochtaí réamhráite, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhféadfaí tithe a thógáil de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite níos luainní ná dá mba ar ghnáth-mhodhanna a thógfaí iad, nó ar chostas íseal, nó go bhféadfaí tithe a thógfaí de réir na bpleananna agus na sonraíochtaí réamhráite, ar tithe iad de dhéanamh a bheadh oiriúnach lena dtógáil ag údarás tithíochta, a aistriú agus a thógáil go caothúil ar láithreán eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná leath an mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas réasúnach an teach a thógáil é. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfar deontas a íoc faoin Acht seo (ar leithligh ón alt seo) i leith aon teach eile a thógfar le ceadú an Aire de réir pleananna agus sonraíochtaí arb ionann iad agus na pleananna agus na sonraíochtaí tí ar tugadh deontas ina leith faoin alt seo nó nach bhfuil de dhifear idir iad agus na pleananna agus na sonraíochtaí sin ach modhnuithe a cheadaigh an tAire, d'ainneoin nach gcomhlíonann an teach aon rialacháin a rinne an tAire chun críocha an ailt seo faoina dtabharfar an deontas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire do dhaoine a athfhoirgneoidh tithe. |
21. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine le haghaidh teach a athfhoirgniú, i leith gach teaghaise ar leithligh is cuid den teach tar éis na hoibreacha a bheith críochnaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh deontas a thabharfar do dhuine faoin alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás ina n-athfhoirngeoidh an duine teach chun é féin á áitiú, agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe, nó comhiomlán luachálacha inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, ná dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) in aon chás eile, ná trian an mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, agus. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás teaghais nach bhfuil níos mó ná trí sheomra ann, ná céad punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás teaghais ina bhfuil ceithre sheomra, ná céad agus is fiche punt, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcás teaghais ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó, ná céad is daichead punt. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí mura deimhin leis an Aire go bhfuil an teach oiriúnach le hathfhoirgniú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo agus sa chéad alt ina dhiaidh seo, folaíonn an briathar “athfhoirgniú”, maidir le teach, aon oibreacha a dhéanfar ar an teach (chun an teach a leathnú, a mhéadú, a fheabhsú nó a dheisiú) arb é tuairim an Aire iad a bheith riachtanach le réasún chun an teach a dhéanamh níos oiriúnaí chun daoine cónaí ann, ach ní fholaíonn sé maisiú, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo), seachas deontas chun soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha nó an soláthar uisce sin agus na saoráidí séarachais sin a sholáthar agus a chur isteach, laistigh de na cúig bliana déag roimhe sin faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Ní bheidh duine ó theideal chun deontas a fháil faoin alt seo mar gheall ar gur tugadh deontas roimhe sin faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) i leith oibreacha ba ghá a dhéanamh mar gheall ar dhamáiste don teach ag gaoth, báisteach nó tuile. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais eile ón Aire chun tithe a athfhoirgniú. |
22. —(1) I gcás deontas, chun teach a thógáil, a cheannach, a athfhoirgniú, a dheisiú nó a fheabhsú, a thabhairt faoi aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo), roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas nó deontais a mbeidh cibé méid ann nó iontu is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine chun an teach a athfhoirgniú más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gur gá na hoibreacha mar gheall ar dhamáiste ag gaoth, báisteach nó tuile, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gurb é is cúis leis na hoibreacha rud éigin (seachas na hábhair dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo) thar urláimh an duine réamhráite agus go ndeimhneoidh oifigeach don Aire dianghá a bheith leis na hoibreacha chun an teach a bhuanchaomhnú, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) go dtosófar ar na hoibreacha tráth nach déanaí ná cúig bliana déag ach nach luaithe ná déich mbliana tar éis dáta íoca an deontais dheiridh roimhe sin agus gurb éard iad nó gur cuid díobh díon slinne, díon tíleacha nó díon d'ábhar eile arna cheadú ag an Aire a chur in ionad dín, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) gurb éard iad na hoibreacha seomra folctha feistithe a sholáthar agus go dtagann méadú dá mbarr ar achar urláir an an tí mar a bhí díreach sular tosaíodh ar na hoibreacha, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) gurb éard iad na hoibreacha seomra nó seomraí a sholáthar, go dtagann méadú dá mbarr ar achar urláir an tí, mar a bhí díreach sula ndearnadh na hoibreacha agus gur gá iad, i dtuairim an Aire, chun plódú a mhaolú, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) gurb éard iad na hoibreacha seomra nó seomraí a shol áthar, go dtagann méadú dá mbarr ar achar urláir an tí mar a bhí díreach sula ndearnadh na hoibreacha agus gur deimhin leis na Aire— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) gur i dtuathlimistéar atá an teach; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go bhfuil an seomra á áitiú nó na seomraí á n-áitiú, cibé acu é, mar ghnáth-áit chónaithe ag duine atá tar éis a ghabháltas nó cuid shubstainteach de a aistriú chun