|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Liúntais Easáitiúcháin) | Ar Aghaidh (CUID III Teaghaisí a Sholáthar agus a Bhainistí) |
ACHT NA dTITHE, 1966
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil VI Dleachtanna Stampa | |
[EN] |
Dleachtanna stampa ar chomhaontuithe áirithe, etc., a mhaitheamh. |
50. —Ní bheidh dleacht stampa iníoctha ar aon chomhaontú, gníomhas, ná ionstraim eile a bhaineann le ligean teaghaise a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 58 den Acht seo ar thionóntacht ar feadh míosa nó ar feadh tréimhse is giorra ná mí. |
[EN] |
Leasú ar alt 12 den Finance Act, 1895. 1895, c. 16. |
51. —I gcás nach mbeidh cúiteamh is míoctha i leith leasa a dhílseoidh d'údarás tithíochta de bhua ordú dílseacháin déanta amach go críochnaitheach tráth an dílsithe sin, beidh éifeacht ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le dílsiú an leasa sin, ionann is dá ndéanfaí tagairt do dháta an chúitimh a dhéanamh amach go críochnaitheach a chur san alt sin in ionad dáta an dílsithe. |
[EN] |
Srian le halt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , agus le halt 24 den Acht Airgeadais, 1949 . 1891, c. 39. |
52. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, baineann an t-alt seo le gach ionstraim a thugann éifeacht do cheannach tí, árasáin nó teaghasáin, ar é a thógáil. |
[EN] | (2) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , ná alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , le haon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus, ina ionad sin, is iad na dleachtanna stampa a bheidh inmhuirir ab inmhuirir dá mba nár achtaíodh na hailt sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo má bhíonn, agus amháin más rud é go mbeidh, deimhniú formhuinithe ar an ionstraim ó dhuine le húdarás ón Aire chun críocha an ailt seo á dheimhniú— | |
[EN] | (a) go ndearnadh nó go ndéanfar, de bhua fho-alt (2) d'alt 6 den Acht seo, deontas faoi alt 2 nó 7 d'Acht 1962 a thabhairt, nó | |
[EN] | (b) go ndearnadh nó go ndéanfar deontas faoi alt 15, 16, 17, 18 nó 20 den Acht seo a thabhairt i leith an tí a cheannófar amhlaidh. | |
[EN] | (4) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh dleacht stampa muirearaithe ar ionstraim de réir an ailt sin 13 nó an ailt sin 24, | |
[EN] | (b) ina gceanglóidh an duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim maidir leis an ionstraim a chur in iúl, agus | |
[EN] | (c) ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfaí go cuí deimhniú a fhormhuiniú faoi fho-alt (3) den alt seo ar an ionstraim, | |
[EN] | measfar an deimhniú sin a bheith formhuinithe ar an ionstraim sin agus dleacht dá réir a bheith inmhuirir uirthi, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh í a stampáil roimhe sin le stampa áirithe á chur in iúl gur stampáladh go cuí í. | |
[EN] | (5) In aon chás den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difear idir an méid dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim agus an méid a mheastar is inmhuirir uirthi de bhua fho-alt (4) den alt seo a aisíoc ar choinníoll go n-iarrfar an t-aisíoc laistigh de dhá bhliain ó dháta na hionstraime. |