An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Tuairisceán agus Measúnú, Foráil in Aghaidh nó Measúnachta Dúbailte, agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad) Ar Aghaidh (CUID IX Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta, Neamhchónaitheoirí, Cónaitheoirí Sealadacha, Comhlachtaí Daoine, Daoine éagumasaithe, etc.)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Foráil in Aghaidh Measúnachta Dúbailte agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad

Measúnacht dúbailte.

[1918, a.151.]

190. —(1) Duine ar bith a measúnaíodh i leith cánach, ar a chuntas féin, nó thar ceann duine eile, agus a ndéanfar mar gheall ar aon earráid nó dearmad é a mheasúnú arís in aghaidh na bliana céanna ar an gcúis chéanna agus ar an gcuntas céanna, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar na Coimisinéirí Speisialta, agus ar chruthú chun a sástacht ar an measúnacht dúbailte a fháil do na Coimisinéirí Speisialta, cuirfidh siad faoi deara an mheasúnacht sin, nó cibé cuid de is ionann agus measúnacht dúbailte, a chur ar neamhní.

(2) Más léir chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh duine a mheasúnú níos mó ná uair amháin ar an gcúis chéanna agus in aghaidh na bliana céanna, ordóidh siad iomlán aon mheasúnachta, nó cibé cuid di ar léir gur ró-mhuirear é, a chur ar neamhní, agus air sin beidh an céanna ar neamhní dá réir sin.

(3) Má chruthaítear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh aon mheasúnacht dúbailte den sórt a dúradh, agus go ndearnadh íocaíocht ar an dá mheasúnacht, ordóidh siad méid na ró-íocaíochta a aisíoc leis an iarratasóir.

Earráid nó dearmad.

[1924, a.8;

1929, a.17(9);

1963, a.13;

1965, a.4(6).]

191 —(1) Má dhéanann duine ar bith a d'íoc cáin a muirearaíodh faoi mheasúnacht i leith cánach ioncaim a rinneadh d'aon bhliain áirithe faoi Sceideal D nó Sceideal E a líomhnú gur mheasúnacht iomarcach í mar gheall ar earráid nó dearmad éigin sa tuairisceán nó sa ráiteas a thug sé chun críocha na measúnachta, féadfaidh sé, tráth ar bith nach déanaí ná sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta ina ndearnadh an mheasúnacht, iarratas i scríbhinn a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag iarraidh faoisimh.

(2) Ar aon iarratas den sórt sin a fháil déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fiafraí i dtaobh an scéil agus, faoi réir forálacha an ailt seo, tabharfaidh siad ar mhodh aisíoca cibé faoiseamh (lena n-áirítear aon fhaoiseamh iarmartach ó fhorcháin), a mheasfaidh siad a bheith réasúnach agus cóir, maidir leis an earráid nó an dearmad:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo maidir le hearráid nó dearmad i leith an fhorais ar ar chóir dliteanas an iarratasóra a ríomh i gcás ina ndearnadh an tuairisceán nó an ráiteas iarbhír ar an bhforas nó de réir an chleachtais a bhí ann go ginearálta tráth an tuairisceáin nó an ráitis a thabhairt.

(3) Nuair a bheidh aon iarratas faoin alt seo á chinneadh acu tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aird ar imthosca uile an cháis, agus, go háirithe, breithneoidh siad an mbeadh sé de thoradh ar dheonú faoisimh nach mbeadh cáin ioncaim nó forcháin inmhuirir ar aon chuid de bhrabúis nó d'ioncam an iarratasóra, agus chun na críche sin féadfaidh na Coimisinéirí dliteanas an iarratasóra agus measúnachtaí a rinneadh air i leith blianta eile a chur san áireamh.

(4) Duine ar bith arb éagóir leis cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim ar iarratas uaidh faoin alt seo féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí sin laistigh de lá agus fiche tar éis dóibh a gcinneadh a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta air sin an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh de réir na bprionsabal a bheidh ar na Coimisinéirí Ioncaim a leanúint le linn na hiarratais faoin alt seo a bheith á gcinneadh acu, agus faoina réir sin, mar a bhíonn le déanamh acu i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta faoi Sceideal D nó faoi Sceideal E, cibé acu é, agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí):

Ar choinníoll nach mbeidh teideal ag an achomharcóir ná ag na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go ndéanfaí cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar shlí seachas ar phonc dlí a éireoidh maidir le ríomh brabús nó ioncaim.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo, i ndáil le measúnacht do bhliain is luaithe ná an bliain 1960-61, má rinneadh é roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1963, ach “trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta dá ndearnadh an mheasúnacht” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta ina ndearnadh an mheasúnacht”.