duine dá theaghlach nó chun Coimisiún na Talún, agus go bhfuil an seomra nó na seomraí sin dóthanach do riachtanais an duine sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi féir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh aon deontas a a thabharfar faoin alt seo do dhuine— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (a), (c) nó (f) d'fho-alt (1) den alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás ina n-athfhoirgneoidh an duine teach chun é féin á áitiú agus gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe nó comhiomlán luachálacha inrátaithe na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, ná dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ná | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) caoga punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | cibé acu is lú, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, ná | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) caoga punt i leith gach seomra a sholáthrófar, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | cibé acu is lú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh deontas nó comhiomlán na ndeontas a thabharfar aon tráth áirithe faoin alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás teach nach bhfuil níos mó ná trí sheomra ann, ná céad punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás teach a bhfuil ceithre sheomra ann, ná céad is fiche punt, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcás teach a bhfuil cúig sheomra nó níos mó ann, ná céad is daichead punt. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh duine ó theideal chun deontas a fháil faoin alt seo mar gheall ar gur tugadh deontas roimhe sin maidir leis an teach i leith oibreacha den chineál a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire le haghaidh deisiúchán riachtanach. |
23. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, do dhuine a bheidh áitithe i dteach i gceantar sláinte contae agus a dhéanfaidh deisiúcháin riachtanacha ar an teach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo más rud é agus amháin más rud é— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go dtabharfaidh an t-údarás tithíochta deimhniú ón údarás don Aire á dheimhniú, agus gur deimhin leis an Aire, nach féidir, ar chostas réasúnach, an teach a dhéanamh oiriúnach ar gach slí, chun daoine cónaí ann, agus gurb éard iad, ar an gcuid is lú de, na deisiúcháin a mbeartaítear an deontas a thabhairt ina leith na deisiúcháin is gá chun fad a chur le ré an tí, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go ndéanfar go sásúil éifeachtúil na deisiúcháin a mbeartaítear an deontas a thabhairt ina leith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh an t-údarás tithíochta na deisiúcháin ar theach a mbeartaítear deontas a thabhairt ina leith faoin alt seo a dhéanamh le toiliú an duine a bheidh ag áitiú an tí agus, más é an t-údarás a dhéanfaidh na deisiúcháin, féadfaidh an tAire an deontas a íoc leis an údarás. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) dhá thrian an mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na ndeisiúchán é ar ina leith a thabharfar an deontas, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ochtó punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | cibé acu is lú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith roimhe sin faoin alt seo nó faoi alt 5 d'Acht 1962. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire d'údarás tithíochta chun tithe a fheabhsú. |
24. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint d'fho-ailt (2) agus (3) den alt seo a thabhairt, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, d'údarás tithíochta a dhéanfaidh oibreacha feabhsúcháin ar theach arb iad is úinéir air i leith gach teaghaise ar leithligh is cuid den teach tar éis na hoibreacha feabhsúcháin a bheith críochnaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás inarb éard atá sna hoibreacha go léir oibreacha den chineál a luaitear i mír (a), (b), (c), (d) nó (g) d'fho-alt (6) den alt seo, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás inarb éard atá sna hoibreacha go léir oibreacha den chineál a luaitear i mír (e) nó (f) d'fho-alt (6) den alt seo, ná trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha é, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcás inarb éard atá i gcuid de na hoibreacha oibreacha den chineál a luaitear i mír (a), (b), (c), (d) nó (g) den fho-alt sin (6) agus i gcuid eile oibreacha den chineál a luaitear i mír (e) nó (f) den fho-alt sin (6), ná méid is comhionann le comhiomlán trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha den chineál a luaitear sna míreanna sin (a), (b), (c), (d), agus (g) é agus trian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na n-oibreacha den chineál é a luaitear sna míreanna sin (e) agus (f), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) maidir le hoibreacha den chineál a luaitear i mír (a), (b), (c), (d), nó (g) d'fho-alt (6) den alt seo; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás nach bhfuil níos mó ná trí sheomra sa teaghais, ná céad punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás ina bhfuil ceithre sheomra sa teaghais, ná céad is fiche punt. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) i gcás ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó sa teaghais, ná céad is daichead punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) maidir le hoibreacha den chineál a luaitear i mír (e) nó (f) den fho-alt sin (6); | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás ina gcuirfear isteach soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha, ná cúig phunt is seachtó, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás nach gcuirfear isteach ach soláthar uisce príobháideach, ná caoga punt, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) i gcás nach gcuirfear isteach ach saoráidí séarachais príobháideacha, ná cúig phunt is fiche. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo agus faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , i leith an tsoláthair uisce phríobháidigh chéanna nó na saoráidí séarachais príobháideacha céanna. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí murab é an lú lá de Nollaig, 1964, nó lá dá éis lá an obair a thosú agus gur deimhin leis an Aire an teach a bheith oiriúnach chun na hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh air agus an teach a bheith, ar na hoibreacha a bheith críochnaithe, oiriúnach ar gach slí chun daoine cónaí ann. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “oibreacha feabhsúcháin”, maidir le teach, gach ní nó aon ní acu seo a leanas : | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) seomra nó seomraí breise a sholáthar dá dtagann méadú ar achar urláir an tí mar bhí díreach roimh na hoibreacha a dhéanamh, agus is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach chun plódú a mhaolú; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) seomra folctha feistithe a sholáthar dá dtagann méadú ar achar urláir an tí mar a bhí díreach roimh na hoibreacha a dhéanamh; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) córas uisce te a sholáthar agus a chur isteach; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) oibreacha istigh sa teach arb éard iad córas a sholáthar agus a chur isteach chun leictreachas a sholáthar; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) soláthar uisce príobháideach a sholáthar agus a chur isteach; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach; nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) díon a chur in ionad dín nó díon a athfhoirgniú go substainteach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith tí ar tugadh deontas ina leith roimhe sin faoi alt seo laistigh de thréimhse cúig bliana déag. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ón Aire d'údarás tithíochta i leith oibreacha a rinneadh de bhua alt 69 den Acht. |
25. —(1) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta tar éis fógra deisiúchán a sheirbheáil faoi alt 66 den Acht seo agus go mbeidh an t-údarás, de bhua alt 69, tar éis na hoibreacha a dhéanamh ba ghá chun an teach a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann maidir leis an ábhar nó na hábhair a bheith sonraithe san fhógra, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, deontas a mbeidh cibé méid ann is iomchuí ag féachaint do na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo a thabhairt don údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás inarb éard iad na hoibreacha oibreacha seachas soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach, ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) méid nach mó ná, i ndáil le gach teaghais ar leithligh is cuid den teach tar éis na hoibreacha a bheith críochnaithe; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás teaghais ina bhfuil trí sheomra ar a mhéid, céad punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) i gcás teaghais ina bhfuil ceithre sheomra, céad is fiche punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) i gcás teaghais ina bhfuil cúig sheomra nó níos mó, céad is daichead punt, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) trian de chostas na n-oibreacha a dhéanamh, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | cibé acu is lú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) I gcás inarb éard iad na hoibreacha nó ar cuid díobh soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach, féadfaidh an tAire deontas a thabhairt faoi alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , don údarás tithíochta i leith an tsoláthraithe agus an chur isteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais fhorlíonacha ó údarás tithíochta do dhaoine chun tithe a sholáthar. |
26. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire nó Aire na Gaeltachta, cibé acu é, deontas iomchuí do dhuine nó i leith duine a sholáthróidh teach, féadfaidh an t-údarás tithíochta, cibé acu a bheidh an deontas iomchuí íoctha go hiomlán nó go páirteach, deontas forlíontach a thabhairt don duine, nó i leith an duine arb é an chéad duine é ag áitiú an tí tar éis tógáil nó ceannach an tí a chríochnú i leith an teach a sholáthar, más rud é agus amháin más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gurb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe, nó comhiomlán luachálacha inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach mó ná míle agus cúig phunt is daichead sa bhliain iomlán (arna chinneadh ag an údarás tithíochta) ioncaim an duine sin agus ioncaim a chéile (más ann). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Le linn d'údarás tithíochta a bheith ag cinneadh ioncaim duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó ioncaim a chéile, féadfaidh an t-údarás, má dheimhníonn an duine don údarás go ndéanann sé féin nó a chéile duine cleithiúnach a chothabháil ar a chostas nó a costas féin, cibé liúntas is oiriúnach leo a thabhairt, faoi réir liúntais uasta céad punt, i leith gach duine a chothabháiltear amhlaidh, nó ceithre chéad punt san iomlán, cibé acu is lú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná an deontas iomchuí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Is cinneadh críochnaitheach neamh-inachomhairc cinneadh údaráis tithíochta ar mhéid deontais faoin alt seo nó ar ioncam duine a iarrfaidh deontas faoin alt seo nó ar ioncam a chéile (más ann). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith teach ar tugadh deontas ina leith faoi alt 9, 10 nó 11 d'Acht 1952 nó faoi alt 12 d'Acht 1962. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo, i gcás ina ndearna údarás tithíochta agus ioncam á chinneadh acu chun críocha alt 12 d'Acht 1962, liúntas a thabhairt i leith cothabháil dhuine chleithiúnaigh ar chostas duine a raibh a ioncam á chinneadh amhlaidh, nach ndéanfaidh an liúntas sin a thabhairt difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do bhailíocht an chinnte. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) I gcás údarás tithíochta do thabhairt deontais faoi alt 12 d'Acht 1962 an lú lá d'Iúil, 1965, nó dá éis do dhuine nó i leith duine— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) arb í an talmhaíocht go haonarach nó go formhór a shlí bheatha agus ar mó ná caoga punt ach nach mó ná seasca punt luacháil inrátaithe, nó comhiomlán luachálacha inrátaithe, na talún (más ann) agus na bhfoirgneamh a áitíonn sé, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ar mhó ná ocht gcéad agus dhá phunt is tríocha ach nár mhó ná míle, daichead is cúig phunt iomlán ioncam an duine agus ioncam a chéile (má b'ann) sa bhliain arna chinneadh chun críocha an ailt sin 12 ag an údarás, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ní dhéanfaidh sé difear, agus measfar nach ndearna sé difear ariamh, do bhailíocht an deontais a thabhairt go raibh an luacháil sin níos mó ná caoga punt nó gur mhó an t-iomlán sin ná ocht gcéad agus dhá phunt is tríocha sa bhliain. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) San alt seo, ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) faoi fho-alt (1) nó fo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959 ) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 , | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) faoi alt 16 d'Acht 1948, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) faoi alt 2 d'Acht 1962, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) faoi alt 15, 16 nó 17 den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (10) Measfar an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé le deontas faoi alt 16 den Acht seo, a theacht i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1963. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta chun árasáin nó teaghasáin a thógáil. |
27. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas do dhuine faoi alt 18 den Acht seo i leith árasáin nó teaghasáin a thógáil, féadfaidh an t-údarás tithíochta, cibé acu a bheidh an deontas íoctha go hiomlán nó go páirteach, deontas forlíontach a thabhairt don duine i leith na n-árasán nó na dteaghasán, cibé acu é, a thógáil. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais faoin alt sin 18. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta do chomhlacht i leith tithe a sholáthar do dhaoine scothaosta agus i leith críocha eile. |
28. —(1) I gcás ina dtabharfaidh an tAire deontas iomchuí— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) do chomhlacht a sholáthróidh teach mar chóiríocht do dhaoine scothaosta, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) do chomhlacht a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an Achta seo agus a sholáthróidh teach, árasán nó teaghasán, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | féadfaidh an t-údarás tithíochta, cibé acu a bheidh an deontas íoctha go hiomlán nó go páirteach, deontas forlíontach a thabhairt don chomhlacht i leith an teach, an t-árasán nó an teaghasán a sholáthar. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais iomchuí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) faoi alt 16 d'Acht 1948, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) faoi alt 2 nó 6 d'Acht 1962, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) faoi alt 15, 18 nó 19 den Acht seo, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | a thabharfar i leith teach, árasán nó teaghasán ar tosaíodh nó a dtosófar á thógáil an lú lá de Mheán Fómhair, 1963, nó dá éis. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta chun tithe a athfhoirgniú. |
29. —(1) I gcás an tAire do thabhairt deontais, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, do dhuine i leith teach a athfhoirgniú, féadfaidh an t-údarás tithíochta deontas forlíontach a thabhairt don duine sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais ón Aire ná an méid, nuair a chuirfear é sin le méid an deontais ón Aire, is comhionann le dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas na hoibre athfhoirgniúcháin é. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh údarás tithíochta cibé coinníollacha is oiriúnach leo a chur ag gabháil le deontais fhorlíontacha a thabhairt faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith teach ar tugadh deontas ina leith faoi fho-alt (3A) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Leasú), 1958 ), d'alt 16 d'Acht 1948, faoi fho-alt (3) d'alt 12 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954 , nó faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1962. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais fhorlíontacha agus cúnamh eile ó údarás tithíochta i leith deisiúchán riachtanach. |
