|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Liúntais Chostais agus Sochair in Earraí) | Ar Aghaidh (CUID VI Idirdhealú agus Céimniú Cánach Trí Fhaoisimh) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí áirithe | |
[EN] |
Léiriú. [1959 (Uimh. 2), 3.] |
124. —Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus folaíonn tagairtí do dhíolaíochtaí a íoc tagairtí d'íocaíochtaí ar cuntas díolaíochtaí; | |
[EN] | ciallaíonn “fostaí” aon duine a fhaigheann díolaíochtaí; | |
[EN] | ciallaíonn “fostóir” aon duine a íocann díolaíochtaí; | |
[EN] | ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dar tosach an 6ú lá d'aon mhí ó Aibreán go Márta (agus an dá mhí sin a áireamh) in aon bhliain mheasúnachta; | |
[EN] | ciallaíonn “cárta asbhainte cánach” cárta ashbainte cánach san fhoirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé doiciméad eile ar comhréir le cárta asbhainte cánach a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim in aon chás áirithe. | |
[EN] |
Feidhm. [1959 (Uimh. 2), a. 4.] 1918, c. 40. |
125. —Baineann an Chaibidil seo le gach saghas díolaíochtaí ach amháin díolaíochtaí— |
[EN] | (a) is díolaíochtaí ó oifig nó fostaíocht d'aon aicme ar de chineál í gur tharla, maidir leis an mbliain 1958-59, go raibh cáin ar dhíolaíochtaí ó oifig nó fostaíocht den aicme sin inasbhainte, nó gur measadh cáin den sórt sin a bheith inasbhainte, as na díolaíochtaí faoi aon Riail, seachas Riail 7, de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E den Income Tax Act, 1918. | |
[EN] | (b) díolaíochtaí ar chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fhostóir ina dtaobh gur díolaíochtaí iad ó oifig nó fostaíocht agus nach inoibrithe, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint do chúinsí na hoifige nó na fostaíochta, cáin a bhaint astu faoi threoir forálacha na Caibidle seo, nó | |
[EN] | (c) díolaíochtaí ar chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fostaíocht de chuid duine i gcúrsa trádála nó gairme agus atá curtha, nó le cur, i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme sin a bheith á ríomh gnóchain na trádála nó na gairme sin a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim. | |
[EN] |
Modh bailithe Cánach [1959 (Uimh. 2), a. 5 (2).] |
126. —Nuair a dhéanfar aon íoc ar scór aon díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo, déanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-íoc cáin ioncaim a asbhaint nó a aisíoc faoi réir na Caibidle seo agus faoi réim agus de réir na rialachán faoin gcéanna d'ainneoin— |
[EN] | (a) nach mbeidh an cháin forchurtha in aghaidh na bliana nó nach mbeidh aon mheasúnacht déanta i leith na ndíolaíochtaí nuair a dhéanfar an t-íoc, nó | |
[EN] | (b) gurb éard iad na díolaíochtaí, go hiomlán nó go páirteach, díolaíochtaí in aghaidh bliana measúnachta éigin seachas an bhliain mheasúnachta a dhéanfar an t-íoc. | |
[EN] |
Rialacháin. [1959 (Uimh. 2), a. 6.] |
127. —(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin i dtaobh cáin ioncaim i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo nó i dtaobh cánach in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin a bheidh gan íoc a mheasúnú, a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin— |
[EN] | (a) chun a cheangal ar aon fhostóir a dhéanfaidh aon íoc ar scór díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo cáin, arna ríomh faoi threoir an ráta cánach ioncaim in aghaidh na bliana agus aon liúntas, asbhaintí agus faoiseamh is iomchuí i gcás an fhostaí mar léireoidh na sonraí a bheidh ar an gcárta asbhainte cánach a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith an fhostaí, a asbhaint nó a aisíoc nuair a dhéanfaidh sé an t-íoc, agus chun daoine ar a mbeidh de cheangal aon asbhaint nó aisíoc den sórt sin a dhéanamh a chur faoi fhreagracht, i gcás asbhainte (cibé acu a bheidh sin déanta nó nach mbeidh), cuntas a thabhairt i méid na cánach do na Coimisinéirí Ioncaim agus faoi dhliteanas an méid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim agus i gcás aisíoca, teideal a thabhairt dóibh, má bhítear tar éis é a dhéanamh, go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a íoc leo nó creidmheas a thabhairt dóibh ann; | |
[EN] | (b) go dtabharfar ar aird do dhaoine, agus go n-iniúchfaidh daoine, a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim pá-leatháin agus doiciméid agus taifid eile chun a dheimhniú dóibh féin go bhfuil cáin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo asbhainte nó aisíoctha nó á hasbhaint nó á haisíoc go cuí agus go bhfuil cuntas tugtha nó á thabhairt inti go cuí; | |
