An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Forálacha Speisialta maidir le Comhlachtaí Daoine, Daoine Éagumasaithe, Iontaobhaithe agus Gníomhairí, Ionadaithe Pearsanta agus Glacadóirí) Ar Aghaidh (CUID XI Cumainn Thionscail agus Choigilitis)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID X

Forálacha Speisialta maidir le Cuideachtaí árachais agus Gnóthaí Infheistíochta

Faoiseamh i leith costas bainistí.

[1918, a.33.]

214. —(1) Má dhéanann cuideachta árachais a sheolann gnó árachais saoil nó má dhéanann aon chuideachta arb é a gnó go formhór infheistíochtaí a dhéanamh agus gur uathu sin a éiríonn príomh-chuid a hioncam, nó má dhéanann aon bhanc taisce nó aon bhanc eile le haghaidh taisce, a éileamh agus a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta go ndearnadh, in aghaidh aon bhliain mheasúnachta, í a mhuirearú i leith cánach trí asbhaint nó ar shlí eile, agus nach ndearnadh í a mhuirearú i leith a brabús de réir na bhforálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D, beidh teideal ag an gcuideachta nó ag an mbanc go n-aisíocfar léi nó leis an oiread den cháin a d'íoc sí nó sé agus is comhionann le méid na cánach ar aon suimeanna a íocadh amach mar chostais bainistí (lena n-áirítear coimisiúin) don bhliain sin:

Ar choinníoll—

(a) nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo ionas gur lú an cháin a bheidh íoctha ag an gcuideachta nó ag an mbanc ná an cháin a bheadh íoctha dá muirearófaí na brabúis de réir na bhforálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D; agus

(b) go ndéanfar méid aon fhíneálacha, táillí, nó brabús ó fhrithdhílse i gcás cuideachta árachais, agus, i gcás aon chuideachta eile nó aon bhainc den sórt sin, méid aon ioncaim nó brabús ó bhunaidh nach muirearaítear i leith cánach, a asbhaint as an méid a áireofar mar chostais bainistí don bhliain; agus

(c) nuair a bheidh brabúis ó fhrithdhílse á ríomh, go bhféadfaidh an chuideachta na brabúis sin a fhritháireamh i gcoinne aon chaillteanais ó fhrithdhílsí d'aon bhliain roimhe sin a raibh aon achtachán ag deonú an fhaoisimh sin i ngníomh ar a feadh.

(2) Tabharfar fógra i scríbhinn don chigire ar aon éileamh chun na gCoimisinéirí Speisialta faoin alt seo, mar aon le sonraí air, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh sa bliana measúnachta a ndearnadh an t-éileamh ina leith, agus i gcás ina ndéanann an cigire agóid i gcoinne an éilimh sin éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an céanna mar a dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu i gcoinne measúnachta faoi Sceideal D, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

(3) Ní bheidh cuideachta ná banc i dteideal aon fhaoisimh faoin alt seo maidir le haon chostais a bhféadfar faoiseamh a éileamh nó a lamháil ina leith faoi alt 23 nó 24.

(4) I gcás ina muirearófar cuideachta árachais, nach sa Stát atá a ceann-oifig, faoi Chás III de Sceideal D, ar chionúireacht den ioncam ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil, nó ar fhoras a chuirfear ina ionad sin, déanfar an faoiseamh i leith costas bainistí a ríomh faoi threoir a chothrom de chionúireacht dá costais iomlán bainistí don bhliain, arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

(5) I gcás ina mbeidh faoiseamh ó cháin de bhun forálacha an Achta seo tugtha maidir le hioncam ó infheistíochtaí chiste árachais saoil chuideachta árachais, déanfar laghdú comhréire san fhaoiseamh a dheonófar faoin alt seo maidir le costais bhainistí.

Cuideachtaí árachais choigríche: ioncam infheistíochta.

[1918, Sc. D, C III, r.3.]

215. —(1) I gcás ina bhfuil gnó árachais saoil trí aon bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát á sheoladh ag cuideachta árachais nach sa Stát atá a ceann-oifig, measfar, a mhéid a fhoráiltear san alt seo, gur brabúis a áirítear i Sceideal D aon ioncam de chuid na cuideachta ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil (gan an ciste blianachtaí, más ann, a áireamh), cibé áit ina bhfuarthas é, agus muirearófar an t-ioncam sin faoi Chás III den Sceideal sin.

(2) Ní mhuirearófar ach amháin an chuid sin den ioncam ó infheistíochtaí an chiste árachais saoil don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a bhfuil idir í agus an t-ioncam iomlán ó na hinfheistíochtaí sin an chomhréir chéanna atá idir méid na bpréimheanna a fuarthas an bhliain sin ó shealbhóirí polasaithe a chónaíonn sa Stát agus ó shealbhóirí polasaithe a chónaíonn lasmuigh den Stát agus a ndearnadh a dtograí chun na cuideachta ag nó trí a hoifig nó a gníomhaireacht sa Stát agus méid iomlán na bpréimheanna a fuair an chuideachta:

Ar choinníoll, i gcás cuideachta árachais ag a bhfuil a ceannoifig i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Mhór nó in aon tír eile agus a mbeadh feidhm ina cás ag na hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo mura mbeadh iad a bheith aisghairthe, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le rialachán, foras éigin a leagan síos seachas an forais atá forordaithe anseo d'fhonn a chinneadh cad é an chuid den ioncam ó infheistiochtaí a bheidh le muirearú amhlaidh mar ioncam ó ghnó a bhí á sheoladh sa Stát.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis méid is ionann agus an muirear faoin alt seo nó is mó ná é a mhuirearú cheana féin ar chuideachta i leith cánach, trí asbhaint nó eile, i leith a gnó árachais saoil, ní ghearrfar tuilleadh muirir faoin alt seo, agus i gcás ina mbeifear tar éis cuideachta a mhuirearú cheana féin, ach gur lú méid an mhuirir, laghdófar an muirear go comhréireach.

Cuideachtaí a sheolann gnó árachais saoil.

[1918, Sc. D,

Csa. I agus II, r. 15;

1963, a.3(b).]

216. —(1) Má sheolann cuideachta árachais gnó árachais saoil i ndáil le gnó árachais d'aon aicme eile, déanfar, chun críocha an Achta seo, gnó árachais saoil na cuideachta a áireamh mar ghnó ar leithligh ó aon aicme eile gnó a sheolann an chuideachta.

(2) Nuair a bheifear a chinneadh ar bhain caillteanas do chuideachta árachais i leith a gnó árachais saoil chun an caillteanas sin a fhritháireamh i gcoinne brabús aon ghnó eile a bhí á sheoladh ag an gcuideachta, nó chun aisíoc cánach a fháil faoi alt 307, áireofar aon ioncam de chuid na cuideachta ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil mar chuid de bhrabúis na cuideachta a fuarthas sa ghnó sin.

Dliteanas cuideachtaí árachais.

[1947, a.3.]

217. —(1) I gcás ina ndéanfar brabúis chuideachta árachais i leith a gnó árachais saoil a ríomh, chun críocha an Achta seo, de réir na rialacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D, ansin, faoi réir fho-alt (3), beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) eisiafar ón ríomh an chuid de na brabúis sin is le sealbhóirí polasaithe nó le blianachtóirí nó a dáileadh chucu nó a caitheadh thar a gceann;

(b) eisiafar freisin ón ríomh an chuid de na brabúis sin a bheidh ar forcoimeád do shealbhóirí polasaithe nó do bhlianachtóirí, ach má tharlaíonn, i gcás aon bhrabús a eisiafar amhlaidh mar bhrabúis a bheidh ar forcoimeád amhlaidh, go scoirfidh siad aon tráth de bheith ar forcoimeád amhlaidh agus nach ndáileofar iad do shealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí nó nach gcaithfear thar a gceann sin iad, ansin, déileálfar leis na brabúis sin mar bhrabúis de chuid na cuideachta don bhliain inar scoireadar de bheith ar forcoimeád amhlaidh.

(2) I gcás gnó árachais saoil gnách agus gnó árachais saoil tionsclach a bheith á seoladh ag cuideachta árachais, ansin, faoi réir fho-alt (3), déileálfar, chun críocha an Achta seo, le gnó gach aicme acu sin amhail is dá mba ghnó ar leithligh é agus beidh feidhm ag alt 214 maidir le gach aicme ghnó ar leithligh den sórt sin.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) le cuideachta árachais i leith aon bhliana measúnachta mura roghnóidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin go mbainfidh an dá fho-alt sin (1) agus (2) leis an gcuideachta sin i leith na bliana sin.