30. —I gcás an tAire do thabhairt deontais faoi alt 5 d'Acht 1962, nó faoi alt 23 den Acht seo do dhuine i leith deisiúchán riachtanach ar theach, féadfaidh an t-údarás tithíochta deontas forlíontach a thabhairt don duine nach mó ná an difear idir méid an deontais ón Aire agus an méid a measfaidh an tAire gurb é costas na ndeisiúchán riachtanach é, cúnamh ábhair foirgníochta nó saothair a thabhairt chun na deisiúcháin a dhéanamh go feadh luacha nach mó ná méid an difir réamhráite nó aon íocaíocht in earraí a dhéanamh leis an duine sin go feadh luacha nach mó ná méid an difir réamhráite. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais fhorlíontacha ó údarás tithíochta i gcás deontais áirithe a thabhairt faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 . |
31. —(1) I gcás Aire na Gaeltachta do thabhairt deontais do dhuine faoi fho-alt (2), faoi fho-alt (3), (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953 ) nó faoi fho-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht na dTithe (Gaeltacht), (Leasú), 1959) d'alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 , féadfaidh údarás tithíochta deontas forlíontach a thabhairt don duine sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is é méid a chinnfidh an t-údarás tithíochta a bheidh i ndeontas forlíontach faoin alt seo ach ní bheidh sé níos mó ná méid an deontais arna thabhairt faoin alt sin 3. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith obair ar theach ar tugadh deontas ina leith faoi alt 7 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958 , nó faoi alt 9 d'Acht 1962. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Maidir le deontais faoi fho-alt (3) nó faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (5) den alt sin 3 do dhaoine a fheabhsaíonn nó a mhéadaíonn teach nó a sholáthraíonn agus a chuireann isteach soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais príobháideacha, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ach amháin i gcás an feabhsú nó an méadú, nó an soláthrú agus an cur isteach, a thosú an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontais ó údaráis tithíochta áitithe i leith cóiríochta do lucht eitinne scamhóg. |
32. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh údarás tithíochta is comhairle contae nó bardas contae-bhuirge deontas a thabhairt d'úinéir tí nó don duine a bheidh ag áitiú tí agus a sholáthróidh seomra breise sa teach nó as an teach nó both nó sealla i maighne an tí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo más rud é agus amháin más rud é gur deimhin leis an údarás tithíochta go bhfuil eitinn scamhóg ar dhuine de theaghlach an tí agus go bhfuil sé faoi chóireáil di agus nach leor cóiríocht an tí mar atá lena chóireáil i gceart nó lena leithlisiú ón gcuid eile de mhuintir an teaghlaigh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná méid, arna cheadú ag an Aire, a chosnóidh sé an seomra, an both nó an sealla breise a sholáthar. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I gcás ina dtabharfaidh údarás tithíochta deontas faoin alt seo, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo, suim a chúiteamh leis an údarás nach mó ná— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) dhá thrian den mhéid a measfaidh an tAire gurb é costas an tseomra, ar bhotha nó an tsealla bhreise a sholáthar é, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) dhá chéad punt, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | cibé acu is lú. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh an t-údarás tithíochta na hoibreacha a mbeartaítear deontas a thabhairt ina leith faoin alt seo a dhéanamh le toiliú an duine a bheidh ag áitiú an tí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Modhnú agus arian le méadú ar luacháil inrátaithe i gcásanna áirithe. |
33. —(1) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 15, 16, 17, 18 nó 20 den Acht seo nó i gcás deontas a thabhairt faoi alt 6 d'Acht 1962 (a aisghairtear leis an Acht seo) nó faoi alt 19 den Acht seo maidir le teach a thógáil, agus ina ndéanfar athscrúdú ar luacháil inrátaithe an tionóntáin arb éard é féin nó ar cuid de an teach, an t-árasán nó an teaghasán, cibé acu é, lena mbaineann an deontas, measfar an méid sin den luacháil athscrúdaithe is inchurtha i leith tógáil an tí, an árasáin nó an teaghasáin a bheith, gach bliain de na naoi mbliana airgeadais áitiúla comhleanúnacha tar éis na bliana airgeadais áitiúla a chríochnófar an teach, an t-árasán nó an teaghasán, arna laghdú chun críocha rátaíochta an chionúireacht sin den mhéid sin a shonraítear sa cholún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne uimhir na bliana sa chéad cholún den Tábla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) San alt seo, ciallaíonn “críocha rátaíochta”, maidir le tionóntán, na críocha seo a leanas (agus ní haon chríocha eile), is é sin le rá, measúnú agus tobhach aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a ghearrfar rátaí den chéad uair ar an tionóntán de réir na luachála méadaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó chun seirbhíse aon bhliana de na hocht mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, déanfar gach ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin sa tslí chéanna ina ndéanfaí é dá mbeadh an luacháil iomlán i bhfeidhm chun críocha ráta chontae nó ráta bhardasaigh, cibé acu é, maidir leis an mbliain sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) I ngach cás ina dtabharfar deontas faoi alt 21, 23, 25 nó 32 den Acht seo, nó i gcás deontas a thabhairt faoi alt 6 d'Acht 1962 (a aisghairtear leis an Acht seo) nó faoi alt 19 den Acht seo, maidir le teach a athfhoirgniú nó a chomhshó, ní dhéanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach é nó ar cuid é den teach lena mbaineann aon deontas den sórt sin a mhéadú, ar aon luacháil, nó ar athscrúdú ar luacháil, air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis na hoibreacha iomchuí a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim na n-oibreacha iomchuí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) San alt seo, ciallaíonn “na hoibreacha iomchuí”— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i ndáil le deontas faoi alt 6 d'Acht 1962 nó faoi alt 19 den Acht seo maidir le teach a athfhoirgniú nó a comhshó—an t-athfhoirgniú nó an comhshó; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i ndáil le deontas faoin alt sin 21—an t-athfhoirgniú de réir brí an ailt sin 21; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i ndáil le deontas faoin alt sin 23—na deisiúcháin riachtanacha; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i ndáil le deontas faoin alt sin 25—na hoibreacha a dhéanfar de bhun alt 69 den Acht seo; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) i ndáil le deontas faoin alt sin 32—na hoibreacha a dhéanfar ag soláthar an tseomra, an bhotha nó an tsealla bhreise. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontas a aisíoc leis an Aire nó leis an údarás tithíochta má sháraítear gealltanas. |
34. —(1) I gcás ina mbeidh an tAire nó údarás tithíochta tar éis deontas faoin gCuid seo den Acht seo nó tráthchuid de dheontas a íoc le haon duine nó comhlacht agus go mbeidh an duine nó an comhlacht, cibé acu é, de réir rialacháin ag a bhfuil feidhm maidir leis an deontas nó mar choinníoll chun an deontas a fháil, tar éis gealltanas a thabhairt don Aire nó don údarás agus go mbeidh an gealltanas gan chomhlíonadh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas : | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) dlífidh an duine nó an comhlacht méid an deontais nó na tráthchoda, cibé acu é, a aisíoc leis an Aire nó leis an údarás; agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) féadfaidh an tAire nó an t-údarás an méid a ghnóthú ón duine nó ón gcomhlacht mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Má bhíonn suim dlite d'údarás tithíochta ón Aire agus, san am céanna, go ndlífidh an t-údarás faoin alt seo méid a aisíoc leis an Aire, féadfar an tsuim a fhritháireamh i gcoinne na méide, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontas a choimeád siar nó a laghdú. |
35. —(1) Más é tuairim an Aire nó údaráis tithíochta, de réir mar a bheidh, go bhfuil coinníoll faoina ndearnadh deontas faoin gCuid seo den Acht seo a leithroinnt, nó rialachán a bhaineann leis an deontas, gan chomhlíonadh, féadfaidh an tAire nó an t-údarás tithíochta an deontas a choimeád siar nó méid an deontais a laghdú cibé suim is iomchuí leis nó leo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire faoin alt seo diúltú deontas i leith aon tí, árasáin nó teaghasáin a leithroinnt, nó deontas den sórt sin a choimeád siar nó a laghdú, má bhíonn an méid comaoine a bheidh á éileamh i leith an tí, an árasáin nó an teaghasáin, i modh airgid cheannaigh, cíosa nó eile, níos mó— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) i gcás ina mbeidh ordú comaoine uasta i bhfeidhm de thuras na huaire agus go mbaineann sé leis an teach, leis an árasán nó leis an teaghasán— ná an méid uasta iomchuí a shocraíonn an t-ordú, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile—ná an méid is dóigh leis an Aire, tar éis dó aon uiríolla a bhreithniú is oiriúnach leis an deontaí a chur faoina bhráid, gur luach réasúnach é. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Sa mhír sin roimhe seo, ciallaíonn “ordú comaoine uasta” ordú ón Aire ag socrú na comaoine uasta chun críocha an fho-ailt seo i leith tithe, árasán nó teaghasán. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) Féadfar aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a leasú le hordú ina dhiaidh sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deontas a thabhairt do chomharba iarratasóra éagtha. |
36. —Má fhaigheann duine a iarrfaidh deontas faoin gCuid seo den Acht seo bás sula dtabharfar an deontas, féadfar, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, an deontas a thabhairt dá chomharba i dteideal. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Srian le hAchtanna áitiúla agus forálacha eile. |
37. —Sa mhéid go mbeidh forálacha aon Achta áitiúil nó aon fhodhlíthe, rialacha, rialachán nó scéime, cibé údarás faoina ndearnadh iad, maidir le foirgnimh nua a fhoirgniú, a leagan amach nó a dhraenáil, ar neamhréir le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha ailt atá sa Chuid seo den Acht seo, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le haon teach a dtabharfaidh an tAire deontas ina leith faoin gCuid seo den Acht seo agus a chomhlíonfaidh na rialacháin a dhéanfar amhlaidh nó a thógfar de réir pleananna agus sonraíochtaí a bheidh ceadaithe ag an Aire. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An tAire do thabhairt deontas d'ainneoin reacht nó ionstraim reachtúil a bheith gan chomhlíonadh. |
38. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoin Acht seo d'ainneoin ceanglas reachta nó ionstraime reachtúla a bheith gan chomhlíonadh maidir leis an deontas má bhíonn oifigeach don Aire tar éis deimhniú ceadaithe maidir leis an áitreabh iomchuí a eisiúint agus gur deimhin leis an Aire gur de mheon macánta a ghníomhaigh an t-iarratasóir ag dul ag tógáil, ag ceannach, ag athfhoirgniú, ag feabhsú, ag comhshó nó ag deisiú an áitribh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Iasachtaí ó údarás tithíochta chun tithe á fháil nó a fhoirgniú. 1919, c. 57. |
39. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire chun críocha an ailt seo le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a thabhairt ar iasacht do dhuine chun teach a fháil nó a fhoirgniú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo féadfaidh siad, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht alt 5 den Acht seo, foráil a bheith iontu maidir le gach ní nó aon ní amháin nó níos mó acu seo a leanas : | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an aicme nó na haicmí daoine dá bhféadfar iasachtaí a thabhairt faoin alt seo agus an ranníoc íosta a bheidh le déanamh le linn teach a fháil nó a fhoirgniú ag duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo faoi chomhair an chostais a bhainfidh leis an teach a fháil nó a fhoirgniú; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an aicme nó na haicmí tithe a bhféadfar iasachtaí a thabhairt ina leith faoin alt seo; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) méid uasta, agus an t-urrús i leith, iasachta faoin alt seo agus modh ríofa luach tí a mbeifear ag iarraidh iasachta faoin alt seo ina leith; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) aisíoc iasachtaí a tugadh faoin alt seo, lena n-áirítear an modh agus an tréimhse le haghaidh an aisíoca sin; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) íoc úis ar iasachtaí a tugadh faoin alt seo agus ráta an úis sin a shocrú; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) na coinníollacha ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo ar teachtadh ag an iasachtaí in imeacht na tréimhse go dtí go n-aisíocfar an iasacht, agus go n-íocfar an t-ús ar an iasacht, leis an údarás tithíochta; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (g) dliteanas pearsanta úinéara tí a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo i ndáil le haisíoc aon suime a bheidh dlite i leith na hiasachta agus i ndáil le híoc aon suime a bheidh dlite i leith an úis ar an iasacht; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (h) fógra a thabhairt d'iasachtaí á cheangal air coinníoll a chomhlíonadh ar a dtabharfar iasacht dó faoin alt seo nó ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht ina leith faoin alt seo ar teachtadh aige nó á cheangal air forálacha aon rialachán faoin alt seo a chomhlíonadh; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) íoc tráthchodanna iasachtaí a thabharfar faoin alt seo i leith tithe i gcúrsa a bhfoirgnithe; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (j) an t-iasachtaí d'aistriú a leasa i dteach a dtabharfaidh údarás tithíochta iasacht (seachas iasacht a mbeidh comhaonú déanta maidir léi faoi fho-alt (3) den alt seo) ina leith faoin alt seo tráth a bheidh an iasacht nó cuid di nó an t-ús, nó cuid den ús, uirthi gan aisíoc nó gan íoc de réir mar a bheidh, leis an údarás. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás ina dtabharfaidh rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo cumhacht chun iasacht ó údarás tithíochta faoin alt seo a urrú le dara morgáiste nó dara muirear ar an teach lena mbaineann an iasacht, féadfaidh an t-údarás tithíochta, d'fhonn an iasacht a urrú, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Má fhágtar gan chomhlíonadh aon rialacháin faoin alt seo nó aon choinníoll ar a dtabharfaidh údarás tithíochta iasacht (seachas iasacht a bheidh urraithe le dara morgáiste nó le dara muirear) faoin alt seo, nó ar a mbeidh teach a dtabharfar iasacht den sórt sin ina leith faoin alt seo ar teachtadh ag an iasachtaí nó má dhéanann féimheach den iasachtaí a fuair iasacht den sórt sin, féadfaidh an t-údarás tithíochta seilbh a aisghabháil ar an teach (cibé cé mhéid a luach) faoi ailt 84 go 89 d'Acht 1860 ionann is dá mba é an t-údarás an tiarna talún agus dá mba é an t-iasachtaí an tionónta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) I gcás ina n-aisghabhfaidh údarás tithíochta seilbh ar theach faoi fho-alt (4) den alt seo, dílseoidh eastát, ceart, leas agus teideal uile an iasachtaí sa teach, gan aon tíolacadh ná aistriú, don údarás agus féadfaidh an t-údarás an teach a úsáid chun críocha aon cheann dá bhfeidhmeanna nó é a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile mar is oiriúnach leo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) I gcás ina n-aisghabhfaidh údarás tithíochta seilbh ar theach faoi fho-alt (4) den alt seo, íocfaidh siad leis an iasachtaí suim is comhionann le luach an leasa sa teach a bheidh faoina réir ag an údarás, tar éis méid na hiasachta a bheidh fós gan íoc an tráth sin, aon suim a bheidh dlite i leith úis agus na costais go léir faoina rachaidh an t-údarás ag aisghabháil seilbhe ar an teach agus á dhiúscairt, lena n-áirítear na costais faoina rachaidh an t-údarás maidir le haon eadráin faoi fho-alt (7) den alt seo, a bhaint as an gcéanna. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Mura gcomhaontóidh údarás tithíochta agus iasachtaí, déanfaidh eadránaí maoine a ainmneofar faoin Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960 , luach leasa i dteach a bheidh faoina réir ag an údarás a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) San alt seo, ciallaíonn “iasachtaí”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo agus folaíonn sé comharba i dteideal duine dá dtabharfar iasacht faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Iasachtaí ó údarás tithíochta chun tithe a athfhoirgniú, a dheisiú agus a fheabhsú. |
40. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, faoi réir cibé coinníollacha a cheadóidh an tAire, iasacht a thabhairt do dhuine (dá ngairtear an t-iasachtaí san alt seo) a dhéanfaidh oibreacha athfhoirgniúcháin, deisiúcháin nó feabhsúcháin ar theach, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go mbeidh an teach oiriúnach ar gach slí chun daoine cónaí ann tar éis na hoibreacha beartaithe a bheith déanta, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhfuil na hoibreacha beartaithe riachtanach chun cóiríocht tithíochta oiriúnach a sholáthar, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) go bhfuil an teach oiriúnach le hathfhoirgniú, le deisiú nó le feabhsú, cibé acu é. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfar aisíoc iasachta faoin alt seo i leith tí a urrú— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) le hionstraim ag dílsiú úinéireacht an tí don údarás tithíochta faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an iasachtaí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an teach a mhuirearú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, le haisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an deimhniú talún a eisíodh faoi na hAchtanna sin maidir leis an teach a thaisceadh leis an údarás tithíochta, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i gcás ina mbeidh an úinéireacht sin dílsithe cheana féin do dhuine seachas an t-iasachtaí faoi réir ceart fuascailte a bheith ag an iasachtaí, trí ionstraim mhuirir bhreise ag muirearú aisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo ar an teach agus ag cur an chirt fhuascailte sin freisin faoi réir aisíoc na hiasachta (mar aon leis an ús is iníoctha uirthi) faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Mura mó ná dhá chéad punt an iasacht a bheartaítear a thabhairt faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás tithíochta, dá rogha féin, an iasacht a thabhairt gan an t-urrús a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a iarraidh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Aon suim a bheidh dlite d'údarás tithíochta ó aon duine i leith iasacht a tugadh faoin alt seo féadfaidh an t-údarás í a ghnóthú ón duine sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo, is éard is “úinéireacht” ann an leas sin nó an cónasc leasanna sin i dteach gur leas feo shimplí (lena n-áirítear leas feofheirme) i seilbh é nó leas léasach i seilbh ar feadh an méid sin blianta a bheidh gan chaitheamh ar an dáta ar a ndéanfaidh an t-údarás tithíochta an iasacht faoin alt seo i leith an tí a údarú agus is comhionann le suim, nó is mó ná suim, an téarma a shocrófar chun an iasacht a aisíoc agus cúig bliana déag. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Coimisiún na Talún do dhíol talún faoi réir muirir i bhfabhar údarás tithíochta. |
41. —(1) I gcás Coimisiún na Talún do thairiscint talamh a dhíol faoi aon chumhacht reachtúil atá dílsithe dóibh chuige sin, agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an talamh ionstraim ag dílsiú leasa sa talamh d'údarás tithíochta d'urrú iasachta faoin gCaibidil seo, nó | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhfuil an talamh sin faoi réir muirir i bhfabhar an údaráis tithíochta d'urrú iasachta faoin gCaibidil seo, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | díolfar an talamh faoi réir na hionstraime nó an mhuirir agus faoi réir forálacha iomchuí na Caibidle seo agus aon rialachán faoi alt 39 den Acht seo i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais a gceanglaíonn an dlí, ar leithligh ón bhfo-alt seo, an talamh a dhíol faoina réir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí. |
42. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, de réir scéim arna ceadú ag an Aire, ráthú a dhéanamh ar iasacht nó ar chuid d'iasacht ó chumann foirgníochta, ó chuideachta árachais, ó bhanc nó ó eagras tionscail nó tráchtála chun teach a thógáil, a cheannach nó a athfhoirgniú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cuid nach lú ná caoga faoin gcéad den chaiteachas faoina rachaidh údarás tithíochta ag slánú ráthaíochtaí faoi scéim faoin alt seo a chúiteamh as airgead a sholáthróidh an tOireachtas más deimhin leis an Aire— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nach dtabharfaí an iasacht dá mbeifí gan an ráthaíocht a thabhairt nó gur tugadh an ráthaíocht maidir leis an gcuid sin den iasacht is ionann agus breis na hiasachta ar an iasacht a thabharfaí dá mbeifí gan an ráthaíocht a thabhairt, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nár mhó an méid a d'íoc an t-údarás tithíochta ag slánú na ráthaíochta ná dhá thrian an chaillteanais a tharla mar gheall ar thabhairt na hiasachta nó na coda den iasacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, cibé acu é. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Is feidhm fhorchoimeádta scéim a dhéanamh faoin alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | tá le “cuideachta árachais” an bhrí chéanna atá leis san Acht Arachais, 1936 ; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann lena mbaineann na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Airleacain d'fhoirgneoirí a ráthú. |
43. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh údarás tithíochta ráthú a dhéanamh ar airleacan a thabharfaidh aon duine do dhuine a thógfaidh nó a athfhoirgneoidh teach nó a sholáthróidh agus a chuirfidh isteach soláthar uisce príobháideach nó saoráidí séarachais príobháideacha ar leithroinneadh deontas ina leith faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1964, faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , nó faoin Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh ráthaíocht faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás tithíochta ach, maidir le haon teach, ní thabharfar í i leith méid is mó ná comhiomlán méid an deontais sin mar aon le méid an deontais fhorlíontaigh a fhéadfaidh údarás a thabhairt faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , nó faoin Acht seo i leith an teach a sholáthar nó a athfhoirgniú nó an soláthar uisce príobháideach agus na saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach, cibé acu é. |