An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Foráil in Aghaidh Measúnachta Dúbailte agus Faoiseamh Maidir le hEarráid nó Dearmad) Ar Aghaidh (Caibidil II Forálacha Speisialta maidir le Neamhchónaitheoirí agus Cónaitheoirí Sealadacha)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID IX

Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta, Neamhchónaitheoirí, Cónaitheoirí Sealadacha, Comhlachtaí Daoine, Daoine éagumasaithe, etc.

Caibidil I

Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta

Riail ghinearálta maidir le cáin ar fhearchéilí agus ar bhanchéilí.

[1958, a.8;

1965, Sc. 3, Cuid I.]

192. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, i gcás ioncaim mná ar arb inmhuirir cáin, áireofar, chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin), gurb ioncam de chuid a fearchéile agus nach ioncam dá cuidse é, sa mhéid gurb ioncam é in aghaidh bliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta ar bean phósta ise ar a feadh agus í ina cónaí lena fearchéile, ach ní dhéanfaidh forálacha an fho-ailt seo difear maidir lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar aon ioncam dá cuidse in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, agus, má tá, cad é an méid a mheasfar a bheith san ioncam sin chun críocha cánach.

(2) Aon cháin a bheidh le measúnú i leith aon ioncaim, a measfar, faoi fho-alt (1), gur ioncam fearchéile mná é, déanfar, in ionad é a mheasúnú uirthise nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, é a mheasúnú airsean, nó, sna cásanna iomchuí, ar a iontaobhaí, a chaomhnóir, nó a chúramaí, nó ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí.

(3) Na tagairtí san alt seo d'ioncam mná folaíonn siad tagairtí d'aon suim a bheadh le háireamh, ar leithligh ón alt seo, nuair a bheadh a hioncam iomlán á ríomh, agus tá éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le haon suim den tsórt sin d'ainneoin go gceanglaíonn achtachán éigin (lena n-áirítear, ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt go sainráiteach, achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith) nach n-áireofar an tsuim sin mar ioncam le haon duine eile ach í féin.

Faoisimh phearsanta ar rogha a fheidhmiú go ndéanfar measúnachtaí ar eithligh.

[1958, a.9;

1959 (Uimh. 2), a.17(5);

1963, Sc. 6 Cuid III;

1964, a. 2,3;

Sc. 5, Cuid I.]

193. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le faoisimh phearsanta, i gcás ina mbeidh, de bhua iarratais faoi alt 197, cáin ioncaim d'aon bhliain áirithe le measúnú agus le muirearú ar ioncaim fhearchéile agus bhanchéile ionann is dá mbeidís gan bheith pósta.

(2) Is ionann iomlán an fhaoisimh ó cháin a thabharfar don fhearchéile agus don bhanchéile trí fhaoisimh phearsanta agus an faoiseamh a gheofaí mura mbeadh éifeacht ag an iarratas maidir leis an mbliain agus, faoi réir fho-alt (3), féadfar an sochar a thiocfaidh de na faoisimh phearsanta a thabhairt tríd an méid cánach a bheidh le híoc a laghdú, nó trí aon bhreis cánach a bheidh íoctha a aisíoc, nó ar an dá mhodh sin, de réir mar is gá sa chás, agus leithroinnfear iad ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile—

(a) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó chun an fhearchéile nó an bhanchéile faoi ailt 143, 151 agus 152 de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá barr an faoiseamh,

(b) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 134, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam tuillte faoi seach,

(c) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó i leith gaoil chleithiúnaigh faoi alt 142 nó ó fhaoiseamh i leith linbh faoi alt 141 (2), chun an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an gaol nó an leanbh,

(d) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 135, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam neamhthuillte faoi seach de réir bhrí alt 135,

(e) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 136, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam iomchuí faoi seach de réir bhrí alt 136, agus

(f) maidir leis an iarmhéid, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam inmheasúnaithe faoi seach.

