|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Ranníocaí ón Aire i leith Muirear Iasachta Bliantúil Áirithe) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Dleachtanna Stampa) |
ACHT NA dTITHE, 1966
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil V Liúntais Easáitiúcháin | |
[EN] |
Cumhacht údaráis tithíochta chun liúntais a íoc le daoine easáitithe áirithe. |
49. —(1) I gcás aon duine a bheidh arna easáitiú as áitreabh mar gheall ar— |
[EN] | (a) an t-údarás d'fháil an áitribh chun críocha an Achta seo, nó | |
[EN] | (b) fógra deisiúcháún a sheirbheáil nó ordú dúnta nó ordó scartála a dhéanamh, nó | |
[EN] | (c) gealltanas a chomhlíonadh lenar ghlac údarás faoi fho-alt (5) nó (8) d'alt 66 den Acht seo. | |
[EN] | féadfaidh údarás tithíochta cibé liúntas réasúnach is oiriúnach leis an údarás a íoc leis faoi chomhair na gcostas a thabhaigh sé ag aistriú ón áitreabh gó dtí áitreabh eile. | |
[EN] | (2) Má mheasann an t-údarás tithíochta gur fhulaing nó go bhfulaingeoidh duine lena mbaineann an fo-alt seo cruatan mar gheall ar an easáitiú, féadfaidh an t-údarás, le toiliú an Aire, cibé liúntas réasúnach is oiriúnach leo a íoc leis (i dteannta liúntais faoi fho-alt (1) den alt seo)— | |
[EN] | (a) má sheolann an duine aon trádáil nó gnó san áitreabh as a mbeidh sé arna easáitiú faoi chomhair an chaillteanais a mheasfaidh siad a bhainfidh don duine mar gheall ar a thrádáil nó a ghnó bonnluascadh de dhrom a easáitithe, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile—faoi chomhair an chaillteanais a mheasfaidh siad a bhainfidh don duine de dhroim a easáitithe. | |
[EN] | (3) Baineann fo-alt (2) den alt seo le duine a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a sheolann aon trádáil nó gnó san áitreabh as a mbeidh sé arna easáitiú nó a mbeidh gnáthchónaí air san áitreabh sin ar feadh sé mhí ar a laghad roimh an easáitiú. | |
[EN] | (4) Nuair a bheidh an t-údarás tithíochta ag meas an chaillteanais a luaitear i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, beidh aird acu ar an tréimhse ar réasúnach súil a bheith ann a bheadh an t-áitreabh a áitíonn an duine ar fáil chun críocha a thrádála nó a ghnó agus fós ar infhaighteacht áitribh eile a bheadh oiriúnach chun na críche sin. |