[EN] | (c) chun cáin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus nár asbhaineadh nó nár gnóthaíodh ar shlí eile i rith na bliana a bhailiú agus a ghnóthú, cibé acu trí asbhaint ó dhíolaíochtaí a íocfar in aon bhliain ina dhiaidh sin nó ar shlí eile; | |
[EN] | (d) i dtaobh achomharc maidir le hábhair a éireoidh faoi na rialacháin agus nárbh ábhar achomhairc ar shlí eile; | |
[EN] | (e) chun cáin de réir an ráta chaighdeánaigh a asbhaint sna cásanna nó sna haicmí cásanna sin dá bhforálfar leis na rialacháin; | |
[EN] | (f) chun a cheangal ar gach fostóir a bheidh ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann na Chaibidil seo agus a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear i bhfo-alt (5) a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse a shonrófar sna rialacháin gur fostóir den sórt sin é; | |
[EN] | (g) chun a cheangal ar gach fostóir a bheidh ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear i bhfo-alt (5) clár dá fhostaithe a choimeád agus a chothabháil i cibé slí a shonrófar sna rialacháin, agus, ar na Coimisinéirí Ioncaim dá cheangal sin air trí fhógra, an clár a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra; | |
[EN] | (h) chun daoine nach fostóirí a áireamh mar fhostóirí i cibé cásanna nó aicmí de chásanna dá bhforálfar leis na rialacháin. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag rialacháin faoin alt seo d'ainneoin aon ní san Acht seo, ach ní dhéanfaidh siad difear d'aon cheart achomhairc a bheadh ag duine ar leith ó na rialacháin. | |
[EN] | (3) (a) Ullmhófar cártaí asbhainte cánach chun a áirithiú, an oiread agus is inoibrithe sin— | |
[EN] | (i) go ndéanfar an cháin iomlán is iníoctha in aghaidh na bliana measúnachta i leith aon díolaíochtaí a asbhaint as na díolaíochtaí a íocfar i rith na bliana sin, agus | |
[EN] | (ii) gur cáin í an cháin is inasbhainte nó is inaisíoctha nuair a dhéanfar aon íoc ar scór díolaíochtaí go mbeidh an chomhréir chéanna idir an cháin ghlan iomlán a bheifear tar éis a asbhaint ó thús na bliana measúnachta agus an cháin iomlán is iníoctha in aghaidh na bliana sin agus a bheidh idir an chuid sin den bhliain dar críoch dáta an íoca agus an bhliain iomlán. | |
[EN] | (b) I mír (a)— | |
[EN] | forléireofar aon tagairt don cháin iomlán in iníoctha in aghaidh bliana mar thagairt don cháin iomlán (gan forcháin a áireamh) a mheasfar a bheith iníoctha in aghaidh na bliana i leith na ndíolaíochtaí, faoi réir ashbainte sealadaí i leith liúntas agus faoiseamh agus freisin, más gá, faoi réir suim a chur leis an méid measta sin (lena n-áirítear nialas) i leith méideanna a bheidh gan íoc ar chuntas cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin agus asbhaint a dhéanamh as i leith suimeanna a ró-íocadh ar cuntas aon chánach ioncaim den sórt sin; | |
[EN] | déanfar an tagairt don cháin ghlan iomlán a asbhainfear a fhorléiriú mar thagairt don cháin iomlán a asbhainfear i rith na bliana de bhua rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, lúide aon cháin a aisíocfar de bhua aon rialachán den sórt sin. | |
[EN] | (c) Nuair a bheidh aon mheastachán á dhéanamh de bhun mír (b) féadfar a ghlacadh, maidir le haon íoc ar scór díolaíochtaí, go bhfuil an chomhréir chéanna idir na díolaíochtaí a íocadh sa chuid den bhliain mheasúnachta dar críoch an dáta a dhéanfar an t-íoc agus na díolaíochtaí in aghaidh na bliana sin go léir atá idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon fhoráil eile den alt seo, féadfar, nuair a dhéanfar méid i leith liúntas, asbhaintí agus faoiseamh a lua ar chárta asbhainte cánach, an méid a mhéadú go dtí méid oiriúnach is mó ná sin agus é a lua dá réir sin, agus, maidir leis an méid cánach nach n-asbhainfear an bhliain mheasúnachta de thoradh an lua sin, déanfar, i mbliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, an coigeartú is iomchuí chun é a ghnóthú. | |
[EN] | (5) (a) Is iad na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna (f) agus (g) d'fho alt (1) díolaíochtaí de réir ráta is ionann agus £6 sa tseachtain, nó, i gcás fostaí a bhfuil fostaíocht eile aige, £1 sa tseachtain. | |
[EN] | (b) I gcás fostaithe a íoctar in aghaidh na míosa nó in aghaidh tréimhsí is faide ná mí, déileálfar leis na tagairtí i mír (a) den fho-alt seo do ráta £6 sa tseachtain agus do ráta £1 sa tseachtain mar thagairtí do ráta £26 sa mhí agus do ráta £4 10s. sa mhí faoi seach. | |
[EN] | (6) Nuair a bheidh asbhaint le déanamh aon bhliain mheasúnachta as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo ar scór cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1960-61, ní dhéanfaidh an fostóir, an bhliain chéadluaite sin, aon aisíoc cánach ioncaim de bhun rialachán faoin alt seo. | |
[EN] | (7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanamh Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Pionóis. [1959 (Uimh. 2), a. 7.] |
128. —(1) Má fhágann aon duine gan chomhlíonadh aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a cheanglaíonn air aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a chur isteach, nó aon phá-leatháin nó taifid nó doiciméid eile a thabhairt ar aird, dlífear pionós £20 a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh. |
[EN] | (2) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí dlí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) ina bhfágfaidh aon duine gan chomhlíonadh aon fhoráil i rialacháin faoin gCaibidil seo a cheanglaíonn air aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a chur isteach, | |
[EN] | (b) ina gceanglaíonn an fhoráil comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus | |
[EN] | (c) go leanfaidh an duine sin ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó gan an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin a chur isteach, | |
[EN] | measfar, chun críocha fho-alt (1), gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach amháin an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin. | |
[EN] | (4) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú— | |
[EN] | (a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a shonrófar i rith tréimhse a shonrófar ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár chuir an cosantóir an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin isteach i rith na tréimhse sin, | |
[EN] | (b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur cuireadh tuairisceán nó doiciméad eile a luafar chun an chosantóra lá a shonrófar ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an tuairisceán nó an doiciméad eile sin sa ghnáth-chúrsa, | |
[EN] | (c) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear dó i mír (a) nó mír (b) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] |
Us. [1959 (Uimh. 2), a. 8.] |
129. —I gcás nach ndéanfar aon mhéid cánach a dhlífidh fostóir faoin gCaibidil seo agus aon rialacháin faoin gCaibidil seo a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim a íoc amhlaidh, íocfaidh an fostóir ús simplí ar an méid leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ríomhfar an t-ús sin ó dheireadh na tréimhse a shonrófar sna rialacháin chun an méid a íoc agus de réir aon faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí a bheidh an méid gan íoc. |
[EN] |
Íoc trí stampaí. [1959 (Uimh. 2), a. 9.] 1891, c. 38. 1908, c. 48. |
130. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh á chumasú d'fhostóir a mbeidh de cheangal air cáin a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo an cháin is inasbhainte a íoc, faoi réir údarás a bheith aige de thuras na huaire ó na Coimisinéirí Ioncaim sin a dhéanamh, trí stampaí a ghreamóidh an fostóir a dhéanfaidh an asbhaint de stampaleabhair a sholáthróidh na Coimisinéirí Ioncaim. |
[EN] | (2) I gcás ina dtabharfar údarás mar a dúradh chun íoc a dhéanamh trí stampaí, ní bheidh de cheangal ar an bhfostóir cáin a aisíoc a asbhaineadh roimhe sin as díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo agus a tuilleadh i bhfostaíocht faoi féin nó i bhfostaíocht roimhe sin. | |
[EN] | (3) Na tagairtí atá in alt 127 do chártaí asbhainte cánach glacfar leo, maidir le cásanna ina n-údaraítear mar a dúradh stampaleabhair a úsáid, mar thagairtí do na leabhair sin. | |
[EN] | (4) In aon chás ina dtarlóidh, maidir le stampa-leabhar a gceanglaítear le rialacháin faoin alt seo é a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim i rith tréimhse áirithe, nach gcuirfear chucu amhlaidh é, nó, má chuirtear, nach mbeidh dóthain stampaí air, déanfar an cháin nó an iarmhéid cánach (de réir mar a bheidh) arb é modh a híoctha stampaí a ghreamú den leabhar a áireamh, chun críocha alt 129 agus 131 mar cháin a bhfuil an fostóir faoi dhliteanas ina leith faoi threoir na míosa nó na míonna cánach ioncaim iomchuí, agus ús faoin alt sin 129 a ríomh amhail ó dheireadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (5) Beidh feidhm ag forálacha (lena n-áirítear pian-fhorálacha) an Stamp Duties Management Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, maidir le stampaí dá dtagraítear san alt seo. | |
[EN] | (6) Ach amháin maidir leis na hábhair áirithe dá ndéanfaidh siad foráil, ní dhéanfaidh rialacháin faoin alt seo difear d'oibriú aon rialachán faoi alt 127. | |
[EN] | (7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Gnóthú. [1959 (Uimh. 2), a. 11.] |
131. —(1) (a) Na forálacha d'aon achtachán a bhaineann le cáin ioncaim a muirearaíodh faoi Sceideal E a ghnóthú beidh feidhm acu maidir le gnóthú aon mhéid cánach a dhlífidh fostóir faoin gCaibidil seo agus aon rialacháin faoi gCuid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim amhail is dá mbeadh an méid sin arna mhuirearú ar an bhfostóir faoi Sceideal E. |
[EN] | (b) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), tugann an fo-alt seo feidhm d'fhorálacha ailt 480, 485, 486, 488 agus 491. | |
[EN] | (c) Beidh feidhm ag forálacha, mar a thugtar feidhm dóibh leis an bhfo-alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar le rialacháin faoi alt 127. | |
[EN] | (2) Féadfar imeachtaí a bhunú chun an méid iomlán a ghnóthú a dhlífidh an fostóir a íoc mar a dúradh faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim áirithe gan na méideanna a dhlífidh sé a íoc a shonrú trí gach fostaí a lua agus gan na fostaithe lena mbainfidh a shonrú, agus chun críocha na n-imeachtaí is aon chás caingin aonair amháin nó aon ábhar gearáin amháin an méid iomlán sin; ach ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo imeachtaí faoi leith a bhunú chun gach méid de na méideanna faoi seach a ghnóthú a dhlífidh an fostóir a íoc mar a dúradh faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim agus a fhostaithe faoi seach. | |
[EN] | (3) In imeachtaí a bhunófar de bhua an ailt seo chun aon mhéid cánach a ghnóthú— | |
[EN] | (a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go bhfuil méid sonraithe cánach dlite ón gcosantóir agus iníoctha aige ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar an méid sin a bheith dlite agus iníoctha amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (4) Aon tagairt atá san alt seo do mhéid cánach folaíonn sí tagairt d'ús is iníoctha sa chás a bheidh i gceist faoi alt 129. | |
[EN] |
Tosaíocht i gcás féimheachta. [1959 (Uimh. 2), a. 12 (1) (4).] Léigh freisin 1963, Uimh. 33 , a. 285 (2) (a) (iii). 1889, c. 60. |
132. —(1) Aireofar ar na fiacha a mbeidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, tosaíocht íoca acu ar na fiacha eile go léir agus maoin féimhigh, féichiúnaí chomhshocraíochta, nó dhuine d'éag agus é dócmhainneach á ndáileadh, an méid a bheidh gan íoc de dhliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí dhéag díreach roimh an dáta a rinneadh ordú breithnithe an fhéimhigh, a comhdaíodh achainí chomhshocraíochta an fhéichiúnaigh, nó, de réir mar a bheidh, a d'éag an duine agus é dócmhainneach. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “dliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí dhéag” na suimeanna uile a dhligh fostóir faoin gCaibidil seo agus faoi aon rialacháin faoin gCaibidil seo a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Chaibidil seo agus a d'íoc sé i rith na tréimhse dhá mhí dhéag a luaitear san alt seo arna laghdú d'aon mhéideanna a dhligh sé faoin gCaibidil seo agus faoi aon rialacháin faoin gCaibidil seo a aisíoc i rith na tréimhse céanna, agus faoi réir an t-ús is iníoctha faoi alt 129 a chur leo. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha. [1959 (Uimh. 2), a. 13 (1) (3).] |
133. —(1) Ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal E in aghaidh aon bhliana measúnachta a dhéanamh maidir le díolaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil ach amháin i gcás— |
[EN] | (a) ina n-éileoidh an duine is inmheasúnaithe, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de chúig bliana ó dheireadh na bliana measúnachta, go ndéanfar measúnacht, | |
[EN] | (b) nach ionann méid na ndíolaíochtaí a íocadh an bhliain mheasúnachta agus méid na ndíolaíochtaí a mbeidh sé le meas gurb iad na díolaíochtaí iad in aghaidh na bliana sin, nó | |
[EN] | (c) a mbeidh cúis ann lena cheapadh go mbeadh na díolaíochtaí, dá ndéanfaí iad a mheasúnú, le cur i gcuntas agus ríomh á dhéanamh chun críocha forchánach ar ioncam iomlán dhuine a dhlífidh forcháin a íoc nó a dhlífeadh forcháin a íoc dá ndéanfaí measúnacht i leith na ndíolaíochtaí. | |
[EN] | (2) I gcás ina n-íocfaidh fostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim aon mhéid cánach a d'asbhain sé as díolaíochtaí de bhun na Caibidle seo agus aon rialachán faoin gCaibidil sin, beidh sé saortha, urscaoilte ón tsuim is ionann agus an íocaíocht amhail is dá mbeadh sé tar éis an tsuim sin a íoc iarbhír leis an bhfostaí. |