|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Sceideal E agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis) | Ar Aghaidh (Caibidil III Liúntais Chostais agus Sochair in Earraí) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil II Íocaíochtaí ar Scor, etc. | |
[EN] |
Íocaíochtaí ar dhuine d'éirí, nó a dhíchur, as oifig nó fostaíocht. [1964, a. 8.] |
114. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, muirearófar cáin ioncaim faoi Sceideal E maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo arna déanamh le sealbhóir nó le hiarshealbhóir aon oifige nó fostaíochta, nó lena sheiceadóirí nó lena riarthóirí, cibé acu is é an duine ar faoi a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé an oifig nó an fhostaíocht, nó aon duine eile, a rinne an íocaíocht. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht (nach inmhuirir cáin ioncaim uirthi ar shlí eile) arna déanamh, cibé acu de bhun aon oibleagáide dlíthiúla é nó nach ea, go díreach nó go neamhdhíreach i gcomaoin nó de dheasca, nó ar shlí eile i ndáil le, foirceannadh shealbhú na hoifige nó na fostaíochta nó i gcomaoin nó de dheasca, nó ar shlí eile i ndáil le, aon athrú ar fheidhmeanna nó ar dhíolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta, lena n-áirítear aon íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla (is cuma cáin a bheith, nó gan a bheith, inmhuirir orthu) a dhéanfaí ar shlí eile mar a dúradh. | |
[EN] | (3) Chun críocha na Caibidle seo, aon íocaíocht a rinneadh le céile duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh oifig nó fostaíocht nó le haon ghaol nó cleithiúnaí leis nó a rinneadh thar ceann an duine sin nó ar a ordú, áireofar gur leis an duine sin a rinneadh í, agus aon chomaoin luachmhar seachas airgead áireofar gurb íocaíocht airgid í ar cóimhéid le luach na comaoine sin ar dháta a tugtha. | |
[EN] | (4) Aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt seo áireofar í mar ioncam a fuarthas ar an dáta seo a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) i gcás íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an iomalartaithe; | |
[EN] | (b) i gcás aon íocaíochta eile, dáta an fhoirceannta nó an athraithe ar ina leith a rinneadh an íocaíocht, | |
[EN] | agus áireofar í mar dhíolaíochtaí oifige de chuid shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E. | |
[EN] | (5) I gcás aon duine d'fháil bháis ab inmhuirir, mura mbeadh go bhfuair sé bás, i leith cánach maidir le haon íocaíocht den sórt sin, déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí, agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as. | |
[EN] | (6) Ní bhaineann an t-alt seo le haon íocaíocht a rinneadh roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1965, ná le haon íocaíocht, is cuma cá huair a rinneadh í— | |
[EN] | (a) is íocaíocht a rinneadh de bhun oibleagáide faoina ndeachthas roimh an dáta sin; nó | |
[EN] | (b) is íocaíocht a rinneadh i leith foirceannta nó athraithe a tharla roimh an dáta sin, nach íocaíocht a rinneadh mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile; | |
[EN] | ach faoi réir na nithe a dúradh baineann an t-alt seo le híocaíochtaí arna ndéanamh roimh an Acht seo a rith nó ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (7) I gcás aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoin alt seo a dhéanamh le haoin duine in aon bhliain mheasúnachta, is é dualgas an duine a rinne í sonraí ina taobh a sheachadadh i scríbhinn don chigire tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis deireadh na bliana sin. | |
[EN] |
Díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 114. [1964, a. 9.] |
115. —(1) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith na n-íocaíochtaí seo a leanas, is é sin le rá— |
[EN] | (a) aon íocaíocht a rinneadh i ndáil le seilbh oifige nó fostaíochta a foirceannadh mar gheall ar bhás an tsealbhóra, nó a rinneadh de bharr díobháil a bhain do shealbhóir oifige nó fostaíochta nó de bharr míchumas a bheith air; | |
[EN] | (b) aon suim is inmhuirir i leith forchánach faoi alt 525; | |
[EN] | (c) sochar a soláthraíodh de bhun aon scéime nó comhaontaithe den sórt dá dtagraítear in alt 227 i gcás inarb inmhuirir cáin ar shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta i leith suimeanna a íocadh, nó a áiríodh mar shuimeanna a íocadh, chun an sochar a sholáthar; | |
[EN] | (d) sochar a íocadh de bhun aon scéime nó ciste de shórt a thuairiscítear in alt 228 (1) (2). | |
[EN] | (2) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíochta i leith oifige nó fostaíochta inar fholaigh seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche más rud é— | |
[EN] | (a) i gcás íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige, gur fholaigh an tseirbhís choigríche iomlán na dtrí bliana díreach roimh an dáta iomchuí (nó an tréimhse iomlán seirbhíse, má ba ghiorra ná trí bliana í), nó | |
[EN] | (b) i gcás aon íocaíochta eile, gur fholaigh an tseirbhís choigríche— | |
[EN] | (i) in aon chás, trí cheathrú cuid den tréimhse iomlán sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, nó | |
[EN] | (ii) i gcás inar mhó ná deich mbliana an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, iomlán na ndeich mbliana deiridh, nó | |
[EN] | (iii) i gcás inar mhó ná fiche bliain an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, leath na tréimhse sin lena n-áirítear aon deich gcinn den fhiche bliain deiridh. | |
[EN] | (3) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíocht nach mó ná £3,000, agus i gcás íocaíochta de bhreis ar an méid sin ní mhuirearófar í ach i leith na breise: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar dhá íocaíocht nó níos mó a mbeidh cáin inmhuirir ina leith de bhua an ailt seo, nó a mbeadh cáin inmhuirir ina leith ar leithligh ó na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna, nó i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo amhail agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid ab ionann agus an méid comhiomlán sin na híocaíochtaí sin; agus go ndéanfar méid aon íocaíochta ar bith ar arb inmhuirir cáin a chinneadh mar a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam do bhlianta measúnachta éagsúla, bainfear an tsuim sin £3,000 as íocaíocht a áirítear mar ioncam bliana roimhe sin i dtosaíocht ar aon íocaíocht a áiríodh mar ioncam bliana níos déanaí, agus | |
[EN] | (b) faoi réir na nithe a dúradh, déanfar an tsuim sin a asbhaint go rátúil as na híocaíochtaí de réir a méideanna faoi seach. | |
[EN] | (4) An duine ar arb inmhuirir cáin de bhua alt 114 i leith aon íocaíochta féadfaidh sé, roimh dheireadh sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a n-áireofar an íocaíocht mar ioncam lena linn, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire aon fhaoiseamh den sórt is infheidhmithe maidir leis an gcéanna faoi Sceideal 3 a éileamh; agus i gcás ina ndéanfar agus ina lamhálfar éileamh den sórt sin go cuí, déanfar gach aisíoc agus gach measúnacht chánach is gá chun éifeacht a thabhairt dó. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo agus Sceideal 3 áireofar oifigí agus fostaíochtaí a ndéantar ina leith íocaíochtaí lena mbaineann an fo-alt díreach roimhe seo a bheith i seilbh fostóirí comhpháirte, má tharlaíonn ar an dáta arb é an dáta iomchuí é maidir le haon cheann de na híocaíochtaí sin, do cheann de na fostóirí sin a bheith faoi rialú an fhostóra eile nó faoi rialú tríú duine a dhéanann rialú ar an bhfostóir nó atá faoina rialú ar an dáta sin nó aon dáta eile dá shórt. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis an gcéanna nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar trí na hairteagail chomhlachais nó aon doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go stiúrófar gnó an chomhlachta chorpraithe a chéadluaitear de réir thoil an duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta. | |
[EN] | (7) San alt seo tá leis “an dáta iomchuí”, “íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige”, agus “seirbhís choigríche” na bríonna céanna atá leo i Sceideal 3 agus folaíonn tagairtí d'fhostóir nó do dhuine a rialaíonn fostóir nó a rialaítear ag fostóir tagairtí dá chomharbaí. | |
[EN] | (8) Chun críocha aon fhorála den Acht seo á cheangal go n-áireofar ioncam d'aon sórt mar an chuid is airde d'ioncam duine, déanfar an t-ioncam sin a ríomh gan aird ar aon íocaíocht ar arb inmhuirir cáin de bhua alt 114. |