Ar Aghaidh (Sceideal A)

29 1966


Uimhir 29 de 1966.


AN tACHT LEITHREASA, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1965, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE BANC TAISCE AN PHOIST AGUS LE BAINC THAISCE IONTAOBHAIS. [28 Nollaig, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste

£118,354 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1964-65.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim chéad agus ocht míle dhéag trí chéad caoga is ceithre phunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £253,831,594, a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim dhá chéad caoga is trí mhilliún, ocht gcéad tríocha is aon mhíle, cúig chéad nócha is ceithre phunt déantar iad a leithreasú chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seacht milliún déag, naoi gcéad agus deich míle ocht gcéad daichead is aon phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Banc Taisce an Phoist agus bainc thaisce iontaobhais—rátaí úis.

1948, Uimh. 12 .

1888, c. 15.

1946, Uimh. 15 .

1940, Uimh. 14 .

1959, Uimh. 18 .

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 (2) den Acht Airgeadais, 1948 , le héifeacht amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1967, agus uaidh sin amach, trí “a trí go leith faoin gcéad sa bhliain” a chur in ionad “a dó go leith faoin gcéad sa bhliain”.

(2) Aisghairtear leis seo na focail “and the interest payable to depositors by the trustees of any trustee savings banks shall not exceed the rate of two pounds ten shillings per centum per annum,” in alt 5 den National Debt (Supplemental) Act, 1888, agus na focail “D'ainneoin éinní in alt 5 den National Debt (Supplemental) Act, 1888,” in alt 29 (1) den Acht Airgeadais, 1946 , agus, maidir leis an tréimhse ón 21ú lá de Nollaig, 1966, go dtí an 31ú lá den mhí sin, beidh éifeacht ag an alt sin 29 (1) ach tagairt do ráta trí go leith faoin gcéad sa bhliain a chur in ionad na tagartha don ráta is iníoctha de thuras na huaire ar thaisce i mBanc Taisce an Phoist.

(3) Déantar leis seo alt 31 (3) (d) den Acht Airgeadais, 1940 , arna leasú le halt 78 den Acht Airgeadais, 1959 , a leasú trí “ceathair agus deichiú faoin gcéad sa bhliain” a chur in ionad “trí faoin gcéad sa bhliain”.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1966 , a ghairm den Acht seo.

An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dtagraítear san Acht seo