(3) I gcás inar mó an méid faoisimh a leithroinnfear ar an bhfearchéile faoi fho-alt (2) ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam a bhanchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú, agus, i gcás an méid faoisimh a leithroinnfear ar an mbanchéile faoin bhfo-alt sin a bheith níos mó ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar a hioncam in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú.

(4) Féadfaidh an fearchéile nó an banchéile tuairisceáin ar ioncaim iomlána an fhearchéile agus an bhanchéile a thabhairt chun críocha an ailt seo, ach, mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta le haon tuairisceán den sórt sin, féadfaidh siad tuairisceán a fháil ón mbanchéile nó ón bhfearchéile, de réir mar a bheidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra a cheangal go ndéanfar tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith.

(6) San alt seo, ciallaíonn “faoisimh phearsanta” aon fhaoiseamh faoi alt 134, 135, 136, 138, 139, 140, 141, 142, 143, 144, 151 nó 152.

Cáin is inchurtha i leith ioncaim bhanchéile agus a measunaíodh ar a fearchéile a bhailiú ón mbanchéile.

[1958, a.10;

1962, a.14(8);

1963, Sc. 6, Cuid II.]

194. —(1) I gcás—

(a) measúnacht i leith cánach ioncaim nó forchánach (dá ngairtear an mheasúnacht bhunaidh ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin ar fhear, nó ar iontaobhaí, caomhnóir nó cúramaí fir, nó ar sheiceadóirí nó riarthóirí fir,

(b) gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá mbeadh iarratas ag iarraidh measúnachta ar leith faoi alt 197 nó 198 i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, go mbeadh measúnacht i leith an ioncaim chéanna sin, nó i leith coda de, le déanamh ar bhean arb í banchéile an fhir sin í nó arbh í a bhanchéile í sa bhliain mheasúnachta sin nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir nó a cúramaí, nó a seiceadóirí nó a riarthóirí, agus

(c) go raibh iomlán na méide, nó cuid den méid, ab iníoctha faoin measúnacht bhunaidh gan íoc agus ocht lá fichead caite ón dáta a tháinig sé chun bheith dlite,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt di nó, más marbh di, dá seiceadóirí nó dá riarthóirí nó, más rud é go bhféadfaí measúnacht den tsórt dá dtagraítear i mír (b) a dhéanamh, sa chúinse dá dtagraítear ansin, ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, nó a cúramaí, di féin nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, nó dá cúramaí—

(i) ina mbeidh sonraí na measúnachta bunaidh agus an mhéid a bheidh gan íoc faoin measúnacht bhunaidh, agus

(ii) ina mbeidh, ar feadh a mbreithiúnais, sonraí na measúnachta a bheadh le déanamh mar a dúradh roimhe seo,

agus á cheangal ar an duine dá dtabharfar an fógra an méid a íoc ab iníoctha faoin measúnacht is déanaí a luaitear dá mbeadh an céanna de réir na sonraí sin, nó an méid a bheidh gan íoc faoin measúnacht bhunaidh, cibé acu is lú.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) do bhean, nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir nó dá cúramaí, nó dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, is é an toradh céanna a bheidh ann de bharr—

(a) a fhorchur de dhliteanas an cháin a íoc, agus an cháin a ghnóthú, i dteannta nó d'éagmais úis,

(b) tosaíocht don cháin i gcás féimheachta nó eastát dhuine éagtha a riaradh,

(c) achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta, athéisteacht na n-achomharc sin agus cásanna a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

(d) titim dheiridh an dliteanais fhorchurtha,

a thiocfadh de mheasúnacht den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) a dhéanamh uirthi féin nó ar a hiontaobhaí a caomhnóir, nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar a bheidh, is é sin, measúnacht—

(i) a rinneadh an lá a tugadh an fógra,

(ii) a mhuirearaigh an méid céanna cánach a cheanglóidh an fógra a íoc,

(iii) a bhí le déanamh agus a rinneadh ag an údarás a rinne an mheasúnacht bhunaidh, agus

(iv) a rinne an t-údarás sin ar feadh a bhreithiúnais nó a mbreithiúnais,

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá, beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann leis na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d).

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1), scoirfidh cáin suas go dtí an méid a cheanglóidh an fógra a íoc, de bheith inghnóthaithe faoin measúnacht bhunaidh, agus, i gcás ina raibh ús faoi alt 550 ag gabháil leis an gcáin a muirearaíodh leis an measúnacht bhunaidh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht sin, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt sin maidir léi, is gá chun a áirithiú gurb é an méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más ann, a bheidh íoctha nó iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht sin an méid iomlán a bheadh ann dá mba nár muirearaíodh riamh an méid a scoirfidh de bheith inghnóthaithe.

(4) I gcás ina ndéanfar an méid is iníoctha faoi fhógra a thabharfar faoi fho-alt (1) a laghdú de thoradh achomhairc, nó de thoradh cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil—

(a) más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint don toradh sin, go raibh an mheasúnacht bhunaidh iomarcach, cuirfidh siad faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile is dóigh leo is cóir; ach

(b) faoi réir aon fhaoiseamh a thabharfar amhlaidh, tiocfaidh suim is comhionann leis an laghdú ar an méid is iníoctha faoin bhfógra chun bheith inghnóthaithe arís faoin measúnacht bhunaidh.

(5) Beidh na cumhachtaí céanna ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag an gcigire nó ag an oifigeach cuí eile chun eolas a fháil d'fhonn fógra a thabhairt, agus thairis sin i ndáil le fógra, faoi fho-alt (1) a bheadh acu d'fhonn measúnacht a dhéanamh, agus thairis sin i ndáil le measúnacht, den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) dá mbeadh na coinníollacha is gá chun measúnacht den sórt sin a dhéanamh comhlíonta.

Ceart ag an bhfearchéile chun dliteanas maidir le cáin ar ioncam a bhanchéile éagtha a shéanadh.

[1958, a.11.]

195. —(1) I gcás ina n-éagfaidh bean a bhí, tráth ar bith sular éag sí, ina bean phósta agus í ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh sé sin, nó, más marbh dó, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó dháta probháid nó litreacha riaracháin a dheonú i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, dáta ar bith is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire á dhearbhú go séanann sé nó siad, a mhéid a cheadaítear leis an alt seo, freagarthacht sa cháin ioncaim nó sa bhforcháin a bheidh gan íoc maidir lena hioncam uile d'aon bhliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta, is bliain mheasúnachta, nó cuid de bhliain mheasúnachta, a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis, agus arbh eisean a fearchéile ar a feadh agus ise ina cónaí leis.

(2) Ní mheasfar gur fógra bailí fógra a thabharfar de bhun an ailt seo don chigire mura luaitear ann ainmneacha agus seolta seiceadóirí nó riarthóirí na mná.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra faoin alt seo a thabhairt do sheiceadóirí nó do riarthóirí mná agus don chigire—

(a) beidh de dhualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim agus ar na Coimisinéirí Speisialta cibé cumhachtaí is cead dóibh a fheidhmiú ansin nó ina dhiaidh sin a fheidhmiú faoi alt 194 maidir le haon mheasúnacht a dhéanfar, ar an dáta nó roimh an dáta a chríochnófar tabhairt an fhógra sin, is measúnacht maidir le haon chuid den ioncam lena mbaineann an fógra sin, agus

(b) na measúnachtaí (más ann) a fhéadfar a dhéanamh tar éis an dáta sin, maidir le cáin ioncaim nó forcháin, is iad, ar gach slí agus go háirithe maidir leis na daoine is inmheasúnaithe agus an cháin is iníoctha, na measúnachtaí iad a bheadh le déanamh dá mba rud é—

(i) go mbeadh iarratas ar mheasúnacht ar leith faoi alt 197 nó faoi alt 198, cibé acu é, i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta iomchuí, agus

(ii) gur dá réir sin a rinneadh na measúnachtaí uile a rinneadh roimhe sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “an cigire”, maidir le fógra, aon chigire a measfadh an duine, ó réasún, a bheadh ag tabhairt an fhógra gur dócha dó baint a bheith aige le hábhar an fhógra nó a dhearbhóidh go bhfuil sé ullamh ar an bhfógra a ghlacadh.

(5) Féadfar aon fhógra faoin alt seo a sheirbheáil tríd an bpost.

Bean phósta a chónaíonn lena fearchéile.

[1958, a.12.]

196. —(1) Chun críocha cánach ioncaim, measfar go gcónaíonn bean phósta lena fearchéile mura rud é—

(a) go bhfuil siad idirscartha faoi ordú cúirte dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha, nó

(b) go bhfuil siad, iarbhír, idirscartha i gcúinsí de shaghas a d'fhágfadh gur dócha gur idirscaradh buan é.

(2) I gcás ina gcónaíonn bean phósta lena fearchéile agus—

(a) duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, ina chónaí sa Stát bliain mheasúnachta, nó

(b) an bheirt acu a bheith ina gcónaí sa Stát bliain mheasúnachta, ach duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, as láthair ón Stát ar feadh na bliana sin,

beidh an toradh céanna air sin chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh ann dá mbeidís, iarbhír, idirscartha ar feadh na bliana measúnachta sin i gcúinsí de shaghas a d'fhágfadh gur dócha gur idirscaradh buan é.

(3) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2) agus gur mó glanmhéid comhiomlán na cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheidh le híoc ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile in aghaidh na bliana ná mar a bheadh mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt (trí na measúnachtaí sin ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile a laghdú nó an cháin sin a d'íoc an fearchéile nó an banchéile (trí asbhaint nó eile) a aisíoc mar a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim) a laghdóidh an glanmhéid comhiomlán sin de mhéid na breise.

Measúnachtaí ar leithligh i leith cánach ioncaim.

1918, r.gin 17;

1919, a.26;

1963, Sc.6, Cuid III.]

197. —(1) Má dhéanann fearchéile nó banchéile, laistigh de shé mhí roimh an 6ú lá d'Iúil aon bliain mheasúnachta, iarratas chuige sin i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, déanfar cáin ioncaim don bhliain sin a mheasúnú, a mhuirearú agus a ghnóthú ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile ionann agus dá mba rud é nach rabhadar pósta, agus beidh feidhm, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht seo, ag forálacha uile an Achta seo maidir le measúnú, muirearú agus gnóthú cánach ionann agus dá mba nach rabhadar pósta.

(2) I gcás daoine a phósfaidh i rith bliana measúnachta, féadfar iarratas chun críocha an ailt seo a dhéanamh maidir leis an mbliain sin tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain ina dhiaidh sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith.

Measúnachtaí ar leithligh i leith forchánach.

[1918, a.8;

1919, a.26;

1928, a.3;

1963, Sc. 6, Cda. II, III.]

198. —(1) Má dhéanann fearchéile nó banchéile, laistigh de shé mhí roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain mheasúnachta, iarratas chuige sin i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) déanfar forcháin don bhliain sin a mheasúnú, a mhuirearú, agus a ghnóthú ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile ionann agus dá mba nach rabhadar pósta, agus beidh feidhm ag forálacha uile an Achta seo maidir le measúnú, muirearú agus gnóthú forchánach, ionann agus dá mba nach rabhadar pósta; agus

(b) áireofar mar aon ní amháin ioncam an fhearchéile agus an bhanchéile agus an t-ioncam iomlán á ríomh chun críche forchánach, agus déanfar méid na forchánach is iníoctha i leith an ioncaim iomláin a roinnt idir an fearchéile agus an bancháile i gcomhréir lena n-ioncaim faoi seach, agus ní bheidh an méid iomlán is iníoctha níos lú ná mar bheadh dá mba nach ndearnadh iarratas faoin alt seo.

(2) Féadfar iarratas chun críocha an ailt seo, i gcás daoine a phósfaidh i rith bliana measúnachta, a dhéanamh maidir leis an mbliain sin tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain ina dhiaidh sin